D. ar son dúramán

Posted on 24 August 2009 by igaeilge

Tá coicís caite, nach mór, ó d’fhoilsigh mé mo thrachtaireacht dheireannach anseo.  Bhíos ar saoire/gnóthach/ró leisciúil chun a bheith ag blagáil sa 14 lá sin.  Ach anois, agus na scoileanna ar tí oscailt agus daltaí na tíre ar bís le dul ar ais, táim féin ag filleadh ar an mblagadóireacht.

Tháinig teachtaireacht chomh fada liom inniu ó fhear a bhionn ag plé is ag diospóireacht anseo go minic ag cur an íonsaí is déanaí ar an nGaeilge agus ar lucht a labhartha ar mo shúíle dhom.  Iontas na n-iontas, is san Sunday Independent a foilsíodh an t-íonsaí.  Fear darbh ainm D. Lynch.  D ar son Dúramán, glacaim leis.   Ní fheadar cad é an rud atá ag spreagadh muintir Loinsigh – iad san atá ag obair leis an Sunday Indo ar aon nós – ach seo an dara íonsaí ón dtreabh sin le tamall anuas.

An uair seo, tá go leor blustair is bréaga ann, faoi mar a bhionn i go leor altanna faoin nGaeilge i nuachtáin Bhéarla, ach istigh ina lár, tá blúirín den fhírinne freisin, más searbh féin an fhírinne céanna.

They say that Mandarin Chinese is one of the most difficult languages to learn. Yet if any of us had been taught Mandarin Chinese for an hour a day, five days a week, for about 14 years, it would be inconceivable that we would emerge from that with almost no ability to speak Mandarin Chinese, or to write it, and no desire to acknowledge its existence in any way.

Yet for generations, in vast numbers, we Irish have managed to do that in relation to our “first” language. Our resistance has not wavered in any way — if anything, we grow more resolute. How do we do it? How do we keep hating the Irish language with such integrity?

Ní fheadar an luafainn ‘integrity’ le seasamh Uí Loinsigh.  Ach glacaim leis go bhfuil pointe aige sa mhéid a deir sé – is é sin go bhfuil sé deacair a dhéanamh [aige] cén fath go bhfuil an oiread cur i gcoinne na Gaeilge i measc an phobail mhóir [dar leis] agus a d’fhagadh an chuid is mó againn gan cumas cainte sa teanga?

Ní doigh liomsa go bhfuil an oiread mistéir ag baint leis is a cheapann Uí Loinsigh.  Sílim go bhfuil an meas ag pobal na tíre ar an nGaeilge nuair is rud é atá taobh amuigh dá saol – ach nuair atá orthu dul i ngleic leis an teanga, gur scéal difriúil é sin.  Tá sí deacair.  Agus i saol an lae inniu, ní maith le daoine rudaí atá deacair.  Seachnaíonn siad iad.

Is léir go bhfuil sé amuigh ar an nGaeilge gur ábhar deacair í san Ard Teist.  Is cuimhin liom féin bheith ag déanamh na h-Ard Teiste breis is scór blian ó shin agus bhí mo lámh scríobhnóireachta tinn tuirseach tar éis na scruduithe Ghaeilge.  Bhí sé tinn tuirseach tar éis scruduithe eile freisin – ach is cuimhin liom go h-áirithe an tinneas a bhí ann tar éis an dara scrúdú Ghaeilge.

Mar sin is féidir le daoine a rá le lucht an tsuirbhé, gur mhaith leo an Ghaeilge a bheith beo agus á labhairt go poiblí is eile.  Ach ní iarrtar an cheist faoi cé acu ar mhaith leo  páirt a ghlacadh san athbheochan iad féin.  Ní h-é gur cheart doibh bheith ina ngniomhaithe teanga – ach an bhfuil suim acu i ranganna Ghaeilge, a bpáistí a sheoladh ag Gaelscoil nó cibé rud eile ar mhaith leo a dhéanamh chun a n-eolas faoin dteanga a threisiú?

Go deimhin tá fianaise ann go bhfuil tuismitheoirí atá a gcuid airgid déanta acu ó laethannta an Tiogair ag votáíl lena sparáín gcártaí plaisteacha agus ag ceannach diolúine ón nGaeilge san Ard Teist dá bpáistí.   Ní gá dóibh ach isteach is amach le €650 a dhíol le siceolaí oideachais agus déarfaidh an saineolaí neamhspleach sin go bhfuil rud éigean ar nós disleics ar an pháiste agus beidh diolúine acu ó bheith ag staidéar ábhar dheacair ar nós na Gaeilge.

Léiríodh díreach chomh cam is atá an gnó seo le déanaí nuair a diultaíodh áít san ollscoil do chailín a fuair diolúine ón nGaeilge – de bharr disleics a bheith uirthi, tugadh le fios – agus ar diultaíódh áit san ollscoil di de bharr nár chuir sí in iúl don Lár Oifig Iontrála go raibh diolúine fagtha aici.  Is amhlaidh gur theastaigh uaithi fealsúnacht agus teangacha a staidéar ar an ollscoil agus bhí sí tar éis an Seapáínis agus an Iodáilis a staidéar don Ard Teist.  Sheachain sí an Ghaeilge mar gheall ar an disleics seo.    Cé go bhfuil trua agam di de bharr gur chaill sí áit ar an gcúrsa a theastaigh uaithi de bharr an mhaorláthas,  agus ní chreidim go bhfuil sé ceart nó cóir gur cheart rogha mar sin a thabhairt do dhéagóir – oideachas nó scrúdú – ritheann sé liom gur fhill an fheall ar an bhfeallaire sa chás sin.

Léiriú é mar sin féin ar aicíd ar bagairt í do thodhchaí na teanga agus is ón dream saibhir ach dúr atá i bhfeidhil na tíre a thagann an bhagairt sin.  B’fhearr leis an dream sin nach mbeadh aon rud deacair ann dá bpáistí, nach mbeadh aon dúshlán rompu.  Maith go leor, más feidir liom cabhrú le mo pháistí is iad ag tabhairt aghaidh ar an saol, déanfaidh mé sin.  Ach is beart mícheart is místuama é bheith ag ceannach ticéad an bhua don pháiste i ngach comórtas.   Mar a dúirt Bono é, Daddy’s Gonna Pay For Your Crashed Car….

Tá go leor údair leis an dearcadh seo atá nochtaithe ag Dúramán  O Loinsigh san Sunday Indo.  Is é is doigh liomsa go bhfuil sé in éadan aoinne atá níos glice nó níos éirimiúla ná é.    Ní maith leis na Gaeil mar go bhfuilimíd dhá theangach.   Scríobhann sé amhail is go bhfuil sé ag scríóbh ar son phobal níós leithne – ‘we’, ‘our’ is a leithéid.   Tá sé aonarach mar sin féin agus níl aige ach tuiscint ana chúng ar an saol.   Uaireannta beireann sé greim ar ribe den fhírinne, ribe atá tugtha faoi ndeara againn go léir agus atá’s ag an saol atá ann agus tarraingíonn sé an ribe sin.  Ach ansan, léiríonn sé chomh h-easnamhach is atá an argóínt.  Go bhfuil sé bunaithe ar gliceas an ‘smart alec’ seachas aon tuiscint doimhin ar an saol…..




Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES