Buiséad Breise ’09 – ciorruithe agus dúshlán

Posted on 08 April 2009 by igaeilge

I mí Dheireadh Fómhair seo chaite cuireadh iontas orainn nuair a nochtadh téarmaí an Bhuiséid. Bhí ciorrú ar Údarás na Gaeltachta – timpeall ar €3m don bhliain seo – agus méadú dá réir ar Chiste na Gaeilge – ardú a d’fhag go raibh tuairim is €6m sa chiste sin. Niorbh aon bónas é seo do lucht na Gaeilge nó bhí an t-airgead seo geallta, is cosúil, do Chomhaltas Cheoltóiri Éireann [fiú is ná raibh an eagras sin ach tar éis €50,000 a lorg ón gciste!].

Anois, de réir téarmaí an Bhuiséid a fhograíodh inné, tá €2m bainte den gciste sin agus é sin aistrithe go dtí an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Heileacaptair. De réir an Aire, is ionann an airgead sin agus an tsuim a bhí i gceist sa chaint ar fad faoi iarratas Chomhaltas Cheoltóirí Éireann. Is amhlaidh go raibh an t-airgead sin ina luí i gcúntas na Roinne Gaeltachta i rith an ama.

Níl a fhios againn cad é an tionchar a bheidh ag an laghdú seo – mas laghdú atá ann i bhfirinne – ar Chiste na Gaeilge. Is beag eagras a bhionn ag fáil deontas go díreach ón gCiste seo – nó is ón bhForas a thagann airgead na n-eagras mór, leithéidi Conradh na Gaeilge is eile.

Ag an am chéanna, tá Nuacht TG4 ag tuairisciú go bhfuil sé ráite leo go mbeidh laghdú 8% ar an ndeontas do na h-eagrais seo. Níl sé soiléir cé tá ag rá seo….Foras na Gaeilge, An Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta?

Tuigtear go mbeidh an Cháisc cáite sara mbeidh eolas beacht ann faoi na giorruithe ar na h-eagrais nó sin an uair a fhoilseofar mionshonraithe faoi ghiorruithe.

An ciorrú is mó atá sonrú an méid atá á bhaint de bhuiséad TG4 – geall leis €3m san iomlán agus, de reir cheannasaí an staisiúin sin, bainfear €1.8m de bhuiséad na gcláracha. Ciallaíonn sin go mbeidh níos mó cláracha á athchraoladh is dócha agus go mbeidh laghdú ar chláracha a choimisiúnú. An gciallóidh sé laghdú ar chláracha i mBéarla ar chainéal na Gaeilge – sin cheist mhaith!

Níl a fhios againn cé chomh doimhin is a bheidh na giorruithe/ciorruithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ach tá form ag RTÉ i leith RnaG. Nuair a dheintear ciorruithe ar an staisiún náisiúnta, titeann tua RTÉ go trom ar RnaG. Is cuimhin liom an uair deireannach ar thárla sé – i mbéal na Nollag i 2002 – agus chuir Tomás Mac An Iomaire, ceannasaí an Raidió an uair úd, an Nollaig ar cheal do phaistí Gaeltachta a bhíodh go traidisiúnta ag éisteacht le clár iarratas ar an raidió gach Oíche Nollag agus é á chur i láthair ag Daidí na Nollag. Cuireadh deireadh leis an gclár agus fiú go raibh feabhas ar chúrsaí airgeadais RnaG idir seo agus sin, níor tháinig an clár ar ais.

Tá sé an fhuraist ar fad an dochar a dhéanamh do bhlath na Gaeilge le ciorruithe den tsort atá fógraithe. Tá’s againn chomh leochailleach atá an Ghaeilge. Bhí a fhios sin againn riamh.

An deacracht atá agam go bhfuil a fhios againn gurb í an Ghaeilge is túisce a bhuailfear i dtrath éigeandála. Agus nuair a tharlaíonn sé bímid ag caoineadh agus ag olagón.

Tá sé in am dúinn teacht ar mhalairt phort.

Aréir bhí mé i láthair ag cruinniú i Sciobairín. Ag an cruinniú seo bhí tuairim is dhá chéad duine, cuid is mó acu bhí siad tar éis €10,000 a chur ar fáil le h-aghaidh sciar i gcomharchumann turasóíreachta nua in Iarthar Chorcaí, Comharchumann Turasóireachta Iarthar Chorcaí. San iomlán bailíodh €3m – tá sciar ag sindeacait a chuireas, thar cheann Chomharchumann Forbartha Mhúscraí, le cheile sa chomharchumann seo.

Leis an airgead seo a bailíodh agus airgead eile a bheidh ag teacht ó bhanc san Fhionlainn agus ionchur ó infheisteoirí eile, beidh carr chaladh á cheannach ag an gComharchumann agus á chur faoi sheoil idir Corcaigh agus Swansea. Táimíd ag súil go mbeidh 30,000 turasóir sa bhreis ag teacht go ceantar na Mumhan i mbliana agus níos mó arís an bhliain seo chugainn. Agus má eiríonn linn an sprioc sin a bhaint amach, gheobhaidh gach infheisteoir an suim a rinne siad a infheistiú ar ais agus brabhús le cois.

Cén fath nach feidir le pobal na Gaeilge rud éigean den tsort céanna a dhéanamh, ollchomharchumann a bhunú le h-ionadaíocht ó gach chuid den tír, thuaidh agus theas, ar bhórd. An plean a bheadh ag an Comharchumann seo tograí fiúntacha a aithint, tograí a bheadh toradh brabhúsach leo agus a thacódh leis an nGaeilge, agus infheistiú sna tograí seo.

Más féidir le lucht ghnó in iarthar Chorcaí, iad san atá suim acu sa turasóireacht, €3m a bhailiú chun carr chaladh a cheannach, cén fath nach féidir linn amhlaidh a dhéanamh.

Mar a dúirt mé roimhe, ni gá an t-airgead ar fad a bheith ann ag am amháin. D’fhéadfaí córas dochar díreach a bhunú agus iocaíochtaí rialta a dhéanamh mar sin.

Ach is é an rud is mó atá gá leis ciste nach bhfuil ag brath ar an Rialtas chun tacú le tograí fiúntacha Ghaeilge – leithéidí nós*, Raidió Fáílte is eile.

Sin atá de dhíth – go fóill is cosúil nach bhfuil pobal na Gaeilge sásta módh maireachtála atá neamhspleach ar inneal cothaithe an stait a lorg. Tá daoine ann atá ag iarraidh a leithéid a dhéanamh – ach níl siad líonmhar a dhothain.

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES