Bás ró óg Chiaráin Uí Chon Cheanainn

Posted on 05 February 2009 by igaeilge

Ciarán Ó Con Cheanainn

Ciarán Ó Con Cheanainn

Is é an cladhaire an bás a thagann
Go ciúin gan caint na teangan
Ar nós an taoide leathan
I gcuantaibh do shaol

Inniu a léigh mé an droch scéal faoi bhás ró óg Chiaráin Uí Chon Cheanainn, amhránaí óg ó Chonamara agus an t-é is óige riamh a bhuaigh Corn Uí Riada.

Níl a fhios agam conas mar a d’imigh sé uainn agus cad é an mire a bhí ar an mbás é a thógaint ón saol seo agus é chomh h-óg. Ach tá sé imithe.

Ní raibh aithne agam air ach bhí sé cloiste go minic agam ar an raidió ag ceol le binneas agus le dílseacht don traidisiún ónar fáisceadh é.

Guth sean nóis don ghlúin nua a bhí ann. Is saibhre sinn a chuala an guth sin – agus is saibhre traidisiún an tsean nóis de bharr éirim agus talainn an fhir óig seo.

Bhí an chur amach aige ar an sean nós gan aon amhras agus bhí sin soiléir óna chuid amhránaíochta. Agus bhí sé soiléir freisin sna nótaí eolgaiseacha is ealaíonta a chur sé ar fáil ar na h-amhráin is na fonnadóirí ar an ndluth dhiosca a sheol Cló Iar Chonnachta agus Ráidió na Gaeltachta ag an Oireachtas le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcéad 35 buaiteoir ar Chorn Uí Riada.

Mo léan lom ná raibh Ciarán ina measc mar nár bhuaigh sé an Chorn go dtí Oireachtas Chorcaí anuraidh.

Go raibh sé ag ceol i measc na n-aingeal.

Comhbhrón ó chroí lena mhuintir is a cháirde.

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES