Categorized | Míreanna Mire

Bertie agus feall eile RTÉ

Posted on 21 August 2008 by igaeilge

B’fhéidir go bhfuil cuimhne ró fhada agam. I measc na cuimhní a rith liom agus mé ag éisteacht le laithreoir Morning Ireland ar RTÉ ar maidin  agus í ag tathant ar Willie O’Dea bheith ag amharc ar Bertie Ahern, iar thaoiseach, ag cur i láthair clár spóirt RTÉ, The Road To Croker, anocht, i measc na cuimhní bhí an cuimhne agam ar an oíche úd nuair a dhein micléinn óga agóid faoi chlár teilifíse eile, clár Béarla, bheith á thaifead sa Ghaeltacht. 

The Road To Croker an ‘Quicksilver’ nua?  Bertie Bibi na linne?   RInneadh an eagrán speisialta a thaifeadadh ag Tigh Tabhairne Páidí O Sé ag Ard a’Bhóthair.   

An t-aon difriocht idir seo agus an oíche úd i mBealtaine 1989 go bhfuil TG4 ag craoladh inniu.  Ar an droch uair ní bheidh cothrom ‘The Road To Croker’ ar TG4.  Ní bheidh tuairisciú beo acu ó Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh nuair a thugann dhá chontae aghaidh ar a cheile i gcluiche leath cheannais na hÉIreann, dhá fhoireann le captaein ón nGaeltacht – Tomás  O’Sé i gcás Ciarraí agus Antaine O’ Loingsigh i gcás Chorcaí.  

An mbeidh trachtaireacht beo i nGaeilge ar staisiún teilifíse de chuid RTÉ mar chúiteamh?  Ní bheidh ná baol air.    Masla eile ó RTÉ don nGaeilge.  Feall eile ar an dteanga le breacadh i leabhar dubh an reiteora. Tá sé in am an carta dearg a thaispeáint!

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES