In am filleadh ar an gComhlathas?

Posted on 23 March 2009 by igaeilge

Cen Comhlathas atá i gceist sa cheannlíne? Bhuel, de réir litreach san Irish Times inniu, litir atá sínithe ag tacadóirí móra le rá de chuid na nAondachtach, ní h-é an Comhlathas Briotanach atá i gceist ach is é an Comhlathas ar a bhfuil Banríon Shasana mar cheannasaí.

Is dócha má tá dealramh ag an ainmhí seo le capall agus má shiúlann sé mar chapall agus araile, is dócha gur capall atá ann.

Ní thuigim afach an ath go mbeadh an tír seo ag dul ar ais sa Chomhlathas Briotanach? Cad é an leas atá le baint againn as -agus an bhféadfaimís aon tairbhe a dhéanamh ann?

Dar liom féin níl morán creidiúint ag an gComhlathas seo. Níl sé ró fhada ó shin ó bhí Robert Mugabe ina bhall den gComhlathas seo agus go deimhin fuair sé ridireacht ó Bhanríon Shasana. Ar mhaith linn go mbeadh an tír seo á lua san anál céanna le Mugabe?

Agus gí go ndeineann údair an chomhfhreagrais san Irish Times beag de cheangal na Banríona leis an gComhlathas, mothaímse gur cleas é seo chun trathchlár aondachtach a chur chun tosaigh faoi bhrat bréige.

Na cúiseanna atá tugtha le h-aghaidh ballraíocht a ghlacadh sa Chomhlathas:

Among the many practical advantages of membership of the Commonwealth is the right to compete in the Commonwealth Games – the only multinational, multi-sport event apart from the Olympics. The next games will be held in India in 2010. Ireland’s participation in those games would be good preparation for the London Olympics in 2012.

An gcreideann tú go mbeidh seo ina bhuntáiste dúinn – agus fiú más buntáiste é, an fiú dúinn an buntáiste sin, cúpla bonn sa bhreis, bheith in eagras le Banríon Shasana ag a cheann?

Ní doigh liom é.

Cúis eile a luadh sa litir seo:

Ireland’s membership of the Commonwealth would, we are sure, be welcomed by the unionist community in Northern Ireland as a significant gesture of reconciliation. It would add to the collaborative framework established by the Belfast and St Andrew’s agreements. It would demonstrate unequivocally that the Republic has finally drawn a line under the troubled history of Anglo-Irish relations that led to Ireland’s self-exclusion from the Commonwealth 60 years ago. It would represent a further important step along the road to a pluralist Ireland in which different identities are recognised and respected, a country that celebrates its multi-cultural heritage and diverse history. – Yours, etc,

I measc iad san a shínigh an litir a fhoilsíodh san Irish TImes, bhí aondachtóirí aitheanta nár léirigh faic ach droch mheas don Ghaeilge i gcaitheamh a saol. Beag an suim atá acu san iolrachas agus san Éirinn ina bhfuil ionannais éagsúla á aithint agus ina bhfuil meas orthu, tír ina mbeadh an oidhreacht ilchultúrtha agus a stair éagsúil á cheiliúradh.

Tugaim faoi ndeara go bhfuil bunaitheoirí Reform, an grúpa a bhionn de shíor ag lorg deireadh leis an Angelus, basú na Gaeilge agus athchlárú sa Chomhlathas, ar na sínitheoirí ar an litir seo. Agus ar an gcéad alt sna míreanna nuachta acu, tá an t-alt seo.

Maidir le Banríon Shasana, níl droch mheas agam uirthí. Níl aon meas agam uirthí, thar mar a bheadh agam ar aon sean bhean saibhir a thóg teaghlach.

Ní miste liom rudaí a dhéanamh le go mbeadh aondachtaithe níos compórdaí sa tír seo. B’fheidir gurb é seo an argóint is cumhachtaí atá sa litir seo – go mbeadh aondachtaithe níos compórdaí ar an oileán seo. An mbeimís mar phoblachtóirí – sa chiall is leithne den bhfocal – sásta ballraíocht a ghlacadh arís sa Chomhláthas Briotanach dá mba rud é go raibh an tír seo ath-aontaithe agus rialtas i mBaile Átha Cliath chun an tír seo a rialú?

Agus mura raibh muid sásta seo a dhéanamh, céard iad na rudaí a fhéadfaimís déanamh chun a chinntiú go mbeadh aondachtaithe ar a gcompórd sa tír seo?

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES