Archive | July, 2009

Tags:

Gaeltacht Gan Teorainn, an Ghaeltacht Ghlic, an G-spota agus eile

Posted on 31 July 2009 by igaeilge

Má tá deascéal ar bith le baint as foilsiú Thuarascáil McCarthy chomh fada agus go mbaineann sé leis an Ghaeltacht is an Ghaeilge, is é go dtugann sé spreagadh dúinn féachaint ar an obair atá idir láimhibh againn as an nua, ag cur uainn na sean smaointe is an sean cur chuige.

Go dtí le déanaí bhí an plé á dhéanamh faoi scath Thuarascáil Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus bhí na Gaeltachtaí éagsúla ag iarraidh a chinntiú nach gcriochnóidís mar ‘Ghaeltacht C’ nó taobh amuigh den réimse chúng den aibitir a bhí faoi chaibidil sa tuarascáíl seo.

Anois tá an Ghaeltacht ar fad – agus earnáil na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht Oifigiúil – faoi bhagairt an tua a nocht Colm McCarthy ina thuarascáil.   An dtabharfaidh sé spreagadh dúinn teacht le cheile ná leanúint den chluiche a bhíodh ar bun ag Foinse agus Donncha Ó hÉallaithe agus Acadamh na hOllscolaíochta  agus iad ag iarraidh a chur in iúl nárbh fhiú bheith ag infhéistiú airgid in aon Ghaeltacht seachas Conamara agus pócaí beaga i dTír Chonaill agus i gCiarraí.

Dar liom gur eirigh ‘chomh maith’ leis an mbolscaireacht seo gur chothaigh sé an soiniceas i measc an phobail mhóir i leith na Gaeltachta, ná raibh i gceist ach bó ar a bhleacht agus go raibh an bó á blea go dtí go raibh sí tirim.

Nior oibrigh an cur chuige seo.  Níl an Ghaeilge níos laidre sa Ghaeltacht dá bharr.  Go deimhin, fiú ar an gCeathrú Rua féin, príomh bhaile Ghaeltacht Chonamara, níl an Ghaeilge chomh laidir is ar cheart di bheith i bhfianaise na ndeontaisí atá faighte ag an gceantar sin i gcaitheamh na mblianta.  Sin scéal atá amhlaidh ar fuaid na nGaeltachtaí ar fad.

Ach anois tá an chomhthéacs athruithe go h-iomlán.  Níl a thuilleadh cainte ann faoi Ghaeltachtaí ‘A’, ‘B’ nó ‘C’.  An cheist anois an mbeidh an Ghaeltacht ann ar chorr ar bith?    De bharr na gcúinsí atá liostáílte agam anseo, tá díluacháil déanta ar ‘stadas Gaeltachta’ seachas a mhalairt.

An cheist atá agamsa: cén sórt Gaeltacht a bheas ann?

Gan faic a bhaint ó stadas na nGaeltachtaí traidisiúnta, an bhfuil deis ann anois an Ghaeltacht a athshamhlú le dul i ngleic leis an saol chomhaimseartha?

Tá an ceist a bhaineann le cé acu stadas oifiigiúil atá ag Gaeltacht, stadas aitheanta ag an Rialtas agus a chiallaíonn go bhfuil an pobal faoi choimirce an Údaráis, nó an amhlaidh gur fhogair an pobal féin gur Gaeltacht a bhí ann, tá an cheist sin cosúil leis an idirdhealú a dheintear idir naoimh atá faomhaithe mar naoimh ag údaráís na Vatacáine sa Róimh agus naoimh atá aitheanta ag an pobal mar naoimh, gan aon beannú oifigiúil.   Ní lú a n-údarás dá bharr seo – ar deineadh naomh riamh de Phádraig go h-oifigiúil?   Nó Bríd?  Nó Colmcille?  Nó Gobnait?

Tá’s againn go bhfuil ‘Gaeltacht’ in iarthar Bhéal Feirste, go bhfuil ‘Gaeltacht’ i gCeanada.   Ní gá aitheantas oifigiúil a bhronnadh ar na pobail sin chun an stadas sin a dheimhniú.

Ag an am chéanna, tá deis ann stadas Ghaeltachta a leathadh ar fuaid na tíre agus ar fuaid na cruinne i slí go mbeadh luach leis arís agus in áit an luach seo bheith ag creimeadh le h-imeacht aimsire, go mbeidh an luach sin ag ardú.

Is féidir le duine ar bith saincheadúnas a lorg le h-aghaidh brainse de McDonalds nó a leithéid a oscailt ina phobal féin.   Chomh fada agus go sasaíonn sé an critéir atá leagtha síos le h-aghaidh mearbhialann, agus go n-íocann sé an taille cuí le McDonalds, beidh an deis ag an t-é sin gnó a dhéanamh faoi airse McDonalds.

B’fheidir go bhfuil uaisle na Gaeilge is na Gaeltachta, sinn ró bhuartha faoi ‘stadas’, le dul i ngleic leis an nGaeilge ar bhonn gnó agus an obair a dhéanamh a thabharfaidh deis do dhaoine a nGaeltacht féin a bheith acu ina bpobal féin.

Thug mise an ‘G-spota’ ar an mbrannda a bheadh ag na Gaeltachtaí seo roimhe.  Bhí sé abhairín mioscaiseach agus bhí blás gairsiúil leis.  Fiú mura nglacfaí le sin, chuirfinn fáílte roimh bhúr moltaí ar an gceist.

In áít deontais a bheith ar fáil faoi mar a bhí sna Gaeltachtaí traidisiúnta, bheadh deiseanna gnó ann le faoiseamh cánach d’infheisteoirí a bheadh sásta tacú le tograí a chuideodh leis an nGaeilge.   Bheadh seo teorannta do Ghaeltachtaí sa Saorstát is dócha – cé go mbeadh deis ann is dócha dul chun cainte le Rialtas an Tuaiscirt/Na Breataine chun pacaiste den tsort céanna a chur in áit i gceantaracha ar nós iarthar Bhéal Feirste, Doire, Carn Tochair is eile.   D’fhéadfaí é a chur faoi éide phacáiste ‘stimulus’.

Is cinnte gurb é seo an am is fearr chun margaí maithe a fháil ó thogálaithe chun an obair a dhéanamh a chuirfidh na h-áiseanna atá ag teastáil ó na Gaeltachtaí seo ar fáil.  Ní gá go dtogfadh sé ró fhada ach an oiread.  Faoi láthair tá cara liom ag togáíl gaelscoile i Máthún i gcathair Chorcaí.  Tá an foirgneamh fós le teacht ón Eastóin – ach fós gealltar go mbeidh an scoil oscailte is reidh don obair i mí Mheán Fomhair.     Scoil adhmaid atá i gceist agus tá an bunús in áít theana féin.

Nílimid laidir ag an bpoinnte seo,  Mar sin ní foláir dúinn bheith glic.  Tá cur chuige difriúil ag teastáíl.   B’fhéidir gurb é seo an cur chuige sin, nó b’fhéidir go mbeidh cur chuige ina mbeidh gnéithe den gcur chuige seo le sonrú ann i gceist.   Níl a fhios agam – ach tá gá le plé ar libhéal éagsúil ón plé a bhí ann go dtí seo.

An rud a bhí ann go dtí seo nior oibrigh sé.  Ní féidir linn bheith ag súil le torthaí difriúla má leanaimíd leis an gcur chuige céanna i gcónaí. Tá an sean cur chuige le sonrú i gcuid de na freagraí ó Ghaeilgeoirí go dtí seo: anseo agus anseo.

Comments (5)

Tags: , , , , , ,

Feartlaoi ró luath, ró chineálta ar an Aire?

Posted on 29 July 2009 by igaeilge

Tá cosa an Aire Uí Chuív nite is cosúil mas aon tomhas an moladh deireadh a chur leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dtuarascáil Mhic Carthaigh  - An Bórd Snip Nua – agus, anois, alt san Irish Times ag Seán Tadhg Ó Gairbhí ag tomhas an tionchair a bhí ag gharmhac Eamon Devalera ina thréimhse mar Aire sa roinn sin.

    Nílim chomh cinnte go bhfuil deireadh leis an Roinn nó tá go leor cainte ag na h-airí faoi thuarascáil Mhic Carthaigh bheith ina ‘bhiachlár’ ar féidir leo bheith ag roghnú as de réir mar is mian leo.

    Ach nílim cinnte ach an oiread nach bhfuil an feartlaoi seo ró chinealta faoin Aire.

    Mar sin féin, beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta buíoch d’Éamon Ó Cuív amach anseo. Nuair a thagann deireadh lena ré mar Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta tá gach seans ann go ndéarfar gurb é an tAire Gaeltachta ab fhearr riamh é.

    An Aire Gaeltachta ab fhearr riamh – b’fheidir é mar ní mór é a chur i gcomparáid le h-Airí eile a raibh sa phost sin agus is beag Aire Gaeltachta a raibh thar moladh beirte.

    An deacracht atá agam leis an Aire  O Cuív go raibh sé – agus go bhfuil sé fós – ró cheangailte le nóisean sean aimseartha den Ghaeltacht agus den Ghaeilge agus go bhfuil an tionchar atá aige ag cur moille ar chúrsaí seachas a bheith á mbrostú chun cinn.

    Sin an fath gur thug mé ‘aire analógach sa ré diigteach’ air.  Ar ndóigh, taobh amuigh de Éamon Ryan, is beag aire atá ann a thuigeann, dar liom, an saol chomhaimseartha agus na feidireachtaí a bhaineann leis an dtodhchaí digiteach.  An bhfuil aon dealramh bheith chomh buartha faoi na bainc – agus ag caitheamh airgead amú chun iad a tharrtháil  - sa ré seo?

    Na rudaí a luann Seán Tadhg  ar thaobh an sochair, chuirfinnse anois iad ar thaobh an dochair:

    Ar thaobh an tsochair de chuntas Uí Chuív tá, i measc rudaí eile, an tAcht Teanga, stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, agus an feabhas as cuimse atá tagtha ar bhonneagar na Gaeltachta.

    Dar liomsa, tá an ró bhéim ar mhaorláthas san Acht Teanga ag tachtadh na Gaeilge agus ní fheicim morán de bhuntáiste phraiciticiúil le stádas oifigiúil oibre a bheith ag an dteanga san Aontas Eorpach seachas postanna a chur ar fáil do dhlítheangeolaithe.

    Ní fheictear dom ach an oiread go bhfuil an bonneagar sa Ghaeltacht tar éis feabhsú ‘as cuimse’.   B’fhéidir gur amhlaidh an scéal i gConamara, i gcúlchlós an Aire féin, cé nach gceapfainn go n-aontódh muintir an Cheathrún Rua liom sa mhéid sin agus iad go fóill gan uisce inólta ón sconna.   Tá réimsí móra den Ghaeltacht go fóill gan leathanbhanda, rud a fhagann iad go mór faoi míbhuntáiste sa ré digiteach.

    Mar atá ráite agam anseo roimhe seo, creidim gur theip go tubaisteach ar an Aire aon chabhair phraicticiúil a thabhairt do Foinse nó do Lá Nua nuair a bhí géarghá leis an dtacaíocht sin.  Ní h-amháin nár tháinig sé i gcabhair ar cheachtar nuachtán nuair a chuaigh siad in adharca le Foras na Gaeilge ar cheisteanna mhaoinithe ach tá sé ag suí ar a lámha maidir le rialachán a dhéanamh ar cheist na fograíochta.  Fiú má dheineann sé cinneadh anois, ag cur iachaill ar na h-eagrais poiblí is na ranna stáit fógraí a fhoilsiú go dhá theangach, na leaganacha Ghaeilge sna meáin Ghaeilge agus na leaganacha Bhéarla sna meáin Bhéarla, beidh sé ró mhall nó tá Foinse agus Lá Nua i measc na h-iar nuachtáin Ghaeilge eile anois, i gClólann na Naomh!, Anois, Inniu, Amarach, an tÉireannach, Fáínne Geal an Lae, an Claidheamh Solais &rl.

    Dár ndoigh, ní gá go gcosnódh sé níos mó airgid nuachtán Ghaeilge a fhoilsiú dá mba rud é gur léiríodh níos mó solúbthacht ar an módh foilseacháin.   Dá mba rud é go mbeadh cead ag Lá Nua nó Foinse foilsiú mar leagan PDF amháin, mar a d’iarr Lá Nua ar aon nós, bheadh níos mó airgid ar fáil chun an abhar agus an dearadh a fheabhsú de bharr go raibh níos lú á chaitheamh ar chló agus ar dháileadh.     Maith go leor, ní raibh an rogha sin ar fáil sa chonradh a bhí ag Lá Nua ach is peaca é ná raibh an rogha ar fáil sa chonradh a bhuaigh Foinse agus nach bhfuil sé ar fáil sa chomórtas atá ar siúl faoi láthair chun comharba ar Foinse a aimsiú.   In áit a bheith ag reachtáil comórtas le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil – a bheadh, is cosúil, lonnaithe sna 26 contae, tá rogha ar fáil don Fhoras agus don Aire a mhaoiníonn an Fhoras, maoiniú mar is ceart a chur ar fáil don Druma Mór/Nuacht 24.    Ach seo chugainn an maorláthas – agus an criochdheighilteachas arís – nó ní féidir leis an Aire nó an Fhoras, is cosúil, tacú le togra atá lonnaithe ó thuaidh.

    Tá smaointeoireacht an Aire ró theorannta – agus ní an ‘teorainn’ amháin atá i gceist agam le seo.   Ní teorainneacha na Gaeltachta ach an oiread.

    Anois táimíd ag fánacht ar an Aire an plean a fhoilsiú chun an Ghaeilge a thabhairt slán.   Tá méar fada an Aire tar éis foilsiú an phlean a gealladh i Nollaig 2006 go mbeadh sé ar fáíl roimh dheireadh na bliana seo chaite nó ‘laistigh de dhá bhliain’ agus anois beidh sé á fhoilsiú ag am go bhfuil an comhthéacs athruithe go h-iomlán.  Má tá acmhainní breise –  nó acmhainní ar bith – ag teastáil chun míreanna an phlean seo a chur i bhfeidhm, beidh sé deacair nó dodhéanta teacht ar na h-acmhainní seo ón Státchiste.   Agus cad é an tairbhe don Stat plean a fhoilsiú mura bhfuil na h-acmhainní – nó an toil pholatúil troid san fhóram phoiblí ar son na hacmhainní seo – ann chun an plean a chur  i bhfeidhm?    Tá seilfeanna lán de phleananna ag bailiú deanaigh i Roinn na Gaeltachta.

    I mo shamhlaíocht den phlean seo, bhí áit lárnach ag na meáin Ghaeilge, idir fuaim, fís agus cló is ar líne, san obair chun 250,000 cainteoirí laethúla Ghaeilge a bheith ann faoi 2028.   Ach anois tá na meáín cló nach mór imithe, tá ciorruithe eile á moladh do TG4 agus tá RTÉ Raidió na Gaeltachta fós siocaithe sa sean aois.

    Sin ar fad ar sheal faire an Aire Uí Chuív.

    Is cuimhin liom go raibh geallúint mar cheannlíne i gclár toghcháin FF ag an olltoghchán i 2007 go mbeadh Aireacht Sinsearach Rialtais ag an nGaeltacht.  Rinne an Aire é féin mór den mhéid sin agus é ag caint liom is iriseoirí eile sna meáin Ghaeilge.   Anois is cosúil go bhfuil an geallúint sin le briseadh, cosúíl le go leor geallúint eile.

    An Aire Gaeltachta is fearr riamh, ní fheadar.  An Aire Gaeltachta deireannach, is doichí.

    Fagann sin an cheist.  Céard a dhéanfaimíd mar fhreagra ar seo ar fad?  An gá dúinn, mar a mhol Máire Mhic Niallais ó Chomharchumann Gaoth Dobhair ar RnaG an lá deireannach, ‘eirí amach’ i gcoinne mholtaí Mhic Carthaigh.

    Táim féin ag obair ar thrachtaireacht ar an dtéama;  An Ghaeltacht Ghlic: a bheidh á fhoilsiú anseo go luath.  Níl mo Ghaeltacht ina Ghaeltacht ‘A’, ‘B’ nó ‘C’.  Is Gaeltacht gan teorainn é.  Gaeltacht digiteach don ré digiteach.   Ach beidh tuilleadh faoi seo ar ball.    Mura mbionn Aire ‘Gaeltachta’ ann amach anseo, beidh orainn ‘aire’ a thabhairt don Ghaeltacht sinn féin!

    Comments (4)

    Tags:

    Ó trom go h-éadrom II

    Posted on 28 July 2009 by igaeilge

    Seachtain amháin caite ar an aiste bídh seo agus ar éigean go n-aithním mé féin.  Mothaím níos beoga, níos fuinniúla, nios dearfaí i ngach gné dem shaol.  Tús maith leath na h-oibre gan amhras ar bith.

    Ní raibh an seachtain cruaigh ná baol air – cé go raibh amannta ann nuair a cuireadh cathú orm – agus amannta freisin nuair a ghéill mé.  Ach má ghéill mé an uair amháin, mála brioscáin prataí má tá an oiread sin suime agat san ábhar, bhog mé ar aghaidh ar bhóthar mo leasa.

    Aiste bía dian go leor atá ann – laghdaitear an líon calra a bhionn á ithe agat ó thart ar 3,000-2500 go dtí 1,500 ar a mhéid in aghaidh an lae.

    Má úsáideann tú 500 calra fuinnimh, is ionann é agus leath phúnt meachan.  Mar sin, is ionann laghdú 1,000 calra ar do chuid aiste bídh in aghaidh an lae agus púnt níos lú meachan a ithe.   De réir na teoirice, mar sin, beidh do chorp ag úsáid na calraí storáilte – sé sin an bonn sa bhreis thart ar mo choim! – chun bheith beo.

    Agus is é sin an slí a chailleann tú meachan.

    Ar chailleas meachan le linn na seachtaine?  Ceist mhaith, a chara, tá áthas orm gur chuir tú an cheist.  Ar dtúis lig dom an chomhthéacs a mhiníu duit agus ansan tabharfaidh mé freagra duit ar do cheist.  Ar dúirt mé gur ceist mhaith a bhí ann?

    Ní mór duit a thuiscint gur dhearna mé botún an tseachtain seo chaite – dúirt mé go raibh 21 cloch cúig phúnt á iompar agam.    Ní raibh sin ceart – bhí mé sé phúnt níos eadroime nuair a meadh mé – sé sin bhíos 20 cloch 13 púnt.   Pé slí a tharla sé, b’fhéidir ná raibh mé ‘tiúineáílte isteach’ i gceart agus an chomhairleoir ag labhairt liom agus níor chuala mé mar is ceart í.  Tarlaíonn sé ó am go chéile – cur ceist ar mo bheanchéile croí cráite!

    Ar aon nós, tá mé ag teacht chuig freagra na ceiste.  [Eag: brostaigh ort, beidh an scealloglann ag druidim gan mhoill agus tá fonn orm dul le h-aghaidh mála sceallóga is trosc – ní h-ionann agus troscadh - batráilte]

    Arís, cuirim an cheist, cé mhéid meachan ar chaill tú?    Tog go bog é, cad é an dithneas atá ort?

    Bhí mé ag iarraidh an scéal a mhíniú duit – chaill mé sé phúnt sara d’fhag mé oifig an chomhairleora an seachtain roimhe ar chorr ar bith (de bhrí gur ghlac mé síos an suim mícheart – tá sé saghas cosúil leis an carta ‘seans’ sa chluiche Monopoly, earraid bainc ar do shon].

    Agus, drumaí á bhuaileadh agus trumpaí á shéideadh, chaill mé sé phúnt eile le cois le linn na seachtaine.  Ciallaíonn sin go raibh mé 20 cloch seacht bpúnt tar éis an chéad seachtain – nar mhair ach sé lá mar a tharlaíonn sé ach sin scéal eile do lá eile.

    Táim ag scríobh an ailt seo agus cuid is mó den dara seachtain – seachtain ocht lá! – caite agam agus beidh le feiscint cé acu an leanfaidh an tanú seo ag an ráta céanna.

    Táim dóchasach gur lean sé – cé nach bhfuilim ró chinnte go mbeidh toradh chomh soiléir agam an dara seachtain.

    Is é an rud tabhachtach, áfach, go bhfuil an aiste bídh tosnaithe agus tá sé anois ar siúl. Ní gá dom bheith imníoch níos mó faoin dial rud a thosnú.   Agus ní ‘dial rud’ é ar aon nós ach cara de short.

    Thárla sé go raibh orm dul chuig an dochtúir le h-aghaidh scrudú rialta – agus deirtear liom go bhfuil mo bhrú fola ‘den scoth’ – 115/75.  Sin titim nach beag ón uair dheireannach go raibh mé faoi scrúdú – bhí sé thart ar 135/85.

    Ach ní h-iontas sin, agus mé ag rith is ag ráis ar fuaid na h-áíte, tá mála prataí amháin, a bhí im bholg, nach bhfuil á iompar agam.

    Leanfaimíd linn agus beidh a thuilleadh scéalta agam an tseachtain seo chughainn, ach go h-áírithe tabharfaidh mé cúntas ar mar ar tháinig mé slán ón oíche nuair a cuireadh an muc ar róstadh ar ghob….

    Meachan caillte an tseachtain seo: 6 phúnt

    Mo mheachan:   20 cloch 7 bpúnt

    Meachan le baint amach: 15 cloch

    Comments (4)

    Feachtas nua – ó trom go h-éadrom I

    Posted on 28 July 2009 by igaeilge

    B’fhéidir go bhfaca cuid agaibh na míreanna seo roimhe ar Nuacht 24. Beidh mé á fhoilsiú na h-ailt seo anseo feasta freisin.

    Seo chugaibh an chéad mhír:

    Nuair a bhí mé ar an mbunscoil, na blianta fada ó shin, tugadh Ruairí Ramhar orm. Níor fhag an chuimhne sin mé triochadh éigean bliain níos déanaí agus níor fhag an meachan mé ach an oiread. Go deimhin táim píosa maith níos troime anois.

    Ní den chéad uair atáim ag cur tús le h-urracht ar mheachan a chailliúint – agus, go deimhin, ní den chéad uair atáim ag iarraidh tús a chur le colún faoin iarracht chéanna nó bhí a leithéid á scríobh agam i Daily Ireland na blianta óshin nuair a bhí an nuachtán sin á fhoilsiú.

    An uair sin d’eirigh liom breis is ceithre chloch a chailliúint agus mé cláraithe le Weightwatchers. Laghdaigh mé mo mheachan ó 21 cloch 12 phúnt go leith go 17 cloch agus 8 bpúnt. Bí ag caint ar an meachan a bhaint díot agus an difríocht a rinne sé im shaol.

    Áirím ar an difriocht is mó agus is fearr go raibh an dara páiste ag mé féin agus mo bhean Tá Danú tri bhliain d’aois anois agus is cailín alainn í, díreach cosúil lena máthar, agus bionn ana spórt againn le cheile. Mar a bhionn agam le mo mhac, Art, atá sé bhliain d’aois.

    An rud ar tharla dom nuair a shroicheas an meachan sin, 17 cloch agus 8 bpúnt, ná gur stopas agus thosnaigh an chúlú go mall ach lean sé air. Cad é ba chúis leis an gcúlú? Níl a fhios agam. Bhí mé den tuairim go rabhas ag cloí leis an deachleachtas.

    Gan amhras níor thugas faoi ndeara é go dtí go raibh ar a laghad cloch orm arís – timpeall an Nollaig i 2007.

    Anois ocht mhí déag níos faide ar aghaidh agus táim ar ais, nach mór, ag an bpointe ónar thosnaigh mé ar an gcéad aistear bídh sin tuairim is cúig bliain ó shin anois.

    Cúig bhliain ó shin, i 2004, thart ar bhreithlá Airt, a chéad lá breithe, bhí coisir againn sa teach agus bhí na cáirde is na comharsain go léir ann. Bhí ana lá againn. I ndiaidh na h-ocáide agus mé ag féachaint ar na griangrafanna, thugas an fathach fir seo faoi ndeara. Fear mór ramhar a bhí cuma ana míchompórdach air fiú má bhí meangadh mór ar a aghaidh agus é ag fáire ar a chéad ghin ag séideadh na coinnle ar a chíste lae breithe don chéad uair. [Ar ndóigh níor shéid sé iad ach shéid a cháirde nua iad – ach is cuma faoi sin, scéal tharainn é!]

    Thosnaíos ar aistear bídh nua seachtain ó shin agus caithfidh mé a rá go bhfuilim spreagtha an iarraidh seo, creidim, thar mar a bhi mé aon uair roimhe.

    Nuair a tógadh mo mheachan ag an ionad nua, bhí mé 21 cloch agus cúig phúnt. Sé sin le rá timpeall ar sé chloch, ar a laghad, ró throm dom ‘ aois.

    Motivation Weight Management is ainm don ghrúpa atá ag tabhairt cabhair dom an iarraidh seo – agus tá an aistear bídh nios déine ná aistear bídh ar bith a bhí agam i mo shaol roimhe.

    Tuairim is 1,500 calorie in aghaidh an lae in áit go raibh a dhá oiread sin atá i gceist. Níl cead ach práta amháin agus níl feoil dhearg ar an mbia chlár ach uair sa tseachtain. Tá srian ar thorthaí agus go leor eile – ach beidh tuilleadh eolais agam faoi seo i gceann seachtaine – agus, an dea scéal, níl cosc iomlán ar dheoch mheisciúil.

    Bim amuigh ag rothaíocht nach mór gach maidin agus mé ag baint sult as an dea aimsir – agus má thagann an droch aimsir, bhuel beidh mé amuigh ar an lá sin freisin. [Ní áirim laethannta na díle mar a bhí ar an mBun Beag an tseachtain seo!].

    Níl san aistear bídh ach an chuid is lú den obair áfach – tá orm dearcadh nua a fhoghlaim i leith cúrsaí bídh chun go mbeidh mé ábalta agus lán sásta mo dhroch nósanna maidir le h-ithe a chur ar leataobh agus nósanna nua a fhoghlaim agus a chleachtadh ní go dtí ceannscríbe, 15 chloch – ach go deireadh mo shaoil. Tá tús curtha leis an dturas sin, an aidbhintiúr sin anois.

    Meachan ag tosnú: 21 cloch 5 phúnt

    Ceannscríbe 15 chloch

    Meachan le cailliúint: 6 chloch 5 phúnt.

    Comments (1)

    Tags:

    Ag dul i dtaithí ar Leabhar na n-Aghaidheanna

    Posted on 28 July 2009 by igaeilge

    Bhíos ar chúpla lá saoire le déanaí, gan teacht agam ar fiú ceangal idirlín ar an iPhone, agus mar sin bhí mé im thost. Is binn béal ina thost, gan amhras.

    Ar aon nós, tar éis dom filleadh, chuala mé mar gheall ar Ghaelú Facebook. Agus caithfidh mé a admháil gur snasta an jab a deineadh ar an acmhainn idirlín seo.

    Tar éis dom a thuilleadh fiosruithe a dhéanamh, feictear dom go bhfuil pobal Gaelach bríomhar is líonmhar ar Leabhar na nAghaidheanna. Is brea liom é a fheiscint agus táim cinnte go bhfasfaidh sé go rábach. Roinntear an oiread eolais ann go bhfuil sé deacair gan a bheith tógtha leis.

    Comments (5)

    Tags: , , ,

    Aifric – ‘Hannah Montana’ na Gaeilge

    Posted on 23 July 2009 by igaeilge

    aifric17
    Is cuimhin liom roinnt blianta ó shin bheith ag tuairisciú ar phlean uaillmhianach, cheap mé, scánnán a dhéanamh den chlár teilifíse do dhéagóirí, Aifric. Bhí gach rud faoi réir ag an gcomhlacht léirithe agus bhíodar dírithe ar an scannán a leiriú an Samhradh seo.

    Dhiultaigh an Bórd Scannáin don iarratas agus anois tá iarrachtaí ar bun chun scannán laghdaithe a léiriú, bunaithe ar bhuiséad nios lú.

    Ní thuigim cinneadh an Bhóird Scannáin ach go bhfuil a fhios agam nach dtacaíonn siad go h-ionadúil le scannáin Ghaeilge. Bhí deacrachtaí freisin ag ‘Cré na Cille’ agus d’eirigh leis an scannán sin áít a bhaint ar an ngearrliosta le h-aghaidh féile mór scannáin san Áis, rud a leiríonn nach bhfuil gach eolas ar an gcéard seo ag an mBord Scannáin.

    Dealraíonn sé dom go raibh margadh cruthaithe ag an sraith teilifíse le h-aghaidh an scannán – lucht leanúna nach beag i measc lucht scoile na tíre, dream a thaithníonn na scéalta faoi chúrsaí grá agus teaghlaigh a bhí fite fuaite sa sraith seo.

    Ritheann sé liom gur togra é seo ar cheart tacaíocht a fháil ó leithéidí Ciste na Gaeilge – táím réasúnta cinnte gur infhéistíocht é seo a bheadh rath air do chuile thaobh.

    Más aon tomhas Hannah Montana, an comparáid is giorra do Aifric, is cinnte go saothródh sé luach a infhéistíochta ar ais.

    Tá roinnt tograí fiúntacha Gaelacha ann ná raibh gá ar bith le Bórd Snip chun deireadh a chur leo. Ba leor an bhiogóidíocht frith Ghaelach atá sna h-údaráís chun iad a chur go tóin phoil.

    Comments (1)

    Meoin na teipe

    Posted on 22 July 2009 by igaeilge

    Deirtear go bhfaigheann an meatachán bás míle uair sara chailltear é agus an duine cróga, ní bhfaigheann sé bás ach an uair amháin.

    B’shin an smaoineamh a rith liom agus mé ag léamh alt le Seán Tadhg Ó Gairbhí san Irish Times inniu. Dá bhféadfaí téama a lua leis an alt, ba é go raibh bás na Gaeilge i ndán go luath de bharr an baol a bheith ann go gcuirfí moltaí Mhic Charthaigh i bhfeidhm.

    Níl aon amhras orm ach go gcuirfear moltaí Mhic Charthaigh, a bhfurmhór mhór acu ar aon nós, i bhfeidhm agus go ndeinfear sceannairt ar an nGaeilge is ar an nGaeltacht. Más aon tomhas na meáin Bhéarla, is beag an comhbhá atá sa phobal do theanga na ndeontaisí ag an am seo.

    Bíodh san mar atá, tá gá leis an mbagairt seo a aithint mar dheis. Ach is léir ó alt Mhic Ghairbhí go bhfuil cuid ag geilleadh an cluiche roimh a thosnaítear ar an imirt ar chorr ar bith.

    Níl aon amhras ann ach go gcreideann údair na tuarascála go bhfuil cur chun cinn na Gaeilge i measc na ‘bpríorachtaí’ atá sleamhnaithe ar gcúl agus gurb é an Béarla i gcónaí, mar a dúirt an file tráth, “the perfect language to sell pigs in”.

    Más rud é go n-aontaíonn an Rialtas leis an léamh sin ar thábhacht na Gaeilge ní thabharfar ón mbás í.

    Mar in ainneoin na ganfhiosaíochta agus na bréagchráiféachta a bhain, agus a bhaineann fós, le cuid mhaith d’iarrachtaí an Stáit i leith athbheochan na Gaeilge, is fíor fós go gcailltear teangacha leochaileacha ceal tacaíocht stáit agus go dtagann teangacha leochaileacha slán ach tacaíocht láidir bheith acu ó na húdaráis.

    Cinnte tá gá le tacaiocht ón Rialtas ach is tabhachtaí i bhfad gniomhaíocht uainne má táimíd chun an Ghaeilge a thabhairt slán don chéad ghlúin eile.

    Tá dealramh éigean leis an ráiteas seo ó iar eagarthóir Foinse:

    Má táthar le hatheagar a dhéanamh ar earnáil na Gaeilge, deintear le samhlaíocht agus tuiscint é, dhá rud atá in easnamh ar thuarascáil Mhic Cárthaigh fad is a bhaineann sé le ceist mhaoiniú na Gaeilge.

    Tabhair faoi ndeara go mbaineann sé úsáid as an saorbhriathar agus é ag labhairt faoi ‘atheagar ar earnáil na Gaeilge’. Is é sin an dearcadh ‘i bhfad uaim’ an phian agus an chostas agus an dhiograis is an ghníomh ar ghá leis chun an obair seo a dhéanamh. Fagfaimíd faoin Rialtas é, sin an teachtaireacht atá ag an scriobhnóir.

    Ní h-aon íontas gur chuaigh Foinse go tóín poill mura bhfuil de throid san iar eagarthóír ach geilleadh gach uair a bhuaileann constaic ina choinnibh.

    Nior mhaith liom bheith ró chruaigh ar dhuine ar bith. Ach níl anseo ach an seana phort go deo deo ó lucht na Gaeilge. Cuid acu, nuair a bhionn siad ina suí go socúil agus ag tarraingt pá brea agus gan tuiscint acu ar an saol athrach ar an saol lasmuigh den Ghaeilge, nuair a bhuaileann an géarchéim, téann siad i laige ar fad. Ní fiú faic an cineal seo teachtaireachta.

    Tá géarchéim sa tír ar fad faoi láthair, ní in earnáíl na Gaeilge amháin nó sa Ghaeltacht amháin. An solás atá le baint as seo go bhfuil tost ar an achrann leanúnach idir Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus an tÚdarás is go bhfuil deireadh leis an chaint faoi na catargóirí ‘A’, ‘B” agus ‘C’. Beag an chaint freisin faoi ‘bPlean chun an Ghaeilge a athbheochan mar theanga náisiúnta i dtír dhá theangach faoi 2028/2030/?).

    Nuair a foilsíodh an tuarascáil seo an tseachtain seo chaite, b’iad Cumann na Sagart an chéad grúpa a labhair amach ina choinnibh. Maith iad! Ach mura ndeileáilimíd i slí cruthaitheach is fiontrach leis an dúshlán seo, agus go bhfeicfear gur ar leas an phobail atá gluaiseacht na Gaeilge (rud atá fíor go h-iomlán creidim, seachas roinnt grúpaí a bhionn ag tochas ar son a gceirtlín seachas ar son na gluaiseachta).

    Comments (7)

    Tags: , ,

    Nuachtán nua á lorg: fo-eagarthóir de dhíth ar an bhForas

    Posted on 21 July 2009 by igaeilge

    An oiread is nach bhfuil saoi gan locht, agus nár cheart don t-é atá i dteach gloine an chéad cloch a chaitheamh, tá fonn orm cic sa tóin eile a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge atá, is cosúil, saor go fóill ó scian an Bhoird Snip Nua. B’fhéidir go bhfuilim tógtha mar gheall ar an bhféin ceartúchán a rinne RTÉ ag tús na seachtaine ach seo chugaibh é, a Fhorais, crom síos agus….!

    Seo an preas ráiteas a d’éisigh siad ar an Aoine seo chaite:

    Comórtas Poiblí le fógairt i comhair conartha le Nuachtán Seachtainiúil Gaeilge a sholáthar.

    Bhí an conradh le nuachtán seachtainiúil Gaeilge a sholáthar faoi chaibidil ag cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge a bhí ar siúl i mBéal Feirste inniu, Dé hAoine, 17 Iúil. Ag an gcruinniú cinneadh próiseas tairisceana nua a fhógairt an tseachtain seo chugainn le nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú. Tá sé mar sprioc ag an bhForas go mbeidh an nuachtán nua ar fáil do phobal na Gaeilge faoi Shamhain na bliana seo. Beidh sé sheachtain ag daoine ar spéis leo cur isteach ar an gconradh iarratas a ullmhú. Déanfar measúnú ar na hiarratais ansin agus bronnfar conradh maoinithe i gcomhair na tréimhse Samhain 2009 go Deireadh Fómhair 2013 ar an iarrathóir a n-éireoidh leis.

    Ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe dó, dúirt Cathaoirleach an Fhorais, Liam Ó Maolmhichíl, “Tá suim léirithe ag roinnt mhaith grúpaí cheana féin sa chonradh leis an nuachtán a sholáthar. Fógrófar an comórtas go luath an tseachtain seo chugainn agus tá sé de rún againn an próiseas a thabhairt chun críche chomh tapa agus is féidir, le go mbeidh foilseachán nuachta nua ar fáil do phobal na Gaeilge gan mhoill.”

    Glacaim leis gur comórtas é seo ag an bhForas, ag iarraidh ar an bpobal an botún d’aon ghnó a thabhairt faoi ndeara agus go mbronnfar sintiúis saoil ‘Saol’ ar an t-é a thugann faoi ndeara an méid atá béim leagtha agam air, leis an gcló ‘dána’ thuas.

    Thairis sin, nuair a eirímíd ón úrlár, agus nuair a thagann an anál chugainn arís, tar éis an taispeantas grinn seo ó chathaoirleach an Fhorais, Liam Ó Maolmhichíl, a fhagfadh Des Bishop féin in éad, tosnaíonn na ceisteanna ag teacht chun tosaigh nó, mar a deir siad ar Nuacht TG4 ‘ag ardú’.

    An chéad cheist: an bhfuil sé lán chinnte go mbeidh an t-airgead ag Foras na Gaeilge ó mí na Samhna seo chugainn go dtí Deireadh Fómhair 2013 chun an togra seo a mhaoiniú? Tá’s againn go bhfuil an Fhoras tar éis teacht slán ón Bórd Snip ach is cosúil go bhfuil an Rialtas ó dheas ag caint leis an Fheidhmeannas ó thuaidh chun teacht ar réiteach mar gheall ar ionchur laghdaithe ó Bhaile Atha Cliath don Fhoras Teanga, mar aon leis na h-institiúidí tras teorainn eile.

    Tá go leor leidí tugtha ag an Aire Ó Cuív faoin úsáid ar mhaith leis baint as Ciste na Gaeilge, nach bhfuil ceangailte leis an socrú thuaidh theas seo ar chorr ar bith, chun eagrais béasach ó dheas a mhaoiniú agus tá’s againn gur bhrea le Nelson McCausland, Aire an Chul (de sac) túir ó thuaidh, an deis a thapú le go mbeadh maoiniú cothrom don Ultais is don Ghaeilge ó thuaidh. Is cosúil go bhfuil an cead aige go pearsanta srian a chur ar bhuiséad an Fhorais más maith leis agus má dheineann sé an méid sin i bpáirt leis an Aire ó dheas.

    Mar sin, an mbeidh an €1.4m le sparáil ag an bhForas don chonradh seo idir Samhain 2009 agus Deireadh Fómhair 2013?

    Deirtear linn go bhfuil ‘roinnt mhaith’ grúpaí ann a léirigh suim sa togra. An bhfuil i bhfírinne? Nó an chuid é seo de chluiche an mhilleáin atá go fóill á throid ag an bhForas i ndiaidh an méid a tharla idir an Fhoras agus Moinéar Teo maidir le foilsiú Foinse?

    Tar éis roinnt mhaith machnaimh a dhéanamh ar an gceist, bheadh fonn orm féin meitheal a thabhairt le cheile leis an ceist seo a phlé: ar cheart go mbeadh nuachtán clóite ann? Ní doigh liomsa é. Ní chreidim go bhfuil a dhothain airgid ann chun a leithéid sin de nuachtán a bheathú ar feadh ceithre mbliana, go h-áirithe i bhfianaise go mbeidh deireadh ar fad nach mór le fograíocht stáit de chineál ar bith gan ró mhoill, agus anuas ar sin go mbeidh deireadh go h-áirithe le fograíocht dhá theangach stáit sna meáin Bhéarla agus Ghaeilge {an meid acu atá fagtha].

    Ar ndóigh is é Nuacht 24 atá i seilbh na liathróide faoi láthair agus ní beag an obair atá ar bun ag an nuachtán sin cé nach dtugaim faoi ndeara aon tagairt sonrach gur ann do san alt is déanaí faoi imeacht Foinse san Irish Times inniu, alt ‘Beocheist’ le Seán Ó hÉalaí: [Ceist: an féidir 'beocheist' a thabhairt ar an gconspóid seo go fóill?]. Alt é seo atá lán le baois is gaois. A leithéid seo:

    hain Foinse amach an caighdeán is airde iriseoireachta sa nGaeilge go dtí seo; chuir siad foireann mhaith le chéile agus má scaiptear iad, beidh sé sin caillte go deo. Mheall siad scríbhneoirí maithe agus tá ábhar iontach fáis agus forbartha ann agus tá sé lonnaithe sa nGaeltacht.

    I gcead don scríobhnóir, is abairt é sin a léiríonn aineolas ar chéird na nuachtán, amhail is go bhfuil tabhacht le suíomh Gaeltachta an nuachtáin. Agus cá bhfuil na scriobhnóirí maithe seo anois? An bhfuil siad ag scríobh? An bhfuil blaganna acu? Dúirt mé an méid seo ar bhlag eile agus déarfaidh mé anseo é: dá mbeadh tairbhe dá laghad i scriobhnóirí Foinse, bheadh siad go fóill ag scríobh in áit éigean, ag spreagadh conspóide, ag foilsiú ar an idirlíon. Ach níl. Cén fath?

    Dá mbeadh an saol ina cheart, bheadh an Fhoras ag cnagadh ar an doras ag an gCultúrlann agus Liam is Ferdie is na cáirde ar a nglúine ag impí ar Eoghan Ó Néill is a gcáirde teacht i gcabhair orthu, pretty, pretty please, agus nuachtán a fhoilsiú. Ach ní mar sin atá an saol agus ní doigh liom go bhfuil fonn ar an bhForas an rud atá ciallmhar agus faoina srón a dhéanamh. Rinne Bórd na Gaeilge an botún céanna i 1996 agus sin a thug Foinse ar an saol nuair a bhí Lá ann agus i seilbh na liathróide is Anois imithe. Ach bhuaigh meoin na criochdheighilte an chluiche sin freisin.

    An bhfuil sé go fóíll i gceist ag an bhForas an chomórtas seo a bheith srianta, gan cead ach iarrthóirí ar suim leo nuachtán clóite a fhoilsiú gach seachtain in ainneoin an ollchostas a bhaineann lena leithéid d’fhiontar?

    Ar cheart meitheal uile Éireann a bhailiú timpeall ar Nuacht 24/An Druma Mór agus togra uaillmhianach idirlín a chur i láthair an Fhorais le h-infhéistíocht a lorg – ní deontas – agus ná beadh cumhacht beatha agus bás ag an bhForas mar a bhí go dtí seo agus mar a bheidh má leantar den sean mhúnla leis an bproiseas nua seo?

    Creidimse gur cheart. Níl aon bhaint agam le Nuacht 24 seachas go gcuirim colún ar fáil doibh agus níl sé seo pléite agam le duine ar bith acu. Ach ní miste liom bheith páirteach in a leitheid de mheitheal oibre. Bhéinn páirteach ann le croí agus le fonn….

    Comments (25)

    Tags:

    Tuairisc na scoilte

    Posted on 21 July 2009 by igaeilge

    Cuireadh ceist ar Mao uair amháin faoina dhearcadh i leith Réabhlóid na Fraince. Dúirt sé go raibh sé ró luath le rá, fiú go raibh sé ag caint beagnach 200 bliain i ndiaidh na Réabhlóíde sin.

    Níl seachtain caite ó fhoilsíodh Tuairisc McCarthy nó An Bórd Snip Nua – agus creidim go bhfuil sé ró luath breith iomlán a thabhairt air cé go gcreidim go bhfuil an cumhacht ag an dtuairisc seo an stat seo a scoilt ar bhealach atá chomh bunusach sin nach n-aithneoimíd é. Béimíd ar nós Oisín ag filleadh ó Thír na nÓg na céadta bliain ón uair gur fhag sé a fhód dhúchais.

    alt spéisiúil san Irish Times ar maidin ag caint timpeall ar an dtéama seo.

    Battle lines for urban-rural confrontation have been drawn. In that classic Irish tradition of marking the man and not the ball, Irish Farmers Association president Pádraig Walshe told protesters in Cavan on Sunday that the report was written by “Dublin 4” economists who do not know how the rural economy works. Yet, the import of the McCarthy report suggests rural Ireland has been in receipt of disproportionate privilege from the exchequer.

    The report says the Government should: amalgamate small rural primary schools, cease funding for the Rural Transport Scheme, terminate the Suckler Cow Scheme, close the Rural Environmental Protection Four Scheme (Reps), suspend the Western Development Commission, reduce the allocation for local and community development programmes, possibly privatise Bord na Móna, and rationalise Teagasc offices. Oh, and abolish the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs.

    The report did not mince its words. Rural Ireland will perceive itself to be under attack, with proposals beginning with verbs such as amalgamate, cease, discontinue, terminate, abolish and close. This is where implementation of the McCarthy report will face its biggest challenge.

    Glacaim leis gur de bhunadh cathrach an scríobhneoir seo agus nach n-aithníonn sí na buntáistí atá faighte ag Baile Átha Cliath de bharr mí rialtas Fhianna Fáil agus cibé dream a bhionn ag leath bhadóireacht leis an bpáirtí sin. An Luas, an Dart, an bonneagar ar fad atá ina thalamh tirim sa chathair ach a chaitear saothrú go dian ar a son fán dtuath. Mar shampla, ar an gCeathrú Rua agus i go leor ceantracha eile ar fuaid na tíre, ní féidir an t-uisce a ól ón sconna. Tá sé lofa. Ar ndóigh níor óladh uisce ón sconna sa chathair le linn ré an Tiogair – níor óladh ach uisce i mbuidéil galánta.

    Ní séanadh an méid sin ar na buntáistí a fuarthas fán dtuath. Nó a raibh le fáil ag sciar ar leith den bpobal fán dtuath. De reir loighic Charlie Haughey agus a chomharbaí, de réir mar a líon an taoide, d’ardaíodh gach bád san uisce. Ar ndóigh bhí Fianna Fáil agus a gcáirde ar bhórd na luaimheanna galánta agus bhí an chuid eile againn i leath bháid is sean churachaí!

    Agus ansan, de bharr mí rialtas Charlie agus Bertie is Brian, táimid go léir anois ar snámh i ndíle an éadóchais. Ach tá lucht seolta na luaimheanna fós sna luaimheanna agus táimid go fóill sna sean churachaí.

    Anois an t-am le meabhrú ar cá bhfuilimíd ag dul – nílim ag iarraidh ‘geilleagar’ seachas ‘pobal’. Nílim ag iarraidh go n-íocfadh mo pháistí as peacaí mo ghlúinse nó go n-íocfadh na h-easláin an éiric atá dlite uaimse.

    Tá gá le athrú dearcaidh uaim agus uainn go leir le teacht slán. Más amhlaidh go mbeidh an tír banc bhriste, béidh an IMF istigh chugainn gan mhoill agus béimid go léir ag íoc go daor an uair sin.

    Tá gá le h-athrú Rialtais gan moill. Níl aon muinín agam as na pairtithe atá i gcumhacht faoi láthair. Ar maidin bhí FF agus FG ag argóint faoi cé acu ar cheart pairc glas a bheith ar chúl Teach Laighin nó carr chlós.

    Tá fonn orm Fianna Fáil a chur os cómhair na cúirte – ní bínse fiosruithe – chun go gcuirfí iochaill orthu íoc as a gcuid mí rialtais go dtí seo.

    Ach ni sin an tosaíocht faoi láthair. Caithfimid teacht ar chomhthuiscint nua faoi nadúr na tíre seo – an bhfuil an geilleagar ag obair ar son an phobail nó an bhfuil an pobal ag sclabhaíocht ar son an gheilleagair?

    Mura réitímid an cheist seo, deinfear scoilt ar an dtír seo a bheidh níos buaine agus níos fuiltí ná an gcrioch dheighilt atá linn mar oidhreacht ar an gcogadh cathardha dheireannach ar an oileán seo.

    Comments (2)

    Tags: ,

    Ag seachaint an cul de sac….

    Posted on 20 July 2009 by igaeilge

    Tar éis dom deireadh seachtaine a chaitheamh ar shaoire ghairid sna Déise – ar an dTrá Mhór – thug mé strac fhéachaint ar na nuachtáin ag an deireadh seachtaine agus bhí snath amháin comónta ar thug mé faoi ndeara – is é sin na trachtairí ar fad ar thug faoi ndearna na ciorruithe ar eagrais is fiontair Ghaeilge is Ghaeltachta, bhí siad aontaithe nach mór narbh fhiú iad a choinneáil. Má bhí aon cheist ann faoi rud ar bith a thabhairt mar lón do na mictíre, bhí an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar bharr a mbiachlár.

    Ní íontas an méid sin nó tá, bhí agus beidh na trachtairí sna meáin Bhéarla naimhdeach don Ghaeilge, an chuid is mó acu ar aon nós. Ní ón spéir a fuair Colm McCarthy an frith Ghaelachas. B’fhéidir go bhfuil rud éigean sa leann ag Doheny agus Nesbitt’s?

    B’fhéidir nach ‘naimhdeach’ an focal ceart – ach is cinnte nach dtuigeann siad an Ghaeilge is an Ghaeltacht nó a ról sa phobal. Ní thuigeann siad an tabhacht atá leo. Ní thuigeann siad an riachtanas atá le tacaíocht stáit chun iad a choimead beo – agus mar sin níl siad chun an deis seo a chur amú.

    An t-é atá thuas, óltar deoch air. An t-é atá thíos buailtear chos air!

    Ach ní áthraíonn sin an áit ina bhfuilimíd. Ní athraíonn sin an priacal ina bhfaighimid sinn féin. Léiríonn sé dúinn go cinnte nach mbeidh sé éasca feachtas a reachtáil a thabharfaidh slán sinn. Bí cinnte faoi rud amháin, fiú má reachtáilimíd feachtas den chéad scoth, a sharóidh iarrachtaí na bhfeirmeoirí agus na n-iascairí agus na gceardchumann agus eile, ní bhfaighimíd an éisteacht a bhfaighidh na h-earnálacha sin agus ní thabharfaidh na h-údaráis an cluas dúinn.

    Ní mór meabhrú ar seo – tá an chomhthéacs athruithe go h-iomlán ag Tuairisc McCarthy. Is tríd an Roinn Airgeadais a tháinig sé. Tá naimhdeas na Roinne sin don Ghaeilge is don Ghaeltacht fad bhunaithe. Is léir go n-amharcann na feidhmeannaigh sa Roinn seo ar an nGaeilge amhail is gur poll dubh í le h-airgead a chaitheamh ann gan aon seans go mbeidh airgead ag teacht ón bpoll.

    Ní bheidh aon rud mar a bhí agus ciallaíonn sin go gcaithfimíd ullmhú chuige sin.

    Má tá feachtas le reachtáil mar iarracht ar éifeacht na moltaí seo a mhaolú, murach gur feachtas in aisce a bheidh ann, beidh gá le h-eilimint difriúil ann.

    Inniu, bhí scéal ar Morning Ireland faoi eagras a bhionn ag feachtasú faoi chúrsaí ailse. Tá sé i gceist ag an gcumann €1m a thabhairt mar dheontas don Roinn Sláinte le cinntiú go mbeidh tionscnamh náisiúnta chun tastáil ar dhaoine le féachaint cé acu an bhfuil ailse inní orthu.

    Níl mé ag moladh go mbeadh airgead á thogáil ag lucht na Gaeilge ar mhaithe le deontas a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge nó don Rialtas – ach tá gá le seiftiúlacht den chineál seo.

    Is mór an náire é do phobal na Gaeilge is do phobal na Gaeltachta nach bhfuil ciste náisiúnta bunaithe againn go dtí seo chun deis a thabhairt do Ghaeil cibé áit a bhfuilimíd airgead a chur ar fáil go rialta le h-aghaidh síolchiste a chur ar fáil d’fhiontair Ghaeilge a bheadh fónamh orthu. Go fóill tá Conradh na Gaeilge suite i gceanncheathrú atá siocaithe i ré na sean aoise, é chomh sean fhaiseanta is nach n-oireann sé d’eagras atá ag gluaiseacht chun tosaigh i mbealaí eile. Ach níl an t-airgead á chur ar fáil ag na baill chun áis níos fearr a chur ar bun – nár cheart go mbeadh cothrom Pháirc an Chrócaigh ag an Chonradh? Tuigeann sibh céard atá i gceist agam.

    Níor chuaigh an CLG go dtí an Rialtas go h-umhal agus iad ag lorg deontais – bhí tréimhse idirbheartaíochta i gceist ach bhí a fhios ag an saol nach ndiultófaí doibh. B’fhear CLG go smior é Bertie.

    Ar ndóigh, má chreidimíd an méid a deirtear faoin dTaoiseach atá ann faoi láthair, is fear é atá gean is meas mór aige don Ghaeilge. Níor chuala mé é ag labhairt na Gaeilge le déanaí – ach thosnaigh sé go maith.

    Ní fheictear domsa gur féidir linn maoiniú na Gaeilge a fhágáil faoin Rialtas níos mó. Tá orainn seilbh a ghlacadh ar ár gcinniúint féin agus is é an slí chun seo a dhéanamh Fondúireacht a bhunú ar mhaithe leis an sprioc seo.

    Is féidir leis an Rialtas cuidiú linn anseo. Ba cheart go mbeadh faoiseamh cánach thar an ghnath ar fáil do dheontóirí don fhondúireacht seo. Nuair a rabhas ar an ollscoil, d’fhéadfadh tuismitheoir €1,000 a thabhairt don mhacléinn agus bheadh aisioc €400 ar fáil do na tuismitheoirí ón gCigire Cánach.

    Rud éigean mar sin atá i gceist. Agus creidim go bhfuil sé réasúnta é a lorg agus go mbeadh sé thar a bheith mí réasúnta ag an Rialtas é a dhiultú. Go h-áirithe nuair a chuirimíd in iúl doibh is don phobal go bhfuilimíd á dhéanamh seo chun an bearna atá á fhágáil acu a líonadh.

    Ansan nuair atá fondúireacht ar bun agus cinste réasúnta á charnadh – de réir dochar díreach is mar sin – tá sruth ioncaim ann agus is féidir infhéistiú i dtograí straitéiseacha – ar nos cultúrlann ceart i mBaile Átha Cliath, fiontair ar nós nós*, Raidió Rí Rá is fiontair eile nach iad.

    Sin iad mo thosaíochtaí. Ach tá tosaíochtaí eile ag daoine eile. Bheinnse ar shon airgead a thabhairt d’fhondúireacht ina mbeadh pearsaí aitheanta mar iontaobhaithe agus an treoir acu, de reir suirbhé ar na dheontóirí, an t-airgead a dháileadh go cuí.

    Ní fheictear dom go bhfuil seo ró chasta. Tá sceim ann ar feadh na mblianta, an American Ireland Fund, agus tugann deontóirí airgead do thograí ar leith agus faigheann siad an chomh-mhéid in airgead tirim ó fhoinsí oifigiúla. Tá scéim i mBéal Feirste – Arts & Business – agus tá an prionsabal céanna ar a chúl. Tugann comhlacht priobháideach airgead le h-aghaidh togra ealaíón – agus faigheann an togra an chomhmhéid airgid ó Arts & Business.

    An mbeadh sé indéanta fondúireacht ar nos sin a bhunú – an Ghnó agus an Ghaeilge. Níl gach éinne sa saol ghnó naimhdeach don Ghaeilge. Agus dá gceapfadh siad go raibh faoiseamh cánach le fáil as, b’fhéidir go mbeadh siad sásta maoiniú a chur ar fáil. Más fíor do na trachtairí, féach thuas, is sa saol ghnó a fheicfear an chéad radharc de na glasóga….

    Is cul de sac é feachtas a reachtáil ar mhaithe le Roinn na Gaeltachta a thabhairt slán nó COGG nó fiontair eile cosúil leis mura bhfuil Plean B ann. Creidimse gurb é seo an slí chun tosaigh anois agus mar fhianaise ar seo, táim sásta an €1,000 a gheall mé roimhe a gheallúint do chiste mar seo, gan réamh choinnioll eile ar bith.

    Tá ré an lóín saor thart….

    Comments (10)

    Advertise Here
    Advertise Here

    RELATED SITES