Archive | February, 2009

Tags: , , , ,

An Béal Bocht agus Banríon Shasana…

Posted on 28 February 2009 by igaeilge

5779333Bhí Ambasadóir na Breataine, David Redway MBE, faoi agallamh ar maidin ar chlár Bhrendan O’Brien ar Newstalk agus cuireadh ceist air faoin chaint a bhionn ag roinnt sna meáin mar gheall ar Bhanríon Shasana, Eilís Bhindsor, bheith ag teacht ar chuairt go dtí na 26 contae go luath.

An mbeadh sé seo ag tarlú i mbliana, d’fhiafraigh Brendan.

Bhuel, agus na cúinsí eacnamaíochta mar atá siad….sa dhá thír, ní doigh liom é, dúirt an tUasal Redway.

Arbh é seo an bealach béasach le cur in iúl nach mbeadh sé d’acmhainn ag ár Rialtas íoc as na costaisí a bhainfeadh lena leitheid de thuras, idir slándáil, aíocht is eile?

Dá mbeadh sé beo inniu, is cinnte go mbeadh píosa spóírt ag Myles na gCopaleen le sin.

Mar is dual do chlár raidió ar chúrsaí reatha i mBéarla in Éirinn, agus iad ag caint faoi chúrsaí idir an dhá thír, Éire agus an Bhreatain, bhí caint ann faoin ocáid stairiúil i bPáirc an Chrócaigh nuair a d’imir Éire agus Sasana cluiche rugbaí ann don chéad uair i 2007.

Cé gur bhuaigh Éire an cluiche, 43-13, bhí níos mó cainte ann i ndiaidh an chluiche faoin bhealach ar canadh Amhrán na bhFiann agus an cuirtéis a léiríodh nuair a raibh amhrán náisiúnta Shasana, God Save The Queen, á chanadh.

Ní miste liom cuirtéis a léiriú. Ach ní fheadar an fiú morán an chuirtéis má tá an oiread san maíomh á dhéanamh faoi ina dhiaidh.

”Féach orainn, nach sinne atá tagtha in aois, rinne an tír eile seo forghabhail foreigneach orainn ar feadh na céadta bliain, mharaigh sé na mílte againn gan taise gan trocaire, shaibhrigh sé a uasal aicme féin as ár gcuid sclabhaíochta, chothaigh sé nimh sa bhfeoil inár measc lena bpolasaithe scoilteacha is seicteacha, d’fhag sé an seicteach nimhneach sin mar oidhreacht againn agus rinne sé feall iarracht ár dteanga is ár gcultúr a chuir faoi chois. Rinne an tír eile é seo ar fad agus anuas ar sin táímíd sásta cuirtéis a thaispeáint don amhrán náisiúnta acu nuair a thagann foireann spoirt go dtí an páirc céanna sa tír céanna inar mhairbh saighdiúirí na tíre sin imreoirí is lucht féachana a bhí ag glacadh páirte i gcluiche peile….

“Sea nach sinne atá tagtha in aois.”

Is ocáid spoirt é an cluiche inniu idir Éire agus Sasana inniu agus an oiread go léirímíd go bhfuilimid ag iarraidh ocáid staire a dhéanamh de, an oiread céanna go bhfuilimid ag léiriú nach bhfuilimíd tagtha in aois.

Léirímís cuirtéis i leith amhrán náisiúnta Shasana faoi mar a léirimís a leitheid i leith amhrán naisiúnta thír ar bith. Deineadh ár bhfoireann a ndícheall ar pháirc na h-imeartha. Ná léirídís easonóir. Níor léirigh siad go dtí seo. Má bhuann siad, beidh cúis athais againn agus sinn ag tabhairt aghaidh ar Alba agus ar an Bhreatain Bheag sna seachtainí atá romhainn.

An léiriú is fearr go bhfuilimíd ‘tagtha in aois’ go mbuaimís Craobh na Sé Náisiúin agus is againne atá an seans is fearr sin a dhéanamh anois.

Comments (0)

Tags:

Teachtaireacht uaim do Bhrian Cowen

Posted on 28 February 2009 by igaeilge

Seo litiruaim a fhoilsigh an Irish Times inné faoi bheart an PháirtÍ Phoblachtaigh comhlacht idirlíne Meirceánach a fhostú chun suíomh idirlíne a thógaint:

A chara, – It’s not so long since Brian Lenihan stood up in the Dáil to urge us all not to do our shopping in Newry as it was “unpatriotic”. Yet now it emerges that his own party, Fianna Fáil, has hired a leading US firm to redesign the party’s website ( The Irish Times , February 26th). This is the firm President Barack Obama hired to manage his web campaign on his way to the White House; perhaps Fianna Fáil, having more money than sense, feel this is the way to get some of the Obama magic working on its flagging poll fortunes.

The reality is that the FF website, while slick, could have been designed far more cheaply in Ireland, with all due respect to Blue State Digital. I have no doubt there are many web design companies in Ireland which would have designed as good a website without expending all those air miles. As for the Obama magic, it can’t be bought. And if Fianna Fáil thinks it can, we’re in more trouble than we know. – Is mise,

CONCUBHAR Ó LIATHÁÍN,

Cúil Aodha,

Tá litir eile ar an dtéama céanna ann inniu.

Madam, – Are Fianna Fáil delusional? In the current economic climate, they are hiring President Obama’s website designer to dazzle us on our little north Atlantic island. How much will this cost? What will we think of their priorities if this is what is exercising them at this time? And anyway, what about our own young website designers — many out of work and longing for a commission.

For shame, Fianna Fáil, get a grip and stop buying baubles. – Yours, etc,

MAGGIE BLACKLEY,
Gurrane,
Fermoy,
Co Cork.

Dhá bhliain ó shin, roimh an olltoghchán i 2007, dheineas tuar i Lá Nua go gcaillfeadh Fianna Fáil timpeall is 30 suiochán mar gur cheapas ag an am sin go raibh an oiread sin údar feirge ag an pobal mar gheall ar mhí eifeacht an Rialtais ag an am.

Níor tháinig tuar an dtairngreacht an uair úd. Dá mbeadh olltoghchán ann amarach, bheinn den tuairim go mbeadh Fianna Fáil go brea sásta a gcosa a thabhairt leo gan ach 30 suiochán caillte acu….

Comments (2)

Tags: , , , , ,

Teachtaireacht ó Bhrian Cowen…..

Posted on 27 February 2009 by igaeilge

Fuaireas teachtaireacht r-phoist ó Bhrian Cowen, An Taoiseach, ar maidin. Tá saghas taithí agam ar theachtaireachtaí a fháil ó dhaoine cumhachtacha nó is minic, freisin, go bhfaighim teachtaireacht ón Uachtarán Barack Obama.

Ní h-é go bhfuil siad ag iarraidh mo bhlag a léamh – cé go bhfuair mé teachtaireacht inniu ó dhuine anaithnid ag fiafraí díom an raibh aon eolas agam ar bhog earra a aistreodh Gaeilge go Béarla le brú cnaipe. {Tá cnaipe ar shuíomh Fhianna Fáil a athraíonn an fhocal ‘Gaeilge’ go ‘English’ – ach ní oibríonn sin d’aon chuid eile den suíomh.]

Ar aon nós, fuaireas teachtaireacht ó Bhrian Cowen ar maidin agus bhí sé ag fiafraí díom an raibh aon cheisteanna agam do.

An chéad cheist atá agam: Cén fath go bhfuil an teachtaireacht seo go léir i mBéarla? Nach tusa an Taoiseach a bhaineann úsáíd as an nGaeilge go rialta id oráidí?

Nílim ag lorg teachtaireacht iomlán i mBéarla – díreach cúpla abairt nó alt chun a chur in iúl dom nach bhfuil tú tar éis í a ligint i ndearúd. Gan amhras thuigfinn go bhfuil tú faoi bhrú – ach dar liomsa is cuid den réiteach í an nGaeilge, seachas cuid den bhfadhb.

Dear friend,

Ireland’s economy has been damaged by the global economic downturn. I have been honest with the country and acknowledged that the times ahead will be tough. While we work night and day to get Ireland through these difficulties, I want to engage with you directly, so that you know what we’re doing.

That’s why, in launching a new Fianna Fail website, I want to offer you an opportunity to ask me directly about the challenges we face and the route that I’m proposing to get Ireland back onto the path of sustained economic growth.

Ask your questions by clicking here and I’ll post a video on March 12th answering as many as I can:

http://www.fiannafail.ie/askthetaoiseach

Ireland is facing economic conditions unlike any we’ve seen before. Our banks required government support. Unemployment across the country is rising and many businesses are being hit hard. The public finances have suffered and we’ve been forced to make really tough choices.

We’ll meet these challenges head on. We’ll fix our banking system. We’ll make sure that a new regulatory system is put in place that the people can have confidence in.

We’ll help people to retrain if they become unemployed. We’ll extend further help to businesses for whom credit is no longer available and whose future is under threat.

We’re taking tough decisions now, so that Ireland can emerge from this recession quickly and fairly. We’re building Ireland for tomorrow – and a better future for us all.

If you ask me – directly and simply – about our plans, I will respond in kind. Submit your questions to:

http://www.fiannafail.ie/askthetaoiseach

I’ll admit we haven’t got everything right, and if you want to tell me where you think we can improve our proposals or offer alternatives, I’ll listen. Only by listening to each other, learning the lessons of recent times and working together – summoning a national effort – will we move back towards the levels of economic growth which have made Ireland the envy of many over the past 20 years.

I look forward to hearing from you.

Brian Cowen

Taoiseach

Níl a fhios agam an chuideoidh a leitheid seo d’admháil: I’ll admit we haven’t got everything right, and if you want to tell me where you think we can improve our proposals or offer alternatives, I’ll listen. le Fianna Fáíl teacht aniar sna pobal bhreitheanna. De reir an suirbhé is déanaí, níl ach duine as gach deichniúr a cheapann go bhfuil an Rialtas ag déanamh dea oibre agus iad ag iarraidh sinn a thabhairt slán ón bpriacal seo.

De reir an suirbhé céanna, tá tacaíocht de 42% ag malairt rialtais den éite clé ina mbeadh An Lucht Oibre(22%), Sinn Féin (7%) agus na Glasaigh(5%), maraon leis na neamh-spleaigh(10%). 52% de thacaíocht atá ag An Lucht Oibre agus Fine Gael (30%) le cheile, 55% atá ag Rialtas Náisiúnta d’Fhianna Fáil (25%) agus Fine Gael.

42% – sin isteach is amach leis an tacaíocht a bhí ag Fianna Fáil agus iad ag dul i mbun Rialtais an uair dheireannach – ach gan dabht bhí cúpla duine sa bhreis uatha agus bheadh ar a leitheid seo de chomhghuaillíocht iad san a fháíl, bunaithe ar anailís ar fhigiúirí an lae inniu, ó Fhianna Fáil nó ó Fhine Gael. Cá bhfios, áfach, cad a tharlóidh idir seo agus trath toghcháin – ach b’fheidir go mbeidh sé níos túisce ná mar atáimíd – agus Brian Cowen – ag ceapadh.

Comments (0)

Tags:

Bono an bhéil bhínn ‘gonta’

Posted on 27 February 2009 by igaeilge

U2 - ní bheidh mé ag ceannach an albam nua

U2 - ní bheidh mé ag ceannach an albam nua

Is cosúíl go bhfuil Bono, príomh amhránaí U2, gonta de bharr na gearáin atá déanta ag daoine in Éirinn faoi chinneadh an bhanna a gcuid gnóthaí cánach a bhogadh go dtí an Isealtír.

Rinne an bhanna seo i 2006 nuair a cuireadh caipín, €250,000, ar an méid airgid a fhéadfadh ‘ealaíontóírí’ a shaothrú gan cáin a dhíol air.

Tá daoine ag cur i leith U2 go bhfuil sé fimíneach bheith ag bogadh a gcuid gnóthaí cánach go dtí an áit ina bhfuil an méid is lú cánach le díol ann, tír nach bhfuil do áit chónaithe ann, agus ansan a bheith ag rá is tú ar árdán idirnáisiúnta go bhfuil gá le níos mó foirithint idirnáisiúnta ón Rialtas.

Gan amhras tá gá le níos mó foirithint idirnáisiúnta ón Rialtas, go h-áirithe i bhfianaise an ciorrú €95m a deineadh air an suim seo le déanaí.

Táim go mór ar a shon sin.

Ach cuireann sé olc orm ansan nuair atá leitheidí Bono ag seasamh ar ardán os comhair an domhain is ag rá go bhfuil sé maith go leor ár gcuid airgid cánach bheith in úsáid le h-aghaidh fóirithint idirnáisiúnta – ach níl sé ar son cur leis an ciste cánach ina thír dúchais féin.

Cheannaigh mé gach albam U2 go dtí gur thárla sin – agus nílim ag ceannach níos mó. Mar agóid ar leith in éadan U2 agus a gcuid cleachtais cánach ní cheannóidh mé an albam is déanaí, No Line On The Horizon, atá ar díol sna 26 contae inniu, dá fheabhas é. Tabharfaidh mé an t-airgead don Triú Domhan – sin tar éis dom mo chuid cánach a dhíol agus cuid den airgead sin bheith imithe go dtí an Triú Domhan.

Chuala mé agallamh le comhfhreagraí ealaíon RTÉ, Sinéad Crowley, ar Morning Ireland ar maidin agus í ag déanamh mór den albam agus beag de ‘shocruithe cánach’ an bhanna. An é go bhfuil eagla ar RTÉ má thugann siad aghaidh ar U2 nach mbeidh Bono mór leo níos mó? Nó go ndíreofar aird ar shocruithe cánach leitheidí Ryan Tubridy is eile atá modhanna éagsúla i bhfeidhm acu chun an dliteanas cánach atá orthu a laghdú?

Comments (5)

Tags: ,

Eddie Keenan ar shlí na fírinne

Posted on 26 February 2009 by igaeilge

eddie-2Scéal brónach chugainn ó Bhéal Feirste go bhfuil duine de laochra na teanga agus na réabhlóide, Eddie Ó Chianáin, ar shlí na firinne.

Chuir mé aithne ar Eddie le linn mo sheal i mBéal Feirste, fear lán spioraid agus amhráin agus comhluadar den scoth.

Chaith sé cuid mhaith dá shaol i ngéibheann de bharr a sheasamh ar son na hÉireann agus tá cúntas níos iomláine ar a shaol ar An Druma Mór.

Cuimhneoidh mé ar na h-oícheannta sa Chultúrlann agus é ag canadh le meanman leagan Ghaeilge den International agus amhrán clúiteach a chum sé fein, Bhí Mé Ann/I Was There.

Agus i measc na n-áiteanna a raibh sé – bhí sé ag ranganna Ghaeilge le Máirtín Ó Cadhain agus é imtheorannaithe le linn an dachadaí.
Ar dheis Dé go raibh a anam.

Comments (1)

Tags:

An Pholainnis chun tosaigh ar an nGaeilge ag Fianna Fáil!!!

Posted on 26 February 2009 by igaeilge

Táim tar éis cuairt a thabhairt ar shuíomh nua Fhianna Fáil agus tá sé tugtha faoi ndeara agam go bhfuil níos mó Polainnise ar an suíomh ná mar atá Gaeilge ar an suíomh. Deacair a chreidiúint, cheapfá.

Ní miste liom an Pholainnis a bheith ann ach cheapfá go mbeadh ‘an chéad teanga’, faoi mar a mheabhraigh an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuiv, dúinn ar Nuacht TG4 aréir chun tosaigh ar shuíomh an phairtí a reachtaigh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus a bhain amach ‘stadas oifigiúil oibre’ don Ghaeilge san Aontas Eorpach.
An Pholainnis ar shuíomh FF
fiannafailpolainnis

Ach cá bhfuil an Ghaeilge?
lthgaff

Ní h-é seo an dea shampla atá ag teastáil má tá Fianna Fáil i ndáiríre faoin sprioc go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Ghaeilge ann faoi 2028 agus Roinn Uí Chuív, maítear, ag obair ar an bplean chun an sprioc uaillmhianach sin a bhaint amach.

Agus tá’s agam nach bhfuil an suíomh seo, deartha ag an gcomhlacht Meirceánach, Blue State Digital, ach díreach seolta. Ag an am chéanna bhí Fianna Fáil sásta é nochtadh don phobal blagadóireachta agus gan é bheith iomlán reidh agus mar sin ní miste coimitmintí an phairtí maidir leis an Ghaeilge a mheabhrú doibh.

Comments (5)

Tags:

Sinn Féin ar stailc….

Posted on 26 February 2009 by igaeilge

Is cosúil go bhfuil baill Oireachtais Shinn Féin ag diultú freastal ar an Dáil inniu mar léiriú ar a dtacaíocht do stat sheirbhísigh, baill an CPSU, atá ar stailc aon lae inniu mar agóid in éadan an tobhaigh phinsin.

D’fhéadfadh duine bheith mioscaiseach agus a rá os ard nach dtabharfar faoi ndeara an chúigear acu ann nó as. Ach an cheist atá agamsa cé acu an é seo an bealach ceart ag Sinn Féin agus, is cosúil, Finian McGrath, a dtacaíocht a léiriú do na h-oibrithe atá buailte ag an dtobhach seo?

Nár fearr do Shinn Féin straitéis ceart a chumadh chun aghaidh a thabhairt ar an (mí) Rialtas seo seachas bheith ag gabhail do gheaitsí sheafóídeacha a fhagfaidh iad gan guth san Dáil.

Comments (0)

Tags: , , ,

FF agus Barack Obama – an cheangal idirlíne

Posted on 26 February 2009 by igaeilge

fiannafailIs cosúil go bhfuil suíomh nua idirlíne ag Fianna Fáil. Ní fheadar an bhfuil aon seans ann go mbeidh níos mó Gaeilge ná Polainnis ar an suíomh…

Is léir ón gcéad fhéachaint ar an suíomh go bhfuil FF ag iarraidh áird na bPolannaigh a mhealladh fiú agus iad ag filleadh ar a dtír dhúchais le cungú an gheilleagair anseo, a bhuí d’Fhianna Fáil.

Ní chuige sin atáim an uair seo. Nó aréir i mBaile Átha Cliatha bhailigh slua mór blogálaithe le cheile mar go bhfuair siad cuireadh freastal ar ocáid ag a mbeadh fear darbh ainm Joe Rospars ag caint. B’é Joe Rospars an t-é a bhí i bhfeidhil ar fheachtas idirlíne Barack Obama agus is leis an comhlacht Blue State Digital a bhionn sé ag obair.

De reir tuairiscí, tá an comhlacht seo tar éis comhairle a chur ar Fhianna Fáil mar gheall ar an suíomh nua atá á fhorbairt acu. Caithfidh go bhfuil go leor airgid timpeall an phairtí go foill nó raibh comhairle óna leitheid saor in aisce.

Ach bhí lúb ar lár sa chuireadh nó deir na blagalaithe a chuaigh ann ná raibh aon tagairt do shuíomh FF – agus chuaigh siad ann chun éisteacht le Joe.

Agus bhí siad le ceangal nuair a cuireadh an suíomh seo ina láthair tar éis caint, ró ghearr, dar leo, ó Joe Rospars.

Is docha go mbeadh údar feirge acu ceart go leor cé go gceapaim gur scéal maith é go bhfuil suíomh úr ag FF freisin.

Má cheap siad go raibh siad ag fáil chuig ocáid ag a mbeadh laoch idirlíne cosúil le Joe Rospars ag caint agus go raibh seo saor in aisce, bhí dul amú orthu. Níl rud ar bith ann agus lón saor in aisce, is léir.

An cheist atá agamsa ná cén fath? An amhlaidh go gceapann FF má cheanaíonn siad seirbhísí comhlacht ar nós Blue State Digital go mbeidh siad san ábalta votaí – agus airgead – a mhealladh mar a dhein Barack Obama?

Tá na scéalta cloiste againn, gan amhras, faoi Seamus Brennan, beannacht Dé lena h-anam, ag caitheamh seal i Meircea le linn fheachtas Jimmy Carter i 1976 agus an toradh a raibh ar sin gur eirigh le FF bua ollmhór a bheith acu i dtoghchán 1977 nuair a bhain siad úsáid as na cleasanna toghcháin ar fhoghlaim Seamus thall.

Ná ceapadh FF gur féidir leo amhlaidh a dhéanamh le Obama an uair seo, cé gur tugadh le fios ag an am go raibh leitheidí Mary Hanafin agus polaiteoirí sinsireacha eile ó FF i láthair ag Comhdháíl na nDaonláthach i nDenver i mí Lúnasa seo chaite.

Tá gach éinne ag sanntú ‘Tionchar Obama’ – ach ní rud é sin ar féidir é a cheannach.

Agus is bocht an léargas a thugann sé ar Fhianna Fáil gurb é sin a cheapann an pháirtí….

Comments (0)

Tags: , , ,

Bórd ‘shealadach’ RTÉ

Posted on 25 February 2009 by igaeilge

Is ag amanntaí mar seo a áirímíd uainn Nollaig Ó Gadhra. Ceapadh údarás sealadach RTÉ an tseachtain seo – agus ní léir go bhfuil aon ionadaí ann ó phobal na Gaeilge faoi mar a bhíodh le blianta fada.

Ian Malcolm, iar cholúnaí le Lá/Lá Nua a bhí ann roimhe, ceapachán a thug Nollaig le fios dom go raibh láimh aige féin ann nó mhol sé ainm an aondachtach neamh leithscéalach seo don rialtas ag an am úd.

Is beag bórd stát atá caidrimh ar bith aige leis an Ghaeilge ná raibh ball nó dhó ainmnithe ar bórd an bhóird sin de bharr comhairle a thug Nollaig. Sin a dúirt sé liom, ar aon nós, agus ní raibh aon chúis agam gan glacadh leis an méid a bhí le rá aige.

Níl a fhios agam cén dearcadh a bhí ag Ian ar a sheal ar Údarás RTÉ. Gach seans gur beag an tionchar ar féidir le duine aonair a imirt ar shoitheach chomh mór – agus chomh folamh – leis an gcraoltóír náisiúnta.

Is cinnte nach bhfuil morán Gaeilge sa bhreis le feiscint ar an staisiún le blianta fada anuas – ach bhí an meath sin tosnaithe roimh am Ian.

Comments (0)

Tags: , ,

Aor Obama

Posted on 25 February 2009 by igaeilge

aorobamaTá ‘Nob Nation’ ar an raidió – ach is beag atá ar an teilifis chun léargas ‘aorúil’ a thabhairt dúinn ar eifeacht – nó easpa éifeachta – ár Rialtas.

Ní h-ionann an scéal i Stáit Aontaithe Mheirceá. Fiú go n-aithnítear gurb é Barack Obama an ‘Slánaitheoir’, níl sé as an áireamh go ndeinfear magadh éadrom faoi.

Seo iarracht ‘Newsweek’ – agus níl sé ró olc in aon chorr. Gan amhras tá an cháil ar Newsweek go bhfuil sé claonta i dtreo na bPoblachtóirí – agus sin ‘rara avis’ nach bhfaighfeá in Éirinn.

I gcead dóibh, creidim go bhfuil cláracha ar nós “Langerland” ró ghairsiúil agus ró gharbh – ach sin mise. Tá gá le h-aor atá cruinn is gar don chnámh cinnte – ach laghdaíonn magadh ró gharbh an éifeacht, dar liom.

Níl a fhios agam an bhfuil aon rud a bhogfaidh an Rialtas seo mura bhfuil siad sásta bogadh ar cheisteanna tabhachtacha nuair a thagann slua 120,000 amach ar na sráideanna.

Ach caithfear féachaint chuige. Bí ag faire ar an spás seo.

Comments (0)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES