Archive | August, 2009

Tags: ,

Teacht Google Gaeilge, imeacht tionscal an aistriucháin?

Posted on 28 August 2009 by igaeilge

Agus sinn ag cur fáilte inné roimh sheirbhís aistriúcháin Google, rith sé liom go bhféadfadh impléachtaí tromchúiseacha a bheith ag an seirbís seo do ghnólachtaí aistriúcháin fud fad na tíre.

Tá seirbhís Google saor in aisce.   Ní fheadar an bhfuil sé iontaofa nó nach bhfuil ó thaobh caighdeán an aistriucháin ach, ar shlí, is cuma faoi sin.   Is Gaeilge atá ann agus mar sin b’fhéidir nach mbeidh lucht na gcaipéisí oifigiúla ró bhuartha.  An bhfuil éinne ag léamh na gcaipéisí seo ar aon nós?

Níl ann ach smaoineamh fánach agamsa – agus ní le h-olc d’aistritheoirí a luaim é – ach cheapfainn go bhféadfadh borradh teacht faoin úsáid a bhaintear as Google Gaeilge chun caipéisí a aistriú agus go bhfagfaí an cheartúchán ag na h-aistritheoirí.

aistriuchán

Comments (9)

Tags: ,

Gaeltacht cois Bhearú….Gaeltacht na deise

Posted on 27 August 2009 by igaeilge

Cultúrlann agus ais phobail

Cultúrlann agus áis phobail

Tithíocht d'ardchaighdean ar chostas an íseal

Tithíocht d'ardchaighdean ar chostas an íseal

Tá Gaeltacht na Déise ann cheana féin – ach seo chugainn Gaeltacht na deise.   Má thapaítear an deis.

scéal i bhforlíonadh sealúchais an Irish Times ar maidin faoi eastáit tithíochta d’ard chaighdeán, cultúrlann san áireamh, atá á dhíol i gContae Chill Chainnigh ar €1m.   Tá ceithre theach deag ceithre sheomra leapan ar díol, agus tigh mór amháin le ceithre sheomra deag ann,  láimh leis an Droichead Nua i gcontae DJ Carey, Henry Shefflin agus eile.

Seo deis íontach le h-aghaidh Gaeltacht nua a bhunú, creidim, agus tá súil agam go gcuireann an eagras nua, Baile, speis ann agus iarracht a dhéanamh baicle a thabhairt le cheile chun an fhorbairt seo a cheannach agus an chéad Ghaeltacht nua ar oileán na hÉireann a bhunú sa mhílaois nua.

Tá ceithre theach deag ann cheana féin – ach tá an eastát tógtha ar 47 acra, rud a thugann fuiollach spáís le h-aghaidh a thuilleadh forbartha.

Tá aithne agam ar an gceantar seo nó is as An Droichead Nua dom mhathair agus tá pobal ana fhailteach ann.   Le cois sin tá Gaelcholáíste i gCeatharlach agus i gCill Chainnigh agus tá an baile seo leathslí idir an dhá bhaile mór sin.    Má tá suim agat i rásaí capaill, bhuel is anseo a chuireann Paddy Mullins an traenálaí iomráiteach faoi.

Níl sé ró fhada ón áit seo go dtí an sraid bhaile timpeallachta láimh leis an Aonach i gContae Tiobrad Arainn.   Fís abea é sin a mheall dream duthrachtach chun oibre agus anois tá sé fíoraite….tabhair cuairt ar an sraidhbaile anois.

Chiallódh sé go gcosnódh gach teach ar a mhéid €100,000 agus go mbeadh an fuiollach ansan á úsáid chun tabhairt faoin Chultúrlann a reachtáíl mar áis phobail do na h-áitritheoirí agus cuairteoirí.

Táimíd beo ag am eiginnte ó thaobh na h-eacnamaíochta agus mar sin ní feidir a rá nach mbeidh deiseanna eile mar seo ann – ach ní thuigim cén fath nach feidir le baicle Gaeil, Baile nó dream eile, teacht le cheile agus an deis seo a thapú.     Seo am an ghnímh anois agus ní mhaithfear an t-é a shuíonn ar an gclaí…..

Is é seo an am  beartú sara bhfaigheann NAMA seilbh ar an áit….  Is cinnte go mbeadh suim agam féin bheith páírteach ina leithéid de mheitheal.  Cad fúibh, a leitheoirí?

Comments (23)

Tags: , , , , ,

Ciorcal cúng ‘Comhar’

Posted on 25 August 2009 by igaeilge

Tharla go raibh mé i siopa Easons i lár na cathrach inniu agus, de thimpist, thug mé faoi ndeara an eagrán is déanaí den iris Ghaeilge ‘Comhar’ ar an seilf is ísle de chúinne na dtreimhseachán cúrsaí reatha.  Shátaigh mo fhiosracht faoin iris mo dhroch eispearas leo anuraidh agus cheannaigh mé eagrán.

Ní raibh aon dóchas agam go mbeadh aon rud fiúntach san iris – ag an am chéanna bhí mé ag súil le caighdeán áirithe iriseoireachta.  Ní raibh sé le fáil san alt ar léigh mé faoin ceannteideal ‘Bás na nuachtán’.

Alt leataobhach agus leisciúil abea seo faoi na nuachtáin Ghaeilge agus, go h-áirithe, Foinse is Lá Nua, ar eirigh as cló le sé mhí anuas.  Ní raibh a fhios agam an alt staire nó tuairimíochta a bhí ann ach bhí cuid de na fírící ar a raibh sé bunaithe amhrasach mura raibh siad mí chruinn ar fad.

Tabharfar amach dom as díriú ar scéal Lá Nua – tá sé in am an scéal sin a ligint tharam is dócha – ach nuair a thugaim faoi ndeara alt atá bunaithe ar fhíricí mí chruinn faoi nuachtán a bhí chomh fite fuaite le mo shaol, cuireann sé idir díomá agus olc orm.

San alt seo, áfach, tugadh cúpla rud le fios nach raibh cruinn agus nach raibh iomlán.

I 2003 d’infheistigh an comhlacht nuachtáin, Belfast Media, faoi stiur Mháirtín Uí Mhuilleoir , ann agus le cabhair ó Fhoras na Gaeilge, láinseáladh é arís mar nuachtán laethúil.

Níl an ráiteas sin ón alt beacht nó iomlán.  Mar shampla, ba i 1999 a rinne Belfast Media (an uair sin an Andersonstown News Group) infhéisitiú i Lá.  I 2003 a rinneadh athsheoladh ar an nuachtán laethúil.  Niorbh é Foras na Gaeilge a thug cabhair ach infheisteoirí fud fad na tíre a cheannaigh sciarana ar £500 nó €750.   Ní h-amháin gurb é seo an chéad nuachtán laethúil i nGaeilge ach an chéad nuachtán Ghaeilge a chuir fáilte roimh pháirtíocht ón bpobal agus a fuair an pháirtíocht sin.  Ní chreidim gur caitheadh go maith le na sciarshealbhóirí sin agus Lá Nua á dhruidim ach sin mar a bhí sé.

Luaitear deontas €277,300 le Lá Nua ach ní h-é seo an deontas a ceadaíodh do Lá Nua tar éis gur bhuaigh an nuachtán sin comórtas poiblí i 2006.   De reir an phreas-raitis seo, is é £400,000 thar dhá bhliain an deontas a ceadaíodh.  Tugadh €596,000 mar chothrom an tsuim sa phreas ráiteas. Ní gá a rá ná raih an luach sin ar an suim i sterling ag tús 2007 agus a raibh ag deireadh 2008.

An t-aon chabhair a tháinig ó Fhoras na Gaeilge ag an am sin gur oscail siad cúpla buidéal seaimpéan ag an ocáid seolta.   Sinne a cheannaigh iad!

Cúig nuachtán atá luaite san alt seo a chuimsíonn an tréimhse 1943-2009 – Inniu, Anois, Lá/Lá Nua, Foinse agus Amarach.  Níl ach tagairt sleasach ann do Amárach agus is beag eolais atá sna míreanna faoi na nuachtáin eile.  Ní léir gur deineadh aon taighde ar an alt seo – seachas athrá a dhéanamh ar roinnt ‘clíchéanna’ faoi na nuachtáin.

M.sh:

De na chúig pháipéar[sic] atá luaite ba é Foinse ab fhearr chun freastal ar léitheoirí Gaeltachta agus Galltachta araon agus thug sé gairmiúlacht isteach in iriseoireacht na Gaeilge nach raibh ann roimhe sin.

Ní léir domsa go bhfuil bunús fírice leis an ráiteas seo – níl ann ach tuairim agus ní aontaim leis.  Maith go leor.   Bheadh sé spéisiúil a fhiosrú mar shampla faoi dhíolaíocht Foinse sa Ghaeltacht.  Creidim go raibh sé lag amach is amach.   Ní chreidim gur féidir ‘Foinse’ agus ‘gairmiúlacht’ a chur in aon ábairt gan an focal ‘ach’ a bheith san abairt chéanna.  Léiríonn Nuacht 24 agus nós* – atá á fhoilsiú ar bhonn deonach – nach ionann gairmiúlacht agsu airgead.  Nior luadh ceachtar acu san alt seo.

Ní chuirfeadh sé íontas orm go raibh alt i Comhar ag tabhairt ard mholadh do Foinse.  Bhí eagarthóir Comhar ina cholúnaí le Foinse ar feadh i bhfad.

Cuireann sé íontas orm, áfach, ná raibh alt ag plé na gcúiseanna le teip Foinse in iris ar nós Comhar.  Nach é sin an cineál ailt atá á lorg ag léitheoirí, alt a fhiosraíonn fios fatha na bhfadbhanna a d’eirigh idir Foinse agus Foras na Gaeilge.   Ar ndóigh, tá Comhar maoinithe ag an bhForas agus ní léir go bhfuil an cnamhdroma ag an iris na h-altanna atá gá leo a fhoilsiú, fiú má cháineann na h-altanna sin, ar bhonn chuiditheach fiú, an mhaoinitheoir.

Scéal suimiúil scéal na nuachtán Ghaeilge agus níor tugadh an meas ceart don scéal in alt Comhar.   Dearcadh cúng a léiríonn an iris seo ar shaol na Gaeilge agus ar an domhan mhór.  Ciorcal cúng scríobhnóirí atá á fhoilsiú san iris – baill de bhórd na h-irise is mó a bhíonn ag solathar na n-altanna, dealraíonn sé dom, agus mé ag léamh an eagrán is déanaí.

Comments (10)

Tags: ,

D. ar son dúramán

Posted on 24 August 2009 by igaeilge

Tá coicís caite, nach mór, ó d’fhoilsigh mé mo thrachtaireacht dheireannach anseo.  Bhíos ar saoire/gnóthach/ró leisciúil chun a bheith ag blagáil sa 14 lá sin.  Ach anois, agus na scoileanna ar tí oscailt agus daltaí na tíre ar bís le dul ar ais, táim féin ag filleadh ar an mblagadóireacht.

Tháinig teachtaireacht chomh fada liom inniu ó fhear a bhionn ag plé is ag diospóireacht anseo go minic ag cur an íonsaí is déanaí ar an nGaeilge agus ar lucht a labhartha ar mo shúíle dhom.  Iontas na n-iontas, is san Sunday Independent a foilsíodh an t-íonsaí.  Fear darbh ainm D. Lynch.  D ar son Dúramán, glacaim leis.   Ní fheadar cad é an rud atá ag spreagadh muintir Loinsigh – iad san atá ag obair leis an Sunday Indo ar aon nós – ach seo an dara íonsaí ón dtreabh sin le tamall anuas.

An uair seo, tá go leor blustair is bréaga ann, faoi mar a bhionn i go leor altanna faoin nGaeilge i nuachtáin Bhéarla, ach istigh ina lár, tá blúirín den fhírinne freisin, más searbh féin an fhírinne céanna.

They say that Mandarin Chinese is one of the most difficult languages to learn. Yet if any of us had been taught Mandarin Chinese for an hour a day, five days a week, for about 14 years, it would be inconceivable that we would emerge from that with almost no ability to speak Mandarin Chinese, or to write it, and no desire to acknowledge its existence in any way.

Yet for generations, in vast numbers, we Irish have managed to do that in relation to our “first” language. Our resistance has not wavered in any way — if anything, we grow more resolute. How do we do it? How do we keep hating the Irish language with such integrity?

Ní fheadar an luafainn ‘integrity’ le seasamh Uí Loinsigh.  Ach glacaim leis go bhfuil pointe aige sa mhéid a deir sé – is é sin go bhfuil sé deacair a dhéanamh [aige] cén fath go bhfuil an oiread cur i gcoinne na Gaeilge i measc an phobail mhóir [dar leis] agus a d’fhagadh an chuid is mó againn gan cumas cainte sa teanga?

Ní doigh liomsa go bhfuil an oiread mistéir ag baint leis is a cheapann Uí Loinsigh.  Sílim go bhfuil an meas ag pobal na tíre ar an nGaeilge nuair is rud é atá taobh amuigh dá saol – ach nuair atá orthu dul i ngleic leis an teanga, gur scéal difriúil é sin.  Tá sí deacair.  Agus i saol an lae inniu, ní maith le daoine rudaí atá deacair.  Seachnaíonn siad iad.

Is léir go bhfuil sé amuigh ar an nGaeilge gur ábhar deacair í san Ard Teist.  Is cuimhin liom féin bheith ag déanamh na h-Ard Teiste breis is scór blian ó shin agus bhí mo lámh scríobhnóireachta tinn tuirseach tar éis na scruduithe Ghaeilge.  Bhí sé tinn tuirseach tar éis scruduithe eile freisin – ach is cuimhin liom go h-áirithe an tinneas a bhí ann tar éis an dara scrúdú Ghaeilge.

Mar sin is féidir le daoine a rá le lucht an tsuirbhé, gur mhaith leo an Ghaeilge a bheith beo agus á labhairt go poiblí is eile.  Ach ní iarrtar an cheist faoi cé acu ar mhaith leo  páirt a ghlacadh san athbheochan iad féin.  Ní h-é gur cheart doibh bheith ina ngniomhaithe teanga – ach an bhfuil suim acu i ranganna Ghaeilge, a bpáistí a sheoladh ag Gaelscoil nó cibé rud eile ar mhaith leo a dhéanamh chun a n-eolas faoin dteanga a threisiú?

Go deimhin tá fianaise ann go bhfuil tuismitheoirí atá a gcuid airgid déanta acu ó laethannta an Tiogair ag votáíl lena sparáín gcártaí plaisteacha agus ag ceannach diolúine ón nGaeilge san Ard Teist dá bpáistí.   Ní gá dóibh ach isteach is amach le €650 a dhíol le siceolaí oideachais agus déarfaidh an saineolaí neamhspleach sin go bhfuil rud éigean ar nós disleics ar an pháiste agus beidh diolúine acu ó bheith ag staidéar ábhar dheacair ar nós na Gaeilge.

Léiríodh díreach chomh cam is atá an gnó seo le déanaí nuair a diultaíodh áít san ollscoil do chailín a fuair diolúine ón nGaeilge – de bharr disleics a bheith uirthi, tugadh le fios – agus ar diultaíódh áit san ollscoil di de bharr nár chuir sí in iúl don Lár Oifig Iontrála go raibh diolúine fagtha aici.  Is amhlaidh gur theastaigh uaithi fealsúnacht agus teangacha a staidéar ar an ollscoil agus bhí sí tar éis an Seapáínis agus an Iodáilis a staidéar don Ard Teist.  Sheachain sí an Ghaeilge mar gheall ar an disleics seo.    Cé go bhfuil trua agam di de bharr gur chaill sí áit ar an gcúrsa a theastaigh uaithi de bharr an mhaorláthas,  agus ní chreidim go bhfuil sé ceart nó cóir gur cheart rogha mar sin a thabhairt do dhéagóir – oideachas nó scrúdú – ritheann sé liom gur fhill an fheall ar an bhfeallaire sa chás sin.

Léiriú é mar sin féin ar aicíd ar bagairt í do thodhchaí na teanga agus is ón dream saibhir ach dúr atá i bhfeidhil na tíre a thagann an bhagairt sin.  B’fhearr leis an dream sin nach mbeadh aon rud deacair ann dá bpáistí, nach mbeadh aon dúshlán rompu.  Maith go leor, más feidir liom cabhrú le mo pháistí is iad ag tabhairt aghaidh ar an saol, déanfaidh mé sin.  Ach is beart mícheart is místuama é bheith ag ceannach ticéad an bhua don pháiste i ngach comórtas.   Mar a dúirt Bono é, Daddy’s Gonna Pay For Your Crashed Car….

Tá go leor údair leis an dearcadh seo atá nochtaithe ag Dúramán  O Loinsigh san Sunday Indo.  Is é is doigh liomsa go bhfuil sé in éadan aoinne atá níos glice nó níos éirimiúla ná é.    Ní maith leis na Gaeil mar go bhfuilimíd dhá theangach.   Scríobhann sé amhail is go bhfuil sé ag scríóbh ar son phobal níós leithne – ‘we’, ‘our’ is a leithéid.   Tá sé aonarach mar sin féin agus níl aige ach tuiscint ana chúng ar an saol.   Uaireannta beireann sé greim ar ribe den fhírinne, ribe atá tugtha faoi ndeara againn go léir agus atá’s ag an saol atá ann agus tarraingíonn sé an ribe sin.  Ach ansan, léiríonn sé chomh h-easnamhach is atá an argóínt.  Go bhfuil sé bunaithe ar gliceas an ‘smart alec’ seachas aon tuiscint doimhin ar an saol…..




Comments (9)

Tags: ,

Suíomh ‘dhá theangach an Daingin’ – ach gan scéal i nGaeilge go fóill

Posted on 18 August 2009 by igaeilge

Suíomh snásta é an suíomh Dingle News a sheoladh le déanaí agus é mar aidhm aige nuacht leithnis Chorca Dhuibhne a thuairisciú go beo beathach ar líne.  Tá acmhainn ann le h-aghaidh scéalta Ghaeilge a thuairisciú – ach níl scéal ar bith ann go fóíll.

Nach aisteach an tuiscint é sin ar dhá theangachas!

Mar sin féin is cur chuige inmholta é do phobail Gaeltachta agus Gaelacha na tíre tabhairt faoi suíomh mar seo dá gcuid féin.  Tá sé déanta roimhe seo ag Baile Atha’n Rí is bailte eile.

Comments (4)

Tags:

Go ndéanaí Dia trocaire ar chúrsaí reatha i nGaeilge…

Posted on 18 August 2009 by igaeilge

Tá sceideal nua an Fhomhair fogartha ag RTÉ agus beidh áthas ar chuid agaibh a chloisteáil go mbeidh go leor cláracha ceoil nua ar sceideal RnaG.

Fillfidh an chuid is mó de chláracha na maidine i rith na seachtaine, ach beidh clár nua ceoil agGráinne Ní Dhomhnaill ag 10.00 r.n. ó Luan-hAoine, Geantraí Ghráinne.

Agus….

cuirfear tús le clár nua ceoil agus fógraí, Na Ceithre Cúigí, san fhómhair, á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé agus Áine Uí Laoithe

Agus…

Beidh roinnt athruithe ar sceideal an deireadh seachtaine – beidh clár nua ceoil le Jó Ní Chéide agus Gemma Ní Chionnaith Dé Sathairn, Spleodar an tSathairn

Gan amhras is seod é an ceol traidisiúnta agus caithfear éisteacht leis.  Ag an am chéanna, mothaím go bhfuil rud éigean ar iarraidh ó sceideal nua RnaG.

Níl oiread is clár amháin nua cúrsaí reatha ar an sceideal.  An bhfuil oiread is clár amháin cúrsaí reatha ar an sceideal, gan bacaint an bhfuil sé nua nó sean?

Cuireadh deireadh an Samhradh seo chaite le Seo Beo an tSathairn agus Faoi Chaibidil, dhá chlár phlé cúrsaí reatha ó Bhaile Atha Cliath.  Ní raibh na cláracha féin ró mhaith, dar liom, nó bhíodh painéil ana theorannta acu – ciorcal ana chúng ar fad agus ní raibh réimse leathan tuairimíochta le cloisteáil ar cheachtar den dhá chlár.   Ach is fearr leath dhiospóireacht ná ceann ar bith.

Anois níos mó ná riamh, tá gá le cláracha cúrsaí reatha.  Aithníonn RTÉ féin an méid sin nó tá clár nua cúrsaí reatha ag Pat Kenny ar an dteilifís oíche Dé Luain.  Beidh iar laithreoir an Late Late Show ag cur ‘The Frontline’ i láthair.   Ar ndóigh is ionadaí é The Frontline ar Questions and Answers ach is léir go dtuigeann an craoltóir go bhfuil éileamh ann do chláracha chúrsaí reatha.

Ar ndóigh, an fath go bhfuil dornán cláracha nua cúrsaí reatha ar RnaG go bhfuil níos lú oibre ag baint leo.  Is féidir leo na cláracha a líonadh le ceol ón chartlann.   Go deimhin, tá barúil agam go bhféadfaí córas a chumadh chun ceirníní a sheinnt gan ach corr píosa cainte ann.

Tá sé ráite go neamh bhalbh ag ceannaire RnaG, go bhfuil ciorruithe i bhfeidhm agus go bhfuil sí ag tabhairt faoin bproiseas seo ar mhaithe le postanna a chosaint.  Maith go leor, ach is iad na h-eisteoirí a bheidh thíos leis.

Beidh sraith nua faisnéise ar sceideal RnaG an Fhómhair.

Cuirfear tús le sraith nua faisnéise ar 27 Meán Fómhair - Pobal ar Aire: Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta 1969-2009.

Gan amhras is maith ann a leithéid – ach is clár faisnéise bunaithe ar abhar chartlainne agus, is dócha, agallaimh le na príomh phairtithe agus iad ag féachaint siar ar eachtraí 1969 ó chompórd an lae inniu atá i gceist.

An bhfuil spiorad 1969 sa chré, in éineacht le cúrsaí reatha tre Ghaeilge?

Comments (1)

Tags: , , , , , ,

Tá an domhan cothrom!

Posted on 17 August 2009 by igaeilge

Dúirt Galileo gur cruinneog an domhan, agus tugadh eiriceach air mar gur chreid na daoine an uair sin go raibh an domhan cothrom (sa chiall fisiciúil atá i gceist agam).

Anois is eiriceach é an duine a mhaíonn go bhfuil an domhan cothrom (táimíd go fóill ag caint ar an gciall fisiciúil!).  Ach uaireanta tá gá le h-eiriceach chun rud nach bhfuil ag teacht leis an ghnath thuiscint ar an saol a rá ós árd.

Tá an domhan cothrom!  Ní mise amháin atá á rá sin – mar gur sin príomhtheachtaireacht an scríobhnóra Mheirceánach Thomas Friedman ina leabhar ‘The World is Flat’.

Séard atá i gceist ag Friedman go bhfuil an t-idirlíon tar éis an domhan a chothromú – sé sin go bhfuil rudaí, daoine agus tíortha níos giorra dá chéile.  Giorraíonn an leathanbhanda an bóthar eadrainn.

In ainneoin an méid a dúirt mé faoi Galileo, ní doigh liom gur aon rud réabhlóideach atá á rá ag Friedman.  Ina leabhar, mar shampla, bionn cur síos ar go leor samplaí a léiríonn daoine ag obair de reir an phrionsabail gur sraidbhaile beag an domhan seo sa deireadh thiar.   Tá daoine san Ind ag déanamh cúntais do Mheirceánaigh ó oifigí san Ind.  Tá coras curtha le cheile ag Walmart a thugann le fios do lár oifig na comhlachta cé acu an bhfuil a dhothain d’aon rud in aon storas de chuid Walmart ar fuaid an domhain agus a sheachadann é an lá céanna chuig an siopa atá ganntanas air.

Bhíodh – agus tá go fóill –  feidhm ag an riail céanna i saol na Gaeilge.  Bhíodh daoine ag léamh Lá Nua ar lá a fhoilsithe i Hawaii agus in áíteanna eile nios faide ó bhaile.  Tá daoine ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáílte agus Raidió Rí Rá ar fuaid an domhain agus tá lucht féachana domhanda ag cláracha TG4.

Faoi láthair, táimíd ag fánacht ar rud éigean – ar phlean na Gaeilge 2028/2030/?, ar dheimhniú an Rialtais maidir le na ciorruithe atá á bheartú acu don Ghaeilge is don Ghaeltacht tar éis foilsiú Thuarascáil McCarthy (tuarascáil, creidim, a chuirfidh ar cheal an phlean atá á bheartú ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta d’athréimniú na Gaeilge).

Tá Sinn Féin ag baint leasa as an sean náth cáínte – ná cuirtear amú an ghéarchéim – chun cur lena seasamh sa Ghaeltacht agus feachtas á reachtáil acu chun troid in aghaidh na gciorruithe – ach creidimse nach mbeidh aon dea thoradh ar seo, fiú do Shinn Féin.

Tá gá le dearcadh atá níos mó samhalaíócht ag baint leis ná freasúra scun scan do na ciorruithe.  Tá an tír i bponc – de bharr mí eifeacht agus lofacht na bpolaiteoirí, na mbanc agus na bhforbróirí agus na stat seirbhíseach – agus is fúinne atá sé an tír a thabhairt slán ón bponc.

Mar chuid de sin, caithfimid dearcadh nua oscailte a shamhlú agus a shealbhú.  Caithfimíd a léiriú do phobal na hÉireann agus an domhain nach ag iarraidh an ‘status quo’ atáímíd, ach ag iarraidh feabhais is forbartha is leasuithe.

Má tá an domhan mór cothrom, ba cheart go mbeadh domhan na nGael cothrom freisin….

Comments (3)

Tags:

Dóchas Lúnasa…

Posted on 13 August 2009 by igaeilge

Faoi dheireadh thiar, is cosúil, tá Gaelscoil na Camóige i mBaile Atha Cliath ag fáil foirgneamh nua glan, fiú más foirgneamh réamhdhéanta atá ann. Is fada priacal na múinteoirí agus na ndaltaí a bhí ag freastal ar an scoil seo, Lá Nua san áireamh, á thuairisciú sna meáin agus ba mhinic iad ag déanamh agóide faoi na droch choinniollacha ina raibh na páistí á múineadh.

Leagan FG den scéal atá agam – ní fhaca mé an pholaiteoir eile ag lorg creidiúint don scéal go fóill.   Bhí go leor acu ann – is cuimhin liom labhairt le Patricia McKenna, a bhí páistí lei ag freastal ar an scoil, agus Mary Lou McDonald a chur spéis sa scéal freisin.

Níos spéisiúla ná sin, is cosúil go bhfuil beatha de short éigean sa Chomhaontas Glas nó tá sé ráite ag brainse amháin ar a laghad den pháirtí go mba cheart comhdháil speisialta a reachtáil chun tuairim an phairtí i dtaobh NAMA a chinntiú agus gur chóír olltoghchán a bheith ann chun dearcadh an phobail a dheimhniú….

Comments (3)

Tags: , , ,

Messe ocus Pangur Gasta

Posted on 11 August 2009 by igaeilge

Thug mé cuairt ar Pháirc na n-Ainmhí ar Oileán Fóta le na páistí Dé Domhnaigh.   Agus anseo a chas mé ar Pangur Gasta!   Ar ndóigh níl aon ghá don chát seo bheith ag iarraidh meachan a chailliúint, tá sí chomh seang sin.     Má táím ag dul sa treo céanna mé féin, is fada go fóill an aistear romham.

Seo agaibh an griangraf…tabhair faoi ndeara an teachtaireacht ar an dt-léine!  Fuair mé an t-léine sin ó Gaelshirt - agus caithfidh mé a rá go bhfuil an úsáid á bhaint agam as agus a leath bhadóir, an t-léine, Recession Póg Mo Thóin….

MiseagusPangur

Níos déanaí an oíche sin, thug beirt chara ón dtuaisceart dubh cuairt orm agus chuamar amach ag ól i dteannta cheile go dtí an Muileann.  Tar éis roinnt mhaith dí agus argóna, thánag abhaile agus mé beagán ar sheachrán ón mbóthar díreach chun na sláínte agus seangachta.

Ach táim ar ais ar an mbóthar sin arís – agus ní rachaidh mé ar strae arís(!).

Cheannaigh mé an singil ó Bubba Shakespeare agus GMC ar maidin – tá sé go diabhail ar fad.   Maith sibh!  Ceannaigí é go luath agus cuirfimíd amhrán i nGaeilge ar bharr na gcairteacha an chéad uair ó bhí An Poc Ar Buile ann…

Comments (0)

Tags: , , , , ,

An ‘Conas atá tú’ Rap….

Posted on 10 August 2009 by igaeilge

Seo chugaibh an rap is déanaí ó Bubba Shakespeare, rap bhard na nGael, agus GMC, a leathrapadóir.     Níl aon ghrá acu do Pheig bocht ach beidh siad i láthair ag an bpicnic leictreach ag tús na míosa seo chugainn.   Tháinig an físeán seo chugam óna leathnach ‘Facebook’.   An bhfuil Gaeilge níos deise ar sin ná ‘Aghaidhleabhar’?

Ní chosnóidh sé ach 99c ort cuidiú leo an amhrán Ghaeilge seo a chur ar bharr na gcairteacha Éireannacha.  Cuir téacs ‘Music 3595′ go dtí 57501 agus ba cheart go gcuideodh sin.  Ní mór dom a rá, áfach, gur thriail mé sin níos luaithe ar mo iphone agus ar mo fón phóca eile agus níl aon toradh go fóill.  Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an leathnach facebook atá acu….

Comments (3)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES