Archive | April, 2009

Tags: , , , , ,

Fogra Gaeilge ar an New York Times – cás don tUasal Ó Ripley

Posted on 30 April 2009 by igaeilge

Seo mise ag spáisteoireacht timpeall an idirlín agus fuaireas alt bhrea, agallamh le hUachtarán SAM, Barack Ó Bama, le fear ón New York Times. Bhíos ag léamh liom nuair a thugas faoi ndeara fogra ar thaobh an leathnaigh.
gaelfonnyt
Ní fhéadfadh sé sin bheith ann….d’fhéachas arís, níos géire an dara uair.
gaelfonnyt2
Ghlacas cúpla griangraf den leathnach ar an scaileán – bhí eagla orm nach gcreidfí mé dá ndéanfainn é a thuairisciú anseo ar iGaeilge.

Fogra d’fhón phoca Samsung, ár sean chara Gaelach, an Tocco, os comhair mo shúile ar leathnach [idirlín] de chuid an IrishNew York Times! A leithéid de radharc. An rara avis cinnte! Ní doigh liom go bhfaca mé a leithéid ar leathnaigh an Irish Times fiú.

Nach é seo an New York Times céanna ina raibh díspeagadh ar an nGaeilge le linn mhí na Márta, nuair a thug Brian Cowen ar Barack Obama le h-aghaidh Lá Fhéile Phádraig! Rinneas tagairt do anseo agus spreag mo chuid tuairimí ar an gceist ar bhlar dhiospóireachta an NYT féin roinnt aischothú feargach ó thrachtairí éagsúla.

Ní thuigim cé acu an bhfuil níos mó airgead ná ciall ag lucht Samsung agus go bhfuil siad ag ceannach fograí ar leathnaigh idirlín an New York Times don ghaelfón? An amhlaidh go gceapann siad go mbeidh corr Ghael fánach ag léamh na leathnaigh seo agus go rithfidh siad amach chun an fón a cheannach.

Sa chás seo bhí an Gael corr agus fánach seo ag léamh an leathnaigh – ach ar droch amharaí an tsaoil, tá Tocco agam theana féin.

Nó an é go bhfuil bogearraí chomh cliste sin ag an New York Times go n-aithníonn siad gur Éireannach mé, le suim sa Ghaeilge, agus go bhfuil an fogra seo á threorú i mo threosa. Mas amhlaidh an scéal, nár cheart go mbeadh eagla orm. Sin cumhacht theicneolaíocht na faisnéise duit. Sin cumhacht lán stad.

Tar éis é sin go léir, chuas ar ais go dtí an leathnach arís. Bhí sé druidte agam agus bhí orm é a athlódáil. Bhí an fogra don Ghael Fón imithe agus ceann eile ina áit. B’fhéidir gur mearú súl a bhí ann.

Ach féach ar na griangrafanna arís. Tá sé ann. Ní mearú súl – agus níor dhein mé ‘Photo-shopáil’ air ach an oiread.

Cás é seo don tUasal Ó Ripley, creidim!

Comments (2)

Tags: ,

Mo ghrá go Daingean….

Posted on 30 April 2009 by igaeilge

Shamhlófá gur ionann é agus bheith ag iarraidh oighear a dhíol leis an Innuit a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a dhíol sa Ghaeltacht. Nach bhfuil siad timpeallaithe ag an nGaeilge! Ar eigean go bhfuil a thuilleadh ag teastáil uathauainn!

Inné sa Daingean, áfach, bhí seoladh ann ar scéim nua, Corca Dhuibhne Ag Caint, scéim atá mar aidhm aige pobal an Daingin a spreagadh chun a gcuid Gaoluinne a úsáid agus iad i mbun a ngnó laethúil, ag siopadóireacht is eile.

Cinnte tá Gaeilgeoirí na tire dubh dóite de na h-aighnis éagsúla sa Daingean le blianta beaga anuas. Ar dtúis bhí an raic ann faoi ainm an bhaile Gaeltachta seo, an baile is mó in aon Ghaeltacht sa tír, a bheith i nGaeilge amháin, agus sna sála ar sin, bhí aighneas eile, an uair seo faoi teanga oibre na scoile nua sa bhaile, Pobal Scoil an Daingin. Bhí lucht na scoile, idir múinteoirí, bórd bainistíochta agus daltaí, ar shon na Gaeilge ach bhí mionlach ann ar theastaigh uatha an Bhéarla a bhrú ar an gcuid eile. Ar an droch uair bhí an Aire Oideachais Mary Hanafin, mar a bhí, ag tacú leis an mionlach seo.

Ach tá meas tuillte ag an ngrúpa beag seo atá ag tabhairt faoin taoide a chasadh ar ais ar shon na Gaeilge agus is iarracht beag í seo san obair sin. Scéim é seo atá á thacú ag Údarás na Gaeltachta.

Beidh tuilleadh faoin scéim seo ar ball.

Comments (6)

Tags:

Votáil go luath …agus go minic

Posted on 29 April 2009 by igaeilge

Níl aon náire orm a admháil gur ‘plug’ é seo. Tá cara agus comharsan agam anseo i gCúil Aodha, Eoin Ó Suilleabháin, agus tá á ainm luaite le gradam mór i réimse na margaíochta ar líne.

An gradam atá i gceist, an Margóir Idirlín is Fearr ag na Netvisionary Awards atá á reachtáil ag Cuman Idirlín na hÉireann.

Tá Eoin luaite ar an ngearrliosta don ghradam seo as ucht an sar obair a rinne sé ar an bhfeachtas ar son an Big Switch. Feachtas abea é seo chun cur ina luí ar dhaoine athrú ó Bhórd Solathar an Leictreachais go dtí Bórd Gáis dá solathar leictreachais.

D’eirigh go h-íontach leis. Bhí an Bórd Gáis ag brath ar timpeall ar 15,000 sintiúsóir roimh dheireadh na bliana seo – theana féin, gan ach Aibreán caite, ar éigean, tá breis is 100,000 custaiméir acu.

Ar ndóigh deineadh feachtas margaíocht ar an dteilifís is ar an raidió agus na meáín chlóite, na meáín traidisiúnta, ach bhí feachtas laidir ag The Big Switch ar líne freisin agus b’é Eoin a rinne é a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, ag baint úsáide as uirlísí ar nós Twitter.

Deineadh éacht agus b’fhiú go mór a thuilleadh staidéar a dhéanamh ar an bhfeachtas seo. Go h-áírithe do lucht na Gaeilge, atá i gcónaí ar chúl ar cheisteanna mar seo – seachas lucht nós* ar ndóigh.

Cad é an difir a bheadh ann dá mbead daoine chomh eolgaiseach le hEoin Ó Suilleabháin ag obair go lán aimseartha ar son tairgí Gaelacha a dhíol!

Beidh go leor ag teacht faoi bhúr ndéin go luath ag lorg bhúr votaí – seo duine atá sé tuillte aige!

Is féidir votáíl anseo.

Dála an scéil, Dé hAoine, Lá Bealtaine @6in, an spriocam ar son votáil.
Is fiú a rá go bhfuil ainmniúcháín faighte ag Peadar Ó Flatharta ó TG4 don podchraoltóír is fearr, ag Kevin de Barra ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge as ucht an méid atá déanta aige le Gaelport agus ag Peter Donegan, Gael eile, as ucht a bhlag ar chúrsaí garradóireachta.

Comments (0)

Tags: , ,

Spam as Gaeilge…..

Posted on 29 April 2009 by igaeilge

Spam – nó cac-phost – as Gaeilge – cé a chreidfeadh é?

Is é seo an teist is cinnte go bhfuil an Ghaeilge beo. Ná bac le suirbhéanna is eile – nó tá ‘spam’ ag teacht chugham as Gaeilge anois.

Scannal! Scannal! Scannal!

Éigeandáil! Éigeandáil! Éigeandáil!

SCANDALS! SCANDALS! SCANDALS!

EMERGENCY! EMERGENCY! EMERGENCY!

Maith go leor, níl ann ach cúpla focal. Ach léiríonn sé go raibh an t-é, fear, bean, páiste nó clár uathoibreach de shórt éigean, a sheol iad airdeallach agus ná raibh sé/sí ag iarraidh droch mheas a léiriú don bhlag seo.

Ar eagla na mí thuisceana, ní spam i mo riomhphost atá i gceist agam. Freagra é an trachtaireacht seo ar phlé a thosnaigh mé tamall ó shin faoin timpiste heileacaptair a bhí ag Martin Cullen ag tús mhí an Mhárta.

Seo agaibh an nasc chun an ‘spam’ as Ghaeilge a léamh.

Ardaíonn sé mo chroí, an spam seo i nGaeilge. As go brách go dtí an Daingean liom anois, áit a bheidh scéim nua chun pobal Chorca Dhuibhne a spreagadh leis an Ghaeilge a úsáid, Corca Dhuibhne ag Caint. Tá blag speisialta dhá theangach bunaithe agam ar son lucht eagraithe na scéime ar mhaithe le cuidiú leo an deascéal a chraobhscaoileadh. Tá an Ghaeilge ina chnámh sparainne i gCorca Dhuibhne agus, go h-áirithe, sa Dhaingean le seal anois. Tá súil againn go gcuideoidh an scéim seo leis an scamall sin a ghlanadh….

Comments (3)

An Ghaeilge agus fliú na muc gaolta – nó an bhfuil?

Posted on 28 April 2009 by igaeilge

Is iomaí alt aiféiseach a foilsíodh i nuachtáin i gcaitheamh na mblianta faoi chostas na Gaeilge agus na nithe a bhí á chailliúint againn de bharr an ró chaiteachas ar an dteanga.

Is cuimhin liom féin argóint a bheith agam le colúnaí ón Kerryman trath a bhí ag scríobh gur mór an cur amú airgid é an chaiteachas ar TnaG, mar a bhí, seachas ar fhallaí níos airde ag Priosún Caisleán Riabhaigh i gContae Ros Comáin. Dar liom gur dea theist é ar phobal airgead a chaitheamh ar chultúr – TG4 – seachas ar phriosúin.

Tá TG4 – agus tá fallaí brea árda ar an bpriosún úd – againn inniu.

Ach tá’s againn nach bhfuil deireadh leis an cineal seo áiféise.

Ag léamh An Druma Mór dom níos luaithe, thugas faoi ndeara, mar a cheapas, alt eile den chineál seo le cur ar an gcarn fhaoilligh.

De reir an ailt seo, bhí tuairisceoir leis an Westmeath Examiner ag nochtadh tuairime faoi airgead a bheith á chur amú ar an nGaeilge seachas ar bhealaí chun dul i ngleic le fliú na muc.

Ach, seo an rud, niorbh é sin a bhí á rá in alt an Westminster Examiner.

Is amhlaidh gur colún de short a bhí anseo agus go raibh dhá mhír ann – ceann faoin ráig fliú seo agus ceann eile faoi ‘raflaí’ go raibh deacrachtaí airgidis ag Comhairle Contae na hIar Mhí.

Seo an alt cuí ón Westmeath Examiner.

Slash and burn
Meanwhile, the county has been rife this week with rumours about the financial status of Westmeath County Council.
At Monday’s County Council meeting, County Manager, Dan McLoughlin made it clear that the Council is facing tough times, primarily because of the dramatic slash in the amount of its road allocation for this year.
He has also, to the Westmeath Examiner, firmly denied that the Council has any greater problems, confirming that he is aware there are rumours, but stating that that is exactly what they are: just rumours.
But services are going to have to be cut back somewhat, it emerged at Monday’s meeting, to compensate for the almost €3.8m cut in roads funding.
Maybe the Government might now agree to axing that ridiculous policy of ensuring that every official document in this country is also produced in an Irish language version – something that few members of the public ever seek, but which costs local authorities thousands every year.
It’s time to tell those doing the language activism that that level of translation is a luxury we can no longer afford: they’ll just have to make do with reading things in English instead.

Ar ndóigh tá an bun dearcadh atá ag scriobhnóir an ailt seo thar fóir ar fad – agus níl bun nó barr leis an loighic a bhaineann sé feidhm as chun teacht go dtí an conclúid. Níl aon leid san alt go bhfuil ana chuid airgid á chaitheamh ar an aistriúchán i gContae na hIarmhí. Agus tá blas an aondachtaigh is frith Ghaeilge ag baint leis an abairt dheireannach sin.

Ag an am chéanna ní mór do phobal na Gaeilge a aithint go bhfuil bealaí níos fearr ann chun airgead atá dlite don Ghaeilge a chaitheamh ná aistriúcháin ar chaipéisí oifigiúla nach léitear i mBéarla. {an seana líne sin arís!]

Tá pobal bhreith á reachtáil i nGarraí Johnny Mhorgan ar an gceist – agus beidh sé spéisiúil torthaí an tsuirbhé sin a fheiscint.

Ach tá sé ráite agam anseo go minic nach doigh liom go bhfuil airgead na Gaeilge á chaitheamh go ciallmhar ar chaipéisí oifigiúla nach léitear nuair atá páistí scoile gan téacs leabhair nó irisí den scoth cosúil le nós* gan tacaíocht cheart.

Sara gcriochnaím ní féidir an locht a chur ar An Druma Mór sa chás seo nó fuair siad an alt atá foilsithe acu ó shuíomh eile, Keltalingvaj {Eispearaintis ar theangacha Cheilteacha].

Agus ní mór a lua freisin ná raibh cur i láthair an ailt ar shuíomh an Westmeath Examiner ró shoiléir agus gur chuidigh sé sin le míthuiscint go raibh ceangal díreach á dhéanamh idir fliú na muc agus an Ghaeilge.

Comments (2)

Vóta Muiníne nó Mí Mhuiníne?

Posted on 28 April 2009 by igaeilge

De réir tuairisce, tá sé ráite ag an Aire Airgeadais, Brian Lenihan, go bhfuil meas ar Rialtas na tíre seo i measc rialtas na hEorpa de bharr na ciorruithe géara atá á chur i bhfeidhm anseo. Dar leis an Aire Ó Luineacháin, bheadh círéibeanna ar na sráideanna sa Fhrainnc dá ndéanfadh Sarkozy amhlaidh.

Táimse in amhras go bhfuil rudaí chomh suanmhar is a cheapann an tAire. Tá sé in am, dar liom, pobal bhreith neamh eolaíoch a chur sa tsiúl le barúlacha a bhailiú maidir le seasamh an Rialtais i súile an phobail.

Cad é bhúr meas?

Comments (5)

Tags: ,

Sceimhle phaindéime?

Posted on 28 April 2009 by igaeilge

Chonac ceannlíne sa “Mirror” ar maidin – Swine Flu Terror Hits Ireland – agus is dócha gur bhain sé siar asam. An focal sin ‘Terror’, tá sé an laidir chun cursíos a dhéanamh ar alpóg atá ag cur as do dhornán daoine sa tír seo, ar a mhéid, fiú má bhionn toradh cinnte ar na tastálacha a deineadh ar an leath dhosaen nó mar sin atá amhras ina dtaobh.

An é gnó an nuachtáin tablóidígh sin sinn a imeaglú lena leithéid de cheannlíne?

Níl aon amhras orm ach go bhfuil baol ag baint leis an aicíd seo. I bhfianaise an méid daoine a fuair bás i Mheicsiceo de bharr Fliú na Muc, tuairim is 150 agus seo á scríobh – ach tá sé mí stuama agus mí cheart ag na meáin an phobal a scanrú le cinnlinte den chineal atá thuasluaite.

Nach féidir linn aghaidh ar fhadhbanna mar seo ar bhealach atá préamhaithe sa réasún, seachas sa scaoll.

Anois cá bhfuil mo mhasc liachta gorm?

Comments (13)

Tags: , ,

Tromaíocht pholatúil ar na meáin?

Posted on 27 April 2009 by igaeilge

Tá sé ina chonspóid le tamall faoi litir a sheol an Chéad Aire agus an Leas Chéad Aire ó thuaidh, Peter Robinson agus Martin McGuinness faoi sheach, chuig úinéir an Belfast Telegraph,[Sir] Tony O’Reilly faoin dtuairisciú diultach a bhí á dhéanamh ag an nuachtán sin, dar leo, ar bheartais an Fheidhmeannais.

Cúpla pointe sara dtosnaím ar an bplé faoi seo i gceart. Sna meáin Ghaeilge – leithéidí Foinse agus TG4 go h-áirithe – ní dhéarfaí ‘tuairisciú’. Dhéarfaí ‘clúdach’ nó ‘clúdú’. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, is ionann ‘scéal a chlúdach’ agus é a chur as radharc, faoi chlúdach! Malairt céille atá ag Foinse agus TG4, cheapfainn, cé go mbeadh amhras éigean orm i bhfianaise an slí a thuairiscíonn siad [a chlúdaíonn siad, mas fearr leat!] scéalta éagsúla. Béarlachas atá ann, ar ndóigh, atá go coitianta i mbearlagar na n-iriseoiri Ghaeilge in éineacht le ‘scéal a bhriseadh’ nó ‘ceist a ardú’! Tabhair ‘seanfhaiseanta’ orm – nó tabhair ‘poilín Bhéarlachais’ orm mas maith leat!

An dara pointe: an rud is aistí faoin scéal seo gur ar bhlag, Slugger O’Toole, a tháinig an scéal seo chun solais sa chéad dul síos. Is cinnte dá mbeadh litir mar sin faighte agam, is mé im eagarthóir ar Lá Nua, go mbeadh sé foilsithe sa nuachtán sin seachas ar mheán sheachtrach. Ag an am chéanna, tuigim cén fath gur theastaigh ón nuachtán, agus creidim gur ón nuachtán a tháinig an sceitheadh eolais, an scéal a thabhairt chun solais ar shlí a chuireann le creidiúínt an scéil agus a thugann deis do gach nuachtán eile scéal a dhéanamh faoi ag an am chéanna. Dá bhfoilseofaí an litir seo sa Belfast Telegraph, ní bheadh fonn ar nuachtáin eile an scéal a fhoilsiú ina dhiaidh sin mura bhféadfadh siad casadh éigean a fháil air ná raibh sa chéad scéal. Ag filleadh ar Lá Nua, ní dhéanfadh sé an oiread sin difir cá bhfoilseofaí an scéal ar dtúis…

Ach táim ag féachaint ar an gcolún atá ag Poilín Ní Chiaráin i ‘Foinse’ inniu ar an eachtra aisteach seo i saol ré Stormont. Tabhair chun cuimhne go bhfuil ainm Mhartin McGuinness ar litir chuig ‘Sir Anthony O’Reilly’ agus é ag gearán faoin mbealach diultach atá tuairisciú á dhéanamh ar a chuid beartais [nó neamairt] pholatúil. Ní chuirfeadh sin íontas ort is dócha ach ansan tabhair chun cuimhne go bhfuil síniúcháin Mhartin McGuinness agus Peter Robinson ar an litir seo le cheile, litir ina dtugtar ‘Tony’ go caradach, cheapfá, ar úinéir Grúpa Mheáin Independent! Sin casadh aisteach ar an saol cheapfá.

Ar aon nós, mar a deir Póilín ina h-alt, cuirtear brú pholatúil ar eagarthóirí nuachtáin ó am go chéile. Bionn a leithéid ag caint le cheile ag ocáidí agus bionn plé agus, fiú, argóintí. Is é sin cuid den saol ina mhaireann siad araon.

Is í an teist, cé acu an ngeilleann an eagarthóir don bhrú. Maith go leor má cheapann sé/sí go h-ionraic gur deineadh éagóir agus gur cheart sin a chur ina cheart, ní féidir locht a fháil ar sin.

Seo a deir Póilín ina h-alt. Níl sé ar shuíomh thearc-fhorbartha Foinse go fóill agus mar sin beidh orm é a chló mé féin.

Céard a bhí ar bun ag Céad agus Leas Chéad Aire Thuaisceart Éireann nuair a rinne siad gearán le h-úinéir an Belfast Telegraph seachas eagarthóir an nuachtáin? Cinsireacht? Ag iarraidh Pravda dá gcuid féin? Sé an Telegraph an páipéar is mó a fuair fograíocht rialtais ó Stormont, i bhfad níos mó ná an Irish News nó an Belfast Newsletter. Níor deineadh tagairt dó sin sa litir ach an raibh sé i gceist? Ar smaoinigh na hAirí go rabhdar ag déanamh imeaglú ar an bhfoireann logánta san Telegraph ar chuid é de Independent SN&M? Ar chuimhnigh siad ar an tslat a bhí siad ag a thabhairt do pháirtithe eile chun iad a sciúirseáil? Nó ar cheap siad nach bhfaighfí amach go ndearna siad é?

Ceisteanna ciallmhar ó Phoilín – ach ceisteanna in aisce freisin. Ní raibh aon tuairim ag Peter nó Máirtín go sceithfeadh ‘Tony’ a litir mar a dhein. Léiríonn an litir sotal neamh choitianta sa chéad dul síos, léiríonn sé sotal sa tslí gur sheol siad an litir chuig an úinéir, seachas an eagarthóir, agus ar go leor bealaí eile.

Ina h-alt fiafraíonn Poilín cé acu ‘Pravda’ atá ag teastáil ón bheirt seachas nuachtán fiosraitheach. An freagra ar an gceist sin gur doichí nach dtaitneodh an fhírinne leis an DUP nó le Sinn Féin cé acu i mBéarla nó Ruisís nó Gaeilge a raibh sí.

Tá taithí agam féin agus lucht léite Lá Nua ar an mbealach a chaitheann Sinn Féin le nuachtáin nach dtaitníonn a dteachtaireacht leo. Nuair a cháin Lá Nua, le linn dom bheith im eagarthóir, Sinn Féin i mí Feabhra anuraidh as an easpa cur chuige i leith na Gaeilge agus na teipeanna a tharla le linn seal faire an pháirtí sin – teip Acht na Gaeilge agus ciorrú na Ciste Craoltóireachta, niorbh fhada gur bhain SF díoltas amach ar an bpairtí nó votáil ionadaithe an phairtí ar bhórd an Fhorais in éadan conradh nuachtáin laethúil a bhronnadh ar Lá Nua.

Ach ná bac le sin. I mí na Márta anuraidh, scrígh Squinter, colúnaí chlúiteach an Andersontown News, alt ag cáineadh Gerry Adams go géar de bharr go raibh cúrsaí dlí agus cirt imithe as smacht i mBéal Feirste Thiar, a thoghcheantar. Bhí Squinter ag scríobh tar éis gur mharaigh coirpigh iar chime poblachtach ina thigh cónaithe in iarthar Bhéal Feirste, Frank McGreevey.

Seachtain ina dhiaidh sin, bhí leithscéal ar chéad leathnach an Andersontown News as ucht aon ghortú a bhain don Fheisire áitiúil. Níor chuala mé riamh faoina leithéid de leithscéal go h-áirithe nuair ná raibh aon rud clúmhillteach foilsithe. Fiú dúirt Gerry Adams féin nár iarr sé a leithéid!

Glacaim leis gur tháinig an nuachtán faoi bhrú ó na fogróirí in iarthar Bhéal Feirste, brú a d’fhag iad gan rogha ach leithscéal a ghabhail agus bogadh ar aghaidh go gasta ó láthair an áir.

Is cinnte nách bhfaca mé morán trua á léiriú do Lá Nua i nuachtáin ar nós Foinse nuair a dhruid an Fhoras, le beannacht Shinn Féin, an nuachtáin. Ach ní sin an scéal anseo. Nuair a dúirt Lá Nua ná raibh sciar cothrom d’fhograíocht phoiblí á fháil ag Lá, is cuimhin liom bheith ag léamh nach deontas i bhfoirm eile atá i gceist le fograíocht phoiblí.

Anois is cosúil gurb é sin atá i gceist.

Sé an Telegraph an páipéar is mó a fuair fograíocht rialtais ó Stormont, i bhfad níos mó ná an Irish News nó an Belfast Newsletter. Níor deineadh tagairt dó sin sa litir ach an raibh sé i gceist? Ar smaoinigh na hAirí go rabhdar ag déanamh imeaglú ar an bhfoireann logánta san Telegraph

Bí ag caint ar imeaglú ar fhoireann nuachtáin. Bhí Aondachtóirí Uladh, leithéidí an Tiarna Laird, an Bantiarna Sylvia Hermon agus eile ag cur brú tre ceisteanna i dTeach na dTiarnaí ar mhaoinitheoirí Lá Nua i rith an ama le linn 2004/5. Is iomaí uair go raibh an fhoireann faoi bhagairt go gcaillfimís ár bpostanna de bharr an bhrú seo. Beag trua a léirigh Foinse nó an Belfast Telegraph dúinn, beag an comhbhá a léiríodh don phriacal ina rabhmar, beag meas ar an rud sin ar a dtugtar ‘saoirse an phreasa’.

Tuigim cás an Belfast Telegraph agus an fhoireann ansan agus cáinim an imeaglú pholatúil atá déanta sa chás seo. Ní h-é seo an chéad uair a deineadh a leithéid i dtuaisceart na hÉireann – ach ní bhéinn ag súil go mbeadh cuimhne ag lucht Foinse ar sin!

Tugaim faoi ndeara, áfach, gur minicí fograí rialtais dhá theangacha ó Fheidhmeannas an Tuaiscirt, ó rannóga Shinn Féin go h-áirithe, i leathnaigh Foinse ná fograí ó Rialtas na 26 contae le déanaí.

Is olc an ghaoth ná shéideann do dhuine éigean…. Níl aon toradh bealach amháin nó eile ar an mhargántaíocht idir Foinse agus Foras na Gaeilge faoin chonradh nua atá le tairiscint don nuachtán seachtainiúil Ghaeilge.

Comments (1)

Tags: , ,

‘Níl seo ar fáil i do cheantar’ – Criochdheighilt na gCraoltóirí

Posted on 27 April 2009 by igaeilge

nilseoarfail
B’fheidir gur saonta atáim ach chreideas go mbeadh an t-idirlíon, ar a laghad, saor ó smál na crichdheighilte.

Nach orm an dul amú!

Is cosúil go bhfuil RTÉ agus an BBC araon ag baint úsáide as teicneolaíocht nua ar a suíomhanna idirlín, na seinnteoiri físe, a fhagfaidh nach mbeidh daoine ó thuaidh den teorainn ábalta féachaint ar chláracha baile RTÉ ar suíomh an chraoltóra náisiúnta.
rteisdonalinn

Cé go ndeir an fógra thuas, atá ar fáíl leathnach na gceisteanna a chuirtear go minic, go bhfuil roinnt cláracha ar fáil, is léir nach bhfuil sin iomlán fíor. Mar shampla tugaim faoi ndeara go bhfuil cosc ar an gclár, The Meaning of Life – Agallamh Gay Byrne le Gerry Adams, ó thuaidh. Clár é seo ó shraith atá léirithe ag RTÉ – mar sin nior cheart go mbeadh aon cheist faoi chearta craoltóireachta. Má tá eolas ag aon léitheoir ar chlár atá ar fáil ó thuaidh ar sheinnteoir RTÉ, cuir seo in iúl anseo le bhúr dtoil…

Ó dheas den teorainn, is féidir linn comhartha an BBC a fháil go digiteach – a bhuí de bhosca Rupert Murdoch, Fodhlaí na Spéire – agus amharc ar chláracha an chraoltóra Bhriotanaigh ar ár dteilifis.

Ach ní féidir linn faire ar a leithéid ar ár riomhairí de bhrí go bhfuilimíd ó dheas den teorainn.

Nach amaideach an mhaise é sin ag an dhá chraoltóir.

Ciallaíonn sé, mar shampla, nach féidir linn ó dheas amharc ar na míreanna ón gcartlann atá le feiscint ar shuíomh idirlín Ghaeilge an BBC – agus fagann sé nach féidir le muintir an Tuaiscirt bheith ag fáire ar Podge agus Rodge nó Pat Kenny nó Gay Byrne agus a ‘Meaning of Life’. Sílim go bhfuair muintir an tuaiscirt an margadh is fearr ón idirbheartaíocht criochdheighilteach sin.

Níl aon leas á bhaint ag aon duine as seo – seachas Rupert Murdoch féin, a bheidh ag mealladh custaiméirí chuige féin de bhrí gur eisean amháin atá ag tairiscint uile oileánda. Rupert Murdoch, laoch an athaontaithe! Bhíodh cláracha RTÉ ar fáil – an oiread acu is a bhí á chur ar fáíl ar an idirlíon – ar an idirlíon – anois, i ré seo an athmhuintearais agus uile, tá an seirbhis seo á cheilt ar ár gcomh-Éireannaigh ó thuaidh. Is ar an bhfís amháin atá an srian seo.

Nach féidir le craoltóirí suí thart ar an mbórd agus a leithéid seo a shocrú go ciallmhar?

Ós rud é go bhfuil measúnú á dhéanamh faoi láthair ar na h-iarratais don chonradh chun seirbhís nuachta digití a chur ar an líon ag Ciste Craoltóireachta na Gaeilge ó thuaidh, ní mór a rá ós ard go mbeadh sé amaideach ag an seirbhís sin a bheith srianta faoi mar atá an dhá mhór chraoltóir ar an oileán seo.

Ritheann sé liom agus mé ag féachaint ar shuíomh an BBC go bhfuil i bhfad níos mó ábhar i nGaeilge ann ná mar atá ar shuíomh an RTÉ…..agus deir siad go bhfuil ‘Auntie Beeb anti Irish’. An féidir go bhfuil an teideal sin tuillte ag RTÉ seachas ag an BBC?

Comments (0)

Tags: , ,

Gerry Adams V Gay Byrne – athagallamh

Posted on 26 April 2009 by igaeilge

adamsbyrneNuair a chuir Gay Byrne Gerry Adams faoi agallamh ar an Late Late Show na blianta fada ó shín, ní raibh leisc ar fhear RTÉ a fhearg a léiriú do Uachtarán Shinn Féin.

Anocht, sa ré iar-Mír 31 den Acht Chraolacháin agus i ré na roinnte cumhachta ó thuaidh, bhí an bheirt os comhair na gceamraí arís. Bhí Gerry Adams á chur faoi agallamh ag Gay Byrne don chlár ‘The Meaning of Life’.

Ní raibh an naimhdeas céanna le sonrú san agallamh seo. Fiú chroith Gay Byrne lámh Gerry Adams i ndiaidh an agallaimh bheith criochnaithe, ós comhair na gceamraí.

Tháinig an cheist chun tosaigh faoi Adams a bheith ina bhall den IRA. An raibh sé ina bhall nó ná raibh? Shéan sé go raibh sé ina bhall. Ach dúirt sé go raibh ‘freagrach’ as rudaí a rinneadh in ainm Ghluaiseacht na Poblachta mar go raibh sé ina cheannaire ar an ngluaiseacht sin.

Más amhlaidh ná raibh sé ina bhall den IRA, cén fath ná raibh sé ina bhall? Bhí a chairde go léir ina mbaill is ní raibh seisean. Ar chreid sé go raibh siad ag déanamh rudaí nach bhféadfadh sé láimh a bheith aige iontu?

Níl a fhios agam faoin IRA agus ballraíocht an Airm sin. Níl a fhios agam an ionann ballraíocht san IRA agus ballraíocht in eagrais mhileata eile. Ní doigh liom go mbionn foirm ballraíochta ann, nó proiseas earcaíochta. Níl sé cosúil le cumann peile, ní doigh liom.

Ar aon nós is sorcas de chuid na meáin cumarsáide an cheist seo. Níl brí leis dar liom don ghnath dhuine.

Bhí cúpla ceist san agallamh a raibh spéisiúil agus na freagraí a thug Gerry Adams, bhí siad spéisiúil freisin. Dúirt sé, mar shampla, go mbionn sé ag guí agus gur paidreacha pháistiúla na h-urnaithe a bhionn aige agus go ndeineann sé seo i nGaeilge.

Dúirt sé go raibh sé seo ina ‘nós aisteach’ aige. Nó treithleithleachas a thug sé air. Cá bhfagann sin mise atá mo shaol spioradálta i nGaeilge ar fad?

Ar aon nós, fagfaidh mé ansan é.

Ach amháin, ar cheist iomlán difriúil, déarfaidh mé seo. Ag tús ‘The Week in Politics, dúirt an tuairisceoir, Micheál Lehane [ní gaol é!] go raibh Mary Coughlan thar lear ag díol na tíre seo – selling Ireland. An bhfuil aon seans go ndíolfaimís Mary Coughlan agus an tír a choimeád?

Comments (3)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES