Archive | April, 2009

Tags: , , , , , , ,

Ré oscailteacht na Meáin Ghaeilge ag breacadh?

Posted on 21 April 2009 by igaeilge

Tá gearrliostaí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha agus tá iGaeilge luaite ar cheann acu. Níor chuala mé aon ghleo sna meáin Bhéarla faoi ach is dócha nach gcloisfear ach an oiread. Tá oíche i dTeach Farmleigh, teach aíochta an Rialtais, geallta do gach aoinne ar an ngearrliosta, chomh maith le maithe agus mór uaisle na Gaeilge. Ní gá gur ionann an bhallraíocht sa dhá ghrúpa sin!

Mar a bheithfeá ag súil, os rud é gur i lochán beag drúisiúil a bhionn na meáin Ghaeilge ag snámh, beidh aithne againn ar fhurmhór na n-ainmneacha atá ar an ngearrliosta. Tá an gearrliosta le léamh anseo. Bionn siad ann go mion is go minic, go bliantúil fiú. Adhmhaidin, Páidí Ó Lionaird, Dáithí Ó Sé, Macdara Ó Fatharta, Ronán Mac Aodha Bhuí – tá siad i measc na n-ainmneacha ar ghearrliostai éagsúula atá tar éis a bheith luaite ar na gearrliostaí seo roimhe agus gradaim buaite acu.

Má deirim nár mhaith liom go mbuafadh duine ar bith díobh seo aon ghrádam an uair seo, ní le col ar leith d’aon duine acu a deirim sin. Tá sé in am an lochrann a thabhairt don chéad ghlúin eile, mar a deirtear. Nó mura dtarlaíonn sin ní mhairfidh na meáin Ghaeilge beo.

Tá ainmneacha nua ar na gearrliostaí – mar shampla tá Tomaí Ó Conghaile, Diarmuid Ó Muirgheasa agus An Cailín sa Chathair ó nós* luaite ar ghearrliostaí na ngradam cló – Tomaí agus Diarmaid ar an ngearrliosta don Ghradam Cló Iriseoir na Bliana, An Cailín sa Chathair a bheidh in iomaíocht liomsa agus Macdara Mac Donncha is Cathal Mac Coille don ghradam do cholúnaí na bliana.

Ní ainm nua é ainm Eoghan Ó Néill ach tá an fiontar a bhunaigh sé roimh na Nollag, An Druma Mór/Nuacht 24, tar éis domhan na meáin Ghaeilge a iompú bun oscionn. Seirbhís laethúil nuachta maraon le nuachtán ar líne – GAN DEONTAS.
Dochreidte. Dodhéanta! Ach ann is beo bríomhar mar sin féin.

Is amhlaidh an scéal le nós* – iris atá chomh maith le h-iris ar bith i dteanga ar bith agus é sin á fhoilsiú gan deontas. Ní gá dom a rá ach go léiríonn nós* le gach eagrán chomh lofa is atá saol na Gaeilge nó an treimhseachán a fuair deontas, deontas de bhreis ar €8,000 in aghaidh an eagráin, ón bhForas, Comhar, ní fhéadfadh aon duine a rá gur bhfiú do bheith ag fáil tacaíocht roimh nós*.

Tá cúpla ainmniúchán faighte ag Raidió Fáilte agus Raidió Rí Rá freisin i measc na ngradam raidió. Na Giollaí Deacra agus Eoghan Ó Néill atá luaite le gradaim ó Raidió Fáílte agus tá Miriam Maher ann ó Raidió Rí Rá. Tá ainmniúchán faighte freisin ag Popnuacht ar Raidió Rí Rá.

Agus an liosta léite agam, tugaim faoi ndeara go bhfuil Eoghan Ó Néill luaite ann fá thrí, é ainmnithe le h-aghaidh gradam don iriseoireacht chló agus don iriseoireacht raidió agus do bhuaic ghradam chumarsáíde an Oireachtais freisin. Go n-eirí leis i ngach aon cheann.

Tá áthas orm freisin a fheiscint go bhfuil Antaine Ó Donnghaile luaite ar an ngearrliosta don Bhuaic Ghradam Chumarsáide. Idir é féin agus Ciarán Hegarty, suaimhneas sioraí do, agus baicle beag in Aonad na Gaeilge sa BBC i mBéal Feirste, d’iompraigh siad lochrann na Gaeilge i gcorporáid a bhí thar a bheith amhrasach is drogallach i leith na teanga agus pobal a labhartha go stairiúil. De bharr a gcuid iarrachtaí, tá go leor leor i nGaeilge á dhéanamh ag an BBC, in ainneoin nadúr an chraoltóra. Ní fada ó shin a bhíodh leithéidí Gearóid Ó Cairealláin ag iompar bhrát ar a raibh ‘Auntie Beeb is Anti Irish’ scríofa agus é ar agóid taobh de Theach na Craoltóireachta, Ascail Ormeau i mBéal Feirste. B’fheidir go bhfuil Auntie Beeb fós ‘anti Irish’ ach is cinnte nach bhfuil aon locht ag pobal na Gaeilge ó thuaidh ar Aonad na Gaeilge an BBC. A mhalairt glan atá fíor.

Ar an ngearrliosta don bhuaic ghradam freisin tá SBB agus Bob Collins. Más ‘Hall of Fame’ award é seo, duais ‘onórach’ de short chun aitheantas a thabhairt do phearsa a rinne a chion le linn a shaoil oibre, maith go leor, ba cheart iad a bheith sa reicneáil. Seachas sin, ní doigh liom go bhféadfaí iad a chur sa reicneáíl céanna le Antaine nó Eoghain. Ach tugaim chun cuimhne go raibh ceiliúradh mhór le déanaí ag SBB ar an Raidió os rud é go raibh sé dhá scór bliain ag craoladh agus é tar éis an trí scór a shroichint. Agus tá Bob Collins anois ina cheannasaí ar an gCoimisiún Cothromais ó thuaidh le roinnt mhaith blianta agus gan morán baint aige le saol na craoltóireachta ó d’eirigh sé as a ról le RTÉ i 2005/6.

Leireoidh torthaí an chomórtais seo an bhfuil fonn fáis ar an earnáil meáin Ghaeilge nó an bhfuil sé le fánacht i gcúinne beag dorcha go brách. Má eiríonn leis na pearsai atá luaite agam thuas, nó cuid acu fiú, leithéidí nós*, an Druma Mór, Raidió Fáilte agus na dearúdaimís na banaisteoirí ó Seacht, Linda Bhreathnach is Michelle Beamish. beidh a fhios againn go bhfuil ré na drúise sna meáin Ghaeilge ag teacht chun deiridh agus go bhfuil ré na h-oscailteachta ag breacadh. Ní comórtas foirfe é Gradaim Chumarsáide an Oireachtais – agus sin rud atá ráíte agam anseo arís agus arís eile – ach is slat tomhas réasúnta tabhachtach é ar shláinte – nó easpa sláinte – na meáin Ghaeilge.

Agus ní mór do lucht an Oireachtais a thuiscint go bhfuil clú agus seasamh na Gradaim Cumarsáide ag brath ar chumas athnuachan is athfháis na meáin Ghaeilge. Mura mbionn pearsaí nua is buaiteoirí ura ag teacht chun tosaigh, bheadh sé díreach chomh maith gan bacadh le h-ocáid mhór na nGradam a reachtáil agus na píosaí criostal a sheoladh ar mhear phost chuig Casla, An Cheathrú Rua agus Baile na hAbhann.

Ocáid mhór a bheidh ann i mbliana nó tá sé i gceist é a reachtáil i dTeach Farmleigh, Tigh Fáílithe an Rialtais d’aoíanna tabhachtacha agus ionad d’ocáidí stáit. An mbeidh na torthaí inchurtha leis an ocáíd?

Comments (13)

Tags: , , , ,

Ceol agus cibeal i mBaile Mhúirne

Posted on 20 April 2009 by igaeilge

Beidh Aonach Ceoil i mBaile Mhúirne ag deireadh na seachtaine seo chughainn, an deireadh seachtaine saoire bainc ag tús mhí Bealtaine.

Seoladh an fhéile seo ag an deireadh seachtaine agus b’é Con Fada Ó Driosceoil a sheol é. Seo chughaibh roinnt míreanna físe ón ocáid a rinne mé a thaifead le h-aghaidh suíomh ar leith atá curtha le cheile agam don Aonach Ceoil.


Comments (1)

Tags: , , , , , , , , , ,

Ar eagla na n-easaontóirí

Posted on 19 April 2009 by igaeilge

Pictiúir stairiúil ó aimsir an Eirí Amach i mBaile Átha Cliath i 1916

Pictiúir stairiúil ó aimsir an Eirí Amach i mBaile Átha Cliath i 1916

Tá scannán ag teacht inár dtreo go luath faoi Eirí Amach 1916, Easter Sixteen.

Ach tá rabhadh ‘sláinte’ á thabhairt ag an starai, Lord [Paul] Bew, faoin scánnán seo nó ceapann sé go gcothóidh sé agus go spreagfaidh sé ‘easaontóirí’.

Bew raised his fear that modern-day dissidents might take their lead from the characters in the movie, saying: “They — the dissidents — can surely say, ‘Well, we may be so-called micro groups but we have an historic legitimacy as saviours of the nation’. One would hope that such an irony of our history would not be missed, but I wonder.”

Níl a fhios agam an bhféadfadh scannán ar bith easaontóirí a spreagadh nó a ghríosadh chun rud a dhéanamh ná raibh siad ag iarraidh a dhéanamh ar aon nós. Ach tá an baol ann is dócha nó, mar a WB Yeats trath:

Did that play of mine send out good men the English shot?

Tá cluiche aisteach á imirt anseo ag leithéidí Bew agus athscriobhaithe eile na staire. Feictear domsa gurb iad is mó atá ag cothú na h-easaontóirí agus iad ag iarraidh a thabhairt le fios tre talamh tirim a dhéanamh go bhfuil Sinn Féin anois ag cur riail na Breataine i bhfeidhm in Éirinn gur easaontóir gach duine nach n-aontaíonn le SF. Ar chúinse ar bith.

Níl sé chomh simplí sin an dubh a chur ina gheal ar dhaoine. I mo chás féin: Is poblachtóír mé sa chiall is leithne den bhfocal. Ní aontaím le Sinn Féin faoin cur chuige atá ag an phairtí i leith na Gaeilge. Tá díomá orm faoi easpa cumais is éifeacht an phairtí san Fheidhmeannas ó thuaidh ach ní chiallaíonn sin go bhfuilim ag easaontú, mar shampla, leis an gcinneadh bheith páirteach san Fheidhmeannas ó thuaidh ar bhonn phrionsabail. Bhí gá leis an dul sa tseans sin – fiú murar eirigh leis go dtí seo nó mura n-eiríonn leis go ceann i bhfad. Nó is fearr é sin ná an rogha eile, an rogha fuilteach dúnmharfach náireach a léiríodh dúinn roinnt seachtainí ó shin nuair a maraíodh poilín agus beirt shaighdiúir ó thuaidh.

An cluiche atá á imirt ag leithéidí Bew síol an amhrais a chur ag fás is a chothú i measc gach cineál poblachtóír ar mhaithe le scoilteanna a chruthú agus a chothú ar an dtaobh sin. Tá seo á dhéanamh le go mbeadh scoilteanna ar an dtaobh náisiúnach poblachtach Éireannach mar atá ar an dtaobh Aondachtach Dílseach Briotanach. Íonsaí faoi choim atá ann ar Shinn Féin, ar ndóigh, mar go dtugann sé le fios go bhfuil an páirtí sin ‘ceart go leor’ anois i súile na nAondachtóirí. Tuigeann leithéidí Bew gur mioscais atá ar bun acu, cheapfainn, nó ba cheart go dtuigfeadh Ollamh le Polataíocht in ollscoil ar bith, fiú Ollscoil na Ríona, gur amhlaidh an scéal.

Tá sé feicthe agam go bhfuil iarracht déanta ag roinnt daoine a easaontaíonn le SF ar cheist na Gaeilge a lua le h-easaontas níos ginearálta le SF. Mar a dúirt ní féidir bheith chomh dubh agus bán le sin ar cheisteanna dá leithéid.

Ní imeartas focail atá ar bun agam nuair a deirim nach n-aontaím le SF ar nach mór gach rud atá ar bun ag an phairtí faoi láthair agus le tamall anois ach ag an am chéanna go ndeirim ós árd nach easaontóir mé. Is fuath liom rogha an doirteadh fola, an t-aon malairt ar an réimeas láithreach atá á thairiscint ag na h-easaontóírí.

Idir an dhá linn, táim ag súil go mór leis an scannán nua seo faoi 1916. Níl a fhios agam an mbeidh sé chomh maith le ‘The Wind That Shakes The Barley’‘Michael Collins’ nó fiú ‘Michael Collins – The Musical’.

Ach taitníonn sé liom go bhfuil iarracht á dhéanamh ag Hollywood an scéal seo a ínsint. Mas mall is mithid.

Tá cuimhne agam gurb iad Paul Bew agus athscríobhaithe mar é a thog raic leis an BBC agus RTÉ i 2001 as an chomhléiriú a rinne siad i sraith theilifíse faoi 1916 agus an méid a lean é. Bhí siad ar buile gan amhras gurb é Ronan Bennett, iar chime Phoblachtach atá anois ina scríobhnóir mór le rá, a scríobh an dráma don sraith seo, Rebel Heart. Bhí siad ar buile freisin gur léirigh sé radharc náireach ó stair an RUC, nuair a rinne scuaid den fhórsa náirithe sin íonsaí ar an dteaghlach McMahon agus gach mac mathar acu a mharú ina dteach cónaithe. Eachtra míchlúiteach é sin a tharla i dtús na 1920í agus luaitear an Oifigeach san RUC, John Nixon, leis an eachtra dúnmharfach sin. Ina dhiaidh sin toghadh é ina MP i gceantar na Seanchille i bPairlimint Stormont. B’é Ian Paisley a runaí Phairliminte….

Is ait an mac an stair…

Comments (6)

Tags: , , , , ,

Mo Ghile Mear ó na Garbh Chríocha

Posted on 18 April 2009 by igaeilge


Is dócha go bhfuil sé oiriúnach go leor go mbeadh ‘Mo Ghile Mear’ á chanadh le linn cláir teilifíse dár teideal, ‘The Highland Sessions’, ag cur ábhar an amhráin san áireamh. Leagan deas é seo le Mary Black, Iarla Ó Lionaird, Karen Matheson, Karan Casey, Allan Domhnallach ag glacadh páirte. [Tá drogall áirithe orm an leagan seo a chur ar an suíomh seo i bhfianaise go gcreidim gurb é leagan Chór Chúil Aodha an leagan deifinídeach ach é sin ráite, ní bheimíd ró luachmhar ina leith!]

Canaigí libh….

Comments (5)

Tags: ,

Céad fán gcéad, a Chainteoir!

Posted on 18 April 2009 by igaeilge

eire100_teangachaInné bhí mé ag caitheamh anuas ar ‘An Cainteoir Dóchais’ as a bhlag a bheith leamh agus codlatach. Maidin inniu thug mé cuairt ar an mblag agus fuair mé scéal an spéisiúil ar fad. Is léir gur rinne mé éagóir ar an gCainteoir Dóchais! Mo leithscéal as sin.

Tá Michal tar éis anailís a dhéanamh ar thorthaí dhaonáireamh 2006 agus daonra an saorstáit a athshamhlú. In áit 4m duine a bheith ina gcónaí sa dlínse, níl ach 100 ina gcónaí ann. Conas mar a aistríonn na staitisticí faoi ghnéithe éagsúla ó Éire an 4m go Éire an 100?

De réir anailís Michal, is cainteoirí Béarla go príomha 55 ón gcéad seo. Is cainteoirí Béarla a bhaineann úsáid as an nGaeilge ó am go cheile 39 as an gcéad. Cainteoirí Gaeilge go príomha iad beirt as an gcéad agus cainteoirí teangacha eile iad triúr as an gcéad.

Le h-aghaidh léargas níos iomláine, tugaigí cuairt ar An Cainteoir Dóchais.

Maith thú Michal. Táim faoi chomaoin agat as an scéilín spéisiúil seo a fhoilsiú….

Scéal é seo a thugann léargas soiléir ar neart na Gaeilge agus na dúshláin atá romhainn.

Comments (0)

Tags: , , ,

Cothrom na Féinne do Mhúinteoirí

Posted on 18 April 2009 by igaeilge

Tá an seachtain caite ag na meáin ag céasadh na múinteoirí. B’fhéidir nár cheart go mbeadh iontas orainn faoi sin. Bhí comhdhálacha na múinteoirí ar siúl agus ba léir gur chreid na meáin gur cheart an béim a leagan ar ‘gheonaíl’ na múinteoirí atá postanna socair acu, pá maith de bharr an ‘bench-marking’ agus laethannta saoire fada.

Fhaid is a bhí an chuid eile againn ag filleadh ar obair Dé Máirt, bhí an saoirse ag na múinteoirí ar feadh na seachtaine, agus an seachtain roimh Dhomhnach Cásca le cois, le freastal ar na gComhdhálacha seo.

Ach sílim go bhfuil an tuairisciú seo, leis an mbéim diultach agus ionsaitheach, ag déanamh éagóir ar mhúinteoirí. Siad na daoine atá ag tabhairt oideachais dár bpáistí. Agus tá siad á dhéanamh seo chomh eifeachtach agus is féidir leo in ainneoin easpa áiseanna atá ar chomhchéim le h-áiseanna a dheintear talamh tirim díobh i dtíortha forbartha eile. Cén sort áiseanna atá i gceist agam – saotharlannaí eolaíochta agus teanga, riomhairí, áiseanna spraoi ceart do pháistí.

Cé go maíonn an Rialtas gur deineadh an-infheistíocht san earnáil oideachais le blianta anuas, agus an Tiogar Cheilteach in ard a réime, ní léir gur tharla sin go cothrom ar fuaid na tíre. Níos minicí ná a mhalairt bhraith an cinneadh faoi cé acu an mbeadh scoil nua á fháil ag pobal ar cé acu an raibh an TD áitiúil ina Aire nó ina Aire Stáit.

Tá’s ag tuismitheoirí freisin na h-iarrachtaí atá á dhéanamh ag múinteoirí na h-easnaimh a chúiteamh. Bionn go leor oibre le déanamh ag bailiú airgid le h-aghaidh bun riachtanaisí oideachais, oícheannta cartaí, siulóidí urraithe is eile.

Bhí alt amháin inniu san Irish Times a rinne iarracht cothrom na féinne a thabhairt do na múinteoirí. Ní ag gearán ar a son féin ar fad a bhí múinteoirí an tseachtain seo agus iad ag na comhdhálacha – nocht siad a bhfearg leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffe, as ucht na giorruithe gearr-radharcacha a rinne sé ar scoileanna, ar dheontas na leabhair do pháistí faoi mí-bhuntáiste mar shampla.

Tá tagairt déanta do phá mhúinteoirí – foilsíodh suirbhé le linn na seachtaine a thug le fios go raibh muinteoirí fireann, ar an meán, ag fáil tuarastal a bhí €8,000 níos airde ná tuarastal mhuinteoirí baineann. Gurb é €64,000 an meán phá do mhuinteoirí fireann agus €56,000 an ghnath thuarastal ag múinteoirí baineann. Tarlaíonn seo de bharr a laghad múinteoirí fireann atá ann – timpeall ar 15% – agus is minicí a bhfaigheann siad ardú céime agus a dheintear príomh-oidí díobh. Ní mór a mhíniú gur seo libhéal pá atá nios giorra do bharr an scála agus tá tuarastal an mhúinteora agus é/í ag tosnú i bhfad níos ísle – tá tú ag caint ar níos lú ná €30,000.

B’fhearr liom go mbeadh múinteoirí ag fáíl pá ard – tá siad ag tabhairt aire dár bpáistí – ná tuairisceoirí is craoltóirí. B’fhearr i bhfad a bheith id tuairisceoir ag tosnú le Nuacht TG4 – tosnaíonn a bpá siúd ag €54,000 agus má bhfaigheann siad ardú céime, beidh siad ag saothrú suas le €82,000 in aghaidh na bliana. Agus na craoltóirí móra le rá ar chláracha RTÉ agus iad ag caitheamh anuas ar na múinteoirí – faigheann siad san tuarastal ón sparán phoiblí [Ciste an Cheadúnais] agus deineann siad gach iarracht cáin a sheachaint trén tuarastal a dhíol le comhlachtaí príobháideacha.

Má tá giorruithe le déanamh, ba cheart tosnú leo.

Comments (1)

Tags:

Comórtas Blagála an Oireachtais – Cé bheidh san iomaíocht?

Posted on 17 April 2009 by igaeilge

Tá scéal faighte agam ó Oifig Ghaeilge Institiúid Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, DIT, ag tabhairt le fios go mbeidh an chomórtas blagála a rinne an oifig sin urraíocht air anuraidh ar ais aris i measc Comórtais Liteardha an Oireachtais. Agus arís eile beidh duais €1000 ann don bhuaiteoir.

Gan aon agó, is é sin an duais is luachmhaire i saol na blagadóireachta in Éirinn, cuma cén teanga atá i gceist, Gaeilge, Béarla nó eile. Tá Oifig na Gaeilge le moladh as an urraíocht fhial seo.

Ba cheart go spreagfadh sin go leor chun peann a chur le párméar a chur le méarchlár agus blag a thosnú. Ní gá dom a rá ach féidir tús a chur leis i gceann cúpla nóiméad agus má tá rud éigean le rá agat, tá tú san iomaíocht.

Os rud é gurb é an blag seo a bhuaigh an duais seo anuraidh, nílim cinnte an bhfuil cead dul san iomaíocht arís an bhliain seo chughainn. Ach fiú mura bhfuil, tá roinnt blaganna eile atá tagtha chun tosaigh le linn na bliana a fhéadfadh dul san iomaíocht.

Is dócha gurb é Garraí Johnny Mhorgan an blag is suntasaí atá tagtha ar an saol ón am seo anuraidh – agus is cinnte, má bhionn sé san iomaíocht, go mbeidh blag Thaidhg Mhic Dhonnagáin deacair le cloí. Ní gá a rá nach n-aontaím le gach rud a deir Tadhg ar a bhlag – ach ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil sé dea scríte agus curtha le chéile go snásta.

Tá blaganna eile ann, ceart go leor, leithéidí An Cainteoir Dóchais ach ní dheintear blagáil ann ach go h-annamh agus ansan féin, bionn sé leamh agus codlatach.

Bhí dúshlán éigean ag baint le blag Ghael Gan Náire – ach tá sin imithe anois cé go mbionn an Ghael ag blagáil i nGaeilge ar Slugger O’Toole agus is maith ann é. Tá Aonghus tar éis a rá nach mbeidh sé san áireamh cé go bhfuil sé ag blagáil leis arís tar éis an Charghas a dhéanamh.

Tá An Druma Mór ag baint úsáid as cur chuige blagála – ach ní féidir a rá gur blag é nó is beag tuairimíocht a bhionn ann le déanaí. Tá tuairimíocht riachtanach i mblag – agus tá nuacht inmhianaithe. Gnó eile atá ar bun ag An Druma Mór. Is cinnte go bhfuil na scriobhnóirí ann chun an dhá thrá a fhreastal – ach tá go leor idir laimhibh acu.

Ritheann sé liom go bhféadfadh An Speallaire i Foinse blag maith a chur ar fáil. Ach is cosúil gur fearr leis na torthaí is fáil a phiocadh ó gharraithe ár leitheidne seachas a gharraí féin a chur ag fás. Spealladóir cinnte – ach ar gharraí na gcomharsain. Tá sin ceadaithe chomh fada agus go mbionn tú béasach a dhothain a thabhairt le fios cad as atá tú ag aimsiú an abhair.

Ar aon nós, níl sé ag blagadóireacht go fóill. Ní fiú bheith ag caint faoi.

Luadh in alt ag Mairéad Ní Chinnéide an tseachtain seo chaite go bhfuil blag Ghaeilge ag Deaglán Ó Bréadún ón Irish Times – ach ní raibh ach aon mhír amháin i nGaeilge ag Deaglán i nGaeilge go dtí seo agus ní fheadar an féidir sin a chur san áireamh mura dtosnaíonn sé nó a leath bhadóir, Harry McGee, ag tabhairt faoin obair.

Ní feidir liom mo shean chara, An Caomhach, a ligint i ndearmad. B’fheidir go bhfuil sé in am do Shéamus port eile a sheinm seachas a bheith ag gabhail den sean phort céanna arís is arís eile faoi chomh ‘frith Iosraelach is frith Iúdach’ is atá na Gaeil – dar leis. Tá Póló ag cnagaireacht leis. Taithníonn sé liom cuairt a thabhairt ó am go cheile ar Áine agus tá Hilary i gcónaí ar an eolas faoi imeachtaí na Gaeilge i Meirceá. Tá Seán Mór ag blagáil ó Inis Eoghanaigh – agus is cinnte gur fiú cuairt a thabhairt air nó bionn léargas suimiúíl aige ar an saol Gaelach is Poblachtach.

Nior thaitin ‘Chetwynde Downs’ liom riamh. Tá sé greannmhar cinnte agus is smaoineamh maith é, aor shobal ar líne, ach tá sé aiféiseach agus dochreidte. Cá bhfios gurb é Ulysses na blagadoireachta atá ann – ach déarfaidh mé an méid seo leat, níl ach cúpla sliocht as Ulysses léite agam freisin. Blag spéisiúil é Cuairt na Cruinne in 80 bliain ach is annamh go mbionn ábhar nua ann.

Is é Conn Ó Múineacháin agus An t-Imeall ceannródaí na blagadóireachta Gaeilge – bhí an tImeall gan uasdatú ó Dheireadh Fómhair go Márta de bhrí an brú oibre atá ar Chonn atá ina laithreoir cláir ar Clare FM agus atá freisin ina fhiontraí idirlín ach anois, tá sin athmhuscailte arís cé nach bhfuil sé ar lan luas go fóill.

Tá blagadóirí eile ar nós Corcaighist a bhionn ag tumadh isteach is amach ón nGaeilge – agus bionn siad san spéisiúil go maith freisin. Tá blag ag Aonghus Dwane ar fiú cuairt a thabhairt air mas suim leat cúrsaí Eaglais na hÉireann a léamh ach is annamh a dheintear uasdatú air.

Ní liosta criochnúil é seo ná baol air – nior luaigh mé Nós* tugaim faoi ndeara mar, aris, ní blag é sa ghnathchiall de bharr gur suíomh nuachta é seachas rud ar bith eile. Bhíodh suíomhanna ar nós an clár plé Ghaeilge ar Politics.ie beo bríomhar trath – ach tá siad imithe i léig. Tá clár plé Beo á athnuachan le roinnt míonna anois agus fiú nuair a raibh sé beo, ní raibh sé thar moladh beirte.

Tá saol na blagadóireachta beo bríomhar maith go leor – ach níl anseo ach an tús.

Comments (7)

Tags: , , , , , , , , , ,

An Poc Ar Buile – an amhrán is measa ar Ceol 09?

Posted on 17 April 2009 by igaeilge

Tá’n eagrán is déanaí de Nuacht 24 ar fáil agus tá go leor sna scór leathnaigh sa nuachtán seachtainiúil saor ó dheontas seo, mar a bhionn gach seachtain. Tréaslaím le hEoghan Ó Néill agus a fhoireann as a gcuid oibre.

Ach cad é seo sa léirmheas ag Gráinne Nic Fhearraigh ar Ceol 09? Bhí mo léirmheas féin anseo cúpla lá ó shin. An bhfuil sí ag caitheamh anuas ar An Poc Ar Buile, an amhrán is clúití riamh a scríobhadh i nGaeilge?

Seo a deir sí ina léirmheas:

”Ach leis an fhírinne a dhéanamh, bhí mé meallta leis na traiceanna direannacha. Ó traic 11 (Ham Sandwich – Click Click Boom Boom) ar aghaidh, is laige na h-amhráin, rud a tharlaíonn go minic ar dhlúthdhioscaí na saolta seo dar liom. Is minic a chuirtear isteach amhráin mar ‘fillers’ agus tá mé den bharúil go bhfuil lorg de sin ar Ceol 09.

Más sin mar atá, is íonadh gur choinnigh siad an t-amhrán is measa go dtí an deireadh! Cuireann sin isteach orm go mór. Cad é atá i gceist agam? John Spillane agus ‘An Poc Ar Buile’. An ag magadh atá tú, a mhic! Ar dhluth dhiosca pop. Ní thuigim é. Tá sé as áit, aisteach, agus thar a bheith sean aimsearthale taobh Duke Special agus a leithéid, is cuma gur leagan nua John Spillane atá ann. Ní oireann sé do Ceol 09!”

Ní lia duine ná tuairim. Agus is maith an rud é go bhfuil an leirmheastóir seo sásta tuairim a nochtadh atá dúshlánach agus nach bhfuil eagla uirthí sonc a thabhairt do bhá bheannaithe na Gaeilge!

Ag an am chéanna, ba cheart a lua gurb é ‘An Poc Ar Buile’, dá olc é, an t-aon amhrán ar Ceol 09 nach aistriúchán a bhí ann. Cinnte is ‘golden oldie’ é agus níl morán difiriúil i leagan John Spillane ón leagan a bhí ag Seán Ó Sé sna 60í. Agus tá Seán Ó Sé ag canadh sa leagan seo freisin. Ní mór a lua freisin go raibh An Poc Ar Buile ar an albam ‘Irish Songs We Learned At School’ a d’eisigh John Spillane roimh na Nollag agus a dhíol na mílte coipeanna, tuairim is 40,000, an díolachán is mó d’albam Ghaeilge riamh creidim.

An dea smaoineamh amhrán ón albam seo a chur ar Ceol 09? An meallfaidh sé an phobal, seachas an 40,000, Ceol 09 a cheannach ar mhaithe leis An Poc Ar Buile agus na h-amhráin eile ar Ceol 09 a bheith acu nó an gcuirfidh sé daoine ó dhoras mar go bhfuil 40,000 tar éis an albam ISWLAS a cheananach agus nach mbeidh fonn ar chuid acu, atá fonn léirithe acu albam Ghaeilge a cheannach, díol as An Poc Ar Buile faoi dhó. Gan amhras níl ann ach amhrán amháin le taobh breis is dosaen amhrán pop eile i nGaeilge. Nior cheart go gcuirfeadh sé isteach ar dhíolachán.

Bhuel tá an dhá albam agam. Agus is dócha go bhfuil an dhá albam ag go leor Gaeil eile ar mhaithe gur i nGaeilge atá an dhá albam. Ar ndóigh is fiú an dhá albam a cheannach mar go bhfuil siad beirt go maith ó thaobh an cheoil de an oiread is go bhfuil siad go maith ó thaobh an cheoil de.

Ach b’fheidir go bhfuil gá le treo úr a léiriú i Ceol 10. Cén fath nach mbeadh an albam sin lán le h-amhráin nua chumtha i nGaeilge nach bhfuil ar fáil i mBéarla ar chorr ar bith? Cén fath nach gcuirfí meitheal scríobhneoirí is ceoltóirí le cheile chun dosaen nó níos mó amhrán a chumadh anois a bheadh á cheol ag leithéidí Fiach, Cathy Davey, Camille O’Sullivan, Duke Special, Eddi Reader is eile, amhránaithe is bannaí a bheadh i mbéal an phobail.

Cén fath nach mbeadh amhrán ó Ceol 10 ar bharr chairteacha na singlí? Nach mbeadh sé ar an fhreagra is fearr ar An Poc Ar Buile atá as alt le Ceol 09 go mbeadh amhrán Ghaeilge eile ar bharr na gcairteacha – nó ins an Barr 10 ar a laghad – i 2010?

Ar ndóigh tá tosc amháín le cur san áireamh nach bhfuil curtha san áireamh go dtí seo, is é sin go bhféadfadh tograí ar nós Ceol 10 bheith i mbaol de bharr ciorruithe an Fhorais ar Chonradh na Gaeilge. Níl a fhios sin agam go cinnte – níl ann ach tuairimíocht. Fagfaidh mé faoi leitheoirí a mbarúil a thabhairt faoin fhiúntas a bhaineann le caiteachas ar leitheidí an Fhorais seachas ar thograí ar nós Ceol 10.

Comments (1)

Tags:

Margaí rúnda RTÉ

Posted on 17 April 2009 by igaeilge

scéal spéisiúil á thuairisciú san Irish Times inniu agus trácht á dhéanamh ann ar aighneas idir bheirt staraí faoin mhargadh a rinneadh idir foilsitheoir leabhar staire faoi Eamon Devalera, Judging Dev le Diarmuid Ferriter, agus RTÉ, a chraol sraith bunaithe ar an leabhar.

Dar leis an staraí Anthony Jordan, ba shocrú rúnda a d’fhag droch bhlas ar chúrsaí an margadh a deineadh idir RTÉ agus Acadamh Ríoga na hÉireann faoin phoiblíocht a bheadh le fáil ag an leabhar seo ar chainéil raidió agus teilifíse an chraoltóra náisiúnta, maraon leis an suíomh idirlíon.

Faoin shocrú seo bheadh RTÉ ag fáil iocaíocht chun tosaigh de €400 agus 2% den taille ríogachta ar dhíolacháin os cionn 15,000 coip. Díoladh 20,000 coip go dtí seo.

Agus mé ag léamh an scéil tugadh chun cuimhne dom an úsáid an mhí úsáid a bhain Gerry Ryan, diosc-mharcach 2FM agus láithreoir Ryan Confidential ar RTÉ 1, as aerthonnta an chraoltóra náisiúnta chun poiblíocht a bhaint amach dá leabhar bheathaisneise, Will The Real Gerry Ryan Stand Up? Bhain sé úsáid as clár ón sraith Ryan Confidential chun go gcuirfí é féin faoi agallamh agus an leabhar á seoladh. Ryan Tubridy a rinne an agallamh. Cad é an margadh rúnda a bhí ar chúl sin?

Comments (0)

Tags: , ,

Comhghairdeas le Pobal – ach cá bhfuil sé anois?

Posted on 16 April 2009 by igaeilge

Is cosúil go bhfuil an iris chlár, Pobal, tar éis duais iomráiteach a bhaint as an irischlár is fearr, an Prix Circom.

Bhain an chlár fein le cás na n-inimirceach in Éirinn agus b’iad Eibhlín Ní Choistealbha agus Eloho Egweutera a chur an chlár i láthair.

Clár irise ABEA Pobal a BHÍODH á chraoladh gach trathnóna Dé Domhnaigh ar RTÉ 1, ba chlár é a fhéadfá a chur i gcomparáid le Nationwide ach go mbionn an clár sin á chraoladh ceithre nó cúig uair sa tseachtain. Ochón ó, ach nár baineadh é den aer díreach roimh na Nollag de bharr ciorruithe a bhí á dhéanamh ag Nuacht RTÉ.

Bhí lucht féachana ollmhór ag an gclár – timpeall 200,000 a bhí ag faire ar an gclár go rialta. Cur sin i gcomparáid leis an 16-24,000 a bhionn ag faire ar Nuacht TG4 agus tuigfidh sibh an chailliúint é seo do lucht féachana na Gaeilge.

Comhghairdeas le Nuacht RTÉ as an duais seo a bhuachaint. Nuair atá Michael Lally, ceannasaí Nuacht RTÉ san Isiltír an mhí seo chughainn chun glacadh leis an ngradam ag an ocáid bronnta, b’fheidir go mbeidh seisean ábalta a mhíniú don slua cén fath ar baineadh an clár den aer níos fearr ná mise…..

Nóta breise: Sa tuairisc a rinne Nuacht TG4 aréir ar an mbua seo, nior deineadh aon tagairt den chinneadh a deineadh an clár Pobal a bhaint den aer le déanaí. Cén fath an chuthaill, Nuacht TG4?

Comments (1)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES