An post mícheart ag an am mícheart

Posted on 08 May 2009 by igaeilge

Poilíneacht Teanga le bunú ag Ó Cuív

Ar an droch uair, nílim ag magadh. Nó is dócha gur léamh amháin é seo ar an bhfógra atá ar Public Jobs agus san Irish Times inniu ón Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

An ainm ar an bpost sa bhfógra, an Stiúrthóir Seirbhísí Aistriúcháin, agus beidh tuarastal, fan le seo, idir €97,617 agus €120,383 móide liúntas de €13,272 á ioc leis an t-é a cheapfar.

Na dualgaisí a bheidh ar an t-é a cheapfar: “seirbhis lárnach nua a chur i bhfeidhm chun bainistíocht a dhéanamh ar aistriúchán Ionstraimí Reachtúla ar son na Ranna Rialtais agus ar son na nÚdarás Déanta Rialacháin ar fad”.

Anuas ar an gcúram riachtanach seo, beidh ar an t-é a cheapfar ‘freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil don Ghaeilge’.

An é seo an cúram is riachtanaí i saol na Gaeilge faoi láthair, trath go bhfuil eagrais Ghaeilge á dtreorú ag an Aire, via Foras na Gaeilge, daoine a ligint chun bealaigh. Iad seo na daoine atá i mbun seirbhisí ar nós Raidió Rí Rá nó ag obair le hOireachtas na Gaeilge nó na timirí teanga i gceantaracha éagsúla ar fuaid na tíre.

Trath é seo freisin go bhfuil lán chosc á chur i bhfeidhm ar an seirbhís phoiblí ar fad. In áit bheith ag foilsiú phleán chun an Ghaeilge a spreagadh i measc an phobail agus 250,000 cainteoir Ghaeilge, tá an tAire tar éis post a chruthú nach bhfuil ag teastáil ach ag sciar bheag de dhaoine a bheadh suim acu i dtuarastal €120,000 in aghaidh na bliana móide liúntais is eile.

An é seo an slí is ciallmhaire chun airgead na Gaeilge a chaitheamh? Ní chreidim é.

Sílim go bhfuil botún ollmhór á dhéanamh ag an Aire.

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES