Archive | January, 2009

Tags:

Foinse agus an ‘X Factor’

Posted on 16 January 2009 by igaeilge

Cén ghaol atá idir príomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge, mar a thugann Foinse ar féin, agus an ‘X Factor’, an clár teilifíse a aimsíonn réaltaí nua chun sean phoirt a chanadh?

Ceist mhaith le h-aghaidh Trivial Pursuit oíche fliuch éigean a bheadh ansin gan amhras.  Níor cheapas féin go mbeadh aon ghaol idir nuachtán Ghaelach agus clár theilifise chomh gallda leis an X Factor. 

Ní den chéad uair, bhíos mícheart!

Nó ceard é seo ar phríomh leathnach shuíomh idirlíne Foinse ach suirbhé ag fiafraí orm votáil ar an gceist phráinneach, nó an dhá cheist phráinneach: ”Who will win X Factor? Who will win the 2007 series?  Leon or Rhydian?”suribhefoinse1

Níl a fhios agam an bhfuil a fhios ag Foinse ach creidim, mas buan mo chuimhne, gurb é Leon a bhuaigh an sraith sin.  

Ní h-amháin go bhfuil imní orm faoi Foinse bheith ag cur speise sa chomórtas “X Factor” – nach é Foinse a sheas sa bhearna baoil i mbliana le h-urraíocht a dhéanamh ar Chorn Uí Riada nuair a raibh an aighneas úd ann idir TG4 agus RnaG faoi chraoladh beo an chomórtais?   Ach tá buairt orm freisin go bhfuil suíomh idirlíne Foinse fós den tuairim nach bhfuil a fhios ag an phobal mór cad a tharla i Nollaig 07!  Ar ndoigh b’fheidir go gceapann siad go bhfuil dearúd déanta ar an dtoradh úd?

Is dócha go bhfuil míniú éigean réasúnta ar an scéal seo.  B’fheidir go bhfuil suíomh Foinse go fóill á fhorbairt agus gur lúb ar lár é seo nach bhfuil curtha sa cheart go fóill.  

Ach cé chomh fada is a ghlacann sé suíomh idirlíne a fhorbairt mar is ceart, le go mbeifear in ann é a chur i láthair an phobail? 

Mí, sé mhí, bliain?  An freagra:  cúpla lá má bhaineann tú úsáid as an mbogearra cheart agus díriú ar an obair. 

Agus cuimhnigh gurb é Foinse, is dócha, atá ag bharr an scuaine (agus ag a bhun cuirfidh mé geall) leis an gconradh le h-aghaidh nuacht sheirbhís leictreonach a chur ar fáil ar chonradh d’Fhoras na Gaeilge!

Táim tar éis cúpla cuairt a thabhairt ar shuíomh Foinse le tamall anuas ag lorg njthe éagsúla. Lé déanaí, mar shampla, rinne mé iarracht clarú le h-aghaidh sintiús digiteach leis an nuachtán. Beag an sasamh a fuair mé, faoi mar a mhínim anseo.  

Inniu bhí mé ag iarraidh nasc a dhéanamh le h-aghaidh teachtaireacht ar mo bhlag faoi alt a scrigh Alex Hijmans ina cholún ‘Na Ceithre hAirde’.  Ach ní raibh an t-alt ann, alt inar mhaigh an t-údar narbh aon íontas go raibh Iosrael ag íonsaí Gaza de bharr gurb é bunaidhm Hamas Iosrael a ghlanadh ón léarscáíl.   Dar le hAlex, ní fhéadfaí uibheagán a dhéanamh gan uibheacha a bhriseadh.   B’fheidir go mbeadh Alex ábalta an slad atá á dhéanamh ar phaistí agus mathracha is dochtúirí is eile a mhíniú i dtéarmaí borba agus fuar chúiseacha, téarmaí an chocaire seachas an ollmharfóra, ach ní fhéadfainnse. 

Sin  a thuairim.  Bíodh aige.  Ach nior mhiste liom diospóireacht a spreagadh faoi agus go mbeadh cead ag lucht léite iGaeilge  é a phlé anseo.  Níl colún Alex le fáil ar shuíomh Foinse, fiú anois sé lá tar éis ar foilsíodh an nuachtán, agus gan an nasc, ní féidir liom amhlaidh a dhéanamh.  Má chreideann Foinse go bhfuil spás sa mhargadh le h-aghaidh nuachtán leictreonach bunaithe ar shintiús leictreonach nach bhfuil ag feidhmiú, tá siad ag amharc ar an iomarca den X Factor!  

Tá gá le caighdeáin níos gairmiúla agus tuiscint níos fearr ar an slí a oibríonn an idirlíon ón nuachtán a thugann ‘príomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge’ ar féin

Comments (2)

Tags: , , ,

Arsenal agus ‘M’asal Beag Dubh’

Posted on 16 January 2009 by igaeilge

Is cosúil go bhfuil Arsenal, an cumann sacair i bpríomhroinn Shasana, ag cur speise san imreoir óg sacair ó Moldova, Masal Bugduv.

De reir na dtuairiscí faoin leaid óg seo, 16 bhliain d’aois, is é an imreoir is mó le gealladh faoi ón dtír sin le fada an lá agus ní hé Arsene Wenger amháin atá ag cur spéise san déagóir seo ach tá go leor bainisteoirí eile freisin.  Tá sé luaite ag Uimhir 13 ar an liosta a d’ullmhaigh Times Londain den chaoga imreoir óg is fearr ar domhan.  

An t-aon rud ar fiú a lua faoin bhfear óg seo nach ann do ar chorr ar bith.  De réir an scéala seo, is cosúil gur cur i gcéill é an liosta seo.   Ni miste sin – ach cuireann sé íontas orm go raibh cur amach ag an t-é a chum an liosta iomráiteach seo ar shaothar Pháraic Uí Chonaire?

B’fheidir gur cheart do Mhanchester City bheith cinnte go bhfuil siad ag caint faoi imreoir sacair agus iad sa tóir ar Kaka ó AC Milan!

Táim buioch do Slugger O’Toole as an scéal seo a ghealaigh lá a bhí thar a bheith dorcha agus fliuch.

Comments (0)

Banc i seilbh an stait…

Posted on 15 January 2009 by igaeilge

An chéad rud:  Is dea scéal é go bhfuil sé i gceist an Banc Angla Éireannach a chur i seilbh an stait.  Bhuel, is dea scéal é chomh fada is nach cleas é seo chun an fhirinne faoin chalaois a tharla ag an banc sin a chur faoi cheilt ar eagla go mbeadh ar stiurthóirí an bhainc sin ceisteanna crua faoi bhunús na géarchéime seo.

Conas nár tugadh faoi ndeara le h-ocht mblian go raibh iasachtaí á thabhairt don chathaoirleach, iasachtaí arbh fhiú €87m+ iad, nó an é go raibh a fhios ag daoine céard a bhí ag titim amach ach go rabhdar sásta mar gur ceapadh nach dtiocfadh aon rud chun solais go dtí go raibh an cnuas saothruithe. 

Agus cad iad na socruithe atá á dhéanamh leis an €87m seo a fháíl ar ais – is leis an stat atá Seán Fitzpatrick i bhfiacha anois – agus os rud é gur cáin íocóir mise, táim i dteideal an ceist a chur agus an éileamh a dhéanamh go n-aisíocfaí an meid agus is feidir den airgead. 

 Na ceisteanna eile a ritheann liom, céard atá le déanamh leis an banc seo anois?  An bhfuil úsáid ar feidir linn baint as?  An féidir, mar shampla, go gcuirfí na sealúcháís amhrasacha go léir ó gach banc ar leabhar an bhanc seo agus go bhféadfadh an stat iad a usáid ar shlí amháín nó eile?

Mar aguisín, tá eagrán nua de Nuacht 24 anois ar fáíl.  Maith sibh, lucht seinte an Druma Mhóir!

Comments (0)

Tags: , , , , ,

Comóradh an Dhaonláithis Phoblachtaigh

Posted on 15 January 2009 by igaeilge

Tá roinnt cainte faoi láthair faoin chomóradh a bheidh ar siúl an tseachtain seo chughainn ar an gcéad chruinniú den Chéad Dáil ar Eanáir 21, 1919. Tá dhá ocáíd ann – ceann amháin ar an gCéadaoin, 21 Eanáir, nuair a bheidh Sinn Féin i mbun a gcomóradh, agus ceann eile ar an Mháirt, nuair is é Coimisiún an Oireachtais a bheidh ag tabhairt aitheantas don ocáid. 

Nócha bliain ó shin, i Seomra an Rotunda i dTeach an Ard Mhéara, a thionól na teachtaí a toghadh thiar, thoir, thuaidh agus theas san olltoghchán  cúpla seachtain roimhe. 

Fuair Sinn Féin sainordú ollmhór san olltoghchán sin chun pairlimint neamhspleach a bhunú.  Agus sin a rinne siad. 

Tá Sinn Féin na linne seo ag déanamh comóradh ar an gcéad chruinniú stairiúil sin sa seomra céanna Dé Chéadaoin seo chugainn. 

Maith iad!  Is cosúil gur eirigh leo an seomra a chur in áirithe roimh ar thit an phingin le Coimisiún an Oireachtais gur ocáid stairiúil é seo, an chéad chruinniú den chéad tionól tofa go daonláthach de reir vóta iomlán an toghlaigh ar oileán na hÉireann.  Ocáid stairiúil ar fiú é a chomóradh an chéad chruinniú de Dáíl Éireann an oiread is gur ocáid stairiúil ar fiú é a chomóradh Eirí Amach 1916. 

Cúpla pointe ar fiú iad a lua: 

Reachtáladh an chéad chruinniú de Dáíl Éireann go h-iomlán i nGaeilge.  Cad é an seans go mbeidh níos mó ná ‘an cúpla focal’ ag ocáidí Shinn Féin nó an chruinniú atá á bheartú ag Coimisiún an Oireachtais i nDáil Éireann féin an tseachtain seo chugainn. 

Aontaím leis an méid a deir Gerry Adams ar a bhlag gur cheart go mbeadh cead cainte ag an gcruinniú Dála seo ag Teachtaí Tofa ó thuaidh den teorainn, an oiread is go raibh cead cainte ag na teachtaí céanna ag an gcruinniú stairiúil. 

On January 20 the southern state is commemorating the 90th Anniversary of the First Dáil at the Mansion House in Dublin. Those of you who study these matters will know that the First Dáil met there on January 21. Sinn Féin booked the Mansion House for that date. Not that that should have been a problem. 

A source close to Sinn Féin tells me the party was prepared to make the venue available to the Oireachtas if the state commemoration was made a national event and if there were co-equal speaking rights for all involved. Ah no, came the reply. So there you are……. At least it was accepted that MPs, MLAs and MEPs from the north should be invited. And that’s a good thing.

Glacaim leis go mbeidh Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, féin i láthair ar an gCéadaoin nó deirtear i scéal nuachta ar fhoilsíodh inniu go bhfuil sé ag taisteal go Washington le h-aghaidh insealbhú Barack Obama.  Is cinnte go mbeidh sin ina ocáid tabhachtach domhanda – ag an am chéanna, ba cheart don t-é atá i bhfeidhil ar an bpairtí a mhaíonn gurb iad san comharbaí cearta 1919 agus 1916 a bheith ag an ocáíd ar an 21ú Eanáir.  

Creidim go bhfuil gá le pleán aontaithe agus cinnte le go mbeadh Éire Aontaithe ann sa todhchaí.  Ní doigh liom go gcreidim go dtarlóidh sé roimh 2016 – ach b’fheidir gur cheart go mbeimís ag smaoineamh go mbeadh parlaimint uile Éireann ann i 2019.  B’fhiúntach an chomóradh a bheadh ansin. 

Creidim gur ghá tosnú ag obair anois ar aondachtaithe a thabhairt ar bhórd agus go mbeadh an Éire Aontaithe a bhainfí amach ina thír go mbeimís aontaithe ina thaobh.

Cé go bhfuil meas thar cuimse agam ar laochra 1916 agus, freisin, ar laochra 1981, tá sé in am don tír seo, agus táim ag caint ar thír 32 contae, an oiread chomóradh a dhéanamh ar ocáidí daonláthacha stairiúla an oiread is go ndeintear comóradh ar ocáidí stairiúla ag a doirteadh fuil. 

Is cuimhin liom bheith i láthair ag an ocáid i 1994 nuair a deineadh cruinniú an Chéad Dáil 75 bliain roimhe a chomóradh.   Bhí Cór Chúil Aodha ag cánadh ar an ardán ag Teach an Ard Mhéara.  Ocáid stairiúil a bhí ann agus i ndiaidh na h-amhráin bhí togha gach bí agus rogha gach dí le fáil.    Chas mé le teachtaí dála agus iad caoch ólta an oíche sin agus mhothaigh mé náire de short éigean de bharr gur iompaíodh ocáid cheiliúrtha agus chomórtha ina ocáid ocáid drabhlais. 

Ní gá dul thar fóir ach tá gá cinnte le ceiliúradh solúnta.   B’fheidir go gcuirfeadh a leitheid sin de cheiliúradh i gcuimhne dár gceannairí pholatúla go bhfuil siad ag suí i suiocháin ar ceannaíodh go daor ag íbirtí ár sinsir. 

Comments (1)

Bladar bhagarthach an Aire?

Posted on 13 January 2009 by igaeilge

Tá go leor cainte déanta le tamall anuas ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltacht, Éamonn Ó Cuív, faoin ‘iomarca eagrais Ghaeilge’ bheith ann.  Dar leis go bhfuil gá le conascadh idir eagrais agus bhí sé ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné ag moladh go mbeadh teacht le cheile de short éigean idir Udarás na Gaeltachta agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta. 

An bhfuil aon substaint sa chaint seo nó nach bhfuil ann ach baothchaint bladarach bagarthach? 

Sin ceist ar fhiosraigh maistir na bhfiosruithe saorála faisnéise, Breandán Delap, le déanaí agus b’aisteach an freagra a fuair sé.   

Níl oiread is meamram nó litir nó nóta amháin a bhaineann le na príomh eagrais Ghaeilge – leitheidí Conradh na Gaeilge, Comhdháíl, Pobal, Gael Linn, Glór na nGael – agus go mbeadh siad á scor nó á chomhnascadh i seilbh na Roinne ag Dún Aimbirgín. 

Bhí roinnt chaipéisí ceart go leor ar bhain le h-aistriú feidhmeanna Bhórd na Leabhar Ghaeilge go Foras na Gaeilge agus roinnt chaipéisí eile a bhain le Colmcille – agus ar chúis éigean atá dothuigthe nó nach féidir é a mhíniú, níor scaoileadh furmhór mhór na gcaipéisí chuig an tUasal Delap, a chaith seal  ina eagarthóir ar Foinse le linn na blianta is rathúla ag an nuachtán sin agus atá anois ina chlár eagarthóir ag Nuacht TG4, de bharr go mbeadh siad chun aimhleasa an chaidrimh thuaidh theas!

Is féidir leat an scéal aisteach ar fad a léamh tú féin anseo ar Beo.ie.   

Níl aon mhaith bheith ag tógaint ceisteanna faoi Conradh na Gaeilge nó an Chomhdháil nó Glór na nGael, áfach, gan an cheist bunúsach a chur:  cad atá á dhéanamh ag Foras na Gaeilge faoi láthair? 

Deirtear linn i bhFoinse an deireadh seachtaine seo go bhfuil athbhreithniú déanta ag comhlacht comhairleoireachta, Mevars, ar an ‘gcéad ghrúpa eagraíochtaí’.  Ní fheadar cén chostas a bhí ar an obair íontach seo nó cén toradh a bheidh air.

An buncheist nár chuir an tuairisceoir i bhFoinse nó Breandán Delap dá fheabhas é:  cén fath nach bhfuil cúntais an Fhorais Teanga le h-aghaidh na blianta 2004-7, is é sin an chomhnascadh idir Foras na Gaeilge agus an Boord o’Ulster Scotch, foilsithe go fóill?   

Mar is léir ó shuíomh an Fhorais, níor fhoilsíodh aon chúntais ó bhí Bealtaine 2007 ann – agus b’iad san na cúntais le h-aghaidh 2003. 

An é má fhoilsítear na cúntais le h-aghaidh 2004 – 2007 go gcuirfear isteach ar an gcaidreamh thuaidh theas?

Comments (0)

Ó ré an Sputnik go ré an bhlag….

Posted on 13 January 2009 by igaeilge

An Sputnik in ard na spéire

An Sputnik in ard na spéire

Dáimh Scoil Mhúscraí: Gael na nGael, An Suibhneach Meann, Dómhnall Ó Ceocháin agus eile

Is mír é seo ó chlár de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a craoladh Dé Domhnaigh mar chomóradh ar Dháimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn.  Aindrias  O Gallchóir a chur an clár i láthair, tuairisc ar Dháimhscoil Mhúscraí i 1959 maraon le sliochtaí ó chuirí agus ceisteanna a cuireadh sna blianta roimhe sin.   

Cloistear glórtha ón sean ré, glórtha An Suibhneach Meann – Pádraig Mac Suibhne, Gaedhal na nGaedhal, Dómhall O Ceocháin, Seán Eoin O Suilleabháin agus Peadar O Liatháin. 

Sa bhlian 1959 atá an Dáimhscoil seo suite – agus cloistear glór ann atá fós linn.  Is é sin glór Pheadair Uí Liatháin a bhí  ina Chléireach i 1959 nuair a bhí sna 20í.  Nuair a thionólfar an Dáimhscoil Dé Satharn seo chughainn in Ostán Ghobnatan, beidh a ghlór le clos aris agus é fós ag cur na ceiste…

I 1959 bhí siad ag caint ar an Sputnik – i mbliana tá an cheist dírithe ar an mbealach a chaitheann rialtais is bainc ár gcuid airgid.

Comments (0)

Tags: , , ,

Scúp Raidió Fáilte – agallamh le hIan Paisley….

Posted on 13 January 2009 by igaeilge

Caoimhe Ni Chathail, Raidió Fáilte agus An Druma Mór

Caoimhe Ní Chathail, Raidió Fáílte agus An Druma Mór

 

Tá rud éigean déanta ag Raidio Fáílte inniu nár eirigh le h-aon craoltóir Ghaeilge eile a dhéanamh roimhe seo – agus tá ard mholadh ag dul don tuairisceoir óg, Caoimhe Ní Chathail, ar eirigh lei é a dhéanamh. 

Agallamh le Ian Paisley a ghnóthaigh Caoimhe lena muinéal práis agus, ní foláir, croí cróga.  

Chuala mé féin é ar Raidió Fáílte inniu díreach tar éis mean lae.  Tá súil agam go mbeidh nasc ann do ar an bpriomh leathnach ag an staisiún amach anseo. 

Ghnóthaigh an éacht craoltóireachta seo an phoiblíocht don staisiún phobail seo i mBéal Feirste agus ar an idirlíon.  Agus gí gur i mBéarla a labhair Ian Paisley le Raidio Fáilte, ba éacht é gur labhair sé go cneasta agus go séimh faoi chúrsaí cultúrtha.   

Is cuimhin liom uair nuair a chuir ban chraoltóir eile ó na meáin Ghaeilge, Áine Ní Chiaráin, a bhí ag obair do RTÉ ag an am, ceist ar an tUrramach agus ba bheag nár caitheadh go fisiciúil í ón seomra.  Is cinnte gur phléasc Paisley le fearg nuair a chuala sé a h-ainm Ghaeilge agus gur ó RTÉ a tháinig sí. 

Maith sibh Raidió Fáílte!  Maith thú a Chaoimhe!  

Is féidir a thuilleadh eolais faoi Chaoimhe a fháil ina colún siamsúil faoin saol singilte ar An Druma Mór…

Tá sé ráite go mbeidh an agallamh le clos arís ar 1in inniu Dé Máirt.  Glacaim leis go ndeinfear é a athchraoladh uair nó dhó…. Má fhaigheann éinne an nasc le h-aghaidh an mír seo, bheinn buioch….

Go raibh  maith agat, a Aonghuis, as an nasc a chur ar mo shúile dhom:

Ian Paisley faoi agallamh ag Caoimhe Ní Chathail ar Raidió Fáilte

Comments (3)

Tags: , ,

Ag súil le beart

Posted on 13 January 2009 by igaeilge

 

Ché Mo Laoch.....

Ché Mo Laoch.....

Táim ag súil go mór le beart sa phost lá de na laethannta seo.  Sa bheart sin beidh an iris nós*.   Tá sé feicthe agam theana féin agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé snásta agus dea chumtha, mar a bhionn, lán ó chlúdach go clúdach le h-ailt atá speisiúil agus siamsúil.    Luach maith ar mo chuid €40 é an iris seo a theacht chugam gach mí.   

 

Dá mbeadh sé chomh h-éasca sintiús a ghlacadh le h-irisí Ghaeilge eile.   Rinne mé iarracht le déanaí sintiús a ghlacadh le Foinse ar líne. [Dá bhfoghlaimeodh Foinse ceacht faoi dhearthóireacht irise ó nós*, bheadh leo!].  Ach theip orm – nó tá deacracht eigean leis an gcóras atá acu nó má bhuaileann tú an cnaipe chun sintiús a cheannach, iarann sé ort d’ainm úsáideora agus do phasfhocal a thabhairt.  An deacracht le sin nach raibh aon deis agat, fán phointe sin, iad a bheith cláraithe.  Má tá aon comhairle agaibhse faoin bealach le seo a dhéanamh bheinn buioch…

Agus maidir le Comhar – bhuel, go fóíll, ní fhaca mé coip den iris ath-éisithe seo, taobh amuigh den eagrán dheireannach – agus an chéad eagrán – a fhoilsíodh faoi eagar Aindrias Uí Chathasaigh.   Rinne mé iarracht anuraidh sintiús a ghlacadh anuraidh ach theip orm de bharr ná raibh agam ach cárta dochair – debit card – agus ní raibh córas Comhar ábalta deileáil lena leitheid.  Anois níl fiú suíomh idirlíne ag Comhar agus níl tasc nó tuairisc ar an iris anseo i Múscraí – an bhfaca éinne agaibh é le déanaí?

Comments (6)

Machnamh theilifíse

Posted on 13 January 2009 by igaeilge

 

nightliveÓ am go chéile, ritheann an cheist seo liom:  An mbéimís níos fearr as gan TG4 agus an Ghaeilge mar chuid, ná bac mar chuid lárnach, de mheon craoltóireachta RTÉ?  Dá mbeadh míreanna faoin nGaeilge agus i nGaeilge ar chláracha ar an staisiún ‘náisiúnta’, ná beadh lucht féachana níos mó ag an teanga agus mar sin nach fearr é ná staisiún atá suite i ‘ngeiteo Gaeltachta Gaelach’? 

Ceist é a thógaim [tabhair faoi ndeara Foinse - 'Príomhnuachtán Náisiúnta na Gaeilge'(faoi láthair) - agus Nuacht TG4 nach mbím ag ‘árdú’ ceisteanna!] go h-áirithe nuair a bhionn sé de mhí adh orm cláracha ar nós Glasvegas – agus a leathbhadóir Nollaig No 1 – a fheiceáil agus mé ag bothántaíocht ó chainéal go chainéal.

Ar aon nós, rith an smaoineamh liom arís le déanaí agus mé ag faire ar an gclár, The All Ireland Talent Show, agus Dáithí Ó Sé ag glacadh páirte ‘Simon Cowell’ ann.  [Bhí ar Dáithí cúig 'thalainn' ón iarthar a roghnú as na céadta ar tugadh éisteacht doibh chun páirt a ghlacadh i gcraobh uile Éireann le rogha ceathrar mholtóir eile - Dana ó Chúige Uladh, Blathnaid Ní Chofaigh ó Chúige Laighean, Shane Lynch [Boyzone] ó Bhaile Átha Cliath agus John Creedon ó Chúige Mumhan.  

Bhí roinnt míreanna i gclár an Domhnaigh le blas na Gaeltachta – cailín óg ó Ros a’ Mhíl, Roisín Seoighe, thug sí taispeantas amhránaíochta agus rínce ar an sean nós a raibh deacair le sarú.  Ach, de reir an mholtóra, sháraigh an taispeantas a thug triúr bhuachaill ó Inis Mór, Clann Uí Mhaolchiaráin [an raibh aon ghá do RTÉ an leagan Bhéarla don ainm, Mulkerrins, a bhaisteadh orthu don seó?] iarracht Roisín agus iad san maraon le ceithre mhír eile, amhranaí opera [bhí amhránaí opera ann ón iarthar ach ní raibh amhránaí sean nóis?], fear óg ar an bhfidil leictreach a bhí thar barr agus nuálaíoch, grúpa amhránaithe agus athair agus iníon ag amhránaíocht a bheidh ag seasamh an fhoid ar son an iarthair sa chraobh. 

Is cinnte go raibh Dáithí idir dhá thine Bhealtaine ar a rogha – cé do a dhiultódh sé?  Ach idir é féin agus a chomhairleoirí, Blathnaid Ní Dhonnchadha agus Páraic Breathnach, roghnaíodh cúigear agus beirt ar a laghad ann a sheasfaidh an fhód ar son an Iarthar Ghaelach sa bhabhta ceannais agus tá sé deacair locht a fháil orthu. Beidh sé suimiúíl a fheiscint an mbeidh aon ionadaíocht Gaelach ó na ceantaracha eile.

Ar a laghad, leis an seó seo, is féidir a fheiscint go bhfuil iarracht á dhéanamh ionadaíocht a thabhairt don snath Ghaelach sa taipéis chultúrtha.   Ní raibh sin riamh i gceist le réamhchomharba The All Ireland Talent Show, You’re A Star.  Is cuimhin liom le linn dom bheith im eagarthóír ar Lá gur chuireas ceist ar Mhichelle Nic Phaidín, amhránaí sean nóis a bhain duaiseanna ag an Oireachtas, páirt a ghlacadh ann le h-amhrán ar an sean nós agus a luaithe is ar thosnaigh sí ag canadh, cuireadh chun bealaigh í agus dúradh lei ná raibh an ‘stíl’ sin in oiriúint don chomórtas.   Mhuise. 

An oiread céanna leis an Late Late Show speisialta ar an GAA an Aoine seo chaite.  Beag go deimhin an léargas ar tugadh sa chlár ar ghné Ghaelach an CLG, leitheidí Scór nó eile.   Ba mhó de cheiliúradh a bhí ann ar RTÉ agus an chaidreamh a bhí ag an gcraoltóir náisiúnta leis an GAA ná rud ar bith eile nó bhí pearsa nó beirt ó RTÉ ar gach painéal a bhí á chur faoi agallamh ag Pat Kenny faoi thionchar an GAA ar shaol na hÉireann. 

Sin scéal do lá eile. Agus baineann sé leis an GAA an oiread is a bhaineann sé le RTÉ.

Clár eile a thug mé faoi ndeara an tseachtain seo agus mé sa tóir ar shiamsaíocht abea ‘This Is Nightlive’, clár nua ó rannóg ghrinn RTÉ atá ina scig, is cosúil, ar TV3 News.     Seans gur iarracht é seo leagan Éireannach de “Saturday Night Live” a léiriú – mas ea, b’fhearr do dul ar nais ina bhosca mar, mar a dúirt, fear faoi JFK trath, agus é ag caint le Dan Quayle, a bhí ina iarrthóir do Leas Uachtarántachta SAM an uair úd:

”Senator, I knew JFK [Saturday Night Live]. I served with him.  Senator, you ain’t no JFK.”

Níl an clár seo greannmhar, níl sé aorúil.  Tá sé maslach.  Agus tá míreanna ann faoin nGaeilge. Bhí mír ann faoi scannán i ‘foreign language’ ó TG4 i ‘Galway’.  Mar a dúirt an laithreoir, ‘let’s have a ‘féach’!  Ní raibh brí leis nó greann ann. Bheadh sé ina mhasla d’fhochéimithe ollscoile dá dtabharfá greann fhocheimiúil air.     

Bhí mír ann freisin faoi leabhar nua i dtaobh na stailceanna ocrais – agus ní h-amháin go raibh sé máslach do Bhobby Sands agus a gcomhleacaithe – ‘ten men who starved themselves to death to wear their own clothes’ – ach bhí sé gan greann le cois. 

Shamhlófá go bhfuil airgead le dóghadh ag RTÉ agus iad ag tabhairt coimisiún do chláracha den tsort seo.  Ait go leor tá nasc Gaeltachta ag “This Is Nightlive” nó is comhléiriú é idir RTÉ agus Stillwater Communications, an chomhlacht a bhí freagrach as cuid is mó den phoiblíocht a deineadh ar Oireachtas na Gaeilge le dhá bhliain anuas agus arís i mbliana.    Is iad Cillian Fennell, iar cheannasaí teilifíse TG4, agus Natasha Fennell, príomhaithe Stillwater agus tá Cillian luaite mar scríobhnóir ar an gclár.

B’fheidir go bhfuil slua beag a thaitneodh an chlár seo, clár a bhaineann leis an saol ‘laistigh den gciorcal órga’ sna meáin cumarsáide.  Ach an leor seo mar údar le h-aghaidh clár a choimisiúnú don gcraoltóir náisiúnta?   Is cosúil gur leor.    Cén uair a thuigfidh RTÉ nach féidir leo airgead an phobail a chur amú mar seo?    

Sa chás seo, ní ar leasa na Gaeilge nó siamsaíochta go mbeadh an Ghaeilge ‘ar an radar’ ag RTÉ.  Ach is dócha nach féidir bheith ag súil le morán eile ón staisiún…..

Comments (1)

Tags: , ,

Aistriúcháin in aisce ar Facebook

Posted on 12 January 2009 by igaeilge

Tuairim spéisiúil ar fiú é a chur ós bhúr gcomhair.   Bhí scéal sa Sunday Times ag an deireadh seachtaine faoi iarracht atá á dhéanamh leagan Ghaeilge de ‘Facebook’ a chur ar fáil.   ‘Feidhmchlár’ atá á thabhairt acu air.   

Bhí baint bheag agam féin le h-iarracht a deineadh anuraidh chun leagan Ghaeilge de suíomh cosuíl le ‘Facebook’ a chur ar fáil.   Tá An Líonra Soisialta beo faoi láthair ach ar chúiseanna éagsúla nár fiú iad a phlé anseo, cúiseanna teicniúla, níl sé ag feidhmiú ag barr a mhaitheasa. 

I gcás An Líonra, ba mé féin a chuir an chuid is mó den aistriúchán ar fáil.   Ach le Feidhmchlár, is na h-úsáideoirí féin atá á dhéanamh.   Tá leaganacha Ghaeilge de théarmaí ar nós ‘poke’ cumtha acu – sonc=poke – agus tá sé ag dul leis.  Caithfidh mé a rá nach dtaitníonn an leagan Ghaeilge d’ainm an suímh liom.  B’fhearr liom rud éigean a bheadh níos cairdiúla ná ‘Feidhmchlár’ – aon tuairimí agaibh? 

Ar aon nós, tá daoine den tuairim go bhféadfaí an modh oibre seo a úsáid chun tabhairt faoi chaipéisí rialtais a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.  

Dá gcuirfí i bhfeidhm an módh oibre seo, modh oibre atá usáidte chun leagan Ghaeilge de Wikipedia a chur ar fáil mar shampla, chiallódh sé go mbeadh comhartha ceiste faoi thodhchaí thionscal an aistriúcháin, tionscal atá ag solathar slí beatha do go leor chéimithe Ghaeilge faoi láthair. 

An fearrde a bheadh an Ghaeilge dá mbeadh deireadh le tionscal an aistriúcháin mar thionscal ghairmiúíl agus go mbeadh an deis céanna ag gach éinne a bheith páirteach ann, gan de luach saothair ach an saothar féin?  

Nó an é an toradh a bheadh ar seo nach mbeadh ach grúpa beag fanaiceoirí páirteach ina leitheid de shaothar – tá an saol ró ghar do chuid is mó againn le bheith i mbun oibre dá leitheid – agus go mbeadh deireadh leis an aistriúchán ar fad?

Agus cad é an toradh a bheadh ag seo ar an Ghaeilge mar theanga phobail?  

An bhfuil seans ann go mbeadh daoine ag plé leis an teanga ansan de bharr go bhfuil pleisiúr ag baint lei – seachas slí beatha le baint aistí?   An mbeadh a leitheid sin d’athrú bunusach ar an gcaidreamh idir an teanga agus an pobal chun leasa na Gaeilge nó/agus an phobail? 

In áit bheith ag caint, mar a bhionn an Aire O Cuív faoi láthair, ar institiúidí nó forais [tá droch chlú ar an cineal sin eagrais] ar cheart bheith ag féachaint ar an mbealach a bhaineann daoine úsáid as an teanga go laethúil i bhfirinne seachas bheith ag iarraidh an ‘normalú’ bréagach seo a dhéanamh uirthí?

Comments (2)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES