Categorized | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha

Tags |

Tá ‘caint’ saor….ach tá luach le beart

Posted on 06 July 2009 by igaeilge

modhcoinniollachDíreach nuair a cheap tú go raibh sé slán sabhailte, seo chughainn duine éigean eile agus plean aige an Ghaeilge a thabhairt slán.

Níl a fhios agam cé tá ar chúl Caint ach tá sé nó sí le moladh as dul sa bhearna baoil. Feictear dom go mbeidh éileamh ar na t-léinte seo go h-áirithe – nó tá siad tarraingteach agus greannmhar. Is maith liom an t léine, Rith an Modh Coinniollach! (Run, it’s the Modh Coinniollach!) agus tá m’ordú seolta agam do seo theana. Ba mhaith liom an ceann a fhograíonn ‘Is Mise An PUC[Sic!] ar baile a fháil freisin – ach go bhfuil rud éigean a deir liom nár cheart dom é a cheannach go mbeidh an leagan cheartaithe ann, is é sin, ar ndóigh, ‘An Poc Ar Buile’.

I bhfirinne, is cuma liom faoi sin. Tá t-léine amháin ceannaithe agam agus ceannóidh mé ceann eile lá nios faide anonn, ceann le toisí níos lú ná an ceann XXXL a d’ordaigh mé an uair seo.

Feachtas é seo atá dírithe ar Bhéarlóirí atá suim acu sa Ghaeilge, is léir, nó tá an suíomh féin i mBéarla le cúpla focal Ghaeilge. Ní h-é seo an chéad uair a bhí iarracht an Ghaeilge a chur inár láthair go taitneamhach le t-léinte sa tslí seo. Tá mo chófra lán de t-léinte i nGaeilge – ní thaitníonn sé liom t-léinte le mannaí Bhéarla a chaitheamh. Má tá aon úsáid le baint as mo bholg le h-aghaidh spás fograíochta, baintear úsáid as chun an dea scéal a fhógairt!

Níl aon t-léine de chuid na Gaeil Óga nó nós* agam go fóill – cé go gceapaim go bhfuil siad go deas. Táim ar aiste bia chun an meachan a chailliúint chun go mbeidh mé ábalta ceann a chaitheamh go compórdach – agus ní fada uaim an lá.

Molaim dibh dul ar chuairt chuig Caint agus strac fhéachaint a thogaint ar na h-earraí atá ar fáil ansan. Más fíor é gur feachtas é seo atá tosnaithe ag dream nó duine gan tacaíocht ar bith ó fhoras stáit, is dul chun cinn é. Más amhlaidh go bhfuil dream éigean, fiú Foras na Gaeilge, ar chúl an tionscnaimh, ní miste liom sin ach an oiread agus molaim iad as…más amhlaidh an scéal.

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES