Categorized | Míreanna Mire

Athghabhail na hÉireann ≠ Athghabhail na Gaeilge

Posted on 15 April 2008 by igaeilge

An ionann seo agus admháil go raibh an ceart ag an dream a shiúl amach i 1915?

Céard a cheapfadh Conradh na Gaeilge 1915 faoi Chonradh na Gaeilge na linne seo?   Sin í an cheist a thógaim (nó, fiú, mar a deir siad ar Foinse, TG4 agus RTÉ RnaG, a ardaím![Béarlachas how are you!]) tar éis gur fhógair an eagras náisiúnta Ghaeilge go mbeadh sí ag cur deireadh leis an sprioc a bhí ag an eagras ‘pobal náisiúnta saor Gaelach a chothú’, de reir phríomh scéal Lá Nua inniu. 

Aon duine ar chuimhin leo a gcuid staire,  bheadh a fhios acu gur ag Ard Fhéis na bliana sin a tharla scoilt atá go fóíll ag cothú easaontais i measc chainteoirí Gaeilge.  Shiúl Dúglás de hIde ón Ard Fheis nuair a glacadh leis an rún, gurb é an sprioc nua a bhí ag an eagras ‘Éire ní h-amháin Gaelach ach Saor chomh maith, ní h-amháin Saor ach Gaelach chomh maith’ a bhaint amach.    

Beart ciallmhar é seo ag an Chonradh – den chéad uair tá siad chun tosaigh ar an CLG.   Roinnt blianta ó shin ní bheinn tar éis aontú leis nó, an uair sin, mhothaigh mé narbh fhiú an cheangal a bhriseadh.  Anois táim tagtha ar mhalairt tuairime – ba bhagaiste é an sprioc seo ón aois seo chaite agus bhí iompar an bhagaiste ag moilliú an gluaiseacht i dtreo priomh aidhm an eagrais a bhaint amach.  Anois tá sé sin soiléir agus ní féidir dul thairis:  Is í aidhm na h-eagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáth theanga na hÉireann. 

Nuair a mheabhraíonn tú ar an sprioc sin, leis féin, is leor é mar sprioc d’aon eagras.  Fagtar an pholataíocht ag na polaiteoirí- is faoi phobal na Gaeilge atá sé tabhairt faoi na h-oibre seo maidir le h-athreimniú na teanga.  Dar liom féin, má bhaintear amach an sprioc sin, beidh an saoirse atá de dhíth ormsa bainte amach agam…..

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES