Archive | February, 2009

Tags:

Cá bhfuil na smaointe úra?

Posted on 20 February 2009 by igaeilge

Tá Ard Fheis Shinn Féin ar siúl an deireadh seachtaine seo. Ní bheidh mé ann. Ach dá mbeinn, is beag a bheadh ann dom.

Le bheith cothrom do Shinn Féin, tá clár dhá theangach ann, an leagan Béarla chun tosaigh. Is dócha go mbeadh údar gearáin ag trachtairí ar nós Pól Ó Muirí nó tá cuma ar an nGaeilge gur deineadh é a aistriú focal ar fhocal ón bhfoclóir seachas go bhfuil sé aistrithe ag duine le líofacht teanga. Ach ní chuige sin atáim.

Chíoras an chlár le h-aghaidh fianaise ar bith de smaointe úra faoi chur chun cinn na Gaeilge – agus is beag atá ann atá úr ar ábhar ar bith eile.

An Ghaeilge
101. Cuireann an Ard-Fheis seo in iúl:
• Gur saoth linn na h-ionsuithe in éadan an Ghaeloideachais
agus tionscadail Ghaeilge ag polaiteoirí aontachtacha agus
iarraimid mar achainí orthu éirí as a bhfeachtas sa Tionól.
• Go bhfuil cur ar bun láithreach Acht na Gaeilge sa tuaisceart de
dhíth go géar, lán-mhaoinithe agus bunaithe ar chearta, a
chuideodh le teanga na Gaeilge a aistriú ón chonspóid
pholaitíochta agus a chuirfeadh ar fáil do mhuintir uilig na tire
seo an saibhreas chultúrtha atá inti- is le muintir uilig na tire seo
an teanga.
• Gur cóir deireadh a chur le h- iarrachtaí Rialtas Bhaile Átha
Cliath stad a chur le moch-oideachas tréan sa Ghaeilge agus
tugaimid fá deara go dtacaíonn Sinn Féin le moch-oideachas
tréan mar an tslí is eifeachtaí le fás na Gaeilge ar fud na tire -
go h-áirithe sa tuaisceart – a chinntiú
• Go dtacaímid leis na h-aidhmeanna atá leagtha síos ar son na
Gaeilge sa ‘Beartas 2028’ ach nach bhfuilimid cinnte fá lathair
fá na céimeanna a chuirfeadh i gcrích iad.
• Gur cóir do na structúir áitiúla agus réigiúnda tuilleadh a
dhéanamh chun an Ghaeilge mar theanga bheo taobh istigh
den pháirtí a chothú agus ranganna, seimineáir, agus
cruinnuithe a eagrú chun páirtí fíor-dhátheangach a chruthú.
Ard Chomhairle

Ní fheadar an fadhb aistriúcháin é nó níl a fhios agam cad atá i gceist leis an mír faoi Beartas 2028. Glacaim leis gurb é seo an rud a thuigimíd le Plean 2028. Ar ndoigh níl plean ann go fóíll – nó níl plean foilsithe ann go fóill. Agus níl a fhios againn cad a thug an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leo ó na cruinnithe poiblí a reachtáladh anuraidh. Ó na tuairiscí eatramhacha a éisíodh, tá buairt orm gur beag an smaoineamh úr atá ann.

Tá díomá orm leis an méid atá sa rún thuas – níl smaoineamh úr ar bith ann agus, mar shampla, ní luaitear na meáin chumarsáíde Ghaeilge nó an Ghaeltacht ann ar chorr ar bith.

Léiríonn sé easpa cur chuige SF ar cheist na Gaeilge arís eile…..ach sin mise ag gabhail do mo phort ‘frith Shinn Féineach’ arís is dócha…..

Comments (3)

Tags: , , ,

Nuacht 24 chugainn arís

Posted on 19 February 2009 by igaeilge

obamaathruTá eagrán na seachtaine seo de Nuacht 24 ar fáil anois agus is fiú go mór é a fháil ar mhaithe leis an postaer brea seo de Barack Obama.

Ar ndóigh tá go leor fiúntach san eagrán seo agus díríonn an príomh scéal ar an sceannairt ar ghá i seomraí boird na mbanc chun muinín a chothú arís sa gheilleagar agus sa chóras pholatúil.

Tá alt ag Gearóid Ó Cairealláin ag cur síos ar an aischothú a fuair sé ón alt a scrigh sé i nuachtán áitiúil i mBéal Feirste faoin rún a bhí aige gan vótáil arís le h-aghaidh SF.

Agus tá tuairisc bunaithe ar a thaighde féin ag Ciarán Dunbarr faoi neart na Gaeilge ó thuaidh. Alt dúshlánach – ach nílim cinnte faoin fhianaise atá in úsáid ag Ciarán san alt chéanna.

Ná bac liomsa, áfach, ach téir agus léigh an nuachtán sibh féin.

Má tá Sinn Féin agus Foras na Gaeilge dáiríre faoi ‘nuacht sheirbhís’ Ghaeilge, faoi mar a mhaíonn siad, ba cheart doibh teacht chun tosaigh agus tacaíocht ceart is substaintiúil a gheallúint do Nuacht TG4 gan a thuilleadh moille.

Ach is dócha go mbeadh sin ró éasca…..

Comments (0)

An bhfuil croí nó éirim ag SF?

Posted on 19 February 2009 by igaeilge

Is cosúil go mbeidh Gearóid Ó Cairealláin ag caint anocht ar chlár chúrsaí reatha BBC Thuaisceart Éireann agus é ag tabhairt fios fátha faoin údar atá aige gan vota a thabhairt do Shinn Féin riamh arís. Agus mé ag caint leis ó chianaibh, dúirt sé liom go raibh ainm nua á bhaisteadh ar a cholún sa North Belfast News – Making Tsunamis in áit Making Waves – de bharr an aischothú atá faighte aige ó fhoilsíodh an cholún.

Dá mba rud é go raibh a fhios agam agus mé im eagarthóir ar Lá Nua gurb é cáineadh SF an bealach chun poiblíocht a shaothrú don nuachtán ar leitheidí Hearts and Minds, bheadh sé déanta agam fadó….

Bionn go leor daoine ag cáineadh SF sna meáin ach glacann sé cnamh droma agus crógacht ar leith é a dhéanamh nuair atá ag caitheamh do shaol, lá i ndiaidh lae, i measc pobal ina bhfuil Sinn Féin ana laidir. Agus níl ceantar ar bith ar chlár na cruinne ina bhfuil SF níos láidre ná iarthar Bhéal Feirste. Agus tá an Chultúrlann, ar institiúid chultúrtha é saor ó smacht pholatúil, i gceartlár an cheantair sin agus lucht Sinn Féin, idir cheannairí agus ghníomhaithe isteach is amach ón áit gach trath den lá, iad ag ól caifé agus ag casadh le h-iriseoirí is eile.

Tá sé maith go leor agamsa bheith cáineadh SF ó mo thearmann Mhuimhneach anseo i Múscraí nó leitheidí Pól Ó Muirí bheith á cáineadh sa Belfast Telegraph – ní cheanaionn lucht SF an nuachtán sin ar mhaithe le laoithe moltaí a léamh ann.

Ach tá an chrógacht mhorálta ag leithéidí Ghearóid le moladh tharainn is thar go leor naoscairí eile a bhionn ag scaoileadh piléir pholatúil le SF ónár dtearmainn folaithe.

Tá a fhios agam go mbionn daoine ag súil le cáineadh ar SF uaimse – nó sin a thug Gael Gan Náire le tuiscint ar a thrachtaireacht is déanaí ar Slugger. Ar a laghad litrigh sé m’ainm i gceart an uair seo!

Sílim go bhfuil sé réasúnta uaim agus ó leitheidí Ghearóid bheith ag cáineadh SF nuair a dheineann siad meancóg. Nior cheart gur deireadh an domhain é ach i gcás SF, is cosúil gurb ea. Ní ghéileann an pháirtí go ndearna siad dearúd.

Nuair a scrígh Gearóid a alt sa North Belfast News, bhí freagra ann ó bhoc mhór sa pháirtí, ní lú ná Cathaoirleach an Choiste Chultúir, Ealaíon is Foillíochta, lena ‘earráid’ a chur in iúl do agus le tabhairt ar Ghaeil gan a bheith ag gabhail do ‘bickering, discord, negative, recriminatiom, division’.

Agus é sin go léir as bheith ag labhairt amach i bpobal daonláthach faoin fath go raibh sé ag séanadh a vota ar an phairtí. An é sin an bealach chun an vóta a mhealladh ar ais?

Nó an é nach bhfuil suim ag SF votaí a cheapann siad bheith caillte a mhealladh – agus gurb é an rud atá ar bun acu ná iarracht a dhéanamh na ‘caoire’ atá fagtha a choimead sa chró.

Comments (0)

Tags:

Oireachtas na Gaeilge faoi bhagairt?

Posted on 18 February 2009 by igaeilge

Tá ceisteanna anois faoi thodhchaí Oireachtas na Gaeilge. Ní h-é nach mbeidh se á reachtáil sa todhchaí ach go mbeidh cuma agus blás thar a bheith difriúil air sna blianta atá le teacht thar mar a bhí, mar shampla, nuair a deineadh ceiliúradh air i gCorcaigh le déanaí.

Bhí An tOireachtas i gCorcaigh ar fhéile chomh maith is ar fhreastail mé air – é líon lán le h-imeachtaí éagsúla, iomáint, ficheall, ealaíon, rínce seiteanna, scéalaíocht, dreasanna cainte, agallaimh beirte, lúibíní, amhráin nua chumtha agus, ar ndóigh, rínce ar an sean nós is amhránaíocht ar an sean nos.

Samhlaigh Oireachtas gan ann ach an rínce agus an amhranaiocht ar an sean nós. Sin an cineál Oireachtais a bheidh ann sa todhchaí de réir an méid atá tugtha le tuiscint domsa.

Gach seans go mbeidh na comórtais eile ann – ach ann ar éigean a bheidh siad, ar an imeall go h-iomlán.

Theana féin, ní bheidh in Oireachtas na bliana seo i Leitir Cheanainn ach féile Ceadaoin go Satharn, seachas an féile seachtaine a bhí i gCorcaigh. Ní bheidh iomáint nó ealaíon nó ficheall nó oíche na rince seiteanna ann. A bhuí den Evening Echo, socrú a bhí déanta leis an nuachtán ag an gCoiste Áitiúil, bhí go leor poiblíochta go h-áitiúil faoin bhfeile agus bhí a fhios ag gach éinne sa chathair go raibh sé ar siúl.

An bhliain seo chugainn, beidh an Oireachtas i gCill Airne agus arís i 2011 beidh sé san ionad chéanna, an INEC, an Larionad Náisiúnta Comhdhála.

Ní bheidh aon choiste áitiúil ann nó, mar a thuigtear do shaoistí an Oireachtais, rinne coiste áitiúil an Oireachtais i gCorcaigh jab ró mhaith agus bhí siad ró uaillmhianach leis an ollréimse imeachtaí a bhí ann.

Ar bhonn shaincheadúnais a bheidh an Oireachtas á reachtáil sna blianta romhainn agus an bhéim go mór mhór ar rince ar an sean nós agus na comórtais amhranaíochta ar an sean nós,

Ag an Oireachtas i gCorcaigh, tugadh faoi ndeara go raibh na comórtais ar nós na Luibíni agus na h-agallaimh beirte á reachtáil ar an imeall, bhí na h-agallaimh beirte ann maidin Dé Satharn agus na Luibíní ar siúl trathnóna Déardaíon. Ní raibh siad i lár ardáín faoi mar a bhiodh siad agus ba mhór an trua sin.

An Choiste Náisiúnta a bhí freagrach as an sceidealú seo.

Amach anseo beidh an OIreachtas á athshamhlú faoi mar a bheadh bialann ina raibh réimse leathan bídh dhúchasaí á athshamhlú mar McDonalds….

Sin todhchaí nach ghuífeá don Oireachtas….

Comments (1)

Tags:

Comhar agus éagóir

Posted on 18 February 2009 by igaeilge

Tá sé tugtha faoi ndeara agam go bhfuil COMHAR ag lorg ‘Eagarthóir Buan’ arís. Foilsíodh fógra i FOINSE Dé Satharn agus b’shin é go díreach a bhí ann.

Roimhe seo ní raibh ón iris ach ‘Eagarthóir’. Agus ní ró bhuan a bhí seal Aindrias Ó Cathasaigh. Deineadh éagóir air, creidim, agus tá mo thuairimí ar an scéal sin nochtaithe i dtrachtaireacht eile ar an mblag seo.

Is féidir an scéal nach mór iomlán faoi ‘mar a chaill iris Ghaeilge a eagarthóir’ a léamh anseo.

Tá mír amháin nach bhfuil ann. Is é sin cur síos níos cruinne ar an méid a thárla dom féin. Creidim freisin gur deineadh éagóir orm féin. Mar a thugas le fios roimhe seo ar an suíomh seo chuireas isteach ar an bpost, d’fhreastalaíos ar agallamh agus chuas faoi ‘scrúdú’ maidir le mo scileanna eagarthóireachta. Ghlacas lá saor ó mo chuid oibre chun taisteal go Baile Átha Cliath chun freastal ar an agallamh agus chun bheith ann in am – agus bhí orm feitheamh ar bhaill an bhoird agallaimh teacht ina ndribanna agus ina ndreabanna mar go raibh siad mall.

Ach ní h-é sin iomlán an scéil mar ar fuair mé amach le déanaí.

Nó tá sé dearbhaithe agam gur tharla beart sna laethannta deiridh roimh an spriocdáta le h-aghaidh iarratais don phost a d’fhag go raibh an proiseas ceapacháin faoinar ceapadh Aindrias Ó Cathasaigh faoi smál.

Níl aon ghearán agam faoi iompar Uí Chathasaigh. Tá árd mheas agam air mar scríobhnóír agus bhi COMHAR á stiuradh ar bhóthar na leasa aige le linn a sheal ghairid mar eagarthóir. Ach tá údar gearáín agam faoi iompar Chathaoirleach an Bhoird Agallaimh. Creidim go bhfuil ceisteanna bunúsacha maidir le h-iontaofacht an phroisis cheapacháin agus deachleachtais is eiticí i gceist anseo.

De reir an eolais atá agam rinne Cathaoirleach an Bhoird Agallaimh teagmháil le triú pháirtí ag iarraidh ar an páirtí sin fiafraí ar Aindrias Ó Cathasaigh glaoch a chur ar an gCathaoirleach – agus ball de bhórd stiúrth COMHAR – maidir leis an gcomórtas chun comharba a aimsiú ar Mhicheál Ó hUanacháin.

Tharla sé seo seachtain roimh an sprioc dáta. Is cosúil ná raibh duine ar bith istigh ar an bpost ach mé féin sara tharla an gheaitsíocht seo ar fad. Chuir Aindrias Ó Cathasaigh glaoch agus labhair sé le ball bhoird COMHAR. Dúradh leis go raibh an fholúntas sin ann agus gurb fhiú do cur isteach ar an bpost. Chuir sé isteach ar an bpost.

Níl a fhios agam an raibh a fhios ag Aindrias nuair a ghlaoigh sé ar an t-é atá luaite gurb é an Cathaoirleach ar an mBórd Agallaimh a bhí sé ag labhairt leis. Ach is cinnte go bhfuair sé seo amach nuair a rinne sé an agallamh.

Chomh fada is a bhaineann sé liom, bhí coimhlint leasmhar soileir sa chás seo. Bhí teagmháil idir Chathaoirleach an Bhóird Agallaimh agus iarrathóir. Cuireadh beirt faoi agallamh agus fuair an t-é a dúirt Cathaoirleach an Bhoird Agallaimh leis gurb fhiú do cur isteach ar an bpost, fuair an iarrthóir sin an phost.

Fuaireas an scéal faoi thoradh an ‘chomortais’ nuair a léas é i dTuarascáíl ar an Irish Times ar an 25ú Meitheamh 2008. Ait go leor is é sin an t-aon eagrán de Tuarascáíl nach bhfuil ar fáíl ar shuíomh an Irish Times. Má ghabhann tú ann gheobhaidh tú Tuarascáil na seachtaine roimhe, 18ú Meitheamh.

Ar aon nós, rinne mé gearán faoi sin nó chreideas – agus creidim – gur cheart go gcuirfí na h-iarrthóirí ar an eolas faoi thorthaí chomórtais do phost roimh a chuirfí scéala sna meáin.

Gabhadh leithscéal liom – agus bhí an méid seo i leanas le rá sa litir a seoladh chugham ó Bhórd Comhar.

Is oth liom a rá leat gur iarrthóir eile a mhol an bord agallaimh do Bhord Comhar agus atá roghnaithe ag an mBord mar dhuine go bhfuilimid ag tairiscint chúram an eagarthóra dó. D’aithin an bord agallaimh go raibh taithí fhairsing agat féin, mar aon le cáilíochtaí agus scileanna a bhí ábhartha don chúram ach ba é a mbreithiúnas gur thuill buanna an iarrthóra dár dtug siad an chéad áit sa chomórtas gur dósan a thairgeofaí cúram an eagarthóra an babhta seo.

Tá aiféala orm nach dtig liom scéal níos dearfaí a thabhairt duit. Ba mhór againn iarratas a fháil ó dhuine le do chuid cáilíochtaí agus cleachtadh agus a léirigh an oiread sin urraime agus tacaíochta do Comhar. Guímid gach rath ort sna blianta atá romhainn.

Ghlac mé leis an mbreith úd mar a ghlacas le daorbhreitheanna eile a fuair mé i gcaitheamh mo shaol ghairmiúil. Tarlaíonn a leitheid. Bogann tú ar aghaidh.

Ach ansin nuair a fuaireas amach faoin gheaitsíocht ar chúl téarmaí ar mhaithe le cinntiú nach bhfaighinn an post, fiú is go raibh na ‘cailíochtaí is na scileanna a bhí abhartha’ agam, de réir na litreach thuas agus mar a bhí léirithe agam le linn mo sheal le Lá/Lá Nua, chuir sin an lasair sa bharrach.

Bhí agus tá fearg orm faoi. Ní h-amháin gur chuir siad mo chuid ama amú ach thuig siad go mbeinn sásta páirt a ghlacadh sa gheamaireacht ar ar thug siad comórtas oscailte do phost agus glacadh leis an toradh nuair a bhí agus atá ceisteanna bunúsacha faoin bproiseas sin.

Sheol mé litir chuig Cathaoirleach Bhórd COMHAR seachtain ó shin ag cur mo mhí shastacht in iúl do. Thug mé go dtí 27 Feabhra do freagra sasúil a thabhairt ar mo ghearán ach nuair a léigh mé Foinse ag an deireadh seachtaine, agus an fógra istigh ann do ‘Eagarthóir Buan’, ghlac mé leis gurb é sin an freagra agus ná raibh aon éisteacht le tabhairt do mo ghearán. Mar sin táim ag foilsiú mo leagan den scéal go poiblí.

Níl a fhios agam cén fath go raibh gá leis an gheaitsíocht ar thárla leis an gceapachán seo – ach bhí droch thoradh air.

Tá suim mhór airgid phoiblí, €231,545 thar tréimhse dhá bhliain go leith, á fháil ag COMHAR Teoranta ó Fhoras na Gaeilge, comhlacht tras teorainn atá á riar de reir cód cleachtais maidir le coimhlint leasmhar, an sárú eiticí atá i gceist sa chás seo.

Sheolas an litir céanna a sheol mé chuig Cathaoirleach Bhórd Comhar go dtí Cathaoirleach Bhórd an Fhorais agus chuig Príomh Fheidhmeannach an Fhorais.

An bhfuil Foras na Gaeilge sásta go bhfuil eagras atá siad ag maoiniú ag sarú dea chleachtais maidir le proisis ceapacháin sa bhealach a saraíodh an proiseas i mo chas?

An bhfuil siad ag fiosrú mo chás?

Nior deineadh teagmháíl liom ó sheol mé na litreacha sin chuig an Fhoras.

Tá go leor gheaitsíocht ar chúl téarmaí ag titim amach san earnáil airgeadais agus tá an pobal feargach ina leith.

Fiú mura bhfuil na milliúin is billiúin Euro i gceist agus nach bhfuil ann ach post ar iris nach ndíolann ach cúpla céad eagrán, tá sé tabhachtach nach mbeadh an údar feirge céanna ag an phobal faoi gheaitsíocht san earnáil Ghaeilge. Olc go leor nach féidir leis an bhForas a gcuid cúntais féin a fhoilsiú in am ach seo cás ‘prima facie’ go bhfuil cliaint comhlacht de chuid an Fhorais ag sarú na caighdeáin atá an Fhoras féin ag maíomh go bhfuil siad ag cloí leo.

Tá sé tabhachtach go mbeadh duine ar bith atá ag smaoineamh ar chur isteach ar an bpost seo, Eagarthóir ‘buan’ COMHAR, ar an eolas faoi seo agus a s(h)úile go h-iomlán oscailte faoin cineál cleachtais a cheadaitear sa chomhlacht atá ag maíomh go bhfuil siad ag lorg a s(h)eirbhísí.

Níl a fhios agam conas a thagann an scéal sin le cur chuige an eagarthóra eatramhaigh, Pól Ó Muirí, ina chúram. Ní féidir liom breith a thabhairt ar an meid atá déanta ag Ó Muirí de bharr nach bhfuil teacht ar COMHAR sa chomharsanacht seo. An bhfaca éinne agaibhse COMHAR le déanaí?

Comments (11)

Tags: , ,

“It hasn’t gone away you know”

Posted on 18 February 2009 by igaeilge

Níl an scéal faoi thréas Shinn Féin ar Lá Nua ag imeacht ar shiúl nó, mar a dhéarfadh Gerry Adams, ‘it hasn’t gone away you know’.

Is cosúil go raibh freagra ag Barry McIlduff, Gaeilgeoir aitheanta agus ball tionóil Shinn Féin, ar cháineadh ghéar Gearóid Ó Cairealláin ar an phairtí sa North Belfast News an tseachtain seo chaite.

Ina alt dúirt Gearóid ná raibh sé chun vóta a thabhairt do Shinn Féin riamh arís mar gheall ar an éagóir a dhein an pháirtí ar Lá Nua.

Tá freagra tugtha ar cháineadh Ghearóid ag an Ball Tionól Mac Giolla Dhubh. Is cathaoirleach é Barra ar an gCoiste Chultúr, Ealaíon is Foillíochta. Is é a bhí ag gabhail leithscéil le déanaí ar son teip an Fhorais a gcuid cúntais a fhoilsiú, cúntais 2004-7.

Is é seo mar a deir Barra – níl teacht ar an alt ar shuíomh Ghrúpa Mheáin Bhéal Feirste. Tá mo thuairim féin agam faoi agus nochtfaidh mé ina dhiaidh.

Right of Reply

Barry McElduff MLA

Sinn Féin is committed to the objective of a daily news-service in Irish. The importance of a daily news-service to any language community in the modern world and the centrality of such a news-service to the development of the language itself is widely acknowledged and accepted.
Sinn Féin supports the call from the European Committee of Experts (March 2007) regarding the implementation of the European Charter and reiterates its call for the development of “a comprehensive Irish language policy, including measures to meet the increasing demand for Irish-medium education” as well as “increase support for the printed media in Scottish Gaelic and Irish.” This is the obligation of the British Government under the Charter and they must live up to those responsibilities.
Sinn Fein President Gerry Adams has made all of that clear in unambiguous terms several times over the past number of months.
Gearóid Ó Cairealláin’s views in regard to the decision by Foras na Gaeilge to end funding for Lá ignore this reality and the following facts:
The contract held by the Belfast Media Group (the publisher of Lá) to provide a daily newspaper was due to end in December 2008. Sinn Féin representatives consistently argued for the continued provision of a daily newspaper and that this would be put out to public tender.
There are 16 board members in Foras na Gaeilge. Four of them are Sinn Féin representatives. The party does not have a controlling influence over the cross-border agency.
Other board members argued that the money spent on Lá Nua did not represent value for money. That opinion prevailed in the subsequent decision.
Sinn Féin’s next objective was to persuade other board members that the funding from both the weekly paper and the daily paper could be combined to provide a sound financial basis for a new contract for a weekly paper and a daily news service. That the party’s representatives on the Foras failed to win that argument was and remains a source of disappointment.
The backdrop to this is that since its foundation Foras na Gaeilge has not enjoyed funding commensurate with the task it has been charged with. There are, of course, other significant problems to be overcome.
In the current economic climate this is more likely to deteriorate than to improve.
Now, when the Irish Language is under attack by some within political Unionism is not the time for bickering and discord among supporters of the language. Now, when economic cutbacks threaten to undermine advances in all sections of society, is not the time for negativity and division amongst supporters of the Irish Language.
What supporters of the language must do in the time ahead is stand together to develop and push forward a realistic and achievable strategy to advance the language. Sinn Féin is prepared to continue to play its part as it always has done, along with others, in the development of such a realistic and achievable strategy.
There will no doubt be setbacks and problems along the road. But in the face of problems and setbacks we must guard against division and recrimination and instead redouble our efforts to advance the cause of the Irish Language as a central part of the rich cultural heritage of all those who live on this island. That is the task ahead of all of us who are committed to the promotion and development of the Irish Language.

Mar fhocal scoir, is maith liom an tagairt ag an deireadh ag Barra faoi ‘seasamh le cheile’. Is mór an trua nár smaoinigh sé ar sin sara rinne a phairtí an feall ar Lá Nua.

Níl sé ráite go neamh bhalbh sa raiteas seo gur votáil ionadaithe SF in éadan an chinnidh gan conradh le h-aghaidh nuachtán laethúil a thairiscint in athuair. Cad é an fhírinne ar an gceist sin?

Cad is ciall le “Sinn Féin is committed to the objective of a daily news-service in Irish.”? Tá seo ar fáíl trí ‘An Druma Mór’ agus ‘Raidió Fáílte’. Cén fath nach n-éilíonn siad ar an bhForas tacaiocht mar is ceart a thabhairt don dhá sheirbhís sin?

An rud a tharlóidh, an rud céanna a tharla le Foinse agus Comhar, go mbronnfar an chonradh ar ‘lámha sabhailte’ éigean, ó dheas den teorainn is dócha.

Mar is leir le samplaí Comhar agus Foinse, ní miste leis an bhForas deontas thar an luach a thabhairt – €8,500+ in aghaidh an eagrán i gcás COMHAR, €7,500 i gcás Foinse – nuair is cáirde an Fhorais atá ag baint leasa as an deontas. Ní raibh siad sásta ach deontas €1,500 in aghaidh an eagráin a cheadú do Lá Nua.

Má tá Sinn Féin ar son na Gaeilge, tá gá go mbeadh an imirt níos fearr agus níos eifeachtaí acu ar son na teanga. Cuid larnach den phroiseas sin éisteacht le cáirde agus, fiú, iar cháirde.

Is é mo bhuairt nach bhfuil ceannairí SF go dáirire ar son na Gaeilge ach go bhfuil siad ag baint úsáid aistí ar mhaithe a leas pholatúil féin.

Comments (16)

Ar an ngearrliosta

Posted on 17 February 2009 by igaeilge

iba09gearrliosta
Agus sinn ár gcasadh i speirling na gearchéime geilleagair, is deas an rud go mbionn dea scéal ann ó am go cheile. Is dea scéal domsa go pearsanta agus don dream a thugann chuairt ar iGaeilge go raibh ainmniuchán faighte ag an mblag seo le h-aghaidh an gradam don blag is fearr a bhain úsáid as an nGaeilge ag na Irish Blog Awards. Anois seo chugainn an scéal go bhfuil iGaeilge luaite le ceithre blag eile ar an ngearrliosta le h-aghaidh an gradam seo.

Beidh bronnadh na ngradaim ar siúl i gCorcaigh ar an Satharn, 21ú Feabhra, agus tá sé i gceist agam freastal ar an ocáid chun casadh ar mo bhlagadóiri. Níl a fhios agam an mó eile ón ngearrliosta don bhlag Ghaeilge is fearr a bheidh ann – ach beadsa ann.

Is é seo an gearrliosta:

Best Use of the Irish Language in a Blog – Sponsored by Edgecast Media
talkirish.com
hilaryny.blogspot.com
igaeilge.ie
iomhannablag.blogspot.com
gaelgannaire.blogspot.com

Tá dhá iar-bhuaiteoir ar an liosta sin – blag Hilary Bean Uí Shuibhne agus blag Ghael Gan Náire. Anuas ar sin tá blag ná raibh a fhios agam go raibh sé ann – Talk Irish – agus blag eile atá dírithe ar íomhánna. Neosfaidh an aimsir cé acu a bheas an bua….

Bua nó díomua, i gceann coicise beidh an blag seo bliain d’aois agus tá súil agam roinnt fhorbairtí nua a fhogairt chun an ocáid – nó is ocáid dom é fiú mura n-aithníonn éinne eile é – a cheiliúradh.

Comments (7)

Gairm ón dtaobh clé….

Posted on 17 February 2009 by igaeilge

Tá plé agus tuilleadh plé déanta ar Shinn Féin ar an mblag seo ó bunaíodh an bhlag is dócha. Bhíodh údar an bhlag ag tacú le Sinn Féin – sé sin le rá ag votáil ar a son – trath. Níl nios mó.

Ar na h-údair leis an scarúint seo tá an aighneas ar fad faoi Shinn Féin agus céard a rinne ionadaithe an phairtí sin chun tacú le Lá Nua timpeall ar bhórd an Fhorais. Ach tá cúinsí eile ann freisin.

Cad é an treo atá SF ag dul? Chonaiceamar chomh gasta agus a d’athraigh an phairtí a phort le linn an fheachtais toghcháin i 2007. Nóimead amháin ba phairtí iad a bhí in éadan an Rialtais agus ag iarraidh FF a bhrú as oifig – an chéad noiméad eile bhí siad ag iarraidh luí in aon leaba le FF chomh fada is go raibh siad sa rialtas le cheile! I mbéal an toghcháin, mar léiriú ar an bhfonn diamhair chun cumhachta a bhí ar SF, d’athraigh an pháirtí a pholasai ar cheist na cánach corporáide. Nóimead amháin bhí siad ar son é a athrú ach i bhfaiche na súl bhí siad ar shon é a choimead mar a bhí.

Thug an athrú poirt tobann sin an bréag don scéal grinn atá ag dul timpeall ó dheas. Cén difir idir SF agus FF? 50 bliain. I bhfirinne tá an difir i bhfad níos giorra ná sin!

Ar aon nós anois tá Eoin Ó Broin, pearsa i SF atá ard mheas agam air as ucht a éirim pholatúil, tar éis leabhar a fhoilsiú faoin treo ar cheart do SF bheith ag dul sa todhchaí.

Ina leabhar nua, Sinn Féin and the Politics of Left Republicanism, deir Eoin Ó Broin an méid seo faoi oidhreacht pholatúil Shinn Féin:

Sinn Féin has been one of the central architects of the peace process and is increasingly setting the terms of political debate in Ireland north and south. Despite this, the party remains much misunderstood and often misrepresented.

“It is the left republican tradition started by Connolly and continued by Mellows, Gilmore, O’Donnell, the Republican Congress, Clann na Poblachta and even the Workers’ Party to which we belong.

“While our history has seen many successes, it has also seen many failures. Honestly understanding our past is vital if we are to understand the limitations of our present and to achieve our objectives in the future.

“Sinn Féin’s future must be a left republican future, taking our place in the globally resurgent radical democratic left of Europe, Latin America and the wider world.”

Shíl mise gurb amhlaidh an scéal riamh. Ach ansan fuair mé ciall ceannaigh i mí Mheán Fhómhair seo chaite nuair a votáíl ionadaithe Shinn Féin in éadan Lá Nua ag bórd an Fhorais. Ní h-é gur chuir an vóta íontas orm – bhí dúshlán tugtha ag Lá Nua do SF, dúshlán nach mbeadh na magairlí ag aon mheán Ghaeilge eile a thabhairt, ar cheist na Gaeilge – ach chuir an loighic ar chúl an seasamh sin íontas agus díómá orm.

Mhínigh Eoghan Mac Cormaic é i gcolún uaidh a fhoilsíodh in An Phoblacht.

beidh díoma orm má a thagann deireadh le Lá Nua. De réir an taighde áfach, agus de réir an bheithigh úd a chuirtear an ‘margadh’ air, níl a dhóthain de léitheoireacht laethúil ann chun coimitmint mhór airgead phoiblí a chur isteach sa tionscnamh agus an fhís seo, go fóill, ag an phointe seo.

Conas mar a réitíonn an chaint seo faoin bheithíoch choisricean seo, an margadh, le fealsúnacht SF bheith ag teacht ón éite chlé? B’shin an cheist a chuir mé orm féin agus b’é an freagra a fuair mé – nach raibh SF ar an eite clé, nó eite ar bith. Gurb é an t-aon fealsúnacht a bhí agus atá ag an páirtí ná cur chun cinn an pháirtí féin. Go beacht seo fealsúnacht FF ag pointe níos luaithe i bhforbairt éabhlóídeach an pháirtí.

Tugann sin ar ais go dtí an cheist – cad é an difir idir FF agus SF?

I bhfad níos lú ná 50 bliain, fán dtrath seo.

Feicimíd an claonadh seo i dtreo an mhargaidh, claonadh atá go h-iomlán as alt leis an gculú eacnamúil seo atá mar thoradh ar mí riail an mhargaidh, i go leor bheartais eile de chuid SF. An dúil atá acu i bpáirtíochtaí priobháideach phoiblí mar shampla. [Bionn sé aisteach nó fhaid is a bhí Bairbre de Brún ina Aire Sláinte ó thuaidh, bhí sí ar shon páirtíóchtaí PP - ach nuair a bhí Mary Harney i mbun na h-oibre céanna ó dheas, bhí SF i gcoinne a leitheid.]

An rud amháin a chaithfidh SF cur sa cheart má tá aon todhchaí ag an pháirtí mar fhórsa den éite radacach, deireadh a chur leis an claonadh chun cinsireachta atá á chleachtadh ag leitheidí Gerry Adams agus ceannasaíocht an pháirtí, claonadh a fhágann go bhfuil guth duine ar bith a thugann dúshlán do threo cheart chreidmheach an pháirtí curtha ina thost nó a ardán bainte de nó fagtha gan éisteacht.

Tá tagairt ag Eoin Ó Broin do seo ina leabhar freisin agus pléann sé an scéal san Irish News inniu. Thall ar Slugger O’Toole, tá an scéal sin ath-fhoilsithe (mar tá IN fós sa chloch aois ó thaobh na h-idirlíne de agus ní thugann siad cead do dhaoine a chuid scéalta a léamh gan sintiús a ioc)
:

“Sinn Fein’s ideological and organisational history, and the experience of 70 years of [British] state repression and 30 years of armed conflict have all combined to create an organisation which is both highly centralised in its distribution of power and vertical in its structure of command,” he writes in the book.

“Discipline and loyalty are often more highly valued than critical debate and internal democracy.

“The advent of the peace process has created a degree of flexibility within the party.

“However, if we are to continue to expand and respond effectively to the changing political circumstances in which we find ourselves, we need to struggle towards a more decentralised and horizontal party structure.”

Sin teachtaireacht nach rachadh amú ar Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams agus a bhlag atá ag feidhmiú faoi chúing chinsireachta atá níos déine ná mar a bhí Mir 31 riamh!

Beidh le feiceáil an dtabharfar éisteacht do Eoin Ó Broin…..

Comments (3)

Tags: , , , , , ,

Sceimhle bréige na Breataine agus SAM

Posted on 17 February 2009 by igaeilge

De réir a cheile a thogtar na caisleáin agus luath nó mall nochtar an fhírinne. Dhá shean fhocal an úsáideach ar fad. Dhá sheanfhocal ar cheart do na rialtaisréimis sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe machnamh a dhéanamh orthu i bhfianaise an scéal is déanaí faoin mbealach ar baineadh feidhm as ‘bagairtí sceimhle’ chun céasadh a dhéanamh ar chimí.

Sa Guardian inniu tá sé á thuairisciú gur polasaí de chuid na Breataine a bhí ann daoine a sheoladh go dtí réimis eile chun go ndéanfaí iad a cheistiú – agus go mbainfí úsáid as céasadh sa cheistiú sin.

Dar leis an scéal seo freisin, rinne Rúnaí Ghnóthaí Eachtracha na Breataine, David Milliband, iarratas ar Roinn Stait na Breataine litir a sholathar ag tabhairt le fios go stopfadh seirbhísí faisnéise na Breataine ag roinnt a cuid eolais leis an mBreatain dá mba rud é go dtabharfaí fianaise chun solais maidir le polasaí na Breataine i gcás cúirte. B’é seo cás Binyam Mohamed, saoranach Bhriotanach de shliocht na Pacastáine. De reir a dhliodóiri deineadh Binyam a chéasadh agus é faoi á cheistiú ag poilíní sa Phacastáin Ansan chuir an MI5 é faoi agallamh agus baineadh feidhm as cuid den eolas a thug sé le linn a chéasta. Ina dhiaidh sin seoladh é go dtí Morocco áit ar céasadh é in athuair – ag uair amháin deineadh a mhagairlí a ghearradh le scian liachta.

Níl sé ach cúpla seachtain ó shin go raibh David Milliband ag cosaint a sheasamh i dtaobh a dhiultú an fhaisnéis seo faoin chéasadh seo a roinnt le dlíodóiri Binyam i bPairlimint na Breataine. Anois tá sé tagtha chun solais ná raibh an chúis imní a luaigh Milliband i dTeach na dTuatach fíor ar chorr ar bith. Is amhlaidh go raibh sé féin tar éis an litir sin a lorg.

Anuas ar an méid sin bheith tagtha chun solais, tá sé ráite ag iar cheannasaí an MI5, Stella Rimington, gur bhain na Stáit Aontaithe úsáid as ‘céasadh’ agus chuir sí i leith rialtas na Breataine gur bhain an rialtas sin feidhm as bagairtí scéimhle gan bunús agus gur cuireadh srian dá réir ar shaoirsí phearsanta.

It would be better that the government recognised that there are risks, rather than frightening people in order to be able to pass laws which restrict civil liberties, precisely one of the objects of terrorism – that we live in fear and under a police state,” she told the Spanish newspaper La Vanguardia.

She said the British security services were “no angels,” but they did not kill people.
“The US has gone too far with Guantanamo and the tortures,” she said.
“MI5 does not do that. Furthermore it has achieved the opposite effect – there are more and more suicide terrorists finding a greater justification.”

Nach mór an admháil uaithí nárbh aingil iad seirbhísí faisnéise na Breataine. Cé a chreidfeadh, áfach, agus an fhianaise go léir atá ann faoi ról na seirbhisí céanna i marú leitheidí Pat Finucane, maiomh an Bhean Uasal Rimington ‘nach maraionn siad daoine’?

Ag an am chéanna d’eisigh Coimisiún Idirnáisiúnta na Saineolaithe Dlí tuairisc inar chuir siad i leith rialtais na Breataine agus SAM go raibh siad ag tochailt faoi bhunús an dlí idirnáisiúnta.

Dar le Mary Robinson, Uachtarán an ICJ agus iar Uachtarán na tíre seo, go bhfuil sé in am anois, seacht mbliana i ndiaidh uafás 2001, go raibh sé in am dlithe a bhí ag déanamh dochar a aisghairm.

“Seven years after 9/11 it is time to take stock and to repeal abusive laws and policies enacted in recent years.
“Human rights and international humanitarian law provide a strong and flexible framework to address terrorist threats.”

Ar ndóigh bhí páirt ag an tír seo sa ghnó lofa seo nó ná raibh Aerfort na Sionainne á úsáid ag na h-eitiltí seo le h-aghaidh an ‘seachadadh neamh ghnach ‘ agus ná rabhmar sásta glacadh le focal SAM ná raibh seo amhlaidh.

Ar ndóigh ní h-é sceimhle Al Qaeda agus an Taliban is a leitheid atá sna cinnlínte faoi láthair ach bréagadóireacht na mbaincéirí agus an mbealach atá siad, lena saint, tar éis nios mó dochar a dhéanamh don gheilleagar domhanda ná mar a dhein ionsaithe 9/11.

Ach níor cheart dearud a dhéanamh ar an ndroch obair a tharla le roinnt blianta anuas agus an saibhreas a seideadh san aer le linn aidbhintiúr mífhortúnach Bush agus Blair.

Agus níor cheart dearúd a dhéanamh ar páirt ár rialtas féin sa ghnó lofa seo.

Comments (4)

Tags: , ,

Cúrsaí airgid agus pinsin: RTÉ, TG4 agus an Baincéir

Posted on 16 February 2009 by igaeilge

Tá claonadh le braistint sna meáin cumaráide ar an gceist seo faoin tobhach ar phinsean iad san atá ag obair sna meáin cumarsáide.

Nílim ag caint ar na tablóidí is na colúnaithe éagsúla atá ag iarraidh sarú a dhéanamh ar a cheile le raitis áiféiseacha faoi na pionóis a ghearrfaidís ar lucht na seirbhíse phoiblí. Nár cheart go mbeidís – siad san múinteoirí, altraí, Gardaí – ag íoc go daor as post a bheith acu?

Ach ar na meáin chraolta, ar leithéidí RTÉ, tá an mothú ann agus ní féidir liom mo mhéar a chur ar aon ráiteas samplach go bhfuil RTÉ ag taobhú leis an Rialtas ar an gceist.

Agus tá sé faighte amach agam údar amháin leis an easpa neodrachta seo.

Níl oibrithe RTÉ nó, mar shampla, TG4 orthu sin a bheidh ag íoc an tobhach pinsin seo. Mar sin de, ní gá doibh bheith buartha faoi. Ar eagla go mbeidís buartha faoi, seoladh r-phoist chuthu an lá tar éis an bhfógra ag tabhairt an dea scéala le fios. Mar sin, an chéad uair eile a chasann tú le tuairisceoir ó Nuacht TG4 nó RTÉ, dein comhghairdeas leo as an t-adh dearg bheith leo, nó rud éigean mar sin.

Nuair a d’fhogair Pat Kenny cúpla seachtain óshin go raibh sé chun 10% dá thuarastal a shéanadh de bharr cúrsaí bheith chomh dona, bhí cuid den scéal nár tugadh morán súntas do.

Is é sin go bhfuil Pat Kenny agus Ryan Tubridy agus Gerry Ryan agus cá bhfios cé eile tar éis socrú ar leith a dhéanamh leis an gCraoltóir Seirbhíse Phoiblí. Tá an triúr acu fostaithe ag comhlachtaí neamhspleacha éagsúla a chuireann seirbhísí na ‘réaltaí’ seo ar fáil don staisiún. Ioctar na taillí i leith na seirbhísí seo leis na comhlachtaí agus cá bhfios cad a tharlaíonn ina dhiaidh sin. Ar ndóigh is cleas é seo chun an méid cánach a íocann na daoine seo a mhaolú.

Mar sin de tá suíomh speisialta ag lucht RTÉ agus TG4 san obair seo go léir. Tá siad ábalta suí go te – agus ní gá go bhfuil siad ar an gclaí go h-iomlán.

Nóta eile nár mhiste a lua: Nuair a luaigh príomh fheidhmeannach Bhanc na hÉireann, Brian Goggins, go mbeadh sé ag tuilleamh níos lú ná €2m i 2009 – íocadh €2.9m leis anuraidh – níor luaigh sé ag an chéanna go mbeadh sé ag eirí as ag deireadh mí an Mheithimh, rud a chiallaíonn, domsa, go mbeadh sé ag fáil pá pro rata níos airde mar nach mbeadh sé ag obair ach ar feadh sé mhí.

Comments (0)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES