Agus tháinig sé slán

Posted on 02 March 2009 by igaeilge

cullenIs dócha gur cheart dúinn bheith buioch gur tháinig gach éinne a bhí san heileacaptar seo slán ón dtimpist seo in aice le Cill Airne inniu.

Bhí an Aire Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta, Martin Cullen, ar bórd nuair a tharla an timpist. De réir tuairiscí, thit an doras den bhfeithicil agus é san aer. Gan amhras baineadh geit as gach éinne.

An cheist atá agamsa ná seo: An bhfuil sé eifeachtach ó thaobh costais de agus ó thaobh úsáid ama an Aire go mbeadh sé ag eitilt timpeall na tíre i heileacaptar?

B’shin an sórt cleasa a bhí ar bun ag daoine le linn buaic bhlianta an Tiogair Cheiltigh agus iad ag éitilt go Rasaí na Gaillimhe. Is cuimhin liom bheith ag éisteacht le míreanna ar chláracha raidió faoi dhaoine a bhí ag ceannach heileacaptar an sli a cheannaíonn an gnath dhuine gluaisteán.

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES