Ní minic a léitear na focail ‘moladh’ agus ‘Foras na Gaeilge‘ in aon abairt amháin ar an mblag seo – cé gur thárla sé ar ocáid amháin ar a laghad, mar is buan mo chuimhne..
Ach níl aon dul as moladh a thabhairt don bhForas as ucht straitéis nua idirlín atá dírithe ar an aos óg atá foilsithe acu inniu. Is fiú go mór é a íoslódáil agus é a léamh. Tá mír ar Ghaelphort faoi anseo.
Aithnítear na h-easnaimh atá ann faoi láthair:
Aoisghrúpa 4-11
• Easpa cluichí idirghníomhacha
• Easpa clár teachtaireachta simplí
• Easpa láithreán eolais dírithe ar an spriocghrúpa
• Easpa líonraí idir scoileanna
Aoisghrúpa 12 – 18
• Easpa líonraí sóisialta i nGaeilge
• Easpa cluichí oiriúnacha i nGaeilge
• Níl an t-eolas atá ag teastáil ar fáil i nGaeilge (Spórt, Faisean, Ceol srl.)
• Easpa comhordaithe / poiblíochta, gach rud an-scaipthe
• Easpa líonraí idir scoileanna
I measc na moltaí a deintear sa chaipéis gairid seo, comhairlítear gur cheart:
Moltaí
Tá dhá príomh-mholadh straitéiseacha á ndéanamh againn ag éirí as an
taighde seo, is é sin
1. Tairseach nua a fhorbairt don aoisghrúpa 4-11
2. Tairseach nua a fhorbairt don aoisghrúpa 12-18
le seirbhísí atá ann cheana agus le seirbhisí nua a chur ar fáil do na
spriocghrúpaí éagsúla. I bhfianaise an chomhthéacs reatha buiséid, áfach,
rinneamar na moltaí sin a bhriseadh síos mar seo a leanas, de réir
spriocghrúpa:
Aoisghrúpa 4 – 11
• Moltar dul i gcomhpháirtíocht leis na meáin Ghaeilge le cluichí a
fhorbairt
• Moltar dul i gcomhpháirtíocht le foilsitheoirí na Gaeilge le hábhar a
fhorbairt bunaithe ar charachtair ina gcuid leabhar
• Moltar na féidearthachtaí a bhaineann le ciclipéid idirghníomhach
Gaeilge a fhorbairt ar líne
Aoisghrúpa 12 – 18
• Moltar dul i bpáirt le BEBO le logánú a dhéanamh ar an líonra sóisialta
agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí bunaithe air sin.
• Moltar suíomh nua idirghníomhach a fhorbairt a chlúdaíonn ábhair
suime na ndaoine óga, ar nós ceoil, taistil, scannán, teicneolaíochta,
tuismeánna srl.
• Moltar táirseach nua a fhorbairt do na meáin Ghaeilge uilig
• Moltar tairseach nua a fhorbairt d’áiseanna foghlama ar líne.
Moltar na féidearthachtaí a bhaineann le ríomhnascadh a fhiosrú le gréasán
idir scoileanna a fhorbairt.
Moltar feachtas uileghabhálach poiblíochta a reáchtáil chun a chinntiú go
bhfuil an t-eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil amuigh i measc na ndaoine óga.
Ar ndóigh ní h-ionann easnaimh a aithint agus, fiú, moltaí tairbheacha dá réir a dhéanamh agus ‘cur i bhfeidhm’. Céim sa treo cheart atá ann.
An deacracht atá ag an bhForas – agus ní cáíneadh é seo go direach – go bhfuil siad anois féin ar chúl an chluiche, go bhfuil gach seans ann anois go bhfuil daoine ar nós Kevin Scannell nó a leithéid ag obair faoi láthair ar na bearnaí atá aitheanta acu a líonadh agus a thuilleadh forbairtí nach é a thionscnú.
Tá easnamh eile ar an gcaipéis seo freisin – cén fath go gcreideann an Fhoras go stopann an óige ag 18? Táim féin 42 agus creidim go bhfuilim ‘óg’ . Ach má tá sé deacair an méid sin a chreidiúint, bhuel, táim cinnte má tá tú sna 20í go gcreideann tú go bhfuil tú óg. Fiú más sna 30í atá tú, creideann tú sin.
S’én fath go ndeirim an meid sin go gcreidim gur cheart go mbeadh solathar agus riar á dhéanamh ar an aois ghrúpa, iad san atá óg agus 18+ bliain d’aois [sea, creidimse gur féidir le duine bheith óg go dtí go mbionn sé 99 agus ansan tosnaíonn tú arís ag 00!).
Tá rudaí spéisiúla le léamh sa chaipéis seo agus d’fhéadfá a rá go bhfuil cáineadh ann ar an bhForas féin a thug maoiniú anuraidh don iris Comhar seachas don iris óige, nós*.
Táirge nua a tháinig chun margadh
le déanaí ná Nós*, féach Nós. Iris iontach atá é seo atá dírithe
ar aoisghrúpa os cionn 18 mbliana agus a chlúdaíonn cúrsaí ceoil, scannáin,
teicneolaíocht, spóirt agus i bhfad níos mó. Bheadh an stíl, an cur i láthair
agus an cur chuige ina ndea-eiseamláir ag aon iris a bheadh dírithe ar an
spriocghrúpa seo.
Ní gá, fiú, bheith ag labhairt faoi na botúin a chreidim go ndearna an Fhoras san aimsir atá caite. Má thagann siad ar chúl nós* fiú anois agus an tacaíocht cuí a thabhairt don iris, chreidfinn go mbeadh rath ar a leithéid d’infhéistíocht thar aon rath a bhí ar aon infhéistíócht ar thogra Ghaeilge roimhe seo.
Aithnítear an dea obair atá ar siúl ag An Druma Mór/Nuacht 24 freisin. Is cinnte go mbeadh rath ar infhéistiú sa togra seo i bhfianaise an ard chaighdeán atá bainte amach ag an suíomh ó bunaíodh é agus é gan tacaíocht oifigiúil ar bith.
Moltar Beo anseo freisin.
Tá an iris ar líne, Beo, á foilsiú ó bhí 2001 ann
agus ag cur seirbhís an-mhaith chúrsaí reatha ar fáil a bhíonn go minic
oiriúnach don aoisghrúpa seo.
Tá moladh ag dul do Beo gan amhras agus an obair déanta ag an suíomh. Mar sin féin, is beag forbairt atá déanta ar an suíomh ó bunaíodh é agus léiríonn an easpa beochta is brí ar an gclár plé go bhfuil níos lú tabhacht ag baint le Beo ná mar a bhí. Agus mé ag féachaint air inniu, ar an 2ú Meán Fómhair, nior foilsíodh teachtaireacht ansan ó bhí an 14ú Lúnasa ann. Léiríonn sin easpa beochta nó fiú go raibh iGaeilge ar a sháimhín só le linn mí Lúnasa, bhí teachtaireachtaí á fhoilsiú ann an t-am ar fad. Bionn ábhar mhaith ar Beo go minic – agus cuirim na h-altanna breatha ó leithéidí Bhreandán Delap san áireamh go h-áírithe is mé ag rá an méid sin, sin iriseoireacht a mhac! – ach is ainmhí aisteach é an iris idirlín mhiosúil i gcomhthéacs na h-idirlín faoi mar atá sé inniu, ag fás agus ag forbairt agus ag uasdatú ar bhonn 24/7. An rud a bhí ina chéim mhór chun tosaigh i 2001, tá cuma seanachaite stálaithe air i 2009.
Ceist mhór i ngach teaghlach le páistí óga ann ceist na gcluichí riomhaireachta – leithéidí an Nintendo, Wii, Playstation, XBox ar ndóigh ach, anuas ar sin, na cluichí ar líne ar shuíomhanna ar nós Lego is na suíomhanna atá liostáilte ag an bhForas ina ndréacht chaipéis. Le cois sin arís tá cluichí idirghníomhacha ar fáíl trid an chóras Sky ar an dteilifis agus is féidir iad san a imirt leis an gciansmachtóir. Tá an oiread san ábhair ann anois go bhfuil sé deacair a bheith suas chun dáta ach tá’s agam go bhfuilimíd ag iarraidh srian a chur leis an méid ama a chaitheann ár bpáistí ag gabhail dá leithéid.
Moladh saor in aisce: B’fhiú a fhiosrú ar cheart go mbeadh srian ama, ábair, 20 noiméad, leis an méid ama a chaithfeadh páiste ar bith ar shuíomh Ghaeilge. Faoin am sin, dheinfí glasáil ar an suíomh is bheadh ar an tuismitheoir cinneadh a dhéanamh an suíomh a dhíghlasáil le pasfhocal nó na páisti a chur ag spraoi sa ghairdín, de réir a rogha.
Mar fhocal scoir, molaim an dream a rinne an obair chun an straitéis seo a ullmhú agus a chur le cheile. Molaim an Fhoras as é fhoilsiú agus molaim dóibh beartú chun é a chur i bhfeidhm, maraon le moltaí stuama a thagann ón bproiseas chomhairliúcháin, a luaithe in Éirinn agus is féidir. Obair na prainne atá ann.











Bhúr dtuairimí…