Omerta an rud a thugtar ar an ngeasa atá ar bhaill den Mafia gan a bheith ag labhairt le daoine taobh den teaghlach choiriúil sin faoi chúrsaí gnó.
Nílim ag maíomh go bhfuil saol na Gaeilge ina theaghlach choiriúil – ach táim den tuairim go bhfuil rud éigean ar nós ‘Omerta’ i réim maidir leis an slí a théimíd i ngleic leis an domhan lasmuigh.
B’fhéidir nach íontas é sin. Tá saol na Gaeilge ana chúng.
Sampla den ‘Omerta’ seo an méid atá ráite in eagrán na deireadh seachtaine seo de Foinse, ‘príomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge’ faoi scéal Comhar, scéal a thug iGaeilge chun solais le déanaí.
I gcolún An Speallaire, cibé duine é nó í féin, tá tagairt déanta arís do scéal in iGaeilge. Beidh orm tosnú ag lorg táille ríogachta ó Foinse….
Creidimse, mar a dúirt mé sa scéal thuas luaite, go bhfuil sé tabhachtach an eagothromas soiléir idir irisí ar nós Comhar, atá maoiniú á fháil acu atá as chuimse le caighdeán na h-irise, agus nós*, iris atá snásta agus bríomhar in ainneoin nach bhfuil aon deontas á fháil ag an iris ó Fhoras na Gaeilge. Nior iarr lucht nós* orm an méid a dúirt mé a rá anseo.
Ansan foilsítear scéal sa Sunday Tribune, nuachtán atá traidisiún aige scéalta den chineál seo faoin nGaeilge a fhoilsiú. Dar leis an nuachtán sin is ionann gach pingin a chaitear ar an nGaeilge agus pingin caite amú. Anuas ar sin tá scéalta cailleach an uafáis foilsithe ann le blianta beaga anuas faoi na ‘céadta milliún’ a bheith caite ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Sna scéalta sin, deineadh tuairisciú ar an méid a dúirt foinsí sa Seirbhís Phoiblí faoin ‘imní’ a bhí orthu go gcaithfear na céadta milliún ar aistriúcháin Ghaeilge ar chaipéisí Béarla, cáipéisí nach léitear i mBéarla fiú, rud atá ráite agam go minic.
[I dtuairisc eile ar Foinse, tá sé luaite leis an Seanadóir Jerry Buttimer(Fine Gael) go bhfuil sé sin ag lorg athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla de bharr go bhfuil caipéisí nach bhfuil á léamh i mBéarla á aistriú go Gaeilge.]
Ar ais go dtí an Speallaire. Tágraíonn an Speallaire don scéal a bhí ar iGaeilge faoi Comhar agus an airgead a bhí á chaitheamh air ach leag an cholúnaí béim ar an liamhainn a rinne duine amháin a thug freagra ar scéal iGaeilge, gur sceitheas an scéal leis an Tribune.
Sa chéad dul síos, níor dheineas a leitheid. Ní rithfeadh sé liom scéal a chur chuig an Sunday Tribune – agus is cinnte nach gcuirfinn leagan míchruinn den scéal chuig nuachtán ar bith.
Ach nach bhfuil sé aisteach go mbeadh colúnaí i bpríomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge chomh buartha faoi ‘foinse’ an scéil sa Tribune, seachas sa scéal é féin ina bhfuil proiséas ‘neamh chaighdeánach’ Fhoras na Gaeilge maidir le bronnadh an chonartha d’iris mhíosúil na Gaeilge faoi chaibidil?
Ritheann sé liom go bhfuil ceangal laidir idir Foinse agus Comhar, ceangal a tugadh faoi ndeara nuair a bhí an chonspóid faoi chaidreamh iar eagarthóir Comhar, Aindrias Ó Cathasaigh, le bórd na h-irise, i mbéal an phobail anuraidh.
Tá eagarthóir shealadach Comhar, Pól Ó Muirí, ina cholúnaí le fada an lá le Foinse agus ní chailleann sé deis cás an nuachtáin sin a cheiliúradh ina cholún san Irish Times. Agus ansan, i mí Feabhra, b’é cuairt eagarthóir Foinse, Seán Tadhg Ó Gairbhí, ar Washington le h-aghaidh insealbhú Barack Obama príomh scéal Comhar.
Sílim gurb é an rud is cineálta a fhéadfaí a rá faoin bproiséas faoinar bronnadh conradh nua ar Comhar ná raibh sé den chaighdeán. Séanadh an chonradh ar Comhar i nDeireadh Fómhair 2007 agus cinneadh ag an gcruinniú céanna de bhórd an Fhorais go ndeanfaí an chonradh a athfhogairt sa bhliain úr. Nior tharla aon athfhogairt agus, in áit sin, bronnadh an conradh, conradh a bhí geall leis dhá oiread chomh mór leis an chonradh a bhi ag an iris roimhe, ar Comhar.
Agus mura n-aithníonn príomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge go bhfuil lúb ar lár ansin, tá dul amú air. Agus má aithníonn – agus is dócha gur féidir a rá go n-aithníonn nó bhí An Speallaire scrúpalach sa bhealach nár luaigh sé an phríomh phointe sa scéal a bhí ag iGaeilge faoi Comhar ag eirí as an alt sa Sunday Tribune, tá ceisteanna le tógaint faoi neamhspleachas agus caighdeáin iriseoireachta ag an bpríomh nuachtán náisiúnta Ghaeilge.
Bhúr dtuairimí…