Archive | May, 2009

Tags: , ,

RIP Cursai Reatha ar RTE RnaG

Posted on 30 May 2009 by igaeilge

Más fíor an scéal i Foinse inniu, déanfaidh tua tuatach RTE sceanairt ar chláracha chúrsaí reatha agus nuachta RTÉ RnaG.
Imithe de sceideal an Fhómhair:
Seó Beo an tSathairn
Faoi Chaibidil
Ciorruithe: Adhmháidin, uair seachas 90 noim.

Níl na cláracha seo gan locht, go h-áirithe SBaS agus FC, ach gan iad nó a macasamhail is mar fhásach ceoil agus agallaimh le sean leaideanna a fhágfar RTÉ RnaG.

Míthráthúil go maith atá an chiorrú seo ag titim amach nó ag an am seo, níos mó ná riamh, tá gá agus lucht éisteachta ann do chláracha cúrsaí reatha. Toisc nach bhfuil aon fógra ar RnaG, is cuma leo faoin éileamh i measc an phobail. Ceist é seo faoi chostas amháin.

Cá bhfuil cnámhdroma Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta anois? Nó an é go bhfuil eagla ar aon duine faic a rá faoin choiltiú seo ar an staisiun Gaeltachta ar eagla go gcaillfidh siad ‘gig’ lá an chúntais?

Táthar cúramach i scéal Foinse a lua gur easpa buiséid seachas easpa
Is é an locht is mó ar Seó Beo an tSathairn agus Faoi Chaibidil go raibh siad ró chompórdach agus ná raibh aon dúshlán ag baint leo. D’fhéadfá brath ar na laithreoirí agus na h-aoíanna bheith ag bladráil leo gan gusta gan éifeacht gan faobhar.

Bhí agus tá gá le breis cláracha ar nós Adhmhaidin ar fuaid sceideal RnaG – ach is gnó costasach é sin. Mar sin is féidir bheith ag súil le tuilleadh ceoil agus agallaimh le sean leaideanna agus, cá bhfios, b’fhéidir go gcuirfear le h-uaireannta craolta Anocht FM – rud ar bith seachas fíor chláracha raidió a léiriú agus a chraoladh.

Creidim féin go bhfuil sé in am do RTÉ Raidió na Gaeltachta taille a ghearradh ar fhógraí báis is ar fhógraí eile chun airgead a bhailiú le cinntiú nach caillfear cúrsaí reatha ar fad ón staisiún. An bhfuil sé sin ró dhúshlánach mar thuairim Satharn an saoire bainc?

Comments (0)

Sea…oibríonn an Lucht Oibre

Posted on 29 May 2009 by igaeilge

Agus sin mise ag ceapadh go raibh an Lucht Oibre eirithe as an obair….

Maith iad….sheol Shauneen ón bpríomh oifig an nasc chugham ó chianaibh…

Comments (1)

Tags: ,

Deireadh an róid d’Fhoras na Gaeilge?

Posted on 29 May 2009 by igaeilge

Agus sinn ag smaoineamh ar an deireadh seachtaine fada ag síneadh romhainn, meabhróimís ar phriacal fheidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge atá, de reir mar a thuigim ó fhoinse iontaofa, ag teacht le cheile chun ‘athbhreithniú a dhéanamh ar eifeachtacht (nó mí eifeachtacht) na comhlachta teanga tras teorainn’.

De réir an eolais atá tagtha chomh fada liom, agus níl sé seo dearbhaithe go fóill, tháinig feidhmeannaigh an Fhorais le chéile an deireadh seachtaine seo chaite chomh maith. Agus de reir an fhoinse céanna, is é ‘eifeachtacht’ an Fhorais atá ar bharr an chláir oibre ag na cruinnithe seo.

Anois tá ceisteanna curtha agam anseo go minic faoi eifeachtacht an Fhorais agus cá bhfios go bhfuil na ceisteanna sin anois á fhiosrú ag na cruinnithe seo.

Cén fath, mar shampla, nach féidir le Foras na Gaeilge cúntais nó tuairisciú bliantúla a fhoilsiú in am? D’fhoilsíódh tuarascáil is cúntais 2004 i mí Feabhra na bliana seo….

Cén fath nár eirigh le Foras na Gaeilge aon ardú shuntasach a fháil ar a gcuid maoinithe – agus dá bhrí maoiniú na n-eagras Ghaeilge – idir 2002 agus 2007, tréimhse inar tháinig méadú ollmhór ar mhaoiniú eagrais chomh-ionann, leithéidí An Chomhairle Ealaíon a bhfuair €24m i 2002 agus a raibh ag fáil breis is €80m i 2007/8?

Cén fath go bhfuil an Foras ag earcú daoine sna réimsí mhaorlathacha agus iad ag tabhart le fios d’eagrais Ghaeilge gan aon duine a earcú gan cead ón bhForas, fiú caithfear cead a fháil chun folúntais a thagann chun tosaigh a líonadh?

An bhfuil brí agus éifeacht leis an mbealach atá an fhoireann roinnte idir oifigí éagsúla – oifig Bhaile Atha Cliath lán go doras agus oifig Bhéal Feirste folamh – furmhór an ama? Agus cad faoin phlean dílaraithe?

Nior mhaith liom aon tagairt beacht a dhéanamh d’eifeachtacht nó do mhí eifeachtacht phríomh fheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh. Ach ní h-eol dom go bhfuil sé tar éis teacht os comhair phobal na Gaeilge le míniú a thabhairt ar chúrsaí na linne seo agus ról agus feidhm an Fhorais sa tslí céanna a rinne príomh fheidhmeannach an Údaráis Pádraig Ó hAoláin mar shampla. Ní raibh sraith cruinnithe ag an bhForas mar a bhí ag an Údarás, mar shampla. Má tá éagóir á dhéanamh agam ar an tUasal Mac an Fhailigh, nior mhiste liom é sin a fhoilsiú anseo.

Is cinnte go bhfuil eagrais Ghaeilge thuaidh agus theas ag clamhsán faoin bhForas agus an easpa cinnireachta atá léirithe ag an gcomhlacht teanga tras teorainn. Tá an tAire fiú ag déanamh a mhachnamh ar ról maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna 26 contae a bhaint, a bheag nó a mhór, den bhForas agus a chur i lámha Údarás na Gaeltachta (nó Údarás na Gaeilge).

Seo sampla amháin den ghearán atá á dhéanamh – in eagarfhocal an Andersonstown News an tseachtain seo, tugtar súntas don fhiric go bhfuil ciorrú de £200,000 déanta ar eagrais sa cheantar sin i mbliana ó mhaoiniú na bliana seo chaite. I bhfianaise na bhfiontar barr feabhais atá sa cheantar seo, an Chultúrlann, Raidió Fáilte, Nuacht 24 is Pobal, tá sé le tuiscint gur ciorrú fealltach é sin. Ní ansan amháin a thit an tua – ach níl siad chun fanúint ina dtost agus tá ar a laghad ball amháin den bhForas ón gceantar sin nach mbeidh sásta fanúint ina thost, bheadh súil agam.

Agus an bhForas seo i réim, tá nuachtán amháin Ghaeilge imithe den saol agus tá an nuachtán eile le cos amháín ar bhruach na h-uagha. Tá eagrais Ghaeilge ag sileadh postanna ar fud na bhfud a

Bhíos ag caint le fear le linn na seachtaine, fear a d’admhaigh go raibh sé ag léamh faoi láthair Plean 2028/9 do Chur Chun Cinn na Gaeilge etc. Nior thug sé aon leid dom faoi ábhar an phlean nó dúirt sé go raibh seisean ag iarraidh a dhéanamh amach cad ná raibh sa phlean céanna.

Seo leid uaimse – agus gan aon eolas a bheith agam ar an bplean ó aon duine – is é mo bharúil go mbeidh ról i bhfad nios lú ag Foras na Gaeilge i gcur chun cinn na Gaeilge ar bhonn oileanda ná mar a bhí go dtí seo. Ní feidir an locht ar fad a chur cúrsaí polataíochta thuaidh theas agus an DUP faoi seo – ní mór a rá freisin go raibh baint lárnach ag mí-eifeachtúlacht an Fhorais féin sa choiltiú seo.

Tá sé thar am go mbeadh cruinniú ag feidhmeannaigh an Fhorais le fiosrú a dhéanamh faoi eifeachtacht an eagrais agus mas é sin gnó a gcruinnithe taca an ama seo, is céim sa treo ceart é. Beifear ar an airdeall anois le féachaint cad iad na céimeanna eile a ghlacfar.

Comments (5)

Fianna Fáil (Fail)?

Posted on 29 May 2009 by igaeilge

litirumthoghchain
Tá cúpla rud le tabhairt faoi ndeara faoin litir um thoghcháin seo a tháinig sa phost chugam. Sa chéad áit, níl aon logó le tabhairt faoi ndeara ar chlúdach na litreach seo. Ní bheadh a fhios agat cérbh leis é – nó nach mbionn gach pháirti ag iompú an trí dhathach.

Ní go dtí go n-osclaíonn tú an litir go bhfaigheann tú amach cé leis é – Fianna Fáil. Brian Crowley agus Ned O’Keeffe ag gabhail dá sean cleasanna – ag déanamh beag den cheangal atá acu leis an bpáirtí atá siad ina mbaill ann. Agus tugadh súntas don feinimean seo roimhe.

An rud a thug mise faoi ndeara freisin, an deacracht a bhí ag an gléasra a chur an lipéad ar an gclúdach le caireictéirí le fada ann. Nach bhfuil sé thar am go mbeadh réiteach faighte ag Fianna Fáil (Fail) ar seo?

Comments (1)

Tags: , ,

In am don DUP an phort sheicteach a athrú

Posted on 29 May 2009 by igaeilge

dup
Nil aon craolachán pholatúil i nGaeilge ag an DUP, is oth liom a rá. Bheadh sé spéisiúil dá mbeadh.

Ar ndóigh ní bheithfeá ag súil lena leithéid i bhfianaise go bhfuil an páirtí seo go fóill ag maíomh ós ard – agus ina bhforogra toghcháin – go bhfuil stop curtha ag an bPáirtí le comhlíonadh an gheallúna i gComhaontú Chill Rimhinn go mbeadh Acht Ghaeilge ann.

Tá sé á thuairisciú go bhfuil Peter Robinson, Ceannaire an DUP agus Céad Aire an Tuaiscirt, agus Martin McGuinness tar éis ráiteas a éisiúint ag rá go gcaithfear deireadh a chur le pláig an tseicteachais.

Maith go leor. Mar chomhartha dea thola is dea mhéine agus dea rúin i leith an ráitis seo, ba cheart don DUP eirí as an freasúra seo don Acht Ghaeilge agus don Ghaeilge i gcoitinne.

Táimíd tar éis cur suas leis an bhfimíneacht uatha ar feadh ró fhada. Ní fiú tada, dar liom, a gcuid ráitis i dtaobh deireadh a chur le seicteachais i bhfianaise go bhfuil siad fós chomh binibeach sin in éadan na Gaeilge, ní h-amháin Acht Ghaeilge.

Má tá, mar a gheall an Leas Chéad Aire, Martin McGuinness, sé fíor nach bhfuil ach leamhshainn i ndán don bhFeidhmeannas ó thuaidh má leanann an DUP ag gabhail don phort seicteach atá ag an pháirtí sin, creidim nár cheart do pháirtí náisiúnacha filleadh ar roinnt na cumhachta go dtí go mbeidh an DUP sásta a h-áít cheart a thabhairt don Ghaeilge i dtuaisceart Éireann, mar atá tugtha don Ghaeilge in Alba agus don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag.

Comments (4)

Tags: ,

Craolachán Pholatúil Shinn Féin

Posted on 28 May 2009 by igaeilge

Comments (4)

Tags: , , , , , , , , , , ,

Ceisteanna agus Freagraí

Posted on 28 May 2009 by igaeilge

Tá moladh ag dul do Chonradh na Gaeilge as ucht an suirbhé thíos a rinne siad ar na h-iarrthóirí ar fad atá á gcur féin ós comhair na votairí agus iad sa tóir ar shuíochán i bPairlimint na hEorpa don toghchán sin an tseachtain seo chugainn.

Tá mo bharúil féin agam faoi na bhfreagraí – nuair a deir polaiteoir go mbeidh sé ag úsáid na Gaeilge, an féidir linn sin a chreidiúint? Má deir siad go bhfuil siad ar son an mhaolú ar úsáid na Gaeilge sa Phairlimint a thabhairt chun deiridh, an leor seo a rá nó ar cheart go ndéarfaidh siad go mbeidh siad i mbun feachtais ghníomhaigh chun seo a dhéanamh.

Bíodh sin mar atá – an t-aon dream nach bhfaighidh aon vóta nó tacaíocht uaimse, na polaiteoirí a bhí ró leisciúil nó ró bhiogóideach in éadan na Gaeilge (iarrthóírí an UUP agus an DUP!) freagra a thabhairt ar na gceisteanna réasúnta seo.

Molaim Conradh na Gaeilge as an mbeartas seo – ach sílim go bhfuil gá le h-athmhachnamh a dhéanamh ar an gcur chuige in am don olltoghchán atá ag teacht. Creidim gur cheart go n-eagrófaí ocáid phoiblí nó sraith ocáidí agus go dtabharfaí cuireadh do na ceannairí ar fad teacht os comhair phobal na Gaeilge agus a seasamh ar cheisteanna móra an phobail sin a mhíniú. Arís ní dímholadh é sin ar an mbeartas seo – ach creidim go dtabharfadh an cur chuige atá molta agamsa seasamh níos fearr don Ghaeilge san fheachtas toghcháin….

Agus, ar cheist eile, ritheann sé liom gur beag seans a tharlódh tada mar seo, litir nó ocáid phoiblí, gan leithéidí Conradh na Gaeilge a bheith ann agus chomh gníomhach is atá….

Seo chugaibh na ceisteanna agus achoimre ar na bhfreagraí. Is féidir na freagraí ina iomláine a léamh anseo.
CAITH DO VÓTA LEIS AN nGAEILGE
FREAGRA NA nIARRTHÓIRÍ DO PHARLAIMINT AN AONTAIS EORPAIGH AR CHEISTEANNA NA GAEILGE
1. (a) Má thoghtar mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa tú, an labhróidh tú Gaeilge go
rialta agus mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint?

(b) Muna bhfuil tú compordach le caighdeán do chuid Gaeilge, an gcuirfidh tú feabhas ar do
chuid Gaeilge trí ranganna Gaeilge a ghlacadh / cúrsa féin‐foghlaim ar líne a dhéanamh chun
a chinntiú go mbeidh do dhóthain Gaeilge agat chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn san
Aontas Eorpach ag baint úsáid as an bpríomhtheanga náisiúnta?
2. An gcabhróidh tú le deireadh a chur leis an
maolú maidir le stádas na Gaeilge san Aontas
Eorpach (AE) trí bhrú a chur ar Rialtas na hÉireann
agus ar an Aontas Eorpach chuige sin?

An Seanadóir Alan Kelly, An Lucht Oibre, Toghcheantar an Deiscirt:
1. Níl sé ar a chompórd ag labhairt i nGaeilge, seachas ‘cúpla focal’. Ag iarraidh í a fhoghlaim.
2. Ba mhaith leis breis eolais faoin mhaolú. Thacódh sé beartas ar bith a bheadh chun leasa na Gaeilge.

Alban Maginness, SDLP, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1. Níl Gaeilge aige. Bheadh sé ag iarraidh í a fhoghlaim. Tá an SDLP ar son Acht Ghaeilge ó thuaidh chun réimse seirbhísí a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge.
2. Ar son mholadh an Chonartha.

Bairbre de Brún, Sinn Féin Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1 & 2 ”Ar siúl aici go leanúnach.”

Brian Crowley, Fianna Fáíl, Toghcheantar an Deiscirt
1. Bionn cúpla abairt aige i nGaeilge i ngach oráid ach ní bheadh sé compórdach ag tabhairt oráide iomlán i nGaeilge.
2. Ar shon deireadh a chur leis an maolú chomh fada is go mbeadh an foireann aistritheoirí agus dlíodóirí/theanga-eolaithe ar fáil.

Caroline Simons, Libertas, Toghcheantar Átha Cliath
1) Tá sí sásta an Ghaeilge a úsáid sa Phairlimint.
2) Ar shon réimse iomlán seirbhísí i nGaeilge a bheith ar fáil.

Colm Burke, Fine Gael, Toghcheantar an Deiscirt
Gan freagra / No answer

Dan Boyle, An Chomhaontas Glas, Toghcheantar an Deiscirt
1. Cé nach bhfuil líofacht bainte amach ag Dan sa Ghaeilge go fóill, bheadh sé an‐shásta úsáid a bhaint as acmhainní
teanga ar bith a mholfadh an Conradh.
2. Bhí an Comhaontas Glas mar chuid den bhFreasúra nuair a cuireadh an maolú speisialta don Ghaeilge san AE i
bhfeidhm. Bhíomar ina choinne ansin agus táimid fós ina choinne.

Declan Ganley, Libertas, Toghcheantar an Iarthair
Go raibh maith agat as ucht do ríomhphost.
1 Ar bheagán Gaeilge.
2 Breis eolais á lorg aige. Ar shon stadas na Gaeilge a chaomhnú san AE.

Deirdre de Búrca, An Chomhaontas Glas, Toghcheantar Atha Cliath.
1.Ta ar intinn agam Gaeilge a labhairt go rialta sa Pharlaimint Eorpach ma thoghfar me ar 5u Meitheamh, agus gan dabht
beidh orm feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge! Chaith me seachtain sa Ghaeltacht i mBaile Feirtear an bhliain so
chaite agus déanfaidh mé an rud céanna an bliain seo.
2. Ar shon fáil reidh leis an mhaolú.

Diane Dodds, DUP, Toghcheantar an Tuaiscirt
Gan freagra / No answer

Eibhlin Byrne, Fianna Fáíl, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Ar son a cuid Gaeilge a úsáid sa phairlimint.
2. ?

Eoin Ryan, Fianna Fáíl, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Níl Gaeilge aige – ach ar son tacú lei.
2. Níl a dhothain aistritheoirí ann faoi láthair ach ag obair i dtreo an uair go mbeidh sin amhlaidh.

Gay Mitchell Fine Gael, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Gaeilge aige agus ar son í a usáíd.
2. Ceist casta é seo nach féidir leis a fhreagairt.

Ian Parsley, Alliance
1. Roinnt Ghaeilge aige agus ag iarraidh í a fhoghlaim ach dar leis gur tabhachtai ‘priomh theangacha na hEorpa a fhoghlaim’.
2. Níl sé ar son deireadh leis mhaolú – ach tá sé ar shon breis airgid a chur ar fáil le h-aghaidh foilsitheoireacht agus craoladh i nGaeilge.

Jim Higgins, Fine Gael, Toghcheantar an Iarthair
1. 90% dá chuid oráíd i nGaeilge mar atá.
2. Ar son stadas níos laidre don Ghaeilge.

Jim Nicholson, UUP, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann.
Gan freagra / No answer

Joe O’Reilly, Fine Gael, Toghcheantar an Iarthair
1. Úsáidfidh sé an Ghaeilge sa Phairlimint.
2.Gan amhras ar shon deireadh a chur leis an maolú.

Joe Higgins, An Pháirtí Shoisialach, Toghcheantar Átha Cliath
1. Bainfidh sé úsáid as an nGaeilge an oiread agus is féidir.
2. Caithfidh na cearta caoi a thabhairt don teanga.

John Paul Phelan, Fine Gael, Toghcheantar an Oirthir
Gan freagra / No answer

Kathleen Funchion
1. Ar bheagan Gaeilge ach ag iarraidh í a fheabhasú.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú agus deiseanna fostaíochta a chruthú do phobal na Gaeilge.

Kathy Sinnot, Neamhspleách, Toghlach an Deiscirt.
Gan freagra / No answer

Liam Aylward, Fianna Fáil, Toghcheantar an Oirthir.
1. Cúpla oráid i nGaeilge déanta aige. Ceal misnigh an chúis leis an neamairt seo. Níl sé i gceist aige aon chúrsa a dhéanamh chun cur lena chumas.
2. Gá le h-aistritheoirí.

Máiread McGuinness, Fine Gael, Toghcheantar an Oirthir
1.Sea/ YES
2. Sea/ YES

Marian Harkin Neamhspleách, Toghcheantar an Iarthair
Gan freagra / No answer

Mary Lou McDonald, Sinn Féin, Toghcheantar Átha Cliath
1. Beidh sí ag iarraidh cur lena cumas agus ansan tabharfaidh sí faoi níos mó úsáide a bhaint as an nGaeilge.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú.

Ned O’Keeffe, Fianna Fáil
1. Ar bheagan Gaeilge, chun freastal ar ranganna.
2 Ar son deireadh a chur leis an maolú.

Nessa Childers, An Lucht Oibre, Toghcheantar an Oirthir
1. – Ar bheagan Ghaeilge, chun cur lena cumas agus níos mó úsáide a bhaint aisti.
2. – Níl sí ar shon deireadh a chur leis an maolú nó níl sí ar son maolú breise a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge.

Padraig Mac Lochlainn, Sinn Féin, Toghcheantar an Iarthair.
Ag tacú leis an dá cheist

Paschal Mooney, Fianna Fáíl, Toghcheantar an Iarthair
1. Ar son ach ar bheagan Ghaeilge.
2. Ar son.

Pat the Cope Gallagher, Fianna Fáil, Toghcheantar an Iarthair
1. Ar son
2. Ar son

Proinsias de Rossa, An Lucht OIbre, Toghcheantar Atha Cliath
1. Ar son an Ghaeilge a úsáid, mar a bhí riamh.
2. Níl sé ar shon deireadh a chur leis an maolú nó níl sé ar son maolú breise a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge.

Raymond O’ Malley, Libertas, Toghcheantar an Oirthir
1. Ar son cé go bhfuil sé ar bheagan Ghaeilge.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú.

Seán Kelly, Fine Gael, Toghcheantar an Deiscirt
1. Sea/Yes
2. Sea/yes

Steven Agnew. An Chomhaontas Glas, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1. Níl Gaeilge aige ná níl sé de rún aige í a fhoghlaim.
2. Ag iarraidh eolais faoi míbhuntáistí do phobal na Gaeilge de bharr an maolú.

Susan O’Keeffe, An Lucht OIbre, Toghcheantar an Iarthair
1. Ag foghlaim na Gaeilge in athuair. Sasta í a úsáid
2. Sásta brú a chur chun deireadh a chur leis an maolú.

Thomas Byrne, Fianna Fáil, Toghcheantar an Oirthir.
Gan freagra / No answer

Toireasa Ferris, Sinn Féin, Toghcheantar an Deiscirt
1. Bainfidh sí úsáid as an nGaeilge sa Phairlimint má thoghtar í
2. Sásta oibriú chun deireadh a chur leis an maolú.

Tomas Sharkey, Sinn Féin, Toghcheantar an Oirthir
1. Tá sé chun an Ghaeilge a úsáid sa phairlimint agus i ngach gné dá chuid oibre ann.
2. Tá sé chun iarracht a dhéanamh ar an maolú a chur ar cheal.

Comments (4)

Smaoineamh fanach

Posted on 27 May 2009 by igaeilge

Ag freastal ar chursa inniu. Smaoimeamh fanach le roinnt libh. Cen fath nach feidir Nuacht TG4 a athchraoladh ag 10in? Cen nach mbionn Nuacht TG4 a bheith ar fail ar an lion laithreach seachas an la dar gcionn?

Comments (4)

Tags: , , , , , , , , ,

‘Mar gur fiú níos mó ná biorán thú’

Posted on 26 May 2009 by igaeilge

Tá roinnt bileoga tagtha chugam le linn an fheachtais seo – agus a bhfurmhór is isteach sa bhosca athchúrsála a théann siad.

Ach tháinig chugam ó Thoireasa Ferris, iar Mhéara Chiarraí agus bean óg atá gealladh fuithí, atá san iomaíocht thar cheann Shinn Féin a mheall mo shúil.

Ar ndóigh is bean dathúil í Toireasa – ach ní h-é sin an fath go raibh mé tógtha faoina bileog. Níl morán ar an mbileog i nGaeilge – cúpla manna anseo is ansiúd ach tá teachtaireacht laidir sa mhéid atá ann.

“Mar gur fiú níos mó ná biorán thú”.

An manna i mBéarla, a chomhionann is dócha, ‘Sinn Féin – because you deserve better’.

An rud amháin faoin leagan Ghaeilge, níl sé chomh leamh is a bhíonn furmhór na mannaí toghcháin: ‘A strong voice in Europe’ is a leithéid.

alt spéisiúil san Irish Times i dtaobh Toireasa ag Harry McGee a bhí ar an gcanbhas lei i gcathair Chorcaí agus, mar is é seo an dualgas atá ar iriseoirí an Irish Times, bhí ar iarracht éigean a dhéanamh í a cheangal le stair fhoreigneach a páirtí. Le bheith cothrom do Harry bhí an alt níos measta ná an ceannlíne – More Armani than Armalite – cé nach gcreidim go bhfuil daoine fós ag baint ceoil as seana phort sin!

Bhí an cheist ann faoin uair gur dhiultaigh sí cáineadh a dhéanamh ar mharú an Garda Gerry McCabe in Ath Dhara i 1996 nuair a bhí ar an Late Late Show. Agus thug sí an freagra ceart ar an gceist – baineann sin leis an stair agus an uair ar thárla sé, ní raibh sí ach sé bhliain deag d’aois. Nach mbeadh sé chomh maith ag iriseoirí na linne seo bheith ag iarraidh ar Fhianna Fáil dúnmharú Mhichíl Uí Choileáín a cháíneadh?

Tá amhras orm i gcónaí faoi Shinn Féin, go h-áirithe an eite thuaisceartach den pháirtí agus an caidrimh lofa atá acu leis an DUP. Agus ní thaithníonn caint débhríoch Mary Lou liom nó port Phiarais ach an oiread.

Ach táim ag ceapadh go bhfuil seans mhaith ag Toireasa. Neosfaidh an aimsir. Bheadh sé go maith dá nglacfadh glúin óg is oilte seilbh ar an bpáirtí sara n-iompaíonn sé go Fianna Fáil….

Tabhair cuairt ar a suíomh agus b’fhéidir go dtuigfidh sibh…
toireasaferris

Comments (2)

Tags: , , , , , , ,

Costas COMHAR

Posted on 26 May 2009 by igaeilge

Le déanaí fuaireas litir ó Comhar i mBaile Átha Cliath ina raibh bileog amháin stapláilte le leath bhileog dea mhéine. Ar an mbileog seo bhí ráiteas maidir le cúntais na h-irise. Ní fheadar cén fath ar seoladh an t-eolas seo chugam. Nior iarras é. Ach is dócha go raibh muintir Comhar ag iarraidh bheith cuiditheach liom ós rud é gur léiríos suim san ábhar anuraidh.

De réir an raitis sin d’ioc Foras na Gaeilge deontas de €35,874 le Comhar Teo le linn 2008. Le linn na bliana céanna d’fhoilsíodh trí eagrán de Comhar. Sin cothrom le €11,958 in aghaidh gach eagrán. Níl a fhios agam cén díolachán atá ag Comhar – ach fiú má thugaimíd an 1,000 coip a luaigh an Sunday Tribune leis an díolachán do, bhuel, fagann sin go bhfuil deontas de €11.95 á fháil ag gach cóip de gach eagrán a dhíoltar.

Níl ach eagrán amháin de Comhar feicthe agam i mbliana agus táim im chónaí sa Ghaeltacht, áit inar díoladh Lá Nua agus ina bhfuil Foinse fós á dhíol ag an trí shiopa ina dhíoltar nuachtáin. An eagrán a chonac, ní raibh morán brí leis. Nior thugas faoi ndeara go raibh aon rud nua-fhísiúil ag baint leis, faoi mar ar gheall an bórd go mbeadh nuair a rinne siad achomharc chuig an Fhoras faoin chinneadh a glacadh i nDeireadh Fómhair 2007 gan deontas a cheadú don iris an uair sin.

Ach fiú dá mba é an iris ab fhearr riamh, dá mbeadh sé leath chomh tarraingteach le nós* ina leagan amach nó an triú chuid chomh suimiúil le Time nó an New Yorker ina chuid ábhair, bheadh ceisteanna le togáil faoin fhordheontas ollmhór in aghaidh an eagráin atá á íoc leis ag an bhForas. Dar liomsa níl luach ár gcuid airgid á fháíl againn agus más amhlaidh go ndeir daoine nach bhfuil an ceart agam é sin a rá gan níos mó eagráin den iris a bheith feicthe agam, déarfaidh mé an méid seo. Nior cheart go mbeadh sé ró dheacair an iris a dháileadh go Múscraí nó fiú é a chur ar fáil, ar bhonn síntiúis, ar an idirlíon, mar atá á dhéanamh ag nós* agus ag Nuacht 24, saor in aisce, agus Lá Nua/Lá rompu.

Tuigim go bhfuil sé ráite le déanaí ag Foras na Gaeilge go bhfuil athbhreithniú iomlán ar bun ar an gcaoi a chuidíonn an chomhlacht teanga leis na meáin Ghaeilge. Athbhreithniú é seo atá ar siúl le blianta fada, chomh fada is a thuigim, nó bhíos den tuairim gur deineadh athbhreithniú iomlán ar an gcaidreamh seo sara fograíodh an chomórtas le h-aghaidh nuacht fhoilseachán laethúil cothrom an ama seo i 2006. An é seo an t-athbhreithniú céanna nó an ceann eile arís atá i gceist? Níl a fhios agam cá stopann athbhreithniú amháin agus cá dtosnaíonn athbhreithniú eile. Táim caillte i lubrán na n-athbhreithniú!

Tá seo ráíte i litir a h-éisíodh le déanaí ón bhForas – ach ag an am chéanna, tá an Fhoras ag plé le Moinéar Teo. faoi chonradh nua Foinse. Bhí seo le bheith socruithe i bhfad ó shin – ag deireadh 2008 nuair a chriochnaigh an chonradh deireannach a bhí idir Moinéar agus an Fhoras. Ach de bhrí ná raibh an Foras ullamh, cuireadh síneadh leis an gconradh go dtí deireadh mhí an Mhárta. Go fóill níl aon deatach bhán ó Chearnóg Mhuirfean ar an gceist. Agus anois go bhfuil ‘athbhreithniú’ ar bun an é go bhfuil siad chun aontú an chonartha a chuir ar an méar fhada go dti go mbeidh an athbhreithniú thart nó Lá Pilib a’Chleite/Lá Eoghain Dic….? Ag an am chéanna tá Foinse ag foilsiú leis agus an sruth airgid a bhí ag sní isteach go dtí cúntais an nuachtáin ó fhograí stait imithe i leig go mór. Go deimhin is minicí a fheicim fógra ó Roinn an Fheidhmeannais ó thuaidh nó rannóga rialtais ó dheas anois i ‘bpríomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge’.

Níl aon suim leasmhar agam i nós* – cé go bhfuil cara liom mar eagarthóir ar an iris. Chuireas alt amháin ar fáil don iris agus nior lorgaíos iocaíocht air. Ach feictear dom go bhfuil sé thar a bheith míchothrom go bhfuil an iris sin fagtha gan deontas ar bith agus Comhar ag fáíl breis is € 11,000+ in aghaidh an eagráin – cheapfá le féachaint orthu gurb é Comhar an t-iris atá gan airgead agus gurb é nós* atá saibhir….

Fógraíodh inné go raibh an tAire Ó Cuív ag daileadh a ghrastaí ar Raidió Rí Rá agus ag bronnadh deontas €40,000 ar an staisiún. Cuireadh failte roimis an bhfógra seo inné – cé gur doigh liomsa gur suarach an méid é i gcomórtas leis an t-airgead atá geallta aige le h-aghaidh an dara aonad aistriúcháin agus stiurthóír a bheidh ag déanamh ‘athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil’, (eag: múscail mé ón dtromluí seo), amhail is go ndéanfaidh sin athrú ar an slí a labhrann is a úsáideann daoine an Ghaeilge. Má theastaíonn ón Aire an Ghaeilge mar a labhartar í sa phobal agus mar a scríobhtar í a shimpliú ar shlí eigean, ní gá do ach an €3m atá á chaitheamh aige ar an dara aonad aistriúcháin seo a infhéistiú sna meáin Ghaeilge – idir Raidió Rí Rá, Raidió na Life, Raidió Fáilte, Anocht FM agus nós* mar thús – ansan comórtas a fhogairt le h-aghaidh foilseachán dirithe ar pháistí óga, iris sheachtainiúil do bhuachaillí agus do chailíní scoile le leaganacha Ghaeilge de scéalta Ben 10 nó Barbie agus fiú Fionn agus na Fianna is Cú Chulainn. D’fhéadfaí roinnt airgid a chaitheamh freisin ar shuíomh idirlín le leaganacha Ghaeilge de chluichí bunaithe ar charaictéirí chartúin a bhionn á chraoladh ar TG4….Dora, Batman agus a leithéid…..

Nílim a rá nach bhfuil gá go ndéanfaí aistriúchán ar na h-ionstraim reachtúla nó go ndeinfear simpliú ar an gCaighdeán Oifigiúil amach anseo – ach níl sé práínneach ANOIS. Dein an infheistíocht atá á mholadh agam agus is mó an seans go mbeidh an t-éileamh an i gceann deich nó scór de bhlianta – agus na h-acmhainní freisin – le h-aghaidh an obair aistriúchán atá molta ag an Aire.

Idir an dhá linn, beidh cruinniú bhliantúil ag Comhar i gceann coicíse nó mar sin. Ba cheart do bhaill na cuideachta sin a thuiscint nach bhfuil an t-iris atá á fhoilsiú faoi ainm uasal na h-irise sin inchurtha leis an ré seo. Iris sean fhaiseanta gan splanc na nuálachta é, gan aon sort tuiscint ar an rud atá ag teastáil ó leitheoirí na Gaeilge sa nua-aois. Iris analógach don ré digiteach. Níl aon dealramh ag an suíomh idirlín le suíomh iris ar bith eile. Níl aon rud ar Comhar a mheallfadh mé chun eagrán na míosa seo a cheannach nó, fiú dá mbeadh, níl aon slí ann chun sintiús a cheannach.

Bheadh an iris ina cheap magaidh murach go raibh an oiread san airgead phoiblí á infheistiú ann.

Comments (13)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES