Archive | June, 2009

Tags: , , , , , ,

Leabhar nua Ian Rua….

Posted on 30 June 2009 by igaeilge

iandaite
Sean chara dem chuid é Ian Malcolm – an Dr. Ian Malcolm – a chas mé leis ó thuaidh le linn mo sheal ansin. Colúnaí i Lá Nua a bhí ann agus i Lá roimhe sin.

Aondachtóir go smior – ach Gaeilgeoir freisin. Chaith sé na blianta i mbun staidéir ar an gcaidreamh idir Protastúnaigh agus an Ghaeilge agus is an staidéar sin a shaothraigh sé a dhochtúireacht.

Anois tá leabhar bunaithe ar seo foilsithe aige – Towards Inclusion, Protestants and the Irish Language – agus is cinnte go mbeadh sé ina leabhar úsáideach is taitneamhach le léamh.

Níl sé léite agam go fóill agus tá súil agam mo choip a fháil go leabhar. Idir an dhá linn tá alt ag Robert McMillen san Irish News i nGaeilge faoin leabhar inniu….b’fhiú é a léamh agus tá sé ar fáil anseo.

Comments (2)

Tags: , , , , ,

An slí chun seirbhis nuachta inmharthanach a chur ar fáil…

Posted on 30 June 2009 by igaeilge

Is íontach an áit an idirlíon – agus is íontach an méid eolais a chuirtear ar fáil ann. An deacracht atá againn, scagadh a dhéanamh ar an eolas agus an méid atá fiúntach a aimsiú.

Ach tar éis dom bheith ag caint roimhe seo ar an mbealach chun teacht slán ó na buillí troma atá tite ar na meáin Ghaeilge le tamall gairid anuas, tháinig mé ar an alt seo i Guardian na Breataine.

Tuairisc a bhí ann ar chaint a thug Chris Anderson, eagarthóir an iris chlóite faoi chúrsaí idirlín, Wired. Iris é seo atá aitheanta as ucht feabhas an léargais ar an dtreo atá cultúr ag iompú. Ar aon nós, séard a mholann sé go n-aimseodh nuachtáín ‘peataí’ mar a thugann sé orthu a ghineoidh ioncaim dóibh agus iad ag cur nuacht ar fáil saor in aisce ar an idirlíon.

When he talks about pets for penguins, he is referring to the Disney’s online game Club Penguin. This is free to play, but they have premium memberships that provide players with additional features. Based on the ideas of his new book Free, he says that newspapers must decide what they provide for free and what premium content and services that they can develop to make money.

Anois go bhfuilimíd saor ó lámh marbh an Fhorais, tá sé in am dúinn athmhachnamh a dhéanamh ar an slí chun tosaigh.

Tá An Druma Mór ag déanamh na h-oibre seo theana – tá siad ag tabhairt uathu an nuacht saor in aisce agus ag cur ar fáil ar an suíomh – ach anuas ar sin tá siad ag cur ar fáil nuachtán ar líne PDF ó chúl seomra sa Chultúrlann. Ní le drochmheas a deirim sin – ach le mór mheas. Níl gá le ceanncheathrú ollmhór nó eile, níl gá ach le riomhaire agus ceangal idirlín agus an léargas is an cruthaitheacht chun rud éigean atá ag teastáil ó dhaoine a aithint agus a chur ar fáil.

Dá leanfaidis múnla Anderson, seans go mbeadh siad ag gearradh taille as an leagan PDF a íoslódáíl. Níl a fhios agam an bhfuil seo eacnamúil – ach is cuimhin liom go raibh Foinse á dhéanamh agus fiú gur dheineas iarracht sintiús a ghlacadh uaidh, nior eirigh liom mar go raibh deacrachtaí teicniúla leis.

As newspapers debate their future, the argument has been pitched as free versus paid models, but Anderson argues that the real decision is free versus “freemium”. It’s not about whether to charge but choosing carefully which specialised content people will pay for and developing additional premium services.

Of course, many newspapers look to the Wall Street Journal’s model. The Journal offers most of their popular content and many exclusives for free, but they keep their specialised, niche content behind a paywall for subscribers. Referring to his theories behind the long tail, he suggested that newspapers should give away the “head and charge for the tail”. The head of the tail refers to the general interest, high traffic content, while the tail is specialised, special interest content.

The Wall Street Journal model will become the model for what he called “premium newspapers”, but he was quick to add, “The problem is that there aren’t many premium newspapers.”

D’fhéadfaí an argóint a dhéanamh gur nuachtán é Nuacht 24 a chuireann seirbhis ar leith ar fáil, sa chaoi is go ndeineann an Wall Street Journal. Is amhlaidh go gcuireann an WSJ nuacht faoi chúrsaí ghnó ar fáil agus go n-iarann siad ar léitheoirí ar líne íoc as ar an mbonn gur ionann seo agus faisnéis luachmhar do lucht ghnó agus iad beo sa mhargadh.

An oiread leis an WSJ, tá Nuacht 24 ag cur seirbhís ar leith nuachta ar fáil, nuacht trí Ghaeilge, agus tá luach le sin, go h-áirithe acu san atá ag foghlaim na teanga, ní h-amháin in Éirinn ach go h-idirnáisiúnta.

Tá sé ráite uair nó trí ag Ferdie Ó Faillí Mac an Fhailigh ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil sé i gceist comórtas poiblí nua a fhogairt le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil a fhógairt. An bhfuil sé ró dhéanach cur ina luí ar an bhForas nach fiú seo ar chorr ar bith? Gur iarracht is fogra (is airgead) amú é, go h-áirithe mura bhfuil á lorg ach an rud a bhí ann roimhe sin.

Is fearr dúinn dearúd a dhéanamh ar an bhForas agus an bealach díchéilleach a chaitheann siad airgead an phobail le fána, gan cúntas a thabhairt ar an gcaiteachas go pras is go poinciúil. Is é an bealach chun tosaigh an t-airgead a chnuasú sinn féin agus tabhairt faoin obair agus más maith le Foras na Gaeilge nó Údarás na Gaeltachta nó cibé áisínteacht a thagann slán ó sceannairt an Bhoird Snip infheistiú ann, deanadh siad sin gan a bheith ag reachtáil ‘comórtais’ poiblí…..

Comments (1)

Tags: ,

George gaelach…

Posted on 30 June 2009 by igaeilge

ghookAgus mé ag taisteal sa ghluaisteán nios luaithe inniu, chuala mé fógra le h-aghaidh clár George Hook ar an raidió. Chuir an láithreoir groíúil crioch Gaelach leis an bhfógra…

“Bí ann gan teip,” a d’iarr sé.

Ós rud é go bhfuil deireadh curtha le cúrsaí reatha nach mór ar fad ar RTÉ RnaG, is dócha go gcaithfimíd bheith buioch as an mbeagán….

Tá súil agam go mbeidh George sásta nios mó Ghaeilge a úsáid amach anseo. Ach tá moladh beag ag dul as an Ghaeilge a úsáid ina fhógra – cuirimis ar an liosta é le h-aghaidh an Barr 50 an bhliain seo chugainn!

Comments (1)

Tags: ,

Mo Scéal Féin – Caibidil 4

Posted on 30 June 2009 by igaeilge

Is é seo an ceathrú chaibidil ón leabhar dírbheathaisnéis a scrígh an tAthair Peadar Ó Laoghaire ag casadh an chéid seo chaite. Máiréad Uí Lionaird atá á léamh anseo. B’é David Webb a rinne an taifead…agus is mise a chur na h-íomhánna ó Mhúscraí leis an taifead fuaime.

Comments (0)

Tags: , , , ,

Éadochas eagarthóra

Posted on 30 June 2009 by igaeilge

agallamh spéisiúil ag Caitlín Ní Ruanaidh le h-iar eagarthóir an iar nuachtáin, Foinse, ar an Druma Mór ar maidin, agallamh ina léiríonn Seán Tadhg Ó Gairbhí éadóchas go mbeidh Foinse linn arís.

Is cinnte gur iriseoir den scoth é Seán Tadhg a rinne sár jab faoi chúinsí deacra. Ní thuigim go raibh na h-acmhainní aige an crut is fearr a chur ar Foinse agus ní thuigim go fóill an scéal seo faoin chúlchiste a bhí ag an nuachtán – ach nár caitheadh, is léir domsa, ar uasghrádú an nuachtáin.

Sin argóint do lá eile, áfach. Tuigim cás Sheán Tadhg agus é anois sa tóir ar phost – fiú is go bhfuil taithí na mblianta aige agus iomrá air mar iriseoir, níl na folúntais ann sna meáin faoi láthair, gan trácht ar na meáin Ghaeilge.

B’olc an scéal dá gcaillfí a leitheid de thalainn ó na meáin Ghaeilge.

San agallamh seo, tá sé ag seachaint na ceiste faoin locht, cé air a cheart an locht a chur as ucht an gcliseadh ar Foinse?

Nílim chomh carthannach céanna. Tá an locht ar an bhForas, tá an locht ar Ghaeil nár cheannaigh é agus tá an locht ar an Aire Éamon Ó Cuív a shuigh ar a lámha nuair a bhí an nuachtán i bpriacal an oiread gur shuigh sé ar a lámha nuair a bhí Lá Nua i mbaol.

Is é seo an teachtaireacht is duairce ón agallamh:

Fad is a thuigtear domsa, sin deireadh leis an pháipéar. Ní dóigh liom go dtiocfadh sé slán sa ghearrtéarma. Beimid gan nuachtán Gaeilge ar feadh tamaill. Brathann sin amach anseo ar Fhoras na Gaeilge, ar an rud a dhéanfaidh siad sin amach anseo

Is féidir libh an chuid eile den agallamh a léamh ar shuíomh An Druma Mór. Maith thú, a Chaitlín, fuair tú scúp deas… ní fheadar ar chuir aon meán eile Seán Tadhg faoi agallamh…

Comments (4)

Tags: , , , , , , , ,

Anois nó riamh….

Posted on 29 June 2009 by igaeilge

Tá ceisteanna fós ann i dtaobh Foinse – an bhfuil sé beo nó marbh? – ach tá sé in am dúinn féachaint ar staid na h-iriseoireachta Ghaeilge faoi láthair i bhfianaise na sceannairte atá déanta le tamall anuas ar an earnáil seo.

Ní h-é an iriseoireacht chló amháin atá curtha ó mhaith ag maorláthaigh ach is cinnte go bhfuil ár n-áird ar bhás ró luath na nuachtán, Lá Nua agus Foinse, le roinnt míonna anuas.

Ach, de bharr na gciorruithe, tá dhá chlár chursaí reatha a bhí á chraoladh ar RTÉ RnaG, Faoi Chaibidil agus Seó Beo an tSathairn, cláracha ná raibh ró spreagúil nó géar chúiseach dar liom, ach bhí siad ar an sceideal agus ni fhillfidh siad san Fhómhar. Fágann sin nach mbeidh ach Adhmhaidin agus Nuacht a hAon ina mbeidh aon sórt plé á dhéanamh ar chúrsaí reatha. Agus ansan ní bheidh ann ach an bheagán agus plé cúrsaí reatha ag troid le scéalta pharóistiúla ó na Gaeltachtaí móra.

Bain ón bpictiúr chomh maith an easpa mór chláracha chúrsaí reatha i nGaeilge ar an dteilifís. Níl ann ach Seacht Lá ar TG4 – sin clár uair sa tseachtain a mhaireann níos lú ná leath uair a chloig. Craoltar ‘Scannal’ ar RTÉ – ach is clár é sin a bhaineann le cúrsaí stairiúla seachas cúrsai reatha.

Níl an scéal morán nios fearr ar an idirlíon. Iris mhíosúil é Beo.ie agus cé go mbionn roinnt ailt ann ar chúrsaí reatha – cuid acu a bhionn le moladh – tá an iris srianta ag an bhfoilsiú míosúil. Níl an réimse ábhair ann a chinnteodh go mbeadh léitheoireacht aige taobh amuigh de chiorcal na bhfoghlaimeoirí, sciar tabhachtach den mhargadh ach sciar teoranta.

Is cosúil go gcaithfimíd, chomh fada is a bhaineann sé le na h-udaráis, na h-údaráis céanna a deir gur mhian leo go mbeadh Éire ina thír dhá theangach faoi 2028, go gcaithfimíd, an dream atá Gaeilge againn agus a thaitníonn cúrsaí reatha leo, glacadh leis go gcaithfimid cúl éisteacht le cúrsaí reatha i mBéarla gan aon pháirt a ghlacadh sa phlé.

Ar an bport céanna, trí bhliain deag tar éis bhunú TG4/TnaG, níl cead ag pobal na Gaeilge féachaint ar chluichí ceannais na hÉireann beo beathach le trachtaireacht Ghaeilge. Is cosúil go mbeidh orainn brath go ceann tamall eile ar an bhfuaim ar an dteilífís a ísliú agus éisteacht leis an dtrachtaireacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nó, más trachtaireacht dhá theangach atá uainn, eisteacht le Mícheál Ó Muircheartaigh ar Raidió 1.

Tá obair mhaith á dhéanamh ag leithéidí An Druma Mór/Nuacht 24, nós* agus Feasta is Saol le freastal ar sciar áirithe den mhargadh – ach níl na h-acmhainní acu an beart a dhéanamh mar is ceart. Maidir le Comhar, tá deis ann rud éigean fónta a dhéanamh ach ní féidir leis an iris aon dul chun cinn a dhéanamh agus é faoi stiúr eagarthóir nach gcreideann sa nua theicneolaíocht agus nach dtuigeann cad atá ag titim amach i saol na Gaeilge is na tíre.

Thug mise faoi ndeara port áirithe i gcuid de na ráitis a deineadh i dtaobh Foinse agus an nuachtán ag saothrú an bháis. Bhí go leor achainí agus éilimh á dhéanamh go dtiocfadh an Rialtas i gcabhair ar Foinse ionas nach gcaillfí an nuachtán – ach is é sin díreach an fhadhb.

Má táimíd le h-iriseoireacht Ghaeilge a thabhairt slán don chéad glúin eile, ní feidir linn bheith ag brath ar na h-údaráis. Ciall ceannaigh, tá sé nios fearr ná an dhá chiall a mhúintear. Agus tá ciall ceannaithe go daor ag pobal na Gaeilge le tamall anuas. Beidh orainn greim a bhreith ar ár gcinniúint féin.

Déanfadsa mó dhícheall anseo plé a dhéanamh ar chúrsaí reatha agus nuacht an lae ach táímse ag obair faoi chúing – tá post agam i réimse eile agus ní féidir liom mo chuid ama a chaitheamh anseo faoi mar ba mhaith liom.

Táim sásta tairiscint a rinne mé roimhe seo a dhéanamh in athuair. Má tá Gaeil ann ar mhaith leo iriseoireacht Ghaeilge sláintiúil, beidh orthu íoc as. Tá ciste ag teastáil, ciste shuntasach thart ar €1m a bheidh ag teastáil. Táimse sásta €1,000 a infhéistiú ina leitheid de chiste – agus ní beag liom an tsuim sin – chomh fada is go bhfuil 999 Gael eile ag teastáil. Nuair a rinne mé an tairiscint seo roimhe, fuair mé ceathrar nó cúigear a bhí sásta a lámha a chur ina bpócaí.

Anois, tá an práinn níos géire. Tá gá leis an t-airgead chun bonn láidir a chur faoi sheirbhís nuachta is fóram plé rannpháirteach is eolgaiseach, acmhainn a bheadh neamhspleach ar fad ón stát agus saor, mar sin, óna marbh fhaisc.

Anois nó riamh.

Táim á scríobh seo agus mé ag faire ar an eagrán dheireannach de Questions and Answers á chraoladh. Breis is fiche bliain a bhí an clár sin á chraoladh agus cé gur fada an lá a bhí sé ar bharr a léime, bhí sé tabhachtach mar fhóram do phobal na tíre.

Tá sé deich nó cúig bhliain deag ó bhí an chlár cúrsaí reatha deireannach Ghaeilge ar aon chainéal teilifíse nó raidió – nach cuimhin linn ‘Cúrsaí’.

D’imigh sin agus tháinig seo. Cad atáimíd chun déanamh chun an bearna a líonadh…..?

Comments (1)

Tags: , , , ,

Céard atá i ndán don Ghaeilge ón mBórd Snip?

Posted on 28 June 2009 by igaeilge

Tá an Bórd Snip le tuairisc a chur faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo ina molfar go leoor giorruithe a bheidh le déanamh ar sheirbhisí phoiblí, an chóras leasa shoisialta is eile.

Cé go bhfuil leor i saol na h-eacnamaíochta a mhaíonn nach aon chabhair dúinn teacht as an sainn eacnamaíochta na giorruithe céanna, tá an Rialtas meaite ar na ciorruithe seo.

Deirtear go bhfuil tuairim is 400 moltaí sa tuarascáil seo ón mBórd a bhí faoi stiúr an eacnamaí, Colm McCarthy.

I bhfianaise an daorbhreith a tugadh ar an Rialtas agus eacnamaíocht na tíre seo i dtuarascáil an IMF an tseachtain seo agus an trachtaireacht ó shin, is léir nach bhfuil tada feicthe againn fós agus sinn ag caint ar chiorruithe is eile.

Óir go bhfuil oisbidéil, seirbhisí sláinte agus scoileanna ag fulaingt, an féidir linn bheith ag súil go dtiocfaidh an Ghaeilge is an Ghaeltacht slán ón dtuath?

I dtuairiscí éagsúla inniu, tá caint ann faoi ‘athmhúnlú’ a bheith á dhéanamh ar an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Cad a chiallaíonn seo don Ghaeilge, don Ghaeltacht, don phlean chun an Ghaeilge a réimniú faoi 2028, don Aire Ó Cuív, do thionscal an aistriúcháin?

Comments (3)

Tags: , ,

Ceist mhór go fóill faoi thodhchaí Foinse…

Posted on 28 June 2009 by igaeilge

Tá amhras orm anois cé acu nó nach mbeidh eagrán eile de Foinse agus má bhionn féin, ní chreidim go mbeidh sé ann an deireadh seachtaine seo chugainn.

Tar éis dom a thuairisciú go raibh Údarás na Gaeltachta ag teacht ar chapall bán chun an nuachtán a tharrtháíl, ní doigh liom go bhfuil sé chomh soiléir le sin.

De réir an fhíseáin seo, nach bhfuil thar moladh beirte ó thaobh an chaighdeáin de tá aiféaltas orm, a taifeadadh ó Nuacht TG4 Déardaoin agus Dé hAoine (de réir mar a craoladh iad ar an idirlíon), is éard atá i gceist go bhfuil Liam Ó Cuinneagáin ag moladh go gceannódh foireann an nuachtáin Moinéar Teo – agus tá Pádraig Ó Céidigh sásta é a thabhairt doibh ar faic! – agus go mbeadh cabhair ag teacht ón Údarás, seans.

Ar ndóigh d’fhagadh sin go raibh na fadhbanna leis an bhForas fós le sarú. An mbeadh cabhair breise le fáil ón Stát chuige seo?

An bhfuil leitheoirí Foinse, tusa agus mise, sásta a lámha a chur ina bpocaí ar son an nuachtáin.

Rinne mise tairiscint roimhe seo, go bhfuilim sásta €1,000 a chur ar fáíl do Chiste na Meáin Ghaeilge, más amhlaidh go bhfuil 999 Gael eile sásta déanamh mar an gcéanna. Dá mbeadh a leithéid sin de chiste ann, ní bheadh Foinse sa phriacal céanna anois.

Seasann an tairiscint sin. An bhfuil nuachtán nó seirbhís nuachta idirlín iomlán, 24/7, le foireann íochta ag teastáil ó phobal na Gaeilge? Sin an cheist. Anois an t-am le beart a dhéanamh!

Comments (6)

Tags:

Foinse – ní bás ach athfhás

Posted on 27 June 2009 by igaeilge

foinse
Mairfidh Foinse beo is cosúil. Ach más amhlaidh an scéal, tá gá le h-athruithe le go mbeidh an nuachtán níos fearr agus níos mó i dtiúin le pobal leitheoireachta na Gaeilge agus an pobal níos leithne. Is é an bannaí is fearr nach mbeidh siad sa phriacal seo arís níos mó coipeanna a dhíol.

Ach sinne, na leitheoirí agus na ceannaitheoirí, cad ar mhaith linne a fheiscint sa nuachtán amach anseo?

Cad é bhúr mbarúil? Tá’s agaibh cad iad mo thuairimí? Mura bhfuil fonn oraibh freagra a thabhairt i bhfoirm trachtaireacht, b’fhéidir go bhfreagróidh sibh an pobal bhreith neamh eolaíoch seo.

Comments (6)

Tags: , ,

Capall bán an Údaráis ag teacht i gcabhair ar Foinse

Posted on 26 June 2009 by igaeilge

Is cosúil go bhfuil Údarás na Gaeltachta, ar chapall bán, tar éis teacht i gcabhair ar Foinse, nuair ná raibh Foras na Gaeilge sásta amhlaidh a dhéanamh.

Sin mar atá á thuairisciú ag Nuacht TG4 anocht, de réir mo sheanchara, Séamus Mac Seáin. Níl an scéal iomlán agam.

Níl a fhios agam, áfach, cad é atá beartaithe? An amhlaidh go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag ceannach sciar i Moinéar Teo? An amhlaidh go bhfuil deontas tarrthála á thabhairt ag an Údarás don fhoilsitheoir?

Os rud é nach bhfaca mé an scéal de réir mar ar tuairiscíodh é ar Nuacht TG4 – agus nach mbeidh sin ar fáil ar shuíomh an chraoltóra go dtí Dé Luain! – ní fiú dom bheith ag iarraidh míniú a thabhairt díbh.

Ach tá cúpla tuairim agam mar gheall ar an slí chun tosaigh, ar mhaithe le feabhas a chur ar Foinse, nó is teachtaireacht cinnte é go bhfuil gá le feabhas ar an nuachtán, le ‘faobhar’ breise agus is deis é chun an nuachtán a iompó i dtreo nach mbeidh sé ag brath ar an Stat amach anseo.

Tá gá le h-athdhearadh iomlán ar an nuachtán agus ní mór gort ghlanadh a dhéanamh ar na colúnaithe, leithéidí Cathal Mac Coille, Póilín Ní Chiaráin is cúpla duine eile nach luaifidh mé anseo. Ní mór an nuacht a athréimniú mar phríomh ghnó an nuachtáin – ar feadh tamall cheapas nach raibh i gceist le codanna móra de Foinse ach líonadh spáis, seanscéalta le meirg orthu a bhí foilsithe i nuachtáin áítiúla aistrithe go Gaeilge agus athchúrsáilte i Foinse seachtain nó dhó níos déanaí gan aon eolas breise iontu.

Tá sé riachtanach freisin go dtomfadh an nuachtán nios doimhne san idirlíon agus úsáid as uirlisí ar nós Twitter agus Facebook chun margaíocht a dhéanamh, mar atá á dhéanamh ag an Irish Times agus ag RTÉ is go leor eile.

Más fíor an scéal seo, tá áthas orm go bhfuil na postanna slán. Tá beagáinín cumha orm freisin nó ní fhaca mé capall bán ar bith nuair a bhí Lá Nua i dtrioblóid. Ach is dócha gur fánach an mhaise dom bheith á lorg taobh amuigh de Ghaillimh Thiar, toghcheantar an Aire.

Ag an am chéanna, aithním gur forásaí agus gur tuisceanaí i bhfad ar chúrsaí gnó is fiontraíochta Údarás na Gaeltachta ná an Fhoras….

Thabharfainn chomhairle in éadan bheith ag tabhairt an iomarca creidiúna do scéalta an Fhorais faoi chúlchiste Foinse, tuairim is €618,000 de réir dealraimh. Tá seo bunaithe ar fhigiúirí ar fhoilsíodh iad an bhliain seo chaite i gcúntais Moinéar Teo agus cuirtear san áireamh ann, de réir mar a thuigim, ceannaras Foinse maraon le trealamh.

Chuala mé go leor cáineadh ar Phádraig Ó Céidigh ag ocáid an Barr 50 agus daoine ag cur ina leith go raibh sé ag imirt cluiche dainséarach agus go raibh sé caillte aige – agus sin a ceapadh inniu (Dé hAoine) ag am lón.

Ní aontaím leis an tuairim sin cé nach séanfainn go raibh cluiche de short éigean á imirt anseo. An rud nach dtuigtear, creidim, nach bhfuil aon cheangal ar Phádraig Ó Céidigh nó Moinéar Teoranta nuachtán a fhoilsiú dúinn agus caillteanas a bheith acu. Ní caillteanas beag ach an oiread – ach suas le €5,000 in aghaidh na seachtaine. Ar mhaith leatasa go mbeadh sin ag teacht amach as do phóca?

Aithním go bhfuil daoine amuigh ansin a rinne a leithéid d’obair -agus atá á dhéanamh go fóill – gan brabhús ar bith, gan íocaíocht ar bith go deimhin féin. Agus go bhfuil go leor den deonachas seo ann i saol na Gaeilge go fóill?

Ach is mór idir deonachas an ghnath dhuine a dheineann rud ó am go chéile nó fiú go rialta ar son an phobail ach a shaothraíonn slí beatha i slí éigean eile agus bheith ag súil leis an chineal céanna spioraid is cinealtacht ó fhear ghnó atá ag brath ar an obair seo dá shlí beatha. Caithfidh an t-é sin a bheith aireach faoin mbunlíne.

Tá daoine ann freisin a cheapann go bhféadfaidís nuachtán ana bhrea a chur ar fáíl ar €355,000. Ach glac uaimse é, ní mór an méid airgid é sin chun an obair sin a dhéanamh ar ard chaighdeán ar feadh tréimhse fada.

Tá ard mholadh ag dul do An Druma Mór agus Nuacht 24 as an obair atá á dhéanamh acu – ach creidimse go bhfuil siad i dteideal slí beatha a thuilleamh as a leithéid d’obair. Má tá tuairisceoir ar Nuacht TG4 ábalta €53,000 in aghaidh na bliana a thuilleamh ón gcéad lá a théann sé ag obair leis an nuacht sheirbhís, cén fath nach mbeadh tuarastal ionchurtha leis ag iriseoirí sna meáin chlóite? Agus dá mbeadh tuarastail fónta á ioc leis na h-iriseoirí atá ag obair ar Nuacht 24, an mbeadh an nuachtán á fhoilsiú ar €355,000 in aghaidh na bliana?

Tá an dainséar ann go ndíolfaimíd sinn féin faoin luach atá tuillte againn má chloímíd le sean múnlaí smaointeoireachta. Níl mé ar shon an dream nach bhfeiceann ach ‘comhartha an Euro’ nuair a amharcann siad ar an nGaeilge ach níl mé ar shon na sclabhaíochta ach an oiread.

Comments (3)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES