
Mícheál D. Ó hUigín - Uachtarán na hÉireann agus an t-é a chur deireadh le Mír 31. Maireann meoin Mhír 31 go fóll, i measc lucht tacaíochta an IRA
Ní raibh ann ach ceist ama. Tar éis do Mhichael D fáil reidh le Mir 31 den Acht Chraolacháin, mír a chur cosc ar úrlabhraithe SF bheith faoi agallamh ar na meáin chraolta, tá mir nua ann a thacaíonn le cinsíreacht, cé nach bhfuil sé luaite ar aon reachtaíocht….go fóill.
Mír 32 atáim ag baiste air mar go mbionn siad siúd atá ar a shon ag maíomh as a dtacaíocht do Phoblacht na 32 contae, Sinn Féin, an Ghaeilge agus go leor ‘cúiseanna’ dá leithéid. Duine mise atá ar shon na Gaeilge agus ar son aontú na tíre – ach ní chreidim sa ‘consensus compórdach’ a bhíonn á bhrú orainn ag dreamanna éagsúla, na ‘Facebook Republicans’ (cothrom an lae inniu den ‘barstool republican’) agus a gcáirde eile.
De bharr alt a scrígh mé don Sunday Indo, a leithéid de thréas, tá go leor á mhaíomh fúm nach bhfuil fior. Nior iarr mé cosc ar ‘Mhná an IRA’. D’iarr mé go leireodh sé dhá thaobh an scéil agus go dtabharfaí dúshlán do ínsínt leataobhach Rose Dugdale ar chúrsaí.
De réir an ‘Sionnach Fionn’, blagalaí a bhionn ag blagáil as Béarla, den chuid is mó, faoin nGaeilge agus ceisteanna a bhaineann le cúiseanna ar nós Éire an 32 Contae etc, táim: “ censorious”. San abairt céanna maíonn sé gur ionann m’alt agus:
“a reminder of the draconian days of Section 31 when a plurality of views in this nation on the conflict in the north-eastern part of the country became unacceptable,”
Ina chur síos fúm, deir sé:
Concubhar Ó Liatháin has stated on several occasions his opposition to the Official Languages Act of 2003 (which enshrines to a limited degree a level of equality between Irish and English speaking citizens) and the Language Commissioner (who oversees the fair implementation of the Act and deals with complaints by citizens in relation to its contravention by state bodies). His view is that the legislation, as currently formatted, is largely irrelevant to the needs of Irish speakers. However there is no doubting his commitment to the Irish language, and the Irish speaking communities of the Gaeltachtaí in particular, and the breadth of his vision for TG4 in the coming decades is both impressive and welcome. However in airing this public criticism of TG4 in a notoriously anti-Irish newspaper Ó Liatháin has done the Irish language station or the cause of the Irish speaking communities of Ireland no favours. Such views should have been made internally on the board of management of TG4, and with whatever vigour Ó Liatháin felt necessary. If that failed to meet his satisfaction then a resort to a public statement on the issue would have been understandable.
Dar liomsa is ionann agus cinsireacht an chaint seo nach n-abróinn faic faoi mo mhothúcháin i dtaobh an chláir, Mná an IRA, seachas taobh istigh de seomra boird TG4. Ní bheadh aon brí le fanúint i mo thost go dtí lár mí Feabhra, nuair a bheidh an chéad cruinniú eile ann, nó bheadh an sraith criochnaithe! Ní raibh fonn orm go mbeadh m’ainm luaite le bolscaireacht neamhleithscéalach den tsort a bhí i Mná an IRA agus mar sin scrígh mé blag faoi anseo. As sin a d’eascair an t-alt sa Sindo.
Is é an peaca is mó, gan amhras, go raibh m’alt san Sunday Independent. Dar leis An Sionnach Fionn, is ‘ a notoriously anti-Irish newspaper’ an Independent. An é seo an Independent céanna a bhionn ag foilsiú agus ag dáíleadh ‘Foinse’ gach seachtain, gan deontas ó Fhoras na Gaeilge? Dá mbeadh gach Roinn Rialtais is comhlacht stáít atá ceangailte faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh ‘anti Irish’ leis an Independent, bheadh an tír Gaelaithe ar fad! Gan amhras táim tar éis TG4 a mholadh in altanna eile san Independent – ach is beag aird a fuair na h-altanna sin!
Gan amhras tá roinnt eile atá ag nochtadh a dtuairimí i mo leith ar shuíomh an Independent. Ceapann siad gur ábhar grinn m’ainm. Iad san atá ag cosaint TG4 ar íonsaí uaimse! A leithéid de chacamas.
Cuirtear i mo leith go bhfuilim tar éis armlóin a thabhairt do namhaid TG4 agus na Gaeilge leis an alt seo.
However in airing this public criticism of TG4 in a notoriously anti-Irish newspaper Ó Liatháin has done the Irish language station or the cause of the Irish speaking communities of Ireland no favours….As it is this alleged controversy will simply add more fuel to the campaign by the Anglophone zealots in our political and media establishments to close TG4, and while Concubhar Ó Liatháincannot be accused of creating the controversy in the first place he has certainly not helped in dampening it down.
A léithéid d’áibhéil. Más amhlaidh gur féidir TG4 a dhúnadh de bharr alt atá scrite agam, bhuel, bhí an staisiún i ndroch áít ar aon nós. Ach tá’s ag an saol nach bhfuil sin fíor. Scrígh mé alt ag caineadh chláir. Nior thit an spéir. Go deimhin fuair TG4 go leor poiblíocht mar gheall air agus níl rud ann agus droch phoiblíocht deirtear. Má tá éinne ag tabhairt ármlóin do lucht ionsaithe TG4 is é an t-é a choimisiúnaigh an sraith seo, an BAI a mhaoinigh é agus na léiritheoirí as ucht a léiriú leataobhach. Má tá éinne ag tabhairt údar do lucht íonsaithe na Gaeilge/TG4 bheith ag baisteadh ‘An Phoblacht TV’ ar an staisiún, is iad na daoine sin atá á dhéanamh.
Concubhar Ó Liatháin may undoubtedly abhor those who treat Irish speakers as second class citizens but judging by the reaction to his article he has given them plenty of ammunition to do so in the future including a new name for TG4 that is now spreading amongst the extreme edges of the Anglophone media and online community in Ireland: “An Phoblacht TV”.
Deirtear go bhfuil daoine ag iarraidh go n-éireoinn as Bhórd TG4. Seachas ‘Poblachtóirí Facebook’ agus cancráin eile níl a fhios agam cé atá chomh buartha faoi m’alt. Níl sé i gceist agam beart a dhéanamh de réir na h-ainniseoirí úd. Tá go leor déanta agam ó chuaigh mé ar bhórd TG4. Táim ag déanamh birt de réir briathair, de réir mar a thug mé le fios nuair a bhíos ós comhair an Chomhchoiste Oireachtais i 2010 agus mé á cheapadh ar bhórd TG4 tar éis comórtas phoiblí. Tá go leor fós le déanamh agam.
Is mise guth an phobail ar bhórd TG4. Mise an t-é a cheap Teachtaí Dála agus Seanadóirí le bheith im ionadaí phoiblí. Táim chun labhairt amach de réir mo choinsias ar chúrsaí a bhaineann leis an staisiún agus mura réitíonn sin le daoine, bhuel, sin a bhfadhb. Ní fadhb liomsa é.
Bhúr dtuairimí…