WFUV – RnaG cois Hudson

Posted on 23 April 2009 by igaeilge

Nnua-eabharcua-Eabharc nó Nua-Eabhrac? Nílim cinnte. Beidh orainn cinneadh a dhéanamh go luath nó de réir Keltalingvoj tá craoltóir raidió ag mealladh 6,500 éisteoir gach Satharn dá chlár raidió uair a chloig ar staisiún raidió phoiblí i Nua-Eabharc, WFUV-FM.

Tá a fhios agam le fada go bhfuil Gaeltacht ag léithéidí Séamus Poncán i gceantar Mhanhattan agus Inis Fada – ach ní raibh a fhios agam go raibh RnaG dá gcuid féin acu!

Tá Séamus de Bláca tar éis an clár, Míle Fáilte, a chur i láthair ó 1989. Thosnaigh sé le 10 noiméad – anois is clár é a mhaireann uair a chloig. Le déanaí bhí gné alt faoi ar CBS ar líne.

Tá cúpla clár le blas Gaelach ar an sceideal ag WFUV-FM agus tá siad le moladh as sin. De réir dealraimh is féidir éisteacht leis na cláracha seo ar líne….bainigí triail as!

Nach ait an scéal go bhfuil craoltóír phoiblí i Nua Eabharc sásta an oiread sin omóís a léiriú don Ghaeilge is don chultúr Ghaelach agus na aerthonnta a chur ar fáíl mar sin. Níl RTÉ sásta oiread is clár amháín i nGaeilge nó faoin cheol Gaelach a chur san áireamh i sceidil SÉ staisiúin digiteacha a sheol siad roimh na Nollag!

Tá gael nó dhó ag craoladh ar RTÉ Pulse – ach mar a deir Scott de Buitléir féin, is clár é Cosmo atá dírithe ar an bpobal aerach is leisbiach agus má bhionn an chúpla focal Gaeilge ann, is mór an méid é sin!

Ach seo trachtaireacht faoi Séamus de Blaca agus a cháirde i Nua-Eabharc. Tréaslaimís a gcuid iarrachtaí leo a bheith ag Raidió na Gaeltachta cois Hudson go beo beathach….

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES