Archive | January, 2009

Tags: , , , , ,

Stad leis an Staid – ach an ngéillfear ceathrú don Ghaeltacht?

Posted on 28 January 2009 by igaeilge

Tá caint ar Ghaeltacht Bhéal Feirste le fada an lá de bharr na h-éachtaí atá bainte amach cois Loch Lao ó bunaíodh Bunscoil Feirste i 1971. An uair sin ní h-é ná raibh cabhair stáit ar fáil chun a leitheid de bheart cheannródach a dhéanamh ach gur bagraíodh príosún ar an dream a bhunaigh an scoil.

Is ó bhunú na scoile sin a d’eascair gach rud fónta atá anois á cheiliúradh mar chuid den Ghaeltacht i mBéal Feirste: An Chultúrlann, Coláiste Feirste, Raidio Fáilte, iliomad Gaelscoileanna eile, An Chiste Craoltóireachta, Lá/Lá Nua(RIP), An Droichead, Cumann Mhic Reachtain.

In ainneoin bolscaireachta lucht an aer te, ní tionscadal de chuid Sinn Féin a bhí anseo ach rud a d’fhas ón bpobal aníos.

Ar aon nós, tá an chéad chéim eile á phlé le roinnt blianta anuas agus bhí baint áirithe agam leis an bplé sin. Le linn an ama go léir go raibh plé á dhéanamh ar an gCeathrú Gaeltachta, bhí ceathrúin eile i gcathair Bhéal Feirste ag togáil agus ag forbairt. Tá Ceathrú na hArd-Eaglaise, Ceathrú na hOllscoile agus Ceathrú an Titanic ann agus tionscnaimh fónta á mholadh, á mhaoiniú agus á thógáil.

Go fóill níl sa Cheathrú Gaeltachta ach an phobal Gaeilge féin agus tá an cheanncheathrú i sean eaglais agus é sin fiú ar chíos. Tá Coláiste Feirste ann gan amhras agus na scoileanna eile ar fad. Is mór an méid atá bainte amach ag an bpobal, cuid is mó de a baineadh amach le linn an phobail bheith céanna bheith faoi léigear i gceantar cogaidh. Ach tá sé in am anois go mbeadh na céimeanna eile chun tosaigh á ghlacadh.

Arbh é an cruinniú an oiche aréir sa Chultúrlann chun leabhar nua ón Ollamh Fionnbarra Ó Brollcháin a sheoladh, Capitalising on Culture, Competing on Difference?

Tá súil agam gurb é ach tá mé in amhras ná raibh ann ach deis le h-aghaidh griangraf agus go n-imeoidh na maithe móra a bhí i láthair ar ais go dtí a n-áiteanna oibre le tuairisciú go raibh a cúram maidir leis an dtogra seo le h-aghaidh 2009 curtha i gcrich acu. Agus fillfidh siad arís an bhlian seo chughainn, íosfaidh siad an méar bhia blasta agus ólfaidh siad cúpla bolgam fíona agus seasfaidh siad sa phictiúr, pictiúr nach bhfoilseofar i nuachtán laethúil Ghaeilge – agus is féidir linn bheith buioch do pháirtí pholatúil áirithe as ucht sin!

An rud atá de dhíth anois, is é sin cur chuige Barack Obama – agus creidim féin go bhfuil gaol gairid idir é agus an cur chuige a bhí ag na ceannródaithe a bhunaigh Bunscoil Phobal Feirste: Ná h-abair é dein é!

“And the charge that Senator Mitchell has is to engage vigorously and consistently in order for us to achieve genuine progress. And when I say progress, not just photo-ops, but progress that is concretely felt by people on the ground, so that people feel more secure in their lives, so that they feel that the hopes and dreams and aspirations of their children can be met; that is going to be our task.”

Tá tuairim agam, mar shampla, gur cheart an dúshlán a thabhairt don Roinn Cultúr, Ealaíon agus Foillíochta, agus bhí ionadaí ann ón Roinn aréir, agus is é seo an dúshlán:

Sceitheadh inné go raibh sé cinnte ag an Aire Cultúr, Gregory Campbell, nach mbeadh Stáid Náisiúnta Thuaisceart Éireann á thógáíl ar shean láthair Thuaisceart Éireann. De réir na tuairisce ar shuíomh idirlíne an BBC:

In his paper to executive colleagues, Sports Minister Gregory Campbell said the plan did not enjoy sufficient political consensus, and he said a net loss to the economy of between £156m and £193m did not compensate for the non-monetary benefits which may flow from a shared stadium. Mr Campbell said he now intended to help the three sports to develop solutions to their stadia needs.

Gach seans gurb é an príomh chúis nár thacaigh an Aire Campbell leis an dtionscnamh seo nár theastaigh uaidh tacú leis an Iarsmalann Coimhlinte is Ionad Athmhuintearais a bhí beartaithe don suíomh le h-ais an staid.

Maith go leor. Ach tá breis is £150m breise ag an Roinn Chultúr anois ná raibh acu – ba cheart cuid suntasach den airgead seo a chur ar fáil le h-aghaidh an Cheathrú Gaeltachta agus tograí gaolmhara. Ní ar spórt amháin ar cheart é a chaitheamh – ní ar staideanna do chumainn sacair nach mbionn ach cúpla céad duine ag freastal ar a gcluichí gach Satharn/Domhnach.

An bhfuil sé ró mhall an Fheisire Phairliminte le h-aghaidh Iarthar Bhéal Feirste, Gerry Adams, a mhúscailt óna shámh chodladh pholatúil is chultúrtha le go dtapódh seisean leis an deis a chinntiú nach shlogfar an t-airgead seo i nduibheagán an mhaorláithis agus go ndáilfear sciar de ar thogra fiúntach ina thoghcheantar féin?

Nó an é ar son an phictiúr san Andersonstown News amháín a thaobhaigh seisean leis an gcruinniú sa Chultúrlann aréir?

Rud amháin eile, tá sé thar am, i bhfad thar am, go mbeadh suíomh idirlíne iomlán ag an gCeathrú Gaeltachta. Sílim gur thug mé cuairt ar an suíomh uair éigean anuraidh agus bhí an suíomh fós á thogáil. Bhuel, thugas cuairt eile ar inniu agus níl aon dul chul cinn déanta.

Murar féidir leis An Cheathrú Gaeltachta suíomh idirlíne a bhunú ina bhfuil léiriú ar an bhfís atá acu don todhchaí in achar bliana – nó dhá bhliain geall leis – ó ceapadh stiurthóir ar an eagras, ní léir go bhfuil siad i ngiorracht scread asail do chaighdeán Barack Obama agus Gaeil cheannródacha Bhéal Feirste a shroichint.

Comments (1)

Tags: , , ,

Blustar Bhriain

Posted on 28 January 2009 by igaeilge

Agus mé ag faire ar na tuairiscí aréir faoi imeachtaí an lae inné i nDáil Éireann, go h-áirithe an blustar a bhí ag teacht ó bhéal an taoisigh, cuireadh i gcuimhne dhom arís an comhairle a chur Machiavelli ar fáil roinnt céadta bliain ó shin: Ná bí ag brath ar phríonnsaí.

Níl cuma an Phrionnsa ar ár dTaoiseach – nó orm féin – ach ní hé sin atá i gceist. Is ionann é agus ‘prionnsa’ chomh fada agus a bhaineann sé le caint Machiavelli nó is é an rud a bhí i gceist aige siúd nár cheart bheith ag brath ar laochra chun sinn a shábháil. In áit sin, ba cheart seilbh a ghlacadh ar do chinniúint féin agus, má thagann prionnsa i gcabhair ort, maith go leor ach ar a laghad tá tú ag beartú ar do shon féin ar aon nós.

Níl a fhios agam an bhfuil a fhios ag Brian cad atá ar bun aige. Deir sé go bhfuil:

“As long as I am running this Government I will run the Government as I see fit…”, he shouted as the babble turned to roars, “…as I believe in, based on my philosophy!

“I will run the country on the basis of how I see it,” he persisted

An Mháirt seo chugainn, deirtear linn, beidh plean á fhoilsiú mar thoradh ar na gcainteanna leis na bpáirtithe shoisialta agus sa phlean sin feicfear an straitéis chun teacht le cheile agus teacht slán ón ngéarchéim seo.

Beidh le feiceáil.

Idir an dhá linn caithfear cur suas le gach mac mathar agus iníon athara ag teacht chun tosaigh le plean chun cúpla milliún a shabháíl. Cuid acu craiceáilte agus cuid acu bheithfeá ag súil leo.

Language . . .

Now that our country is in dire financial straits, the Government has an opportunity to do something positive. A good place to start would be to get rid of the Irish language television station TG4, which is costing the taxpayer a fortune. It seems to me that we are pandering to a noisy, but tiny, minority of people who feel that we owe them a living. The Irish language is dead, so let’s bury it once and for all.

Paddy McCarthy
Glenageary, Co Dublin

Tabhair faoi ndeara go gcreideann údar na litreach seo, a fhoilsíodh san Irish Independent Dé Luain, gur ‘deis’ é an ngéarchéim seo le fáíl reidh le TG4 os rud é go bhfuil sé, dar leis an t-é a scrígh, chomh costasach sin ar an gcáin íocóír.

Is é sin an cineál smaointeoireachta ar cheart bheith ag súil leis sna laethannta amach anseo. Níl sé ciallmhar – ach tá ‘ciall áirithe’ leis. Sé sin le rá tá daoine ag féachaint timpeall agus iad ag déanamh breithiúnais ar rudaí le féachaint an bhfuil aon deis deireadh a chur le rud nach dtaitníonn leo agus cúpla céad míle nó milliún Euro a shabháíl ag an am chéanna.

Creidim féin má tá aon rud le gearradh ba cheart gurb é an maorláthas é. Tá sé ceart go leor go mbeadh maorláthaigh ann le cinntiú nach bhfuil airgead an phobail á chur amú ach níl an oiread sin ag teastáil.

Gan amhras ní mór a chur san áireamh nuair atá stat seirbhísigh á ligint chun siúil nach bhfuil an oiread sin á shábháíl sa deireadh thiar – os rud é go bhfuil cáin á ioc acu ag ráta 41%, ní shábhalfar ach an 59% eile má thuigeann tú mé.

Ar aon nós tá gá le smaoineamh nach bhfuil siocaithe i ré na gcloch chun teacht as an sáinn ina bhfuilimid. Táím in amhras gur prionnsa é Brian Ó Comhainn ar féidir brath air sa phriacal seo. Suas dúinn féin atá sé teacht i gcabhair orainn féin.

Comments (0)

Tags: , , ,

Moladh d’Fhoras na Gaeilge

Posted on 27 January 2009 by igaeilge

Ní mór bheith cothrom. Níl gach rud a dheineann Foras na Gaeilge gan ciall nó éifeacht, cé go mbionn a mhalairt á rá agam anseo go minic.

Agus tá moladh le dul don bhForas as an mbeartas nua atá seolta acu i gcomhar le Vodafone. De réir comhleacaí liom, oibríonn an seirbhís nua tuar théacs, a seoladh inné i mBaile Átha Cliath, go brea ar fad.

Luadh pointe amháin liom, áfach, agus is é sin go bhfuil míbhuntaiste amháín ag baint leis an seirbhís seo. Insealbhaítear é sa chóras ‘Feidhmeanna’/Applications seachas sa chóras teachtaireachtaí. Mar sin de ní bheidh sé sa ghnath áit.

Tá Samsung Tocco agam féin faoi láthair agus go dti maidin inniu ní rabhas ábalta úsáid mar is ceart a bhaint as an bhfeidhm ‘tuar théacs Ghaeilge’ ar an bhfón. Ní raibh tuiscint maith a dhothain agam ar an gcóras chun é a chur ag obair. Anois tá tuiscint níos fearr agam agus táim chun seans eile a thabhairt don Tocco féachaint an mbeidh mé ábalta úsáid mar is ceart a bhaint as an ngiuirléid seo.

Is féidir teacht ar an seirbhís nua seo, Téacs, anseo.

Go n-éirí leis.

Ceist amháin agam, áfach: Os rud é gur fhorbair Samsung an chóras roimhe seo, gan cabhair ó Fhoras na Gaeilge is cosúil(?), an raibh aon seans ann go mbeadh Vodafone tar éis é seo a dhéanamh iad féin, gan cabhair ón mhargadh?

Comments (1)

Tags: , , ,

“Níl éinne chomh gaelach le Barack Ó Bama”

Posted on 27 January 2009 by igaeilge


Bhí alt ag Fintan O’Toole san Irish Times ar an Satharn agus é ag tabhairt amach faoin amhrán nua, There’s No One As Irish As Barack O’Bama, atá cumtha ag banna ceoil ón mbaile i gContae Uibh Fháilí ona shíolraigh mathair Barack Obama. Dar léis gur díol náire é an amhrán go h-áirithe i gcomhthéacs an stair náireach atá ag Gael Mheirceánaigh ó thaobh an chiníochais de i Meirceá. Bhí ár sinsir páirteach i dtrádáíl sclabhaithe agus bhí baint ag ár sinsir freisin le dreamanna ar nós an Ku Klux Klan – agus an iliomad bealach éile, nocht sliocht na nGael i Meirceá ciníochas i leith sliocht na hAfraice a fuadaíodh chun na tíre sin.

Táim tar éis a rá anseo roimhe nach dtagaim leis an iarracht atá á dhéanamh ag pobail in Éirinn, leitheidí phobal Mhuine Ghaill, seilbh a fháil ar Bharack Obama tre mór is fiú a dhéanamh dá phréamhacha Éireannacha. Gan amhras tá préamhacha Éireannacha ag Barack Ó Bama – ach cheapas gur lú a tabhacht i gcomhthéacs gurb é an chéad uachtarán le préamhacha Aifri-Mheirceánach.

Ach, in ainneoin go bhfuil an leabhar sin léite agam, b’fhéidir nach bhfuil tuiscint iomlán agam ar fheachtas Obama. Tháinig an méid sin chugam tar éis an
litir spéisiúil seo a léamh ar leathnach na litreacha inniu.

An Canónach Ó Néill a scrígh an litir, is eisean údar an bhlag seo. Caithfidh mé a rá gur oscail sé mo shúile in athuair faoin fear seo Obama. Tuigeann seisean gur bhain Obama an Teach Bhán amach gan béim a leagan ar a chine agus tre diultu d’iarrachtaí é a chur i mboscaí.

Is cinnte, áfach, gur cuireadh Fintan O’Toole ina bhosca le freagra ciallmhar agus cuirtéiseach ar an alt gránna a fhoilsíodh Dé Satharn. Tá an claonadh ag an Irish Times altanna gránna, ag caitheamh anuas ar thuiscintí nach iad tuiscintí an nuachtáin ar an Éireannachas, a fhoilsiú leis an cineál seo aisfhreagra a spreagadh b’fheidir.

Maith thú a Chanónaigh!

Comments (3)

Tags: , , ,

SCANNAL: Aisínteacht Stáit atá ag obair

Posted on 26 January 2009 by igaeilge

The question we ask today is not whether our government is too big or too small, but whether it works

Dar liomsa b’é seo an líne ba thabhachtaí in oráid Barack Obama an Mháirt seo chaite. Is é seo croí na ceiste i Stáit Aontaithe Mheirceá agus anseo ar oilean easaontach na hÉireann. Is fiú go mór an t-alt seo ar an cheist a léamh.

Is beag atá cloiste agam sa nuacht go fóill faoi thuarascáil bhliantúil Údarás na Gaeltachta, a seoladh inniu, ach ritheann sé liom go bhféadfadh ceannteideal cineál diultach a bheith ar an scéal i bhfianaise an méid atá ráite le seachtainí beaga anuas faoi mhí éifeacht na h-earnála seirbhíse phoiblí.

SCANNAL: Aisínteacht stait ag obair! Postanna á chruthú le linn culú eacnamaíochta! Fís don todhchaí á léiriú! Gaeilge á spreagadh i measc an phobail!

Sea, tá roinnt trachtairí agus ionadaithe ón saol ghnó imithe ar buile le cúpla seachtain anuas agus iad ag iarraidh na cosa a bhaint ón earnáil seirbhíse phoiblí. Gan amhras ní h-é sin le rá nach bhfuil cúpla pointe maith á dhéanamh – tá rudaí a fhéadfaí a dhéanamh níos fearr. Tá airgead á chur amú i dtograí éagsúla stait, leitheidí an Feidhmeannacht Seirbhísí Sláinte, mar shampla.

Ach, seo an rud, caithfear béim a leagadh ar na h-áisínteachtaí sin a bhionn ag obair. A bhíonn ag déanamh dul chun cinn i ngort nach bhfuil badhúil ar bhealach ar bith. Agus gan aon buiochas a bheith á fháíl acu as a gcuid allais.

De réir na tuairisce atá éisithe ag Údarás na Gaeltachta, is iad seo na cinnlínte ón ráiteas a h-éisíodh inniu:

An líon post sa Ghaeltacht coinnithe slán in 2008

1,269 post nua lánaimseartha cruthaithe

1,024 post nua lánaimseartha ceadaithe le hinfheistíocht iomlán de €100m

Na hearnálacha seirbhísí agus déantúsaíochta nua-aimseartha fós ag fás

Fás i bhfostaíocht i bhfiontair dhúchasacha

An aeráid eacnamaíochta náisiúnta agus domhanda ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí Gaeltachta.

Bheadh cuma i bhfad Éireann níos fearr ar na bhfigiúirí seo ach amháin gur thug Contact 4 na cosa leo ag fágáil na céadta gan a bpostanna. Fuair an chomhlacht seo tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta chun glaolannaí a chur ar bun i nGaoth Dobhair, ar Oileán Acla agus sa Daingean. Tá ordú cúirte faighte ag an Údarás in éadan úinéir an chomhlachta le h-aghaidh £1.2m agus beidh le feiceáil cé acu an bhfaighidh siad an t-airgead seo ar ais.

Ag an am chéanna, is cinnte gur léirigh An tÚdarás an mianach cheart chun an t-airgead seo a lorg, mianach nach ionann leis an easpa cnamh droma atá léirithe ag an Rialtas go dtí seo ar cheist an Bhainc Angla Éireannaigh. Ba mhaith liom, lá éigean, Seán Mac Giolla Phádraig agus a chomhleacaithe a fheiceáil os comhair na cúirteanna ag freagairt ceisteanna faoina iompar i leith na ‘n-iasachtaí’ a fuair siad óna mbanc féin agus, is cosúil, atá á aisíoc as sparán an phobail, sé sin le rá, ár bpócaí féin!

Tá rud eile ar féidir a rá faoi fhigiúirí an Údaráis. Tá siad foilsithe. Níl siad faoi cheilt mar atá torthaí aisínteacht tras teorainn áirithe nach bhfuil tar éis tuairiscí a éisiúint do bhliain ar bith ó 2004 go dtí 2008. Tabhair faoi ndeara nach seo an ‘Tuarascáil Bhliantúil’ – foilseofar sin lá níos faide anonn, ach is tuairisc chuimsitheach macanta é ar an méid a baineadh amach anuraidh. Má tá laincis ar Fhoras na Gaeilge tuarascáil a fhoilsiú go foill de bharr iad a bheith ceangailte le Bord na hAlbanaise Uladh, nach féidir leo ocáid a reachtáil chun a gcuid figiúirí féin a chur os comhair an phobail? Nó an é go bhfuil rud eigean le ceilt ag Foras na Gaeilge?

B’fheidir gur cheart do Brian Cowen aireacht eile a bhunú – nó an cúram a ghlacadh chuige féin, is cuma liom – agus go mbeadh an ról ag an Aire/Taoiseach sin is atá ag Nancy Killefer, ard reachtaire ar fheidhmiú an Rialtais.

An bhfuil spriocanna le baint amach nár baineadh amach?
An bhfuil bealaí níos éifeachtaí ann chun nithe a bhaint amach?
An bhfuil an Rialtas oscailte is tre dhearcach a dhothain – sa deireadh thiar tá siad ag obair ar son an phobail, nach bhfuil?

Dea shampla é Údarás na Gaeltachta don earnáil phoiblí. Níl sé gan locht, gan amhras, ach tá sé ag feidhmiú go h-eifeachtach taobh istigh de na srianta atá air.

Comments (2)

Tags: , , , , ,

An DUP ró mhaith do Shinn Féin ó thuaidh….

Posted on 26 January 2009 by igaeilge

Thug Margaret Ritchie, Aire Fhorbartha Shoisialta an Tuaiscirt, léargas speisiúil ar an mbealach atá Feidhmeannas an Tuaiscirt ag feidhmiú agus í ag labhairt ag an gComhdháil Bhliantúil a reachtáil an SDLP ag an deireadh seachtaine in Ard Mhacha.

The DUP was “running the show and running rings round Sinn Féin. Sinn Féin are not able for them,” she added.

The Executive was moving ahead entirely on a DUP agenda, she said.

“Be it policing and justice, the Irish language, the Maze, post-primary education or even extending funding to loyalist paramilitaries, the DUP is making all the running and Sinn Féin is trailing along behind them.”

Is dócha go mbeifeá ag súil lena leitheid ó bean an SDLP – agus ní gá a rá go bhfuil sise ina ball den Fheidhmeannas céanna agus má tá an DUP ag déanamh beag de Sinn Féin is dócha gur cloch níos lú fós ar a paidrín í Margaret Ritchie.

Táim den bharúil go bhfuil blas den fhirinne sa mhéid a deir Ritchie, a chruthaigh a dintiúirí nuair a ghearr sí an maoiniú ar ghrúpaí le ceangal leis an UDA, fiú más amhlaidh gur eirigh le dúshlán dlíthiúíl in éadan an chinnidh seo, mar go bhfuil an fianaise le feiscint go soiléir.

Bhí sé le feiscint go soiléir nuair a chinn Edwin Poots fáil reidh leis an gCiste Craoltóireachta Ghaeilge le linn a réimeas ag an Aireacht Chultúr, Ealaíon is Foillíochta. Ach amháin idir ghabhail phobal na Gaeilge ar an gceist sin, idirghabhail a fuair ardán i Lá Nua, nuachtán laethúil na Gaeilge, an mbeadh Gerry Adams tar éis an ceist a thogáil agus é ag iarraidh luach saothair éigean dá pháirtí ón mhion eigeandáil a bhí ann i mI Bealtaine? Caol seans.

Ar an droch uair, áfach, ní raibh sa mhéid a fuair Gerry Adams ó Gordon Brown ach a dhothain chun dhá bhliain eile den gCiste a mhaoiniú agus níl aon bannaí ann faoi thodhchaí fhad treimhseach an Chiste. In áít bheith ag fánúint san áit a raibh sé, ag £3m in aghaidh na bliana, ba cheart go mbeadh an Chiste seo á mhaoiniú ag an libhéal céanna is atá cistí cosúil leis in Albain agus An Bhreatain Bheag.

Níl bric ar bhric ag suíomh na Ceise Fada, ní fios an mbeidh réiteach riamh ar an leamhsháinn faoi dheireadh a chur leis an 11+ agus an córas míchothrom a bhuanaigh an scrúdú uafásach sin, tá an Cheathrú Gaeltachta siocaithe go fóill agus na céadta milliún á gheallúint do Cheathrú an Titanic is eile.

An bhfuil aon rud á dhéanamh sa cheart ag Sinn Féin? Agus mas amhlaidh nach bhfuil, cé ar cheart a chur san áit a bhfuil Sinn Féin anois? An SDLP – ar eigean é.

Comments (0)

Tags: , ,

Gormachaí iar eagarthóir iar nuachtán

Posted on 25 January 2009 by igaeilge

An rud a thuar mé an tseachtain seo chaite, tharla sé an deireadh seachtaine seo.

Tá tabhacht go mbeadh trachtaireacht agus tuairisceoireacht – seachas tuairisceoireacht amháin – ar eachtraí stairiúla na seachtaine seo agus fán am a bheidh an Satharn ann agus Foinse ar an margadh, beidh an scéal seanachaite agus meirg air

An príomh scéal i Foinse an Domhnaigh seo is tuairisc ó Washington é ar inshealbhú Barack Obama, an chéad Uachtarán “dubh” ar Stáit Aontaithe Mheirceá, ocáid a tharla Dé Máirt.

Cé gur alt brea a bhí sa mhéid a bhí ag Seán Tadhg Ó Gairbhí, níorbh é an chéad leathnach ar nuachtán náisiúnta an áit cheart do nó ní raibh aon nuacht ann, go h-áirithe nuair ar thárla gur ar an ceathrú lá tar éis na h-ocáide a foilsíodh an tuairisc.

Tá mo sheal mar eagarthóir ar nuachtán náisiúnta Ghaeilge – agus ba nuachtán náisiúnta Ghaeilge é Lá Nua/Lá – caite. Níl fonn orm bheith ag insint a ghnó d’eagarthóir Foinse. Ach níl fonn orm fánúint im thost ach an oiread.

Níl a fhios agam, le cois, cad é an brí atá leis an nosmhaireacht atá ag Seán Tadhg bheith ag tabhairt Uachtarán ‘dubh’ nó Uachtarán den chine dubh, ar an Uachtarán Obama? Cheapas i gcónaí – agus b’fheidir go bhfuil seo sean fhaiseanta – gur ‘den chine gorm’ é Barack Obama. Nach é sin an ‘stíl tí’ a bhí riamh ann – níor tugadh ‘dubh’ ar dhaoine le craiceann dubh ach gorm mar go raibh an dath ‘dubh’ in áirithe don bhFear Dubh?

Sin ceacht a fhoghlaim mé trath go rabhas im dhalta scoile ag déanamh na Meán Teiste na blianta fada ó shin. An bhfuil mé an oiread sin ar chúl?

Gan amhras ní gorm nó dubh atá Barack Obama. Is duine den sliocht Afracach Meirceánach é. Léigh mé a leabhar, Dreams Of My Father, agus b’shin an leabhar inar thuairiscigh sé an turas a thug an fear ildánach seo ó Hawaii go dtí Ceinia agus é sa tóir ar a athair, Barack Obama eile, fear ildánach eile de réir cosúlachta.

Turas dúshlánach a bhí ann – agus is scéalaí íontach é ar an aistear sin. Is leabhar é seo a mholfainn do dhuine ar bith. Agus má tá tú ag iarraidh teacht ar fhoinse Bharack Obama, is é sin a mholfainn duit a dhéanamh, Dreams of My Father a léamh.

Stair atá ann seachas tuairiscí atá cuma na staire orthu.

Comments (0)

Tags: ,

Caointí na gcarad

Posted on 23 January 2009 by igaeilge


Comments (0)

Tags: , , , , , , , ,

Sinn Féin agus ath-aontú na tíre

Posted on 22 January 2009 by igaeilge

D’eirigh le Gerry Adams filleadh ó Washington in am chun oráid a thabhairt ag ocáid Shinn Féin inné chun bunú an Chéad Dála cothrom an lae 90 bliain ó shin. Oráid a bhí ann inar dhein sé an argóint nár luadh, ní doigh liom, an lá roimhe ar chorr ar bith nuair a bhí an chomóradh oifigiúil ann ag an Stat ó dheas, go raibh crioch dheighilt tar éis bac a chur ar fhás agus fhorbairt na hÉireann agus go raibh sé in am anois feachtas a chuir sa tsiúl chun buanna athaontú na tíre a chuir os comhair an phobail.

Is ceart agus is cóir go mbeadh an feachtas sin ann dar liom agus dá mbeadh an cheist sin ag croí lár gach rud a dhein SF sna toghcháin atá romhainn, mheallfadh siad tacaíocht níos mó ná an 8-10% atá á fháil acu. Roimhe seo bhí na feachtais ag SF leath bhacáilte agus gan creidiúint – iad ag iarraidh ag an olltoghchán dheireannach bheith sa rialtas ó thuaidh is ó dheas ag an am chéanna. Bhí sé olc go leor iad a bheith ag iarraidh bheith ag suí sa rialtas leis an DUP ó thuaidh – ní dócha go bhfuil pairtí níos faide ar an eite dheis ar gach ceist tabhachtach san Eoraip – ní raibh aon rogha eile ann agus bhí toscai láidre eile le cur san áireamh.

Ach iad ag iarraidh bheith ag suí in aon rialtas le Fianna Fáil ó dheas ag an olltoghchán dheireannach, beag bheann ar na prionsabail a bheadh le fágáil ag an doras acu, b’shin céim ró fhada. Más cuimhin libh bhí Sinn Féin sásta a bpolasaithe maidir le cáín corporáideach a athrú díreach roimh an toghchán.

Tá sé tabhachtach go mbeadh polasaithe ciallmhara ag SF i réimsí tabhachtacha ar nós an eacnamaíocht, sláínte agus eile – ach is é an cheist a sháiníonn SF ceist ath-aontaithe na tíre. Is é sin gort s’acu agus cé go bhfuil pairtithe eile béal craifeach ar an gceist, níor cheart go mbeadh aon cheist faoi sheasamh SF ar an gceist.

Ach tá, mar tá an pháirtí tar éis dearúd a dhéanamh ar an mbunchúis go bhfuil siad sa pholataíocht, is é sin deireadh a chur leis an gcriochdheighilt agus Éire a athaontú. Tá an chuspóir seo ligthe i ndearmad acu de bharr go bhfuil siad dallta ag an smaoineamh go bhféadfaidís bheith i gcumhacht ach comhaontaithe a dhéanamh le FF nó eile.

Is íorónta an scéal é ach sílim go bhfuil pobal na tire reidh le h-aghaidh pairtí a chreideann i rud éigean seachas a bheith i gcumhacht ar mhaithe leis an gcumhacht.

An mbeadh speis acu anois i bpáirtí a bheadh ag iarraidh ath-aontú na tíre? Sin ceist ar fiú a chur amuigh ansin anois agus an cogaíocht ó thuaidh thart le beagnach cúig mbliain deag – sin glúin iomlán nach mór.

Tá sé in am freisin do Shinn Féin deireadh a chur lena ré mar pháirtí na h-agóide agus iad féin a athshamhlú mar phairtí an fheachtais. Ní h-aon mhaith doibh nó dón phobal bheith mar phairtí atá i gcoinnibh gach rud ach nach feidir a dhéanamh amach go díreach céard atá siad ar a shon. Sin polataíocht na seachtódaí. Táimíd beo i ré úr anois.

Os rud é go raibh Gerry Adams i Washington ag inshealbhú Barack Obama ina Uachtarán ar Mheirceá, b’fheidir gur feidir leis roinnt ceachtanna a fhoghlaim. Tá an gluaiseacht i measc an phobail a bhunaigh Barack Obama agus a chuidigh leis bheith tofa ina Uachtarán ar an ngluaiseacht pholatúil is cumhachtaí dá bhfacthas riamh san nua aois pholatúil.

Ba chabhair do Obama go raibh uachtarán chomh mí thaithneamhach le George W. Bush ann lena linn mar chuidigh sin leis an aeráid a chruthú le go bhfasfadh síol ar nós Obama i ngort an tsoinicis. B’fhearr le daoine bheith dóchasach seachas bheith soiniceach.

Go dtí seo tá daoine in Éirinn soiniceach faoin pholataíocht. Is é Fianna Fáíl – agus ar an droch uair – an Chomhaontas Glas an George W. Bush s’againne. Dá luaithe a fheicimíd iad ag imeacht, níl sé luath a dhothain. Tá gá le h-údar dochais. Tá gá le tuairim mhór chun sinn a ghriosadh agus ansan modh oibre chun sinn a eagrú.

Tá amhras faoi chumas Sinn Féin tabhairt faoin eagraíocht seo a bheadh ag teastáil chun an taoide soinicis a chur ar ath-threo. Ach ar a laghad tá tuairim mór acu. Tá sé in am go mbeadh Sinn Féin ar son rud éigean atá níos mó ná Sinn Féin agus beartú is eagrú dá réir.

Táim ag caint mar dhuine atá muinín caillte agam i Sinn Féin – de bharr an tréas a rinne an phairtí ar Lá Nua agus eile – ach de bharr go dtacaím leis an sprioc go mbeadh Éire Aontaithe ann, níl sé as an cheist nach feidir mo mhuinín a thuilleamh in athuair. Is féidir sin a dhéanamh ach tabhairt faoi. Tá daoine eile ann atá muinín caillte – ar chúiseanna eile – agus arís eile is féidir an muinín sin a shaothrú arís.

Ach fiú mura raibh Sinn Féin ach ag bladar inné agus nach bhfuil sé i gceist acu aon rud praicticiúil a dhéanamh ar son Eire Aontaithe – go leor ‘gong’ ach gan dinnéir ar bith – ba cheart dúinn mar phobal eagrú ar son an sprioc sin a bhaint amach. Ná bímis ag fánacht ar Phrionnsaí, dúirt Machiavelli fadó, agus b’shin fear a thuig úsáid na cumhachta!

Comments (0)

Tags: , , , , , , , ,

Is fánach an áit….

Posted on 21 January 2009 by igaeilge

…nach bhfaighfeá gliomach. SIn an smaoineamh a ritheann liom agus mé ag tabhairt cúpla rud faoi ndeara san Irish Times inniu.

Is minic mé ag cáineadh nuachtán an taifid sa bhlag seo. Agus bhí cáineadh tuillte ag an nuachtán sin mar gheall ar altanna gan bunús a fhoilsíodh ann faoin ngaeloideachas.

Ach nuair atá moladh tuillte ní bheadh sé ceart sin a shéanadh.

Agus comóradh á dhéanamh ar an gCéad Dáil inné [Dé Máirt] in Aras an Ard Mhéara bhí roinnt de na h-oráidí i nGaeilge. Agus, fair plé, bhí alt ann ag Déaglán de Bréadún, eagarthóir ghnóthaí eachtracha an nuachtáin [agus an chéad eagarthóir Ghaeilge ar an nuachtán freisin, an t-é a shocraigh caighdeán nach bhfuil sroichte ag aon duine dá chomharbai, go deimhin tá rudaí imithe ag imeacht chun donais le blianta beaga ach sin scéal eile] i nGaeilge faoin meid den ocáid a bhí i nGaeilge.

Agus i bhforlíonadh speisialta faoin ocáid seo, bhí alt eile ag de Bréadún i nGaeilge faoin mhéid den Chéad Dáil a reachtáladh i nGaeilge.

Tá áthas orm go bhfuil duine éigean a thuigeann an tabhacht stairiúil leis an ocáid – gí gur reachtáladh é lá ro luath! – agus tá sé suntasach go raibh tagairt ann don staraí Nollaig O Gadhra a cailleadh anuraidh, suaimhneas síoraí dá anam:

Sa leabhair An Chéad Dáil (1919-21) agus an Ghaeilge (Coiscéim, 1989) rinne an t-iriseoir Nollaig Ó Gadhra (1943-2008, suaimhneas síoraí dá anam) staidéar ar leith ar an ghné seo den chéad Dáil agus d’aimsigh sé gur labhair 12 teachta trí Ghaeilge an lá san chomh maith leis an Athair Micheál Ó Flanagain adúirt an phaidir.

Agus tá moladh ag dul freisin do Nuacht 24 as forlíonadh breá a fhoilsiú faoi inshealbhú Barack Obama – ní féidir liom a rá gur thaitin an cheann líne ar an bpríomh scéal liom – Barakadh an Lae Ghil – ach ní fhéadfaí ach aitheantas agus moladh a thabhairt don bheart gur cuireadh an nuachtán le cheile, go raibh sé slachtmhar agus thar a bheith speisiúil [agus ní áirím m'alt féin faoin Dáimh Scoil sa mhéid sin!]. Bhí altanna breá ann le mo shean cháirde, Gearóid Ó Cairealláin agus Tomaí Ó Conghaile agus Fearghas Ó hÍr is eile. Bhain mé sult astu – tá beatha i ndiaidh Lá Nua! Tá tabhacht go mbeadh trachtaireacht agus tuairisceoireacht – seachas tuairisceoireacht amháin – ar eachtraí stairiúla na seachtaine seo agus fán am a bheidh an Satharn ann agus Foinse ar an margadh, beidh an scéal seanachaite agus meirg air. Agus ansan ní mór a chur san áireamh go mbionn an tuairimíocht den chuid is mó i bhFoinse seanachaite agus meirgeach ar aon nós!

Ach caithfidh mé a rá gurb é an an alt is mó a bhain mé taithneamh as an léargas ó pheann Chaoimhe Ní Chathail – an bean a fuair an scúp, agus ní deoch sa Diúc of Eabharc atá i gceist agam – faoin agallamh a rinne sí le hIan Paisley. Mo léan lom, ní raibh aon aitheantas di inniu san Irish Times agus Pól Ó Muirí ag tagairt don oscailt a rinne iar cheannaire an DUP ar an dtaispeantas speisialta faoi Cholmcille ag Leabharlann Chréagaí – níor thagair sé fiú don agallamh a rinne Ian Paisley le Raidió Fáilte, an chéad agallamh a rinne sé le meán Ghaeilge ar bith, bíodh is nach i nGaeilge a raibh an agallamh. Ar aon nós ní fiú bheith ag cur dumhach idirlíne amú ar a leitheid.

Taithníonn cholún Chaoimhe liom mar is léir dom gur guth úr í agus gur fiú éisteacht lei. Nil an glór seo siocaithe mar a bhionn glór mo leitheidse srianta ag coinbhinsiúin na h-iriseoireachta chló is eile. Sruth choinsiasa, tuairisceoireacht buille ar bhuille gan claonadh ach le greann is le gusta. Sin atá de dhith ag iriseoireacht na Gaeilge san am i láthair – agus mar is dual do na Feirstigh, tá sé ag teacht ar an ngaoth aduaidh…..

Comments (0)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES