Claontacht, Cowen, an Daily Mail agus RTÉ

Posted on 26 March 2009 by igaeilge

Tá comhbhá éigean agam do Bhrian Cowen as ucht an chonspóid is déanaí ina bhfuil sé sáite. Tá mé ramhar, mar atá sé, b’fhéidir níos raimhre, agus ag iarraidh meachan a chailliúint i gcónaí [agus ní cabhair ar bith é go ngeillim le blaiseadh a bhaint as uachtar reoite 'Guinness' ag am lón i gCill Airne ag an siopa uachtar reoite ansin, Murphy's Ice Cream].

Mar sin de, ní thaitneodh sé liom dá mbeadh mo phortraid is mé lom nocht, ciocha fear is uile, ar chrochadh sa Dhanlann Náisiúnta. Ní thaitneodh sé liom ar chuinsí critice ealaíon agus ar chúinsí phearsanta!

É sin ráite, chuaigh oifig phreas an Rialtais thar fóir nuair a d’éilíodh leithscéal ar RTÉ mar gheall ar an dtuairisc a rinne siad ar an gconspóid, ar a dtugtar Cowengate/Picturegate [cén bhaint atá ag 'gate' leis an scéal, ní fheadar?].

Eachtra páistiúíl é seo ó thús go deireadh.

Seo chomh náireach is atá sé, do RTÉ agus don Taoiseach féin. Tá eagarfhocal san Irish Daily Mail inniu ag gearán faoi ‘chlaontacht’ ar an gCraoltóir Náisiúnta.

Seo an ‘Daily Mail’, nuachtán le traidisiún fada claontachta maidir le nuacht na hÉireann.

An lá go n-eiríonn le nuachtán le stair an Daily Mail léacht a thabhairt ar chlaontacht in iriseoireacht in Éirinn agus an cheart a bheith aige, sin droch lá oibre ag an dream a thug an t-údar sin do.

Mar sin, bualadh bos do Oifig Phreas an Taoisigh agus do RTÉ!

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES