Archive | July, 2009

Tags: , , ,

T-léinte Gaelacha do gach Gael….

Posted on 08 July 2009 by igaeilge

peigmothoinBionn tú ag feitheamh ar feadh na mblianta le h-aghaidh comhlacht t-léinte Gaelach le dearthaí nua le teacht ar an mhargadh – agus ansan tagann beirt i ndiaidh a chéile.

Inné bhí mé ag caint ar ‘Caint‘ agus chomh blasta is a bhí na t-léinte ansan. Ach, i gcead do Caint, tá mé tar éis teacht ar an mhathair long ó thaobh na t-léinte. Gaelshirt ainm an tsuímh sin.

Tá an oiread san t-léinte éagsúla nár mhiste liom a chaitheamh anseo gur mhothaigh mé cosúil leis an bpáiste i siopa na mílseáin.

Níl sa suíomh t-léinte seo ach bláisín den iomlán nó is cuid é seo de shuíomh ollmhór, Gaelnet, suíomh líonra shoisialta atá chomh snásta le suíomh idirlín is go bhfuil sé deacair é a chreidiúint.

An oiread agus Caint, ní léir go bhfuil aon bhaint ag aon chomhlacht stat urraithe leis an suíomh seo.

Rud amháin cinnte, más amhlaidh go mbeidh 250,000 cainteoir laethúil Ghaeilge ann faoi 2028 – nó 2030 – gur cosúil go mbeidh go leor t-léinte Gaelacha ann chun iad – sinn – a ghléasadh!

Comments (3)

Tags: , ,

Na Péindlithe i réim ó thuaidh go fóill

Posted on 08 July 2009 by igaeilge

Is cosúil go bhfuil na péindlithe i réim ó thuaidh go fóill, más aon tomhas é an diultú seo a tugadh d’iarratas Caoimhín Mac Giolla Chátháin ar iarratas s’aige ar son ceadúnais a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Baineadh úsáid as an reachtaíocht, Feidhmiú na gCúirteanna 1737, chun diultú don iarratas seo.

De réir na reachtaíochta seo: “all proceedings in courts of justice within this kingdom shall be in the English language.”

Ach tá cead ag cainteoirí i nGaeilge na hAlba a gcás a throid sa teanga sin in Albain agus tá an chéad céanna a dteanga féin a úsáid sna cúirteanna ag cainteoirí na Breatnaise sa Bhreatain Bheag.

Mar sin, ní fheadar dá mba rud é go dtarlódh sé go mbrisfí an dlí amach anseo agus go raibh an t-é a bhris an dlí ós comhair na cúirte agus dá n-iarrfadh an duine sin cead an cás a throid i nGaeilge na hAlba (agus ansan labhairt i nGaeilge Bhéal Feirste), an bhféadfaí cosc a chuir air ansan?

Tá deacracht ag na breithimh ó thuaidh nó, fiú go bhfuil an reachtaíocht ann, tá an scéal tar éis bogadh chun tosaigh go polatúil. Mar shampla, tá an t-aitheantas céanna ag an Ghaeilge i dtuaisceart na hÉireann is atá ag an Bhreatnais agus ag an Ghaidhlic in Alban faoin Chairt Eorpach. Mar sin de nár cheart go mbeadh an cead céanna an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna.

Thall ar bhlag Mháirtín Uí Mhuilleoir, tá moladh spéisiúil déanta ag Séamus Mac Seáin i bhfreagra ar thrachtaireacht an Mhuilleoirigh ar an chonspóid.

an bhfuil a fhios againn caídé go díreach a dúirt an breitheamh ina bhreithiúnas?.i bhfad siar ag tús an 20ú aois nuair a bhí leatrom mar seo á chleachtadh ag OIFIG A’ PHOIST i mBAC chuir Dúghlas de hÍde agus a chairde 100 duine isteach in Árd Oifig A’ Phoist agus beart beag an duine acu gur stád siad obair na hoifige ar feadh an lae.An fiú briseadh dlí siombalach a eagrú leis an rud chéanna a dhéanamh i bhfus leis na cúirteanna a phlodú?

Agus má chriochnaíonn gach éinne sa phriosún de bharr diultú don reachtaíocht a ordaíonn doibh an cás a throid i nGaeilge, nach mbeifear ábalta tabhairt faoin bhfeachtas atá á mholadh scéim tithíochta do Ghaeil a bhunú.

B’fhéidir go bhfuil an moladh sin ró bhaoth do scéal chomh tromchúiseach.

Is eachtraí mar seo a dhaingníonn an cháis ar son Acht Ghaeilge ó thuaidh. Ní cur amú airgid atá i gceist ach ceist cearta daonna go mbeifeá ábalta do chás a throid i do theanga féin. Ag an am chéanna, tá an scéal sin imithe thar fóir ó dheas agus na milliún Euro á chaitheamh ar aistriú na n-ionstraimí reachtúla.

Tá’s agam go bhfuil daoine nach n-aontaíonn liom ar na ceisteanna seo – go bhfuil daoine ann a chreideann go bhfuil mé i mbun feachtais chun na h-aistritheoirí ar fad a dhí fhostú!

Ach sin é mo phort-sa.

Comments (5)

Tags: , , , ,

Ardán don Ghaeilge ag Amharclann na Mainistreach

Posted on 08 July 2009 by igaeilge

Chas mé le Fiach Mac Conghial, stiurthóir Amharclann na Mainistreach, le déanaí ag ocáid bhronnta na nGradam Barr 50. Ní raibh a fhios agam an uair sin cé acu an raibh sé tar éis mo cháineadh ar an easpa Ghaeilge ar an ardán ag an Amharclann Náisiúnta.

Ach is léir go bhfuil rud éigean cloiste aige ó dhuine éigean faoin easpa Ghaeilge ar an ardán ag an Amharclann Náisiúnta. Nó tá trí dhráma ghairid i nGaeilge luaite i measc na ndramaí atá á gcoimisiúnú ag an amharclann do shéasúr na bliana seo chugainn 2009/10.

Ní ró shásta a raibh mé anuraidh nuair a bhí Mac Coinghial faoi agallamh ar Shoiscéal Pháraic ar TG4 agus dúirt sé le linn an agallaimh sin go raibh dramaí i nGaeilge maith go leor le h-aghaidh amharclannaíocht phobail ach nach raibh sé ar chaighdeán shasúil chomh fada is a bhainfeadh sé le h-Amharclann na Mainistreach. Ag smaoineamh dom ar chaighdeán na ndramaí a chonaic mé i mBéal Feirste ag leithéidí Aisling Ghéar – leithéidí Stones In His Pockets a bhí ar fheabhas, dar liom – cheap mé go daor bhreith gan bunús a bhí sa mhéid sin ó bhéal Mhic Choinghial.

Anois tá deis aige beart a dhéanamh de réir briathar agus dramaí i dteanga náisiúnta – an chéad teanga náisiúnta fiú – a chur ar an árdán ag an Amharclann Náisiúnta!

Comments (0)

Plean 20 bliain – sé sin 20 bliain go dtí go bhfoilseofar an phlean!

Posted on 08 July 2009 by igaeilge

An dara seachtain as a cheile, tá Seán Tadhg Ó Gairbhí, iar eagarthóir Foinse, i mbun pinn i gcolún Tuarascáil san Irish Times. An tseachtain seo chaite bhí sé ag caoineadh imeacht an ‘Ginger Haired Cousin’ – an tseachtain seo tá sé ag moladh do léitheoirí an cholúin a bplean féin don Ghaeilge a ullmhú, seachas bheith ag fánacht le h-aghaidh plean an Rialtais.

Is é sin plean atá ’sine die’ go fóill – níl a fhios againn cén uair a fhoilseofar é. Táim ag teacht ar an dtuairim go bhfuil Plean 20 Bliain á thabhairt ar an bplean seo mar go mbeidh sé 20 bliain sara bhfoilseofar é – gurb é 2028 nó 2030 an sprioc foilsithe seachas an sprioc do chomhlíonadh mholtaí an phlean. Agus mé ag léamh sin anois, tá an chosúlacht idir é agus an mhíniú a thabharfadh an Aire féin ar cheist dá leitheid.

Tá casta agam le feidhmeannaigh i ranna rialtais a deir go bhfuil dréacht den chaipéis ina seilbh – ach níl a fhios agam nó acu an é seo an dréacht a fhoilseofar.

Idir an dhá linn, cad é bhúr mbarúil ar an moladh atá ag Ó Gairbhí? Agus dá mbeadh sibh i mbun oibre ar an bplean seo, cad a mholfadh sibh? An bhfuil moladh amháin agaibh arbh fhiú a chur i gcaipéis agus a sheoladh chuig an Roinn, fiú ag an uair dhéanach seo, le féachaint an mbeadh sé úsáideach?

Comments (2)

Tags: , ,

Sos ceolmhar…

Posted on 07 July 2009 by igaeilge


Comments (0)

Tags: , ,

Scéal Foinse – léargas ón dtaobh eile

Posted on 07 July 2009 by igaeilge

sundaytimesTá go leor ráite ag lucht tacaiochta Foinse anTá go leor ráite ag lucht tacaiochta Foinse anseo faoi na h-údair ar cheart don Stát/Rialtas/Buanaíocht Thuaidh Theas/Foras na Gaeilge tacú le Foinse agus na meáin Ghaeilge.

Seo dearcadh éagsúil, ach is dócha go bhféadfaimís rá go rabhmar ag súil leis. Dar le Mick Heaney, agus é ag scriobh ailt i bhforlíonadh Culture an Sunday Times ag an deireadh seachtaine, ní údar é teip Foinse le tuilleadh tacaíochta ón Stát a thabhairt do na meáin ach a mhalairt.

Ní dearcadh ‘frith Ghaeilge’ go h-iomlán é seo agus níor cheart é a chur as an áireamh. Nuair a chuireann an Stát tacaíocht ar fáil do na meáin, cuireann sé isteach ar an mhargadh agus ní spreagann sé na meáin chun iad féin a chur in oiriúint do mhargadh atá ag athrú.

Agus tá a fhios ag an saol, creidim, gur sin locht amháin a fhéadfaí cur ar Foinse.

Ní léir go bhfuil an t-alt seo ar fáil ar an idirlíon agus is trua sin. Déanfaidh mé mo dhícheall rud éigean a dhéanamh faoi seo ar ball.

Seo ráiteas eile ón alt a spreagfaidh aisfhreagra, cheapfainn…

The misfiring nature of most Irish language media ventures, with their improving didactism and over eager populism [céard a chiallaíonn sin?], stands in contrast to the less altruistically driven success of Gaelscoileannaa or Irish language schools [is ionann iad ar ndóigh!]. Benefitting from more generous markings for exam papers taken through the medium of Irish and, frankly, a more homogenous student body [an seana phort seo faoi chiníochas sna gaelscoileanna arís - an mó uair a chaithfear sin a bhréagnú?], the schools achieve disproportionately high scores when it comes to university feeder league tables in the republic – proof that when people’s self interest is at stake, Irish is enthusiastically embraced.
Irish language media must make themselves similarly indispensable. Presenting failures as harbingers of change does nobody any favours.

Abhar machnaimh gan amhras. Abhar plé?

Comments (7)

Tags:

Tá ‘caint’ saor….ach tá luach le beart

Posted on 06 July 2009 by igaeilge

modhcoinniollachDíreach nuair a cheap tú go raibh sé slán sabhailte, seo chughainn duine éigean eile agus plean aige an Ghaeilge a thabhairt slán.

Níl a fhios agam cé tá ar chúl Caint ach tá sé nó sí le moladh as dul sa bhearna baoil. Feictear dom go mbeidh éileamh ar na t-léinte seo go h-áirithe – nó tá siad tarraingteach agus greannmhar. Is maith liom an t léine, Rith an Modh Coinniollach! (Run, it’s the Modh Coinniollach!) agus tá m’ordú seolta agam do seo theana. Ba mhaith liom an ceann a fhograíonn ‘Is Mise An PUC[Sic!] ar baile a fháil freisin – ach go bhfuil rud éigean a deir liom nár cheart dom é a cheannach go mbeidh an leagan cheartaithe ann, is é sin, ar ndóigh, ‘An Poc Ar Buile’.

I bhfirinne, is cuma liom faoi sin. Tá t-léine amháin ceannaithe agam agus ceannóidh mé ceann eile lá nios faide anonn, ceann le toisí níos lú ná an ceann XXXL a d’ordaigh mé an uair seo.

Feachtas é seo atá dírithe ar Bhéarlóirí atá suim acu sa Ghaeilge, is léir, nó tá an suíomh féin i mBéarla le cúpla focal Ghaeilge. Ní h-é seo an chéad uair a bhí iarracht an Ghaeilge a chur inár láthair go taitneamhach le t-léinte sa tslí seo. Tá mo chófra lán de t-léinte i nGaeilge – ní thaitníonn sé liom t-léinte le mannaí Bhéarla a chaitheamh. Má tá aon úsáid le baint as mo bholg le h-aghaidh spás fograíochta, baintear úsáid as chun an dea scéal a fhógairt!

Níl aon t-léine de chuid na Gaeil Óga nó nós* agam go fóill – cé go gceapaim go bhfuil siad go deas. Táim ar aiste bia chun an meachan a chailliúint chun go mbeidh mé ábalta ceann a chaitheamh go compórdach – agus ní fada uaim an lá.

Molaim dibh dul ar chuairt chuig Caint agus strac fhéachaint a thogaint ar na h-earraí atá ar fáil ansan. Más fíor é gur feachtas é seo atá tosnaithe ag dream nó duine gan tacaíocht ar bith ó fhoras stáit, is dul chun cinn é. Más amhlaidh go bhfuil dream éigean, fiú Foras na Gaeilge, ar chúl an tionscnaimh, ní miste liom sin ach an oiread agus molaim iad as…más amhlaidh an scéal.

Comments (4)

Tags: ,

Seod Ghaeilge Luimní

Posted on 06 July 2009 by igaeilge

Bhí cruinniú an spéisiúil – agus ana thaithneamhach – agam le Deirdre Ní Loingsigh, Stiurthóir Aonad na Gaeilge in Ollscoil Luimní, agus tá súil agam go bhfeicfear toradh ar an gcruinniú sin go luath anseo i Múscraí.

Sa chéad dul síos, is ollscoil don 21ú aois é Ollscoil Luimní. Tá an campas féin go h-alainn agus tá fairsinge spáis ann.

Tá Aonad na Gaeilge ag solathar chúrsa an Fhómhar seo, An Ghaeilge Sa Saol Chomhaimseartha, a bheidh Teastas agus, níos déanaí, Dioplóma, ar fáil doibh san a eiríonn leo sa chúrsa.

Ní h-amháin sin ach tá cúrsa ullmhaithe ag an Aonad chun cuidiú le tuismitheoirí atá páistí leo ag freastal ar Ghaelscoil agus ar mhaith leo níos mó Ghaeilge a bheith acu chun cuidiú lena gcuid obair baile is eile.

Ba thogáil croí dom an dea thoradh a bhí ar an gcruinniú seo agus tá súil agam go mbeidh a thuilleadh comhoibrithe ar bun ag an gComharchumann anseo i Múscraí leis an Aonad uaillmhianach úsáideach seo.

Comments (1)

Tags: , ,

Cé h-é ‘Deep Throat’ Comhar?

Posted on 06 July 2009 by igaeilge

B’fhéidir go bhfuil todhchaí ann go fóill do Comhar – nó de réir an aguisín is déanaí ag Ceart agus Comhar, tá feith na samhlaíochta le braistint i dtuarascáil a chur bórd na h-irise i láthair an Fhorais faoin ‘dul chun cinn’ atá déanta ag an iris le sé mhí anuas mura bhfuil sé le tabhairt faoi ndeara san iris féin.

Tá go leor ráite agamsa faoi Comhar nó chuir mé isteach ar an bpost eagarthóireachta anuraidh, eispearas mífhortúnach an cur síos is carthanaí a bheadh agam faoin mhéid a lean sin.

Ní fheadar ar roinn mé libh an méid a tharla tar éis gur dheineas an ghearán faoin bproiseas agallaimh. Fuaireas litir ó chathaoirleach an bhoird ag séanadh mo ghearán scun scan, ag dearbhú, áfach, gur dhearna cathaoirleach an Bhoird Agallaimh teagmháil le daoine éagsúil le linn an tréimhse roimh an dáta deiridh d’iarratasaí ag tathant orthu cur isteach ar an gcomórtas. Ós rud é nár sheol mé m’iarratas go dtí gar don dáta deiridh, aithním anois ná raibh aon col pearsanta i mo leith anseo cé go gcreidim nach bhfuil proiseas mar seo ag teacht leis an deachleachtas a bheithfeá ag súil leis ó chomhlacht pobal mhaoinithe cosúil le Comhar.

De réir Ceart agus Comhar, is cosúil gur úsáideadh an ghearán seo agus an t-am a caitheadh leis an freagra a chumadh mar leithscéal ar an easpa dul chun cinn a deineadh.

Tá aguisín agam féin leis an scéal. Le linn na litreach tugadh éitheach do ghearán a dheineas go raibh sé go h-iomlán mí ghairmiúil toradh an chomórtais a fhógairt go poiblí – mar a deineadh san Irish Times thart ar an 25ú Meitheamh – sara raibh an scéal tugtha do na h-iarrthóirí. Rinneas gearán faoi sin ag an am agus díomá orm – agus bhí sé luaite agam sa litir a sheolas chuig Comhar i mí Feabhra na bliana seo sa chomhthéacs go raibh aiféaltas orm faoin dara tuplais, mar a chreid mé, sa phroiseas earcaíochta etc.

Go gairid tar éis gur dheineas an ghearán don chéad uair fuaireas litir i láimh an chathaoirligh ag gabhail leithscéil as an scéal a bheith foilsithe roimh do na h-iarrthóirí bheith curtha ar an eolas. Dúradh liom ná raibh aon duine ag obair in oifig Comhar an tseachtain sin agus ná raibh a fhios aige cé bhí freagrach as an sceitheadh eolais &rl.

Maith go leor, is dócha, cheapas ag an am. Ní rabhas sásta am a chaitheamh leis an scéal ós rud é go raibh m’athair breoite is bhí cúramaí eile orm.

Sa litir, litir clóscríofa an uair seo, a fuaireas ar mo ghearán i mí Feabhra, bhí séanadh ar an eachtra seo ar fad agus maíomh míchruinn gur cuireadh an scéal in iúl dom ar an lá a foilsíodh é san Irish Times agus rabhadh go raibh taifead ríomh phoist ar seo. Sa chás seo tá dhá litir ón fhear céanna, ag tabhairt dhá leagan éagsúil ar an scéal céanna. Caithfidh go bhfuil ar a laghad leagan amháin den dhá leagan a thug sé míchruinn.

De réir Ceart agus Comhar freisin, ní chlóbhuailtear ach 650 coip de gach eagrán, rud a fhagann go bhfuil deontas de €16.50 ar a laghad ag dul do gach coip de gach eagrán a foilsítear, bunaithe ar an libhéal deontais atá á fháil ag Comhar.

Is léir go bhfuil an iris ó laige go laige faoi láthair. Mór an trua. Tá oidhreacht ársa na h-irise, oidhreacht radacach na h-irise ach go h-áirithe, á ligint le sruth i láthair na h-uaire.

Tá sé seo ag titim amach trath go bhfuil gá níos mó ná riamh le h-iris dúshlánach agus le h-iriseoireacht fiosraitheach.

Sampla den iriseoireacht fiosrach dúshlánach atáim ag tagairt dho an saothar seo ó Lorraine Nic Eachmharcaigh, údar Ceart agus Comhar.

Fagfaidh mé an fhocal dheireannach aici agus ceist libh: Cé h-é nó cé h-í an ‘deep throat’/an comhalta ar bhórd Comhar atá ag tabhairt an eolais di?

Is é Ceart agus Comhar, thar aon áit eile, a thug scéal Chomhar chun solais. Is beag de na meáin eile a bhí sásta an scéal tábhachtach seo a chlúdach. Tá aitheantas faighte againn as an obair seo ag an-chuid daoine, agus tugann tuarascáil bhord Chomhar aitheantas breise. Déantar ionsaí ansin ar Ceart agus Comhar, ag rá go bhfuil “bréag-eolas” ar an suíomh seo, “tagtha ó fhoinse leataobhach”.

Maidir le foinsí leataobhacha, tarraingíonn an suíomh seo ar an-chuid foinsí, agus fuair sé cabhair ó dhaoine éagsúla. Ina measc, tá ball de bhord Chomhar, nár mhaith leis/léi go bhfoilseofaí a (h)ainm anseo, ach a chuir go leor eolais ar fáil. Is tríd an bhall sin a fuaireamar cóip den tuarascáil. Cén t‑eolas ar an suíomh seo atá bréagach? Níl an bord in ann é sin a rá, mar is eol dóibh gur fíor-eolas atá á scaipeadh anseo. Bíonn an fhírinne searbh, agus tá sé soiléir gur mian leis an bhord an fhírinne sin a cheilt. Tá fáilte is fiche roimh bhord Chomhar freagra a thabhairt ar rud ar bith atá ráite ar an suíomh seo, agus foilseofar é ina iomláine anseo. Má tá freagra acu, cloisimis é. Mura bhfuil, tuigfidh an saol cén fáth.

Comments (4)

Tags: , , , , ,

Aire ina ‘imreoir ar an gclaí’

Posted on 05 July 2009 by igaeilge

ocuivThárla sé os comhair ár súile – rinne sé é go glic agus gan forogra ar bith. Ach, go tobann, tá dhá bhliain curtha leis an plean 20 bliain chun an Ghaeilge a athréimniú mar theanga phobail i dtír dhá theangach ag an Aire Ghnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

In alt sa Sunday Times inniu, deintear tuairisciú ar an sprioc go mbeidh trí oiread na gcainteoirí Ghaeilge ann faoi 2030. Anois bhí mise den tuairim – agus tá a fhios agam go raibh sibhse den tuairim céanna – gurb é 2028 an spriocdáta a luaigh an Aire Ó Cuív leis an chéad lá riamh a fhoilsíodh an straitéis roimh Nollaig i 2006.

An tuairisceoir san Sunday Times, Stephen O’Brien, níl eolas beacht aige ar an straitéis seo nó cuireann sé an scéal seo i láthair amhail is gur scéal nua é agus níl aon tagairt ann do phlean san alt ach is ag tagairt do straitéis a bhionn an t-alt an t-am ar fad.

The strategy was devised at a cabinet sub-committee chaired by Brian Cowen, the taoiseach. Currently 85,000 Irish people describe themselves as fluent, daily speakers while 1.6m say they are competent in the language. The government wants these figures to increase to 250,000 and 2m in 20 years.

Is dócha nár cheart dúinn bheith ró bhuartha faoi dátaí agus a leithéid. An rud ar cheart dúinn áird a dhíriú air, an straitéis nó an plean féin.

Agus níl aon rud ró úr faoin phlean seo. Niorbh é fo-choiste an Rialtais faoi chathaoirleacht an Taoisigh a bheartaigh é ach an oiread ach beirt fhear, Seamus Mac Seáin agus Gearóid Ó Cairealláin, is an phobal a thóg siad i mBéal Feirste timpeall ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Dúirt Aodan Mac Poilín ón Iontaobhas ULTACH leo ag an am sin gur eilifint bhán a bheadh sa Chultúrlann ach lean siad orthu lena bplean uaillmhianach. Anois tá an Cultúrlann céanna ina ghormchló ar straitéis athbheochana na Gaeilge ag an stát ó dheas, stat a chaith 80 bliain, mar dhea, ag cur chun cinn na Gaeilge.

To achieve this 2030 target Eamon Ó Cuív, the gaeltacht minister, is planning a network of Irish-language cultural centres in cities and towns in order to increase the opportunities people have to speak as Gaeilge. Ó Cuív says he wants Irish-language organisations to follow the GAA’s lead by modernising their facilities and building local centres….

Ó Cuív wants cities and towns to develop a network of Irish cultural centres similar to Belfast’s Culturlann, a converted church now home to a bookshop, restaurant, art gallery and theatre. A second Irish-language cultural centre, Culturlann Ui Chianain, is due to open shortly in Derry.

“If you want to socialise in Dublin through Irish, there is nowhere to go except the rather dingy place that [Irish language organisation] Conradh na Gaeilge very cleverly set up in the 1970s,” Ó Cuív said. “It has served its purpose, we need to modernise [it] and they’d admit that.”

Ach, fan noiméad, ní rud úr é seo fiú ó bhéal Uí Chuív. Ag an Oireachtas i gCathair na Mart i 2007 i nDoire Cholmcille i 2006 nár fhogair sé an uaillmhian céanna, sara raibh cruinniú ag an bhfochoiste seo atá faoi chathaoirleacht an Taoisigh, Brian Ó Comhainn. Rinne mé tuairisciú ar an gcaint a thug sé le h-aghaidh Níl a fhios againn go fóíll, áfach, cé acu an raibh cruinniú nó dhá chruinniú nó níos mó nó níos lú ag an bhfochoiste seo ó shin – ach is cosúil, más aon tomhas an tuairisc seo ar thoradh shaothair an bhfochoiste, ná raibh gá leis ar chorr ar bith nó bhí an plean réitithe roimh ré agus nach bhfuil ag titim amach ó shin ach cur i gcéill de phroiseas chomhairleachta agus meilt ama (is airgid).

Ba choma liom sin, fiú, chomh fada is go dtiocfadh Aire Rialtais ar nós Ó Cuív ós comhair an phobail le rá cad iad na pleananna atá ag an Stát cuidiú leis an bproiseas seo. Nílim ag caint go díreach ar airgead. Táim ag caint ar thacaíocht phraicticiúil eile ar féidir leis an Rialtas a thabhairt – faoiseamh cánach sa bhreis le h-aghaidh infheistiú sa Ghaeilge mar shampla?

Mo chomhairle ar seo: Ná bíodh eagrais nó gniomhaithe Ghaeilge ag fánacht ar fhoilsiú an phlean seo – cé go gcreidim gur leid laidir é foilsiú an ailt seo ag an am seo go bhfuil sé ag teannadh linn go luath – ach bogaimís chun ár gcuid féin a dhéanamh den phlean.

Ar ndóigh tá an bogadh ar siúl theana féin nó tá na h-eagrais Ghaeilge ag gníomhú. Tá Conradh na Gaeilge le moladh as tionscnaimh ar nós Raidió Rí Rá is Seachtain Na Gaeilge is Ceol 09 is an coiste dúiche thar a bheith gniomhach i mBaile Átha Cliath (atá Feirsteach ag tabhairt ceannaireacht cumasach do, maith thú a Sheain). Tá Glór na nGael tar éis udar.ie a thabhairt ar an saol agus léiríonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nach bhfuil siad ró fhada ar chúl le tionscnaimh ar nós Gaelport.

Tá na Feirstigh fós ceim nó trí chun tosaigh ar sin, forásacht atá léirithe ag leithéidí Nuacht 24.

Níl san Aire nó an Rialtas ach imreoirí ar an gclaí sa phroiseas seo go dtí seo – tá sé in am do páirt gníomhach a ghlacadh san imirt nó fagfar ar chúl é ar fad.

Comments (10)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES