Archive | May, 2009

Suirbhé: Cad a dhéanfá le €3m?

Posted on 19 May 2009 by igaeilge

De réir scéalta éagsúla sna nuachtáin ag an deireadh seachtaine agus ag tús na seachtaine seo, is cosúil go gcosnóidh an aistriúchán a bheidh ar bun ag an Aonad nua Aistriúcháin atá beartaithe ag an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta suas le €3m.

Os rud é go bhfuil giorruithe á dhéanamh ar fuaid ghort na Gaeilge agus é á maíomh go bhfuil gá le cónascaithe is eile ar mhaithe le h-airgead a shábháil – agus nílim cinnte go sábhálfar aon airgead de bharr cónascadh is a léithéid – tá tuairim agam go bhfuil barúlacha éagsúla amuigh ansin faoi bhealaí eile, bealaí níos fearr? chun €3m a chaitheamh agus leas na Gaeilge a dhéanamh.

Seo pobal bhreith neamh eolaíoch neamh údarásach chun an cheist a chíoradh. Tá rogha ann díbh freisin….

Comments (28)

Tags:

An difríocht idir eirí as agus cic sa tóin

Posted on 19 May 2009 by igaeilge

Anuraidh nuair a d’fhag mé Lá Nua, fuaireas suim bheag airgid, an méid a bhí leagtha síos sa reachtaíocht d’oibrithe a thugtar le fios dóibh go bhfuil siad iomarcach don fhoireann oibre. Ní raibh aon phinsean i gceist. Níl mé míshasta leis an suim a tugadh dom.

Tugaim seo chun cuimhne agus an scéal is déanaí á thuairisciú inniu faoi chinneadh Ghobharnóra Bhanc na hÉireann, Richard Burrows, go mbeidh sé ag eirí as i mí Iúil. Tagann an chinneadh seo sna sála ar chinntí dá leitheid ó chathaoirleach an bhoird ag Banc Aontais Éireann, an t-iar Ard Aighne, Dermot Gleeson, agus príomh fheidhmeannach an bhainc sin, Eugene Sheehy. Theana féin bhí príomh fheidhmeannach Bhanc na hÉireann tar éis a rá go mbeadh seisean ag eirí as freisin le linn an tSamhraidh.

Gan amhras ní féidir gan dearúd a dhéanamh freisin ar phríomh fheidhmeannaigh na mbanc eile, leithéidí Michael Fingleton agus Sean Fitzpatrick, atá ag eirí as freisin.

Fagfaidh gach duine acu an banc agus a sciarshealbhóirí agus an phobal níos boichte ná mar a bhíómar nuair a chuaigh siad i mbun oibre. An t-aon grúpa nach mbeidh níós boichte – iad féin. Na baincéirí lofa. Sea lofa. Tá an uile dhuine acu ag fáíl pinsean a fhagann pá agus pinsin na bpolaiteoirí in áit na leath phingine.

Tá sé in am, dar liom, go bhfaigheadh na baincéirí seo léargas ar an difríocht idir eirí as agus cic sa tóin…..

Comments (1)

Tags: , , , ,

An BBC, an Irish News agus bun an bhairille

Posted on 19 May 2009 by igaeilge

Is léir go bhfuil bun an bhairille á chuardach ag an BBC agus iad sa tóir ar scéalta nuachta nuair a athfhoilsíonn an chraoltóir stáít Briotanach scéal ón Irish News faoin Aire OIdeachais, Caitríona Ruane ó Shinn Féin, bheith ag glacadh a h-iníon, 12, ar saoire le linn téarma scoile. Is amhlaidh go raibh an Aire ag labhairt sa Chipir agus thug si a h-iníon lei agus níl aon amhras orm gur turas oideachasúil a bhí ann.

Os rud é go raibh mo mhac féin liom agus mé ag filleadh ón nGaillimh inné, lá scoile, tuigim cás an Aire Oideachais ó thuaidh go rí mhaith. Is é an tuismitheoir príomh chaomhnóir an pháiste – aige nó aici atá cúram an pháiste agus má chreideann siad gur ar leas an pháiste é bheith leo seachas ar scoil lá nó dhó nó trí le linn téarma scoile, tá sin réasúnta dár liom.

Tuigim, mar shampla, nach bhfuil ceist ann faoin Aire bheith ag iarraidh costaisí ar son a h-iníne nó a leithéid – faoi mar a bheadh á dhéanamh ag feisirí eile ó thuaidh – agus ó dheas.

Ach creidim go mbaineann an scéal seo leis an bhfeachtas leanúnach atá ar bun ag sciar áirithe den bhuanaíocht ó thuaidh plean Ruane le h-aghaidh atheagar an chórais oideachais a chur ó mhaith. Sílim go bhfuil gá deireadh a chur leis an gcóras dé shruthach ina mbionn na daltaí is saibhre ag freastal ar scoileanna breatha agus an chuid eile ag freastal ar scoileanna atá ag déanamh a ndícheall ar bheagán acmhainní.

Ceist a bhaineann le cogadh na n-aicmí é seo agus is léir go bhfuil an mheán aicme ag baint úsáid as gach cleas is féidir chun na b

Comments (4)

Tags: , , , , , , , , , , , , , , ,

Deireadh seachtaine i gConamara

Posted on 17 May 2009 by igaeilge

Oíche Dé Domhnaigh atá ann agus tá deireadh ag teacht le mo dheireadh seachtaine i gConamara. Cé go raibh sé fliuch báite furmhór an ama, bhaineas spórt as mar a bhain na páisti agus iad ag rince sa chaislean ‘bouncy’ sa ghairdín. Bhí siad faoi chlúdach i rith an ama cé go raibh orm athrú stocaí a bheith ar fáil go mion is go minic.

Ar aon nós, ritheann smaointe fánacha liom ag a leithéid seo d’am. Tugaim m’athair chun cuimhne, suaimhneas sioraí do, agus ansan cruann mo dhearcadh, nuair a smaoiním ar an raic atá fagtha ag an gcriú mí fhortúnach atá i gcumhacht.

Le linn na seachtaine fograíodh go mbeadh Ryan Tubridy ina láithreoir nua ar an Late Late Show. Maith go leor. De réir dealraimh dúirt sé in agallamh le linn na seachtaine nach léann sé an Sunday Independent agus fuair sé íde béil as ucht seo inniu sa nuachtán céanna ó mo shean chara, Eoghan Harris. Dar le Harris is peaca é do a leithéid a rá agus a thabhairt le fios go bhfuil sé ar shlí éigean ró uasal don Indo.

Léimse an Indo -agus légh mé riamh é. Tá sé tabhachtach léargas a fháil ón dtaobh eile. Agus bhíos á léamh inniu agus ag smaoineamh ar an slí nár staon an nuachtán ó bheith ag tacú le Bertie agus a cháirde roimh an Olltoghchán in 07 agus an oiread is a bhíodh siad ag caitheamh anuas ar George Lee agus David McWilliams agus aoinne eile a shoilsigh solas ar chaimiléireacht an Rialtais. Ní cheapfá gur an nuachtán céanna atá ann inniu agus scuaine colúnaithe ag tabhairt le fios go bhfuil seo ar an Rialtas is measa riamh agus gurb é Brian Cowen an Taoiseach is measa riamh.

Mar a bhím á mheabhrú díbh go minic, thugas le fios go gcaillfeadh FF suas le 35 suiochán in Olltoghchán 07 in alt a fhoilsíodh i Lá Nua. Chreideas go raibh an tóin ag titim as cúrsaí eacnamúla agus go raibh an géarchéim sna seirbhísí poiblí – cúrsaí sláinte is oideachais go h-áirithe chomh h-olc go gcaithfí amach ar a dtónacha iad. Níor tháinig an tuar ar an dtairngreacht sin ag an am. Ach tiocfaidh sé go luath.

Thugas faoi ndeara gur cailliúint 35 suíochán a bhí a thuar do FF san Indo inniu agus John Drennan ag scríobh faoi Olltoghchán nach bhfuil fógartha go fóill….

Chasas le Seosamh Ó Cuaig, glór neamhspleach Chonamara, tar éis aifrinn ar an gCeathrú Rua inniu. Tá sé ina iarrthóir sna toghcháin áitiúil – go n-éirí leis. Tá sean cara eile liom san iomaíocht leis i gConamara – Trevor Ó Clochartaigh. Guím gach rath ar Trevor freisin cé go gcreidim gur sa pháirtí mí cheart atá sé. Tá sé ag seasamh le SF.

Tréaslaím a bhua le fear Uibh Fháilí….sa ghalf. Rinne tú go maith a Shane Mhic an Labhradh. Aon ghaol agat le laochra peile Uibh Fháilí?

Aréir bhíos ag faire ar an Eurovision. An bhua ag fear óg an Iorua agus amhrán maith freisin ag bean na hÍoslainne. An chéad uair eile, caithfidh RTÉ amhrán Ghaeilge a sheoladh go dtí Osló. Bhaineamar triail as turcaí anuraidh agus amhrán Meirceánach i mbliana – cad faoi amhrán a léiríonn rud éigean faoi chultúr dúchasach na hÉireann i 2010?

Beag an baol…píosa deas sa Sunday Business Post inniu faoi Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. Tagairt domsa ann agus m’ainmniúchán ar ghearrliosta na gcolúnaí is fearr. An é seo mo bhliain? Cá bhfios….

Comments (7)

Tags: , , , , , , , ,

Foinse – Pravda Uí Chuív?

Posted on 16 May 2009 by igaeilge

Táim i gConamara, ag céad comaoine mo neach, agus níl locht air mar ocáid teaghlaigh. Is mór an áthrú é ón ocáid teaghlaigh dhgeireannach a thug sinn le chéile, sochraid m’athair, tuairim is leath bhliain ó shin anois.
Táim ag scriobh an meid seo ar iPhone ague níl sé éasca.
Ag léamh Foinse dom tar eis aifrinn, aithnim an bhearna ata fagtha le dúnadh La Nua. Is léir dom ó thuairisciú ‘phríomh nuachtán naisiúnta na Gaeilge’ – nó an neamh thuairisciu – go bhfuil pé cnamh droma a bhí ag an nuachtán caillte.
Tri shampla:
1. Le linn na seachtaine, sheol an Choimisinéir Teanga a thuairisc bhliantúil. Tá tuairiscí is eagarfhocal ar an dtuarascáil i bhFoinse ach ar eigean gur luadh failli Roinn Ui Chuiv i leith na reachtaiochta agus go h-airithe, níor luadh an faillí atá déanta ag an Roinn a reachtaigh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus a chum agus a cheap cur chuige na scéimeanna i leith a scéim teangan féin.
2. Go fóill níl tagairt ar bith sa nuachtán seo ar an bplean atá ag an Aire Uí Chuív aonad aistriúcháin a bhunú agus an costas a bheadh air. Is scéal mór é seo i saol na Gaeilge – ach ní aithníonn an ‘phriomh nuachtán’ gur amhlaidh atá.
3. An mó pictiúr d’Éamon agus An Taoiseach ar gá a fhoilsiú in aon eagrán?

Ní h-amháin go bhfuil an argóint ann – agus ann go láidir – go bhfuil an nuachtán claonta go mí nadúrtha i dtreo amháin ó thaobh na polataíochta de ach is léir freisin go bhfuil Foinse ar chúl na h-imeartha maidir le scéalta móra na Gaeilge. An tseachtain seo chaite bhí fógra sa nuachtán faoin Stiurthóir Aistriúcháin agus ní raibh an scéal ann. An tseachtain seo bhí an scéal mór ag Nuacht 24 faoi phlean an Aire ‘Údarás na Gaeilge’ a dhéanamh de Údarás na Gaeltachta agus agallamh leis an Aire faoin phlean seo. Ach ní raibh rian den scéal i Foinse.
Tuigim go maith go bhfuil todhchaí an nuachtáin idir dhá cheann na meá faoi láthair agus an Fhoras – Dia idir sinn agus an t-olc – ag plé téarmaí an chonartha úir leis an fhoilsitheoir, Pádraig Ó Céidigh.
Ach ni leithscéal é sin an súil a bhaint den liathróid. Is é priomh ghnó an nuachtáin iriseoireacht a dhéanamh, seachas bolscaireacht ar son pháirtí nó fiú aire ar leith. Is mó an chosúlacht idir Foinse agus ‘Pravda’ Uí Chuív anois ná riamh.

Comments (1)

Tags: , ,

Údarás na Gaeilge á bheartú ag Ó Cuív

Posted on 15 May 2009 by igaeilge

Tá seo le léamh in agallamh idir Eoghan Ó Néill agus an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, atá foilsithe san eagrán is déanaí de Nuacht 24. Glacaim leis go bhfuil leagan den agallamh le fáil freisin ar Raidió Fáílte.

San agallamh seo deir sé an méid seo:
Ar dtúis an cheist:

Eoghan Ó Néill: An bhfuilimíd ag caint faoi eagras iomlán nua a bheadh ag comhordú na rudaí seo ar bhonn 26 contae amháin.
Éamon Ó Cuív: Sin an cheist. Ceann de na féidearthachtaí atá ann ná go mbaintear úsáid as ceann de na h-eagrais atá ann cheana féin, mar shampla, Údarás na Gaeltachta. Agus go mbeadh freagracht áirithe ar an Údarás ar fud na tíre ar fad, chomh maith leis an Ghaeltacht.
Sin tuairim amháin a cuireadh chun cinn agus tuairim atá á scrúdú. Ach níl aon chinneadh déanta. Níl ann ach caint faoi láthair. Ach tá fadhb ann. Níl aon cheist faoi sin.

Is cosúil gurb é an rud atá ag déanamh tinnis don Aire, agus nach mall atá sé á admháil seo, go bhfuil an ghné uile Éireannach den Fhoras, an ghné thuaidh theas le bheith beacht, ag cur bac ar chur chun cinn na Gaeilge. Ní cháineann sé a shiúr roinn ó thuaidh, ná an Aire ó thuaidh, Greagóir Doicheallach Ó Chaim Bhéil, ach is léir go dtuigeann sé go bhfuil an roinn sin ag cur laincis nach beag ar chur chun cinn na Gaeilge. Is cuimhin liom an méid sin a thuairisciú roinnt blian ó shin, i 2001/2002, agus nuair a thuairiscíos an méid sin, tháinig preas oifigeach an Aire ar an bhfón chugam go feargach ag séanadh an méid a bhí tuairiscithe. An uair sin ba fear ón UUP a bhí ina Aire, Michael McGimpsey, ach is mar a chéile iad an DUP agus an UUP i leith na Gaeilge.

Tá an crioch dheighilteachas seo gléasta i bhfocail eile ag an Aire agus é ag caint faoin stadas éagsúil atá ag an nGaeilge ó thuaidh is ó dheas agus gur stat ceannasach é an Stat ó dheas agus mar sin go gcaithfidh sé beartú dá réir sin i leith na Gaeilge. Agus, ag cur polataíocht na Poblachta ar leataobh ar feadh soicind, ní féidir argóínt faoi sin nó is firic é go fóíll.

Ar an láimh eile tá sé deacair an Aire a chreidiúint nuair atá sé ag gearán faoi ‘chriochdheighilteachas’ na n-eagras Ghaeilge. Gan amhras tá leithéidí Pobal ann ó thuaidh agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó dheas de bharr go bhfuil cúinsí éagsúla ag an nGaeilge ó thuaidh is ó dheas. Agus eisean is mó atá ag dul don phort sin!

Le linn an agallaimh thug sé súntas do go bhfuil Pobal ann ó thuaidh agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó dheas agus, dar leis:

Is é an trua é nach bhfuil aon eagraíocht amháin Gaeilge ann do na 32 contae maidir le cur chun cinnna Gaeilge ar bhonn deonach.

Mar sin féin is léir ón agallamh go dtuigeann sé na cúinsí éagsúla atá i réim ó thuaidh is ó dheas chomh fada agus a bhaineann sé leis an nGaeilge. Agus tuigfidh sé freisin go bhfuil an dhá eagraíocht éagsúil seo gléasta le h-aghaidh dul i ngleic le na cúinsí ina gcuid féin den oileán.

Ní h-é nach gcreidim nár cheart comhthathú a bheith ann. Ach creidimse go bhfuil sé deacair creidiúint a thabhairt do chaint faoi chomhthathú do Aire atá ag cruthú maorláthas nua don Ghaeilge mar a bhí Midas fadó ag cruthú ór – gach rud a leagann sé láímh air, iompaíonn sé go maorláthas. Ní h-é nach bhfuil gá le maorláthas – ach an oiread sin de?

Anois is arís, tagann sé chun tosaigh san agallamh go dtuigeann an Aire an fadhb:

Nó mar ar thaispeáin an Athair Mac Gréil ina thuarascáil le déanaí, is é an fhadhb atá ann ó dheas go bhfuil eolas ar an haeilge ag daoine ach gan fáill acu í a úsáíd.

An rud atá mise ag rá, má bhreathnaíonn tú ar shaol duine, feictear domsa go mbeadh sé iontach dá mbeadh gasúr á thogáil i mBéal Feirste Thiar, mar shampla, go mbeadh eagraíocht amháin ann a bhreathnódh ina dhiaidh, a chinnteodh go mbeadh naíscoil Ghaelach ar fáil, go mbeadh bunscolaíocht Ghaelach ann, seirbhísí don óige ann agus iomlán saoil ar fáíl.
Is é an chaoi go bhfuil sé faoi láthair againn ná go gcaithfidh 8 nó 9 d’eagrais díreach le gasúr a thogáil le Gaeilge. Ní fheicim aon chiall le sin.

An fath go bhfuil an 8 nó 9 eagras sin ann, leithéidí Gaelscoileanna, Comhar na Naíonraí Gaeltachta etc, gur bunaíodh iad mar aisfhreagra ar easpa sheirbhís ón stát nó gur bhunaigh an stat féin iad agus go raibh sé i gceist go mbeadh riar á dhéanamh ag an eagras ar an dtaoscán sin a raibh sé aitheanta go raibh easnamh ann agus, mar sin, go raibh gá le féachaint ina dhiaidh.

Más amhlaidh go mbeidh bannaí ann go mbeidh an Stat ag déanamh a chúram i leith na h-acmhainní a chur ar fáil chun go dtógfaí na páistí le Gaeilge, maith go leor, ní gá na h-eagrais go léir a bheith ann. Ach go dtí sin, agus go h-áirithe san aeráid seo, ní ghéillfinn ar cheist na n-eagras don Aire. B’fhearr iad a bheith ann ná folús a bheith ann.

Ag an deireadh seachtaine, sa Sciobairín, beidh an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, i láthair ag Comóradh an Stáit ar an nGorta. Ocáid solúnta é seo. Ba mhór aige a thabhairt chun cuimhneamh le linn an chomoraidh go raibh na mílte ag fáil bháis den ocras agus bia á sheoladh amach ó Chorcaigh go Sasana. Bhí bia ann ceart go leor – ach ní dhailfí é i measc iad san a bhí sé de dhith orthu.

An deireadh seachtaine seo chaite, d’fhograiodh go mbeadh aonad aistriucháin á bhunú ag an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le breis is 6,000 ionstraim reachtúil a aistriú go Gaeilge. Tá sé i gceist, de reir dealraimh, an aonad seo a lonnú i gceann de phriomh oifigí na Roinne. Ní fios cé mhéid a chosnóidh sé an méid sin a aistriú go Gaeilge ach d’fhéadfadh sé bheith thar a bheith costasach. An bhfuil bealach níos tairbhí don Ghaeilge is don Ghaeltacht an t-airgead sin a chaitheamh? É a infheistiú in irisí/nuachtáin Ghaeilge, ar a laghad do léighfi iad san. Nó an obair a thabhairt do chomhlachtaí aistriúcháín neamhspleach i nGaeltachtaí ar fuaid na tíre? Nó an t-aonad féin a lonnú i gColásite Iosagáín nó ionad mar é i nGaeltacht atá tearc fhorbartha ó thaobh institiúidí náisiúnta Ghaeilge de?

Tá gá le h-athshamhlú ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge agus eirí as an chaint sioraí seo faoi theorainní is a leithéid. Tá sin ró theorannta.

Tá gá an béim a leagadh ar labhairt agus ar léamh agus ar scríobh is ar chruthaitheacht seachas ar mhaorláthas agus ar fhoirmeacha agus ar phroisis measúnaithe.

Ach is cosúil gurb é bóthar an mhaorláithis atá roghnaithe ag an Aire Ó Cuív – sin bóthar nach dtogfaidh sin in áit ar bith….

Comments (2)

An spéir ag titim ar Fhianna Fáil

Posted on 14 May 2009 by igaeilge

Beidh pobal bhreith san Irish Times amárach – agus ní dea scéal a bheidh ann d’Fhianna Fáil.

De réir na dtorthaí, tá FF ag 21, an pointe is ísle riamh ina stair agus tá Fine Gael ag 38, an pointe is airde le 25 bliain. Ardú6% a bhí ar thacaíocht FG agus thit FF aon fán gcéad.

Thit an Lucht Oibre ceithre phointe, 24 go 20. Níl aon bogadh ar thacaíocht SF.

Comments (1)

Suirbhé an éadochais

Posted on 14 May 2009 by igaeilge

Lá gruama i mí Bealtaine, suirbhé le torthaí gruama ó Ghaeltacht Thír Chonaill faoi líon na bpáistí a tháinig ar scoil an chéad uair i mí Meán Fómhair seo chaite agus arbh í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh acu.

De réir an tsuirbhé, a rinne Dónal Mac Ruairí ar son chlár Ronán@3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, is í an Ghaeilge an príomh theanga teaghlaigh ag 27% de na páistí a tháinig ar scoil i mí Meán Fómhair seo chaite. Fagann sin gurb í an Bhéarla an príomh theanga teaghlaigh ag 73% de na páistí.

Tá moladh ar leith ag dul do Dhónal mar chuaigh sé i dteagmháil le gach scoil é féin agus fuair sé an t-eolas ó na múinteoirí. Agus craoladh an t-eolas ó gach scoil. Chuirfeadh cuid de na bhfigiúirí ar chrith thú. Scoileanna i gceantaracha chomh Gaelach le Gort a’Choirce gan ach beirt as deichniúr ag baint úsáide as na Gaeilge sa bhaile. Ar an láimh eile bhí deichniúr as 25 ar an Tearman, áit a bheadh luaite mar bhreac Ghaeltacht, ag baint úsáide as an nGaeilge sa bhaile.

Is cinnte go mbeidh bás na Gaeilge sa Ghaeltacht á fhogairt in athuair ag cailligh an uafáis.

Ach sa deireadh thiar níl anseo ach an toradh nadúrtha a bheithfeá ag súil leis nuair atá creimeadh á dhéanamh ar ár meas ar an nGaeilge sna meáin craolta is clóite. Is iad na meáin an tosca is mó tionchair ar pháistí agus ar thuismitheoirí – agus, creid nó ná creid, d’fhagadh an réimse seo go h-iomlán ás an áireamh sa Staidéar Teanga-eolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a fhoilsíodh nach mór dhá bhliain ó shin anois. Is cuimhin libh an tuarascáil seo, nach cuimhin, b’shin é an tuarascáil inar maíodh ná raibh ach 15-20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga beo sa Ghaeltacht.

Níl i TG4 agus RTÉ RnaG, dá fheabhas iad, ach sopanna in áít na scuaibe. Labhraim Gaeilge le mo mhac i gcónaí – agus labhrann sé Gaeilge liom. Ach is cláracha Béarla is fearr leis ar an dteilifís. Tá cláracha Ghaeilge ann ar TG4 – fiú leagan Ghaeilge de Ben 10, an clár is mó a thaithníonn leis, ach má amharcann sé ar dhá uair a chloig teilifise gach lá, ní bheidh ach thart ar leath uair as Gaeilge má fhagaim a rogha féin aige. Ní air atá an locht – tá réimse cláracha ag teastáil chun áird a leithéid a choimead.

Ó mo thaobh féin de, de ghnath stopaim ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta tar éis chlár Ronáin – nó blúiríni de Ard Trathnóna – agus is le leithéidí Drivetime a éistim ina dhiaidh sin. Faighim mo nuacht uaidh. Níl a leithéid ar fáil i nGaeilge. Agus tá’s agam go bhfuil clár ann ó Bhaile Átha Cliath thart ar an am sin ach dá fheabhas é, níl sé inchurtha.

Corr uair go mbionn deis agam amharc ar Nuacht TG4 – de réir dealraimh bhíos féin ar an gclár an oíche dheireannach ach ní fhaca mé an clár. Tá 7in ana mhí thrathúil mar am féachana – agus is tubaist é nach mbionn an dara feasachán ann. Agus cén fath nach mbeadh sé ar fáil laithreach bonn ar an idirlíón, cén tairbhe bheith ag faire ar nuacht an lae sin an lá dar gcionn?

Comments (1)

Tags: , , , , , ,

Póg leisbiach ina chomhartha ar rás rite Ros na Rún?

Posted on 13 May 2009 by igaeilge

rosnarun
Is cosúil go bhfuil sé i gceist ag lucht léirithe Ros na Rún go mbeadh póg leisbiach ar an sobal Gaeltachta go luath. Trath go raibh bheadh seo ina scéal mór sna nuachtáin – is cuimhin liom an scannal a bhí ann nuair a taispeanadh bean nocht ar an dráma teilifíse, The Spike.

Anois tá sé i gceist go mbeadh Roise agus Tína ag tabhairt póg dá chéile an tseachtain seo chugainn agus is dócha go mbeidh rudaí eile ar na bacain ina dhiaidh sin. Bainfidh na h-eagarthóirí tablóideacha sásta leis an scéal – líonfaidh sé an spás a bhí á líonadh an tseachtain seo le scéalta faoi Ryan Tubridy agus Jordan.

Trath go raibh gur ionann seo agus briseadh múnla. Ach bhris Ros na Rún an múnla seo na blianta fáda ó shin nuair a bhí póg aerach ann – Diarmuid de Faoite agus Seán Ó Tarpaigh a bhí i gceist.

Dar liomsa is comhartha é seo go bhfuil rás Ros na Rún rite – tá cuma tuirseach ar an gclár anois. Trí bhliain deag ar an mbóthar agus má tá sin aosta i dtearmaí saoil ré mhadra, tá sé seacht uair níos aosta nuair is sobal theilifíse atá i gceist.

Sílim go bhfuil sé in am deireadh a chur le Ros na Rún agus tús a chur le dráma nua teilifíse. Goillfidh sé orm ar shlí nó tá caraictéirí ann a thaitníonn go mór liom – Séamus Mhicil Tom, Tadhg an Tabhairneoir, An Sairsint Úna – is brea liom bean slachtmhar in éide.

Cad é bhúr dtuairim ar an gceist seo? An bhfuil sé in am comharba a fháil do Ros na Rún? Sobal dhráma a bheadh suite i bpobal Gaelach sa chathair, b’fhéidir?

Tá a fhios agam go bhfuil lucht leanúna ag Ros na Rún – ach bhí lucht leanúna ag Glenroe agus ag na RIordans. Imíonn sin agus tagann Fair City. Nil morán measa agam ar Fair City mar dhráma teilifíse – ach tá lucht féachana ollmhór aige mar go bhfuil sé suite sa chathair.

I bhfianaise na tuarascála a fhoilsíodh le déanaí, tuarascáil a thug le fios go raibh níos mó suime sa Ghaeilge sa Pháil, an bhfuil sé in am an bogadh a dhéanamh ó Ghaeltacht na Gaillimhe go nua Ghaeltacht Átha Cliath nó Béal Feirste?

Comments (3)

Tags: , , ,

Splunc! ó Chomhluadar

Posted on 13 May 2009 by igaeilge

splunc
Eagras é Comhluadar atá árd mheas agam air nó tá an obair á dhéanamh ag Feargal agus Nicole is eile chun tacú le tuismitheoirí fud fad na tíre atá ag iarraidh a bpáistí a thogáíl le Gaeilge.

Seo chughaibh anois iris don aos óg, Splunc!, agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé thar a bheith snásta agus ‘glossiáilte’. Greannán atá ann le scéalta ann faoi Celt, Liam Leisciúil agus Cill Chleasaí is eile – agus táim ag súil nuair a thabharfaidh mé abhaile é go mbainfidh Art agus Danú, mo pháistí féin spraoi agus sult as.

An t-aon rud a thugaim faoi ndeara mar gheall ar an iris nach bhfoilseofar é ach, de reir dealraimh, dhá nó thrí uair sa bhliain nó luaitear ‘Fómhar/Geimhreadh’ le Eagrán 1 den iris gealgáireach seo agus tá ‘Earrach/Samhradh’ luaite leis an dara eagrán. Is é an t-aon locht atá air, mar sin, chomh h-annamh is a fhoilsítear é.

Níl aon locht ar Chomhluadar as seo, dar liom. Tá an iris seo ar fheabhas – ach tá sé costasach a leithéid d’iris a fhoilsiú agus ní fheicim aon urraí mór luaite leis. Is é seo an chineál irise atá de dhíth chun daoine óga a spreagadh chun an Ghaeilge a léamh. Tabhair dom léitheoir Splunc inniu – agus tabharfaidh mé duit léitheoir ‘nós’ amarach. Agus an lá ina dhiaidh sin b’fhéidir go mbeidh leitheoir leabhair Ghaeilge agat.

Maith sibh, a lucht Chomhluadair! Sin dea obair atá ar bun agaibh.

Comments (3)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES