Tá plé déanta ar bhlag eile faoi bhotúin gramadaí ar an suíomh seo agus caithfidh mé a rá go gcuireann sé iontas orm an dearcadh atá léirithe.
Sa chéad dul síos, tá rudaí aisteacha ráite ag Tadhg Mac Dhonnagáin, blagarthóir ‘Garrai Johnny Mhorgan’ fúm nach réitim leo agus atá maslach ní h-amháin dom ach do mo mhuintir agus don cheantar inar tógadh mé agus ina bhfuilim i mo chónaí ann. Is dócha ná raibh masla i gceist ach mura raibh, bhí an méid a dúirt sé gan tuiscint nó comhbhá. Tá sotal áirithe le tabhairt faoi ndeara sa mhéid a scríobhann sé nó deineann sé talamh tirim go bhfuil a fhios aige níos fearr ná mise conas m’ainm féin a litriú, Conchubhar seachas Concubhar, nó go bhfuil dualgas orm machnamh a dhéanamh sara mbím ag scríobh i nGaeilge nó faoin togáil a fuair mé agus an slí a d’imir sin tionchar ar mo chuid Gaoluinne. Agus tá sé go deas uaidh mo shúil a dhíriú ar leabhar ghramadaí Gaeilge.
Leis an gceart a thabhairt don Liathánach, fear a bhfuil aithne agam le fada air agus meas dá réir, sílim go mbaineann an cur chuige laissez faire atá aige i leith chúrsaí gramadaí agus litrithe lena chúlra teanga féin. Tógadh Conchubhar i bpobal beag Gaeltachta, oileáinín teanga atá faoi léigear le fada ag an mórtheanga atá ag guailleáil isteach air ó chuile thaobh. Agus é ag éirí aníos, tá mé cinnte gur chuala sé an-mheascán cainteoirí Gaeilge ina thimpeall – daoine a raibh eolas cruinn acu ar inscne ainmfhocal, mar shampla agus daoine nach raibh.
Níl aon eolas ag Tadhg Mac Dhonnagáin ar mo thogáil. Gach seans go bhfuil eolas aige ar Chúil Aodha agus go bhfuil aithne aige ar mhuintir na h-áite seo. Ach ar eagla na h-eagla, seo achoimre ar m’eirí aníos. Tógadh mé i dteaghlach chomh Gaelach is a bhí in Éirinn ag an am. Bhí mo sheanmhathair, Cáit Ní Shuibhne, ina bailitheor béaloideasa le linn na 30aí sa cheantar seo agus b’í a mhúin leithéidí Dómhnall Bán Ó Céilleachair, Síle agus Donnchadh Ó Ceilleachair is go leor eile nach iad, scríobhnóirí Ghaeilge chomh líofa is a raibh in Éirinn. M’athair, Dónal Ó Liatháin, b’fhile é a scrigh amhráin is filíocht is luibíní is eile a bhí fiche uair níos fearr ná rud ar bith a scrígh Tadhg Mac Dhonnagáin, dá fheabhas é mar chumadóir amhráin is scríobhnóir is léiritheoir teilifíse is eile. Cailleadh m’athair anuraidh agus táim go fóill faoi scamall bróin ó d’imigh sé ar shlí na fírinne.
An fath go luaim an méid sin, ba mhaith liom a chinntiú go dtuigeann sibh ná raibh baint dá laghad ag mo thogáil le ‘botúin stíle agus cruinnis’ a luaitear le mo bhlag agus atá á chur im leith. Ní raibh páiste in Éirinn a fuair an deis a fuaireas an Ghaoluinn a thabhairt liom go líofa, cruinn, beacht agus fileata. Mo léan lom, nior dheineas amhlaidh. Mo sheacht náire gur chuas ar fán mar a dheineann go leor agus in áit bheith ag caitheamh gach lá ag foghlaim togha na teanga ó mo sheanmhathair, ó m’athair agus ó mo mhuintir ar fad, bhínn ag léamh leabhair agus greannáin i mBéarla. Sna 70í ní raibh an réimse leathan leabhair Ghaeilge is atá anois ann, cé nach gcreidim go bhfuil an réimse atá ann anois leathan a dhothain is nach ndeineann sé riar sásúil ar dhéagóirí, an ré im shaol nuair a deineadh an dochar is mó don Ghaoluinn a bhí agam. [is é an buairt atá orm nach leabhair Ghaeilge atá á léamh ag páistí inniu ach leabhair atá scríte i dteanga an aistritheora, teanga atá gan saibhreas nó draíocht dá laghad].
Tá mo chuid Béarla i bhfad níos fearr ná mo chuid Gaoluinne, ceapaim, cé nach bhfuil sin gan locht ach an oiread. Bheadh sé i bhfad níos fusa agam mo chuid blagarthóireachta a dhéanamh i mBéarla agus b’fhéidir go bhfaighinn lucht leitheoireachta nó b’fheidir nach ndéanfainn. Ach roghnaíos an Ghaeilge.
Leanaim orm ag scríobh i nGaoluinn/i nGaeilge, bíodh do rogha agat, mar go dtaitníonn sé liom agus go bhfeicim go bhfuil gá le solathar i nGaeilge ar an idirlíon. Tá gá le fóram diospóireachta – agus tá áthas orm go mbaintear úsáid as iGaeilge chuige seo. Is fearr imreas ná uaigneas deirtear agus nuair a d’fhagas Lá breis is bliain ó shin, theastaigh uaim leanúint orm ag scríobh i nGaeilge agus bhí ardán uaim. Bhí colúin á sholathar agam do Lá Nua ach nior mhair sin ró fhada tar éis gur nochtas tuairimí a bhí cáinteach ar chur chuige Shinn Féin i leith na Gaeilge. Fuaireas riomh phost ag tabhairt le fios dom ná raibh gá le mo sheirbhísí níos mó – bhí teideal ‘eagarthóir comhairleach’ luaite liom cé ná raibh aon phá ag dul leis agus, go deimhin, bhí mé sásta an obair a dhéanamh gan íocaiocht mar bhí mo chroí istigh i Lá Nua, bhí mé ann ón chéad lá a cuireadh an síol don nuachtán laethúil ina bheatha nua, ó 2003 ar aghaidh. Deineadh beag den stair seo ar fad sa r-phost sin agus baineadh an luach ar fad ón obair a rinne mé don nuachtán i gcaitheamh seacht mbliain is níos mó a chaith mé ag obair ann agus ag solathar altanna do. B’é an lá ba bhródúla im shaol ghairmiúil an lá ar ceapadh mé im eagarthóir ar an nuachtán seo – b’é an lá ba ísle sa ghairm-ré sin an lá ar fuaireas r-phost ag scriosadh an cheangail go buan.
Tá iGaeilge beo le breis is bliain anois agus go leor cuairteoirí tagtha anseo, cuid mhaith acu d’fhag siad teachtaireacht, cuid mhór acu bhí siad ag tacú le na tuairimí anseo, cuid eile ní raibh. Is fóram iGaeilge atá oscailte do gach tuairim ach is fóram é sa chéad dul síos. Bionn treasnaíol anseo. Má fhagann tú teachtaireacht anseo nach n-aontaim leis, agus má bhionn fonn orm freagra a thabhairt, gach seans go ndéanfaidh mé amhlaidh agus is féidir liom bheith borb. Má chuireann sé isteach ar dhaoine, bíodh a fhios acu go bhfuil mo fhreagra bunaithe ar an dteachtaireacht seachas ar an duine. Níl aithne agam ar chuid is mó de na daoine a bhionn ag tabhairt freagra orm.
Tá feidhm eile ag iGaeilge agus is é sin dúshlán a thabhairt do bhuainíocht na Gaeilge maidir leis an cur chuige atá acu maidir leis an teanga. Taobh amuigh den idirlíon agus nós*, níl aon meán Ghaeilge nach bhfuil ag brath ar airgead ón sparán phoiblí agus mar gheall ar seo is beag dúshlán a thugann na meáin sin, Foinse, Comhar, TG4 nó RTÉ Raidió na Gaeltachta don bhuainíocht.
An bhuainíocht seo, ba mhaith leo go mbeadh iGaeilge ina thost nó cuirim ceisteanna anseo atá achrannach do leithéidí Fhoras na Gaeilge. Tugaim faoi ndeara go mbionn lucht mo cháinte ag díriú ar na botúin gramadaí agus nach dtugann siad aon súntas don argóint a bhionn ar bun agam. Bionn an leathshúil a léiríonn siad chomh soiléir is go bhfuil an seachantacht ina údar grínn agam.
Tá rudaí áirithe a chuireann isteach orm agus mé ag léamh ailt i nGaeilge. Cuireann Béarlachas isteach orm – nuair a bhím féin ciontach ina leithéid nó nuair a fheicim é á scríobh ag daoine eile. Bionn ‘ceisteanna á árdú’ ar Nuacht TG4 agus ag Foinse. Bhí An Chainteoir Dóchais ag ramhaillí thall sa Gharraí agus an phort seo aige:
Más maith le duine blag a scríobh i nGaeilge a chodail amuigh agus más cuma leis, bíodh aige, tá sé sin de cheart aige — a fhad is a thuigeann sé go gcuirfidh sé sin sciar áirithe léitheoirí ó dhoras.
Níl a fhios agam cén ciall atá leis an gcéad chuid den ráiteas sin ach ritheann sé liom gur Béarlachas atá i gceist le ‘codail amuigh’ [sleep out?]. Maidir leis an dara chuid den ráiteas, nuair a chuireann sé comhairle orm faoi na leitheoirí atá á chuir ó dhoras agam de bharr mo dhroch Ghaeilge, níl a fhios agam ach go gcreidim go dtaitníonn sé le leitheoirí an bhlag seo go mbionn ábhar ann go rialta seachas gach sé nó seacht seachtain agus go bhfileann siad go laethúil agus iad ag súil le rud éigean nua a léamh agus má tá botúin ann, bionn spórt sa bhreis acu.
Tuigim na deacrachtaí teanga agam agus lá éigean tabharfaidh mé faoin fhadhb seo a réiteach. Táim buioch as daoine a chuireann suas liom – agus táim buioch freisin go gcuireann daoine trioblóid orthu féin mo chuid tuairimí a léamh agus freagra a thabhairt orm.
Nílim buioch as an sotal agus an eirí in airde atá léirithe san eachtra seo. Mothaím go bhfuil daoine ag iarraidh boic mhóra a dhéanamh díobh féin i réimse na blagadóireachta tre beag a dhéanamh díom. Bíodh acu. Leanfaimid orainn le iGaeilge agus deinfimíd ár ndícheall bheith inchurtha leis an dualgas atá orm.
I ndiaidh sin ar fad a bheith ráite agam, tá áthas orm go bhfuil blaganna nua Ghaeilge á shaolú. Is suimiúla i bhfad saol na Gaeilge ar an líon le leithéidí Garraí Johnny Mhorgan ann ná as. Tá gá le níos mó blaganna seachas níos lú, blaganna a dheineann riar ar dhéagóirí is lucht leanta spoirt is eile, blaganna a shaibhreoidh teanga ghlúin nua déagóirí.
Bhúr dtuairimí…