Archive | June, 2009

Tags: ,

Is tú an fear, a Des!

Posted on 24 June 2009 by igaeilge

Táim buioch don seirbhis uathoibreach tweetáil Giolchairithe as ucht an nasc seo a chur ar fáil. Píosa spóírt – Des Bishop ag léimpt thart i nGaeilge, san Astráil.

Bainigí sult as…

Comments (6)

Tags: , , ,

Deintear díchoimisiunú ar an gCoimisinéir Teanga…

Posted on 23 June 2009 by igaeilge

Dá mba rud é go raibh rogha agamsa, ar mhaithe le Foinse a thabhairt slán (agus Lá Nua roimhe!), chuirfinn deireadh leis an gCoimisinéir Teanga.

Níl aon chol agam do Sheán Ó Cuirreáin agus a fhoireann atá suite in oifig ghalanta ar an Spidéal ach ní fheictear dom an tairbhe atá á dhéanamh aige don Ghaeilge agus dar liom go mbeadh níos mó de bhuntáiste ag baint le na meáin a chothú ná madra faire ar nós an Choimisinéir, madra faire nach féidir leis abhastraigh i bhfurmhór na gcásanna ina mbionn leatrom á dhéanamh ar phobal labhartha is úsáide na Gaeilge.

An sampla is fearr den rud ar a bhfuil mé ag trácht, an eachtra a tharla le déanaí nuair a rinne votairí ar an Spidéal, i gcúlchlós an Choimisinéara féin, gearán faoi phobalbhreith iar votála a rinne RTÉ/An Sunday Independent ann lá an vóta, 5 Meitheamh.

Ní raibh aon rud a fhéadfadh an Choimisinéir a dhéanamh chun múineadh a chur ar RTÉ de bharr nach bhfuil scéim teanga aontaithe idir an chraoltóír agus an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go fóill.

Mar sin is féidir le comhlacht phoiblí aon sort smacht a sheachaint tre bheith mall ag aontú scéime teanga. Sin cosaint íontach a thug Acht na dTeangacha Oifigiúla don craoltóir.

Má cheapann sibh gur vóta mímhuiníne atáimse ag moladh, agus gur cineal tréas é sin ar na h-iarrachtaí a deineadh chun Acht na dTeangacha a bheithann, ní faic é i gcomparáid leis an vóta mímhuiníne ó mhathair roinn an Choimisinéara, Roinn Uí Chuív, atá geall leis dhá bhliain ar chúl le cur i bhfeidhm an dara scéim teanga.

Tá liosta ollmhór de chomhlachtaí phoiblí ann – breis is 650 – agus scéimeanna teanga le h-aontú lena bhfurmhór. Seo an liosta de na comhlachtai atá scéimeanna aontaithe leo go dtí seo, sé bliana i ndiaidh reachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Is léir go nglacfaidh sé breis is scór bliain go dtí go mbeidh scéim teanga ag gach comhlacht phoiblí ar an liosta – agus idir an dhá linn, caithfear athnuachan a dhéanamh ar na comhlachtaí atá scéimeanna aontaithe acu roimhe sin. Cur amú ama is dúthrachta an obair sin i gcomparáíd leis an bhfíor obair atá le déanamh, pobal na Gaeilge a mhealladh chun úsáid a bhaint as an nGaeilge leis na comhlachtaí poiblí le go mbeidh orthu, mar thoradh ar éileamh, riar a dhéanamh orthu i nGaeilge.

Agus cén bealach is éifeachtaí chun sin a dhéanamh? An Ghaeilge a bheith feiceálach ar na meáin agus chuige sin tá gá le h-earnáil fuinniúil is gairmiúil de na meáin Ghaeilge.

Ait liom go fóill gur fhagadh na meáin ar lár ó mholtaí na Tuairisce faoi Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht….

Cé mhéid airgead a shabhailfí dá ndéanfaí díchoimisiunú ar an gCoimisinéir Teanga – suas le €1m in aghaidh na bliana. An mbeadh aon bannaí ann go roinnfí an t-airgead sin ar Foinse nó na meáin Ghaeilge dá gcuirfí deireadh le ré an Choimisinéara? Gan amhras níl. Is dócha go mbeadh na h-iar Airí ar Theachtai Dála iad go fóill ag lorg a bpinsin arís nó rud éigean seafóideach mar sin.

Ach i bhfírinne, ní fheictear dom go bhfuil an dara rogha ann. Mar a duradh roimhe i dtaca le h-armlóin an IRA is eile, nior bhain dichoimsiunú le díchur na n-arm an oiread is gur bhain sé le cur ó mhaith an mheoin aigne a lig do dhaoine úsáid a bhain úsáid mharfach as na h-armlóin céanna.

Sa tslí céanna, ní féidir leis an Choimisinéir a chuid oibre a dhéanamh, sé sin le rá tabhairt ar chomhlachtaí poiblí gnó a dhéanamh le saorannaigh ina rogha teanga oifigiúil, Béarla agus Gaeilge. Againn amháin atá an rogha sin agus ní dhéanfaimíd sin mura gceapaimíd go bhfuil an Ghaeilge tabhachtach inár saol. Cuidíonn laithreacht is neart na Gaeilge sna meáin linn teacht ar an dtuiscint sin níos mó, dar liom, ná reachtaíocht teanga nó Coimisinéirí Teanga.

Comments (6)

Tags: ,

Misneach agus Foinse

Posted on 22 June 2009 by igaeilge

Is cosúil gur ar an gCéadaoin a bheidh cruinniú chinniúnach Foinse le Fo-choiste Nuachtáin agus Irisí Fhoras na Gaeilge. Ag an gcruinniú seo cuirfear an tairiscint is déanaí i láthair Mhoinéar Teorannta agus, ag an am sin, beidh an chinneadh ag Pádraig Ó Céidigh cé acu an é eagrán na deireadh seachtaine seo eagrán dheireannach an nuachtáin nó nach ea.

Nílim in éad leis faoin gcinneadh seo nó is cinnte nach mbeidh margadh iomlán sasúil ann do. Braithfidh sé ar a chumas – agus a thoil – cibé pian atá sa tairiscint a fhulaingt. Taca an ama seo, agus cúrsaí eacnamaíochta go dona, ní féidir ach go bhfuil brú eacnamúil ar Ó Céidigh agus an aerlíne Aer Arainn.

Má tá sé fíor, mar a deir sé, go bhfuil sé ag cailliúint €5,000 in aghaidh na seachtaine le Foinse, agus nach doichí go mbeidh athrú ar seo go dtí go mbeidh rialacha nua faoi fhograíocht dhá theangach ag rannóga stáit i bhfeidhm – agus ní fios cén uair idir seo agus Lá Pilib a Chleite a bheidh seo déanta – ní féidir bheith ró dhóchasach ag an bpointe seo.

An miotas dainséarach agus seo ar siúl go mbeadh leithéidí Ó Céidigh sásta a thuilleadh airgid fós a chailliúnt sa chás go ndiultódh sé do thairiscint an Fhorais agus go n-iarrfaidís ar Mhoinéar leanúint ag foilsiú Foinse fhaid is a bhí comharba á aimsiú.

Caol seans. Ní amadán é Ó Céidigh.

Ar an láimh eile, tá sé le cruthú nach amadáin iad Foras na Gaeilge nó an Aire Uí Chuív. Nó má theipeann ar Foinse, sílim gurb é sin an tairne dheireannach i gcónra a gcreidiúint.

Ní h-é nach mbeadh saol ann i ndiaidh Foinse. Bheadh – tá sé cruthaithe ag Nuacht 24 gur féidir leo nuachtán a fhoilsiú gach seachtain – ach caol seans go mbeadh siad sásta seo a dhéanamh de réir téarmaí an Fhorais. Cén fath go ndéanfaidís amhlaidh? Tá airgead substaintiúil i gceist le foilsiú nuachtáin – idir cló, dáíleadh is eile – gan trácht ar iriseoirí a íoc!

Táim in amhras go mbeidh dea thoradh ar seo ar fad. Tá súil agam go bhfuilim micheart. Mar eolas: seo coip de litir a sheol mé inniu chuig an Irish Times féachaint an eireodh leis, dá bhfoilseofaí é, náire de short ar bith a chur ar Fhoras na Gaeilge a thabharfadh orthu an rud ceart a dhéanamh agus seasamh le Foinse.

Nílim dóchasach.

A eagarthóir,

I used to be the editor of Lá Nua, the Irish language daily newspaper which had to close due to lack of funding last year. As such I have understanding and sympathy with the editor and staff of Foinse, the remaining Irish language newspaper, as it faces possible closure this weekend, again due to lack of adequate support from its funder, Foras na Gaeilge, the cross border body established under the Good Friday Agreement to promote Irish on an all Ireland basis.
It seems perverse that newspapers in Irish which are read around Ireland and the world are emperilled due to the failure of the State to invest adequately in their maintenance – and the principle of state maintenance of minority language newspapers is established in countries throughout Europe where there is recognition of their role in contributing to interculturalism and diversity. It’s doubly perverse to consider that two Irish language newspapers which pre-existed the Good Friday Agreement in which it was promised to take resolute action to promote Irish on an all island basis are left to die out for want of support from the states north and south of the border.
After all, there seems to be no shortage of funds to establish government units for the translation of documents, which are read by far less than the readership of Foinse or Lá Nua, from English to Irish. The funding crisis for Foinse follows the recent announcement of the establishment of a unit within the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs for the translation of some 50,000 pages of statutory instrtuments to Irish at a cost conservatively estimated between €3m and €5m.
Surely it defeats all logic in a time of economic adversity to fund such an unproductive project when a newspaper such as Foinse is crying out for investment?
I refuse to use the term ‘grant aid’ because I know only too well that is an unfair description of the recompsense needed for the sheer work it takes to produce a newspaper weekly or, as I experienced, daily.
This weekend’s (June 27/28) edition of Foinse could be the last time the State’s remaining Irish language newspaper is published and if this comes to pass, it will be a poor reflection indeed on a Government which in December 2006 proclaimed the aim of achieving a bilingual state by 2028. To date it has yet to publish a plan to do so but it will be a far more difficult objective to achieve without a functioning and thriving Irish language media, of which Foinse was and is and should remain a vital part.
Time is short before the presses roll on Foinse’s last edition and there’s no need for a rehash here of machinations of Foinse with the extremely bureauratic Foras na Gaeilge, the virtually unaccountable funder which has, inexplicably, failed to publish its accounts for the years 2005-8.
Minister Ó Cuiv has at his disposal a €6m discretionary fund, Ciste na Gaeilge, and should he be minded to save Foinse, he could do worse than invest in the survival of the newspaper.
If he does not swiftly and decisively come to the aid of Foinse, we may have to surmise that his commitment and that his colleagues in government is half hearted, self serving and to the detriment of the Irish language.

Is mise

Concubhar Ó Liatháin
Cúil Aodha
Co. Chorcaí

Sílim gur cheart do dhaoine a thuiscint nach tubaist é seo do Foinse amháin, agus don fhoireann atá ag obair go dícheallach is sinn ag caint, ach gur tubaist don Ghaeilge é. Aon duine nach n-aithníonn sin, níl croí acu.

Ba cheart, chomh maith, teachtaireachtaí misnigh a sheoladh chuig foireann an nuachtáin an tseachtain seo. Tá sé thar a bheith deacair leanúint ag obair ar bharr do léime nuair atá tua ag crochadh os do chionn mar atá. Ní féidir leat bheith cinnte, nuair a bhuailtear an tua, go ndeinfear tú a dhícheannú in aon bhuille amháin nó an mbeidh sé go mall pianmhar thar tréimhse ama, mar a tharla do Lá Nua.

Sin na smaointí a ritheann liom an tseachtain seo.

Seolaimis misneach chuig foireann Foinse. Go n-éirí leo….

Agus mura bhfuil an achainí sínithe agat go dtí seo, céard atá tú ag fánúint leis?

Comments (1)

Tags: , , ,

An sionnach i measc na gcearc anois

Posted on 22 June 2009 by igaeilge

NelsonMcCauslandDe réir na dtuairiscí is déanaí, tá Nelson McCausland ceaptha ina Aire Cultúr, Ealaíon is Foillíochta ó thuaidh ag an gCéad Aire, Peter Robinson.

Duine é McCausland atá sean aithne agam air. Diograiseoir Albainis Uladh é – cé nach eol dom go labhrann sé an teanga. Is cinnte, áfach, gurb é an chéad chloch ar a phaidrín, mas ceadmhach dom an mheafar mhí oiriúnach sin a úsáid, tús áite a thabhairt don chultúr – agus ní don teanga – Albainis Uladh thar an Ghaeilge.

Tá sé ráite aige go mion is go minic roimhe seo. Is duine é ar fuath leis Éireannachas an oiread sin gur rinne sé gearán le déanaí gur cheart deireadh a chuir leis an ‘Éireannach’ sna Leoin Briotanach agus Éireannach. (Cheapfá go mbeadh aondachtóir dílis mar é ar shon gach ceangal a choimead idir Éire agus an Bhreatain!)

Anuas ar sin, creideann sé nach ‘Ceilteach’ é cé go bhfuil McCausland mar ainm air. Ainm chomh Ceilteach is nach gá é a mhíniú.

Tá roinnt tuairimí aisteacha eile aige. Beidh le feiceáil conas mar a eireoidh leis san Aireacht seo – ach táim réasúnta cinnte go rachaidh a ré chun dochair na Gaeilge an oiread agus gur féidir leis.

Chomh fada agus a bhaineann sé le Nelson, is ionann a bheith in aghaidh na Gaeilge agus a bheith dilis dá chreideamh.

Cinneadh tubaisteach don Ghaeilge é seo – agus ar ndóigh ní féidir le Sinn Féin faic a dhéanamh in éadan an Aire mar go bhfuil siad ceangailte go dluth leis ar an bhFeidhmeannas.

Beidh an athas orm má léiritear dom go bhfuilim mícheart. Ach is é mo bharúil gur feidhm ‘frith Chultúr’ a bheidh ag an Aire nua Cultúr ó thuaidh, frith Chultúr na nGael chun a bheith beacht…

Ar ndóigh d’fhéadfadh sé tarlú go bhfuilim mí cheart. Ní féidir linn bheith ag súil nach mbeidh Nelson McCausland ina Aire Aondachtach – ach dá ndéanfadh sé a mhachnamh ar sin agus teacht ar an dtuiscint gur fearr i bhfad a bheadh sé do Thuaisceart Éireann dá mbeadh reachtaíocht ann chun an teanga dúchasach Ultach seo a chosaint, mar atá reachtaíocht sa Bhreatain Bheag agus in Alba roimhe, agus beartú dá réir, d’fhéadfadh sé amadán a dhéanamh díom.

D’fhéadfadh sé mo dhúshlán a shárú freisin tre airgead breise a aimsiú don Chiste Chraoltóireacht Ghaeilge, le go mbeadh an bearna idir é agus cistí do chraoltóireacht i nGaeilge na hAlban agus na Breatnaise sa Bhreatain Bheag níos cúinge ná mar atá.

An bhfuil tú chun glacadh leis an dúshlán, a Nelson, agus léiriú dúinn go bhfuil tú níos fearr ná an íomhá atá againn ort? Nó an gcloífídh tú go docht le brat do threabh?

Sin í an cheist….

Comments (2)

Idir thuarascálacha nach léitear agus nuachtáin i mbaol – plé chúrsaí teanga sa Dáil

Posted on 22 June 2009 by igaeilge

Seo dhá shliocht ó dhiospóireacht Dála na seachtaine seo chaite, sliochtaí inar tógadh ceist na Gaeilge agus ceist mharthanachta Foinse…..

Official Languages Act.

27. Deputy Brian O’Shea asked the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs if he will inform all of the bodies which come within the remit of the Official Languages Act 2003 that an electronic copy of the Irish version of the various documents which come within the remit of the Act is sufficient to meet the statutory obligation; and if he will make a statement on the matter. [23140/09]

Deputy Éamon Ó Cuív: Deputy O’Shea is aware that since the enactment of the Official Languages Act 2003, I have made it clear that certain documents should be published on compact disc or on the Internet, rather than in hard copy, to the maximum extent possible. I refer to those documents, such as annual reports and strategy statements, which are required by section 10 of the 2003 Act to be published simultaneously in both official languages. They should be produced in a manner that is consistent with the over-riding requirement to meet the needs of all customers, including those who do not have access to the Internet or have genuine reasons for preferring a paper copy. I assure the Deputy that every organisation that comes within the scope of the 2003 Act is aware of this. An Coimisinéir Teanga advised all public bodies of the preferred approach in the guidebook on the Act that his office published and circulated to them in 2008. It is essential that both official languages are treated equally and the same quality of customer service is provided in both languages. It is not sufficient to publish an electronic copy only of one language version, for example, while giving the customer in the other language a choice of electronic or paper copy. It should be acknowledged that some documents, such as application forms that enable the general public to make applications or receive benefits, may require continued availability in hard copy format for the foreseeable future. It is important, in the interests of providing the customer with a quality service, that hard copies of such documents continue to be accessible in both official languages, ideally within the one cover.

Deputy Brian O’Shea: I thank the Minister for his reply. I would like to give an example of my concerns in this regard. I was contacted in connection with the recently published report of the Ombudsman for the Defence Forces. I am the Labour Party’s spokesperson on such matters. The person who contacted me, who could not be said to be unfavourably disposed to the Irish language, told me they threw the Irish language version of the report in the dustbin. Much of the stuff that is being published is of interest to very few people. The manner in which that is being done is leading to antagonism towards the Irish language. The approach of the Minister, Deputy Ó Cuív, to the revival of the Irish language is putting him at risk of being described as a “flat earth” Minister. He needs to examine what is happening. At a time when the only Irish language newspaper in the country is facing extinction, money is being wasted in this manner.

An Leas-Cheann Comhairle: That is the subject of the next question.

Deputy Brian O’Shea: Go raibh maith agat. It is not good enough for the Minister to say he has given advice – he needs to take stronger action to make sure this sort of thing stops before it gets any worse.

Deputy Éamon Ó Cuív: Any waste of money is wrong. If money is wasted on printing, it does not matter whether the material being printed is in Irish or in English. I have complained in this House on many occasions about the number of unsolicited reports, etc., that are sent to my office. Most of them are in English only. They go immediately into my waste paper basket because I know I will not get a chance to read them. There are too many of them. Like everyone who checks his or her post, I can remember a time when every county enterprise board sent its annual report to me. I do not get any of those any more. The debate we have had on this issue has helped enormously to dissuade bodies from sending this type of documentation to us, in either of the official languages. All of us know that if we want to access a report, we can get it on the Internet. This is not a language-specific issue – it should be addressed as a waste issue. The document referred to by Deputy O’Shea had a particularly fancy cover. We have said time and again that all these issues should be examined. The number of documents that have to be translated is quite limited. I estimate that 90% of the cost of preparing documents involves preparing them and just 10% of the cost relates to translating them. The vast majority of documents in this country are produced, quite legally, in English only. I agree it is about time we cut down on the size and number of documents that are produced. Documents are eating up huge sums of money.

Deputy Michael Ring: The Minister could make a ministerial order to prevent such waste.

An Leas-Cheann Comhairle: I ask the Deputy to allow Deputy O’Shea to have his questions answered.

Deputy Michael Ring: I will.

Deputy Éamon Ó Cuív: Deputy O’Shea knows I am more than willing to debate this issue in detail at the Joint Committee on Arts, Sport, Tourism, Community, Rural and Gaeltacht Affairs. Two legitimate issues arise in the context of Deputy O’Shea’s question. The Official Languages Act 2003, which was introduced on foot of the Ó Beoláin judgment, which would have forced us to translate every document in the country into Irish, requires us to translate a limited number of documents. We need to consider how we can provide documents in two languages at a minimum cost. We can publish them on the Internet, we can reduce the size of documents and we can use standard templates for the purposes of translation.

Deputy Brian O’Shea: As usual, the Minister has gone all around the shop. We need to get down to the basic point. We want to promote the use of the Irish language. We are not helping the language by publishing a pile of stuff that very few people read. The point I am making is that money which could be better spent on other aspects of the Irish language is being wasted. The Minister needs to have a good look at this. The country is in a bad state at the moment. Things are not going well for the language, which is being hindered by delays. We have to stop wasting money. The Minister is well aware that this sort of thing is antagonising people and causing them to move away from the Irish language. It is about time the Minister got real by starting to eliminate waste and getting rid of some of his obscurantist ideas.

Deputy Éamon Ó Cuív: I did not come up with any of the ideas we are talking about in this case. We are talking about the law of the land, as passed by the Oireachtas.

Deputy Brian O’Shea: The law can be changed.

Deputy Éamon Ó Cuív: The Deputy can make proposals for a change in the law any day he likes.

Deputy Brian O’Shea: It is obvious that the Minister does not have any proposals of his own.

Deputy Éamon Ó Cuív: Some English speakers seem to want to deny this country’s Irish speakers their right to read basic documents in Irish. The Act requires annual reports and policy proposal documents to be published in Irish. All other documents can be published in English only in this State. I believe Irish speakers have a right to access certain documents in the Irish language. The Deputy can disagree with me on that point if he likes. Those who are antagonised by the fact that Irish speakers, including native speakers, are being given their rights relating to a limited number of fundamental documents are entitled to their opinions. I do not agree with them. The majority of the Members of this House concurred with me, thankfully, when they voted for the legislation in question.

3 o’clock
Nuachtáin Gaeilge.

28. D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun a chinntiú go leanfar d’fhoilsiú an nuachtáin sheachtainiúil Foinse, an t-aon nuachtán seachtainiúil Gaeilge sa tír; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24035/09]

Deputy Éamon Ó Cuív: I dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuil sé fíor-thábhachtach don teanga agus don tír, dar liom, go mbeadh nuachtán Gaeilge ar fáil. Beidh mé ag casadh le Bord Fhoras na Gaeilge go luath agus beidh mé ag glacadh leis an deis chun é sin a chur in iúl dóibh.

Ar ndóigh, tá Foras na Gaeilge neamhspleách ó thaobh a gcuid gnó a bhainistiú i gceart agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil luach ar airgead á fháil acu. Chomh maith leis sin, tuigfidh an Teachta nach féidir le hAire cur isteach ar phróiseas tairisceana ar aon bhealach.

É sin ráite, tá súil agam go mbeidh Foras na Gaeilge in ann an cheist seo a réiteach I dtreo is go mbeidh nuachtán Gaeilge ar fáil gach seachtain dóibh siúd atá á lorg.

Deputy Dinny McGinley: D’éist mé leis an Teachta O’Shea agus é ag déanamh tagairt do na foilsiúcháin Gaeilge a cuirtear ar fáil ag eagraithe an Stáit agus ag bord Stáit lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine agus is beag duine a léann iad. Ar an lámh eile, tá páipéar seachtainiúil náisiúnta Gaeilge againn agus tá géarchéim – agus muid ag caint – faoi an mairfidh sé nó nach mairfidh sé. Tá an páipéar seo á chur ar fáil le 13 bliain agus tá sé á léamh go rialta gach seachtain ar fud na tíre. Níl aon guarantee againn go mbeidh an páipéar ann ach seachtain amháin eile, deireadh na míosa seo. Chomh fada agus a bhaineann sé linn, d’fhéadfadh deireadh a bheith leis an páipéar sin. An aontódh an tAire liom go bhfuil rud éigin cearr lena gcuid priorities nuair nach féidir leis páipéar seachtainiúil a choinneáil ag dul ar aghaidh ó sheachtain go seachtain – páipéar atá á léamh ag pobal na Gaeilge agus ag scoláirí Gaeilge sna meánscoileanna ar fud na tíre? Ar an lámh eile, tá tuarascála, mar a dúirt an Teachta, á chaitheamh isteach i gciseáin nuair a thagann siad. Ba mhaith liom go dtabharfadh an tAire tacaíochth iomlán don pháipéar seo agus nach mbeadh sé ag dul ó lá go lá. Ba mhaith liom go mbeadh leanúnachas ann agus go mbeadh deireadh leis an éiginnteacht.

Deputy Éamon Ó Cuív: Tá me cinnte go n-aontódh an Teachta liom go bhfuil agus go mba ceart go mbeadh Foras na Gaeilge neamhspleách ón Aire ó lá go lá. Tá mé cinnte freisin go n-aontódh sé liom go mba ceart don Fhoras na gnáth rialacha maidir le tairiscintí a leanúint agus iad ag bronnadh conartha. Tá mé cinnte go n-aontódh sé liom nach ceart domsa cur isteach ar córas tairiscintí poiblí, mar dá gcuirfinn isteach air, bheadh mé mícheart ar fad agus is é an Teachta is túisce a sheasfadh suas sa Teach agus a deireadh liom nach bhfuil sé ceart ag aon Teachta ná Aire cur isteach ar thairiscintí poiblí. De réir mar a thuigim ón bhforas, is é an rud atá i gceist ná go ndeachaigh sé amach ar an margadh ag lorg tairisceana. Thairg sé conradh do chomhlacht áirithe agus tá comhráití fós ar bun agus go dtí go mbeidh na comhráití sin thart, ní bheadh sé ceart agamsa cur isteach ar an gcóras tairisceana. Tá mé tar éis a rá, ar bhonn polasaí de, go mba ceart go mbeadh nuachtán Gaeilge ann.

Deputy Dinny McGinley: Sílim go bhfuil ról níos mó sa cheist seo ag an Aire ná mar a fhógraíonn sé sa Dáil. An aontódh sé liom gurb é an deacracht mór atá ag Foras na Gaeilge ná maoiniú agus acmhainní a chur ar fáil sa dóigh gur féidir leis an bhfoilsiúchán seo dul ar aghaidh? An mbeidh an maoiniú agus na hacmhainní á gcur ar fáil ag an Aire d’Fhoras na Gaeilge sa dóigh gur féidir leis an pháipéar dul ar aghaidh? Is é sin ról an Aire – na hacmhainní agus an maoiniú a chur ar fáil sa dóigh gur féidir linn an ghéarchéim seo a sheacaint.

Deputy Éamon Ó Cuív: Is é mo thuiscint, nach easpa airgid an fhadhb ar chor ar bith. Tuigim gur séard a tharla ná go ndeachaigh an foras ar an margadh agur gur lorgaíodh tairiscintí suas go teorann áirithe airgid, go ndearna an foras a bhreitiúnas agus go bhfuil comhráití ar bun. Tuigim nach easpa airgid an fhadhb ó thaobh an fhorais de agus níor ardaigh an foras riamh ceist liom maidir le heaspa airgid a bheith mar cnámh spairne.

Deputy Dinny McGinley: Laghdaíodh an deontas ó —–

Deputy Éamon Ó Cuív: Níl sé sin fíor. Tiocfaidh mé ar ais leis an eolas cruinn. Ní raibh ísliú ó €400,000 go €300,000 nó cibé figiúr a bhí ráite. An rud a tharla ná, lorg an foras tairiscintí agus chuir sé síleáil le uasmhéid do mhéid na tairiscintí go bhféadfadh comhlacht a fháil. Nuair a rinne an foras scrúdú ar an tairiscint, facthas dó, bunaithe ar an tairiscint a bhí déanta, go mba ceart deontas níos lú ná an uasmhéid a bhféadfadh sé a bhronnadh a bhronnadh. B’shin ceist gnó don fhoras, bunaithe ar na tairiscintí. Bhí an conradh deiridh níos lú na sin. Freisin, bhí sé 16% níos lú ná an tairiscint a rinneadh. Ach is ceist gnó a bhí ansin; ní laghdú deontais a bhí i gceist.

Comments (1)

Tags: , , ,

An t-alt sin ón Sindo

Posted on 22 June 2009 by igaeilge

Na rudaí lofa ar ghá dhom a dhéanamh ionas nach gá daoibh, mar shampla, an Sunday Independent a cheannach….Obair shalach ach ní mór do dhuine éigean tabhairt faoi

donallynch1
donallynch

Comments (2)

Tags: ,

Achainí Foinse – tuilleadh tacaíochta ag teastáil

Posted on 22 June 2009 by igaeilge

Dá mbeadh toradh fiúntach ar bith ar achainí idirlín, an gcuirfidís – na h-Údaráis – deireadh leo?

Sin ceist a ritheann liom anois is arís. Nó is cuimhin liom gur shínigh breis is 10,000 achainí i mí Feabhra 2008 chun Lá Nua a thabhairt slán. Ach ní raibh sa seal breise a fuarthas ag an am ach seal ana ghairid.

Ar aon nós tá achainí anois ann le h-aghaidh Foinse – agus níl ach timpeall ar dhá scór tar éis é a shiniú ag mean lae Dé Luain. Bhí scór ann ar maidin inniu agus scaoil mé racht feirge uaim ar Twitter, racht gairid an dtuigeann sibh, agus mhéadaigh an líon siniúcháin go mór ó shin. (Bualadh bos do iGaeilge!).

Seo deis do phobal na Gaeilge agus iad san a thacaíonn le h-éagsúlacht chultúr in Éirinn a léiriú nach bhfuil siad ar nós cuma leo faoi bhagairtí mar seo. Má dhúntar Foinse ceal suime, an measann tú go stopfaidh sé ansin. Má fhoghlaimíomar aon rud ón eispearas le Lá Nua, is é nár cheart rud ar bith a fhagaint faoi na h-údaráis. Ar dtúis Lá Nua, ansan Foinse, ansan TG4, Conradh na Gaeilge, Pobal??????

Cá stopfaidh an lobhadh? Ni stopfaidh sé mura labhrann tú amach. Labhair amach mar a labhair cosmhuintir na hIaráine an tseachtain seo chaite agus anois tá aird an domhain orthu. Ní h-ionann an dhá chás, admhaím, ach tá cultúr i gceist anseo.

Fiú mura gceapann tú gur fiú morán Foinse – agus creidimse gur cheart go bhfeabhsófaí go mór é – ná lig chun báis é gan do ghlór a ardú. Sínigh an achainí agus scaip an scéal. Abair le do cháirde é a shíniú. Dein é sin agus dein anois é!

Comments (0)

Cur chuige chriochdheighilteach Uí Chuív – agus Shinn Féin

Posted on 22 June 2009 by igaeilge

Bhí litir spéisiúil sa Sunday Tribune ag an deireadh seachtaine, ó bhean a bhí ag cáineadh cur chuige an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i leith na Gaeilge agus na leideanna atá faigthe againn le tamall anuas faoi ath-eagar ghluaiseacht na Gaeilge.

Dar leis an Bhean Uasal Ní Mhaoláin, is cur chuige criochdheighilteach atá ag an Aire Ó Cuív.

. Whilst proclaiming himself champion of the Irish language, he is interfering in language organisations all over the county, regardless of the efficacy of their work. Fianna Fáil signed both the Good Friday and the St Andrews agreements on behalf of the government of the Republic of Ireland, yet paid only lip service to pushing the British government to do what it signed up to for Irish speakers. . His frustration at the bureaucratic Foras na Gaeilge is understandable. So is his anger about the various unionist culture ministers he has been left to deal with, from Micheal McGimpsey to Gregory Campbell via Edwin Poots; they have gone from bad to worse

Ach tuigeann sí do, ar shlí:

. His frustration at the bureaucratic Foras na Gaeilge is understandable. So is his anger about the various unionist culture ministers he has been left to deal with, from Micheal McGimpsey to Gregory Campbell via Edwin Poots; they have gone from bad to worse

Ar ndóigh is é an toradh ar seo ar fad, na pleananna le h-aghaidh Údarás na Gaeilge, mar shampla, agus fiú an phlean 20 bliana (19 anois?) chun tír dhá theangach a bheith in Éirinn faoi 2028 go mbeidh cainteoirí Ghaeilge an tuaiscirt fagtha ar an imeall – agus ní don chéad uair – nó ar an dtrá folamh ar fad.

Is cinnte go bhfuil an teorainn go mór i gceist chomh fada is a bhaineann sé leis an Aire. Aon uair a chuala mé é ag caint, nó a léigh mé agallamh leis, bhí sé den tuairim go laidir nach ndéanfadh Rialtas na hÉireann rud ar bith ar son Gaeilge ó thuaidh mar gurb é sin cúram an Aire ó thuaidh. Anuas ar sin, chuala mé á rá nach bhféadfaí bheith ag súil le tada eile ó Aire Aondachtach agus cúrsaí mar atá ach diultachas don Ghaeilge.

Agus ansan cuirim an cheist cén fath nár ghlac páirtí náisiúnach – Sinn Féin nó an SDLP – leis an Aireacht seo. B’é ceann de na h-aireachtaí deireannacha a roinneadh, más buan mo chuimhne.

Is cinnte go mbeadh Aire Náisiúnach sa phost seo níos cúramaí i leith chúrsaí cultúr agus teanga na nAondachtach ná an míchúram agus naimhdeas atá léirithe ag na hAirí Aondachtacha i leith cultúr agus teanga na nGael.

An bhfuil aon seans go mbeidh cur chuige uile oileánda ann i leith na Gaeilge? Ni chreidim é agus olcas an gheilleagair á úsáid ag polaiteoirí ar gach taobh den teorainn chun ciorruithe a dhéanamh a chuireann cruachas ar pháistí scoile agus othair in oisbidéil. Gan amhras níl cúrsaí chomh h-olc sin – tá cuid acu ag tarraing pinsin agus tuarastal ag an am chéanna. Nior ceadaíodh ach laghdú 25% ar a bpinsin ar eagla go dtabharfadh duine acu dushlán dlí do chiorrú níos mó ná sin. Dar leis an Ard Aighne, deirtear linn, go raibh ‘legitimate expectation’ ag na Teachtaí ar iar Airí Rialtais iad go bhfaighdis pinsean iomlán agus iad fós ina teachtaí. [Ar ndóigh beidh deireadh ar fad leis an bpinsin seo do iar Airi ar Theachtai Dála iad go foill tar éis an chéad olltoghchán eile - rud a chinnteoidh nach mbeidh iar Airí ar Theachtaí Dála iad ag lorg olltoghchán go luath!]

Má tá cur chuige uile Eirinn ag teastáil uainn i bhfírinne, is fúinn féin atá sé. Ní féidir bheith ag brath ar pholaiteoirí nó ar Airí Rialtais.

Comments (0)

Ardú tónach is tápú deise

Posted on 21 June 2009 by igaeilge

With the boom well and truly over, Irish is a pointless little luxury that the State should let people pay for, if they want to.

We live in an English speaking age in which even thriving European languages such as French and German are being slowly swamped and eroded by anglicisations. Those countries may have reason to feel a little nationalistic pique, but for us the horse has bolted and we may as well enjoy the huge advantage that native English gives us in the world.

Call a government department and try to get an answer in Gaeilge and hear the stutters of confusion. Yet the number of Government sponsored quangos and tax payer funded media in the language continues to grow. From the little watched TG4, supported to the hilt by the tax payer – to the untold sums spent translating everything from the announcements at Dublin Airport to phonebook sized records of European legislation – “so as not to marginalise us”, in the words of former MEP, Seán Ó Neachtain – we are haemorrhaging enough money into Irish to buy at least a few electronic voting booths and even have enough change left over for a few flights for the Fas executives. Business class, of course.

Sin togha agus rogha na ráitis ón íonsaí is déanai ar an nGaeilge agus pobal a labhartha. Foilsíodh é seo sa Sunday Independent, san iris ‘Life’ agus, mar is dual d’alt ar bith ina ndeintear díspeagadh ar an nGaeilge, tá pictiúr de Peig in éineacht leis.

Níl sé cúpla seachtain ó shin ó bhí alt moltach sa Sunday Tribune, leath bhadóir an Sunday Independent, ag moladh ‘gnéasúlacht na Gaeilge’ agus leis an alt sin bhí pictiúirí de Dáithí Ó Sé, an fear is gnéasúla in Éirinn, agus Gráinne Seoighe in éineacht le cúpla ‘babe’ eile ó dhomhan na meán Ghaeilge.

An fiú bheith buartha go bhfuil lúdramán eile aimsithe ag an Sunday Independent chun a bheith ag íonsaí na Gaeilge, lúdramán darbh ainm Donal Lynch?

Deir daoine nach fiú – agus beidh siad ag rá nár cheart dul i ngleic lena leithéid. Go dtugann sin ugach dóibh. Ní aontaím leis an dearcadh sin mar go gcreidim gur deis é seo nach feidir a ligint tharainn.

Tá roinnt rudaí a deir Lynch – ní fheadar an bhfuil sé gaolta ar an lúdramán frith Ghaelach eile, Declan Lynch, a bhionn ag scríobadh sa Dodo – a aontaím leo cé go bhfuilim go h-iomlán ina choinnibh maidir leis an treo agus an brí atá lena alt.

Má tá sé buartha faoin airgead atá á chaitheamh ar an nGaeilge agus ré an racmais thart (agus ná labhraimís anseo faoin phairtí a thacaigh an Sunday Independent leis i gcaitheamh na mblianta sin), céard eile a leagfadh sé an tua air? Oisbidéil – tá daoine tinn leath marbh ar aon nós, scoileanna – ní fiú airgead a chaitheamh ar chóras oideachais nuair atá daoine ábalta gach rud arbh fhiú a fhoghlaim ar Twitter!

Aontaím leis an maíomh atá á dhéanamh aige maidir leis na h-aistriúcháin – cad is fiú é? Léiríonn an cheangal atá á dhéanamh aige idir airgead amú ar an nGaeilge agus an gheilleagar a bheith i bponc an dioscúrsa atá romhainn mar gheall ar an nGaeilge agus tacaíocht an Stát di. Thug mé rabhadh faoi seo roimhe.

Ar ndóigh, creidimse nach bhfuil leath a dhothain airgid á chaitheamh ar na meáin Ghaeilge. Léiríonn an tagairt a deineadh do na meaisíní votála an méid sin – caitheadh nios mó ar an mbotún sin ná mar a caitear ar chláracha Gaeilge ar an dteilifís? Bionn lucht féachana ag na cláracha sin – bionn isteach is amach le 200,000 ag amharc go rialta ar Ros na Rún – agus cothaíonn sin postanna is cuireann sé an gheilleagar ag gluaiseacht sa Spidéal.

Fillfidh mé ar an ábhar seo ar ball – cúramaí eile orm anois. Tá Naomh Abán ag imirt in éadan Duiche Ealla sa tríú babhta de Chraobh Peile Chorcaí – Anthony Lynch V Donnchadh O’Connor.

Is féidir libh bheith ag léamh an ailt idir seo agus sin – tá sé ar lch 22-23 den iris agus níl sé ar fáíl ar an líon go fóill. Má chuireann sé múisc oraibh bheith á léamh, iompaigí go dtí leathnach 12 agus léigh alt spreagúil ansan faoi bhean a chuir smais ar a tóin….

Comments (19)

Tags: ,

Bog ar aghaidh – níl rud ar bith ag titim amach anseo

Posted on 19 June 2009 by igaeilge

Go fóill tá Foras na Gaeilge ag imirt na gcluichí maidir le Foinse agus níl aon eolas beacht sa ráiteas a d’eisigh siad inniu i ndiaidh an chruinnithe a bhí ag an mBórd i mBaile Atha Cliath.

Seo a bhí le rá ann.

Ag cruinniú de bord Fhoras na Gaeilge, a bhí ar siúl inniu, i mBaile Átha Cliath, rinneadh plé ar réimse leathan ábhar, an conradh le nuachtán seachtainiúil Gaeilge a sholáthar ina measc.

Bhí sé riamh mar pholasaí ag Foras na Gaeilge, ó bunaíodh é i 1999, go bhfuil sé riachtanach go mbeadh nuachtán uile-oileánda, seachtainiúil ann agus rinneadh an polasaí sin a athdheimhniú ag an gcruinniú inniu.
Tuigeann Bord an Fhorais go bhfuil deacrachtaí ag Móinéar Teo. agus tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge go leanfar leis an gcomhphlé leo. Tá sé de rún ag Coiste Nuachtán agus Irisí an Bhoird bualadh le bainistíocht Móinéar Teo. chomh luath agus is féidir an tseachtain seo chugainn leis na deacrachtaí atá ag an gcomhlacht a phlé go mion. Tá Bord Fhoras na Gaeilge dóchasach gur féidir teacht ar réiteach.

Is féidir tacaíocht a thabhairt d’fheachtas Foinse ar go leor bealaí – labhair le do Theachta Dála nó do Sheanadóir. Cuir glaoch ar Fhoras na Gaeilge agus iarr labhairt le Ferdie Mac an Fhailigh le do thacaíocht don nuachtán a chur in iúl agus/nó sínigh an achainí seo.

Comments (0)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES