Archive | October, 2009

Tags: , , , ,

Gugalaí gug mo chircín dubh…

Posted on 30 October 2009 by igaeilge

“Suíonn sí síos agus beireann sí ubh, ubh inné, ubh inniu, gugalaí gug mo chircín dubh”

Tá sé chomh maith dom bheith ag iarraidh brí a bhaint as an leabhar is déanaí ó Dan Brown agus bheith ag iarraidh ciall a aimsiú i ráiteas de chuid an Tánaiste, Máire Ní Chochláin, is dóichí.

Agus í ag labhairt inné nuair a h-osclaíodh Oireachtas na Gaeilge go foirmeálta i Leitir Cheanainn, dúirt sí nach mbeadh aon athrú shuntasach ar chur chuige an Rialtais maidir leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht agus thug sí leid go mbeadh ‘dea scéal’ don Ghaeilge is don Ghaeltacht á fhógairt go luath, amarach b’fhéidir, ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon  O Cuív, nuair a labharfaidh seisean ag ocáid atá á reachtáil ag Conradh na Gaeilge ag an Oireachtas.

Níl a fhios agam cé acu an mbeidh an tAire O Cuív sásta gur ghoid an Tánaiste cuid dá chuid éadaí ach ní h-eol dom aon dea scéal go bhféadfadh an Aire a fhógairt ach go bhfuil sé ag foilsiú an phlean atáimíd ag feitheamh ar le tréimhse fada anois, an Plean 20 Bliain don Ghaeilge is don Ghaeltacht.

Tá an tAire tar éis seal fada a chaitheamh ag suí mar chearc ar an ubh áirithe seo – agus tá sé thar am go mbeadh toradh a shaothar le feiceáil.

Is cinnte nár cheart aon fháilte a chur roimis mura bhfuil sé ag fógairt an phlean.  Is é seo ocáíd atá réamh dhéanta don cineal seo fógra – ach is dócha, freisin, go mbeadh sé níos fearr arís é a dhéanamh ag ocáid ag a bhfuil an Rialtas ar fad ann chun tacaíocht uile ranna a léiriú don phlean.

Bheadh suim agam, go h-áirithe, leithéidí Ní Chochláin féin, An Taoiseach, an tAire Oideachais agus Eolaíochta agus an tAire Airgeadais a fheiceáil gualainn ar ghualainn leis an tAire Gaeltachta agus é ag déanamh an fógra.

Níos tabhachtaí ná an phlean ná cur síos ar an modh oibre chun an plean a chur i bhfeidhm agus léargas ar na h-acmhainní a bheidh ar fáil as seo go deireadh théarma an Rialtais seo i leith an phlean.

Ach más amhlaidh go bhfuil an Rialtas sásta leis an ‘status quo’ ar an gceist seo – mar atá ráíte ag Ní Chochláin a bheag nó a mhór – caithfear teacht chun tosaigh le modh oibre nua agus is sinne a chaithfidh sin a dhéanamh beag bheann ar an Rialtas.

Neosfaidh an aimsir céard atá le rá ag an Aire – ach níor cheart bheith ag brath ar an Aire seo nó ar Aire ar bith chun na h-oibre seo a dhéanamh.   Ní léir go bhfuil an samhalaíocht agus an tuiscint ann chun tabhairt faoin obair.   Chun a bheith cinnte go ndeinfear an obair, is linn féin an imirt.

 

Comments (3)

Tags: , , , ,

Cad a dhéanfá le €1.8m?

Posted on 27 October 2009 by igaeilge

Tá sé tugtha chun solais san Irish Independent inniu gur caitheadh €1.8m ar aistriúcháin chaipéisí oifigiúla go Gaeilge.  Is fiú an scéal a léamh ar mhaithe le tuiscint a fháil ar scála na seafóide atá ag titim amach.  Tá na milliún Euro á chaitheamh gach bliain ar chaipéisí nach léitear nuair atá daoine atá ag iarraidh foilseacháin a bheadh léamh agus tóir orthu fagtha ar an dtra folamh.

An cheist atá agam ná seo – an bhfuil tusa sasta go bhfuil an oiread sin airgid á chaitheamh ar aistriucháin, go h-áirithe ag an am seo.   Gan amhras tá go leor lúbanna ar lár sna tuairiscí a bhionn sna meáin Bhéarla ar an gceist seo – ní chuirtear san áireamh an méid airgid a chaitear ar na leaganacha Bhéarla de na caipéisí céanna nó ní áirítear an líon uaireannta a deineadh íoslódáil ar na caipéisí seo.   Go deimhin tá cosaint tréan déanta agam ar an gcaiteachas seo i litir a foilsíodh san Irish Examiner inné.   Dar liom gur fearr an t-airgead a chaitheamh ar chaipéisí a aistriú seachas bheith á thabhairt do leithéidí Brendan Drumm (a fuair bónas €70,000 in aineoin an easpa acmhainní sa chóras sláínte) nó John O’Donoghue, a chaith na céadta míle Euro ar chamchuaird ar rás chúrsaí na hEorpa.

Ach má eirímíd ró ghafa le na poinntí seo, ní fheicfimíd an phictiúir mhór.  Is é sin go bhfuil michlú á charnú ar an nGaeilge de bharr an bhásta seo trath go bhfuil eigeandáil airgeadais sa tír.

An bhfuil sé ceart agus cóir go bhfuil an oiread san airgid á chaitheamh ar chaipéisí Ghaeilge nuair atá sé soiléir nach bhfuil tóir ag Gaeilgeoirí ar na caipéisí céanna?

Agus cad is fiú do Ghaeilgeoirí bheith ag gearán faoi easpa leabhair, téacsleabhair scoile san áireamh,  nuachtáin is irisí i nGaeilge nuair atá an oiread sin acmhainní á chur i dtreo na caipéisí nach léir aon tóir a bheith orthu?

Tá mé tinn tuirseach is dubh dóite leis an bhfimínteacht a bhionn á chleachtadh ag Gaeilgeoirí ar an gceist seo.   Amhail is gur cuma leo go bhfuil airgead á chur amú nuair atá airgead á chaitheamh ar chaipéisí Ghaeilge nach léifeadh na Gaeilgeoirí céanna!

Leis an fhigiúir €1.8m IN AGHAIDH NA BLIANA a chur i gcomhthéacs, is mó é ná conradh CEITHRE BLIANA le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil a sholathar, conradh atá measúnú á dhéanamh anois ar ag Foras na Gaeilge.  €1.6m  - nó €400,000 ar a mhéid – atá á thairiscint don chonradh sin san iomlán – agus táim ag caint ar uasmhéid.

Agus is bocht an chosaint a dheineann an tAire O Cuív ar chúrsaí:

But Community, Rural and Gaeltacht Affairs Minister Éamon Ó Cuív defended his policy. He said it is “a fundamental right of the Irish speakers of this country to get certain basic documents in Irish and to get basic services through Irish”.

He said the Official Languages Act 2003 “limits the State’s obligation to translate documents” and without it, “the State could be held legally obliged to translate every single document produced”.

Anuas ar sin, tá An Choimisinéir Teana, Seán O Cuirreáin ag gearán nach bhfuil a dhothain Gaeilgeoirí ós comhair na cúirte ag troid a gcásanna i nGaeilge.   Mar a dúirt sé i bpreas ráiteas a d’eisigh a oifig inniu, d’iarradh seirbhísí ateangaireachta i gcúirteanna na tíre i 71 teanga anuraidh.    “Ní raibh an Ghaeilge fiú i measc na chéad deich dteanga,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin.

Dá mbeadh mioscais ionam, bheinn ag ceapadh go raibh an Choimisinéir Teanga ag iarraidh ar níos mó Gaeilgeoirí an dlí a bhriseadh níos minicí.  Ach ní dócha gur shin atá i gceist aige.

Dar liom gur coir ann féin é bheith ag moladh do dhaoine níos mó airgid a chur amú – ná mar atá á chur amú go dtí seo – ar sheirbhísí trí Ghaeilge a éileamh nuair nach bhfuil siad  ag iarraidh na seirbhisí trí Ghaeilge sa chéad dul síos.

Má tá airgead le caitheamh ar an nGaeilge, agus creidim go bhfuil sé riachtanach fiú san trath eigeandála seo, ba cheart go mbeadh airgead ann le h-aghaidh téacsleabhair is eile i nGaeilge.

Ar ndóigh tá’s agam go gcothóidh an chaint seo an ghnath aisfhreagra ón dream a chreideann – agus is dócha go bhfuil an cheart acu – má staontar ó airgead a chaitheamh ar chaipéisí a aistriú go Gaeilge nach mbeidh na h-acmhainní sin ar fáil le h-aghaidh fiontair fónta ar nós na téacsleabhair thuas luaite.

Comments (27)

Tags: , , , , , ,

Seasaimís le ‘na Protastúnaigh’

Posted on 23 October 2009 by igaeilge

Tá sé ina chonspóid faoi láthair mar gheall ar chinneadh an Aire Oideachais, Batt O’Keeffe, deireadh a chur le cabhair ar leith á bhí á fháil ag na scoileanna ar fud na tíre a bhionn táillí le n-ioc chun freastal orthu.   I measc na scoileanna móra agus rachmasacha, ní mór a rá, a bhí ag fáil an chabhair seo, bhí go leor scoileanna Protastúnacha, cuid acu atá beo beathaithe de bharr saibhreas a gcuid cliaintí agus cuid eile acu tá beo ar éigean.

An fhocal sin ‘Protastúnach’, is annamh a chloistear anois é seachas i gcomhthéacs an Tuaiscirt.  Agus is amhlaidh go ndeintear é a mheascadh ansan le ‘hAondachtaithe’.    Ní gá gur ionann Protastúnach agus Aondachtaí – ach sin scéal eile.

B’fhéidir gur comhartha é chomh h-annamh is a chloistear an focal ‘Protastúnach’ ó dheas ar an tExodus a rinne an phobal sin le linn agus i ndiaidh Cogadh na Saoirse, ábhar atá ag cothú conspóide dá chuid féin le tamall ó craoladh clár ar RTÉ, CSí, faoin teideal ‘Cork’s Bloody Secret’.

Ach bhí sé le maíomh ag an deisceart – a bhuí do Dhonacha  O Máille agus an Bunreacht ‘Caitliceach’ féin a gheall comh-mheas do gach traidisiún reiligiúnda – go raibh riar á dhéanamh ar an mionlach Protastúnach tríd an tacaíocht a bhí á fháil ag na scoileann sin ón Stát.

Nuair a thugann tú chun cuimhne go bhfuil córas iomlán oideachais éagsúil bunaithe ó thuaidh, de bharr éileamh na hEaglaise Caitlicigh,  córas atá comhthreomhar leis an gcóras Stáit, an chóras Protastúnach más maith leat, tá lón machnaimh ann dúinn sa mhéid sin.

Anuas ar sin tá córas na Gaelscolaíochta ag fáil tacaíochta áirithe ón Stát – agus, le cois sin, tá an chóras iomlánaithe ann.

Ach ó dheas anois, tá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta – nó an Roinn Éadochais is Aineolais – ag diultú, ar bhonn comhairle dlí ón Ard Aighne, comhairle atá rúnda de réir dealraimh, leanúint leis an chabhair a bhí á fháil ag na scoileanna seo.

Buille trom é seo do na scoileanna Protastúnacha agus an phobal atá ag brath orthu.  Titfidh an tua go trom ar scoileanna áirithe.

Tá pobail faoin dtuath atá ag brath ar na scoileanna seo chun an eiteos atá ag na pobail sin a chosaint.   Má dhúntar na scoileanna seo, ceal tacaíocht ón stat, tá eagla ar na pobail seo go bhfagfar ar an gclaí iad, dearóíl agus gan áit cheart i measc an phobail mhóir.

Tá na hEasbaig Protastúnacha – nó Easbaig Eaglais na hÉireann – tar éis labhairt amach go laidir i gcoinne an Aire agus a Roinn.  Dár leo gur díoltas atá á bhaint ag an Roinn Oideachais ar an bpobal Protastúnach as ucht gur ghlac roinnt scoileanna cás in éadan na Roinne anuraidh.   Bhí comhaontú sa chás sa deireadh.

Níl a fhios agam céard atá ar chúl cur chuige an Aire nó na Roinne ar an gcás seo – ach is é an toradh go bhfuil droch léargas tugtha ar phobal na tíre seo.

Gan amhras is é an cineal céanna cur chuige – cur chuige a dheineann imeallú ar dhaoine agus ar phobail – atá ag an Roinn Oideachais i leith pobal na Gaeilge – mar atá an scéal ar fad faoi Ciorclán 44/2007 faoi dheireadh a chur le tumoideachas.

Agus theana féin, tá scríobhnóirí áirithe ag déanamh iarracht ceangal a dhéanamh idir an tacaíocht a thugann an Stáit, de reir dealraimh, agus go bhfuil an Stát ag tarraingt siar an tacaíocht do scoileanna Protastúnacha.

Tabhair faoi ndeara an litir seo san Irish Examiner inniu:

If we can afford to have Radio na Gaeltachta and a TV service like TG 4 , and if we remain committed to maintain them even at the cost of subsidy by the taxpayers, how can maintaining Protestant schools, on a similar basis, be in any way “unconstitutional” — or not be an absolute imperative when it comes to both policy and budget allocation.

If that nonsense is allowed to stand, it means that being Irish now includes the Gaelic heritage, but excludes the Protestant one.

Agus níos túisce an tseachtain seo, bhí scéal ag colúnaí de chuid an Irish Times, scéal a fuair freagra údarásach inniu.   Seo an rud a dúirt an scríobhnóir ina céad alt agus dar liom go bhfuil sé chomh trom – is chomh mí chothrom – ar na Gaeil is a bhí an cholúnaí Jan Moir ón Irish Daily Mail ar bhás tragóideach an bhaill de Boyzone, Stephen Gataely – nó tugann an focal seo ‘segregation’ tuairimí ar nós ‘cine dheighilt’ chun tosaigh.

Seo an freagra a thug ionadaithe ó bhórd bhainistíochta agus bhí sé ceart agus cóir mar fhreagra:

Segregation is a word that carries much baggage and evokes images of intolerance from other countries and, indeed, from this island. The use of this term in relation to a school of 290 students drawn from diverse backgrounds is pejorative, inaccurate and improper.

Gan amhras ní inniu nó inné a thosnaigh scríobhnóirí an Irish Times ag íonsaí na Gaelscoileanna.  Roimhe seo bhí Kathryn Holmquist agus Sarah Carey, agus anois seo chugainn Elaine Byrne.  Ar roinnt chúinsí mar sin, de bharr go bhfuil sé ceart agus cóir ach go h-áirithe, ba cheart dúinn seasamh le nár gcomh Éireannaigh, na Protastúnaigh.

Comments (4)

Tags: , ,

Gaelscoil Bharra V Aistriucháin?

Posted on 16 October 2009 by igaeilge

Tá go leor tacaíocht léirithe ag Gaeilgeoirí éagsúla don cheangal atá ar chomhairlí chontae is údaráis phoiblí eile aistriúcháin a dhéanamh ar chaipéisí oifigiúla go Gaeilge, fiú is nach bhfuil na caipéisí céanna á cheannach ag na Gaeilgeoirí céanna.  Gan amhras ní gá iad a cheannach nó tá siad ar fáil ar an idirlíon saor in aisce – ag an am chéanna, an bhfuil aon fhianaise go bhfuil siad á léamh ar chorr ar bith?  Bíodh siad saor nó daor?

Mar a luaigh mé i dtrachtaireacht roimhe seo, tá áird á dhíriú ar an gceangal idir caiteachas ar aistriúcháin agus an easpa airgid atá ann le h-aghaidh, mar shampla, áiseanna do dhaoine aosta agus ar chumas laghdaithe a chur ar fáil doibh ina dtithe.    Ar ndóigh, mar a dúirt mé roimhe freisin, is léir nach bhfuil easpa airgid sa tir nuair atá bonas €70,000 á dhíol le ceannasaí an FSS/HSE nó nuair atá airgead á chaitheamh ar aistriúcháin nach bhfuilimíd, pobal na Gaeilge, ag cur spéis iontu.

Fagann coimhlintí mar seo mise idir dhá thine Bealtaine.  Ar láimh amháin nior mhaith liom bheith ag cur in éadan ceart teanga, sé sin go mbeadh ábhar ar fáil i nGaeilge – ach ar an láimh eile, nílim chun seasamh ar leataobh nuair atá acmhainní á shéanadh ar pháistí Gaelscoile agus iad fagtha i seomraí réamh dhéanta atá céasta ag franncaigh agus ag luchóga?  An bhfagfá do pháistí féin?

Tá gá le cur chuige nua ar na ceisteanna seo ó ghluaiseacht na Gaeilge, i gcomhthéacs na h-aimsire nua, an oiread is go bhfuil gá le h-athchuairt a thabhairt ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le cinntiú go bhfuil an reachtaíocht sin ar leas na Gaeilge agus ar leas phobal na Gaeilge agus ar leas phobal na tire anois agus sa todhchaí.

Mura gcreideann tú mé, tóg cúpla noimead chun féachaint ar seo.  Agus má tá tú sásta go mbeadh páistí ag foghlaim i bhfoirgnimh mar seo, bhuel glacfaidh mé le sin.  Mura bhfuil, dein rud éigean.  Ceannaigh an cheirnín atá éisithe acu ar iTunes – Cá Bhfuil Mo Scoil?

Comments (14)

Tags:

Comhghairdeas le nós*

Posted on 16 October 2009 by igaeilge

Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir nós*

Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir nós*

Féilim Borland agus Tomaí Ó Conghaile, nós*, ag glacadh lena ngradam

Féilim Borland agus Tomaí Ó Conghaile, nós*, ag glacadh lena ngradam

Ní raibh mé ann – ach bhí saghas tuairim agam faoin toradh roimh ré.   Bhuel, ba é nós* an suíomh idirlín Ghaeilge is fearr gan aon agó le bliain anuas – cé go raibh iomaíocht laidir acu ó leithéidí An Druma Mór, Litríocht agus Gaelshirt. Mar sin cé air a bheadh an t-íontas dá n-eireodh leo an svae a bhreith leo ag na Irish Web Awards, a bronnadh i mBAC Dé Satharn.

Suíomhanna éagsúla go maith iad na suíomhanna seo – agus b’fhéidir nár cheart iad a bheith san iomaíocht in aghaidh a cheile ach, go fóill beag, níl ach dornán beag suíomhanna idirlín i nGaeilge i gcomparáid leis an t-uafás suíomhanna i mBéarla.

An oiread is go bhfuil gá le forbairt agus fás ar an suíomh seo, tá gá freisin a rá go bhfuil gá do lucht idirlín na Gaeilge fás agus forbairt a dhéanamh.  Fás ar an réimse suíomhanna atá ar fáil – agus forbairt ar chaighdeán na suíomhanna sin.

An bhliain seo chugainn, ba cheart go mbeadh sé níos deacra an buaiteoir a aimsiú mar go mbeidh níos suíomhanna den scoth ann – tugaim faoi ndeara na dea iarrachtaí atá á dhéanamh ag an Iora Rua, suíomh Ghaeilge atá suite san Astráil.    Tá sé chomh snásta le suíomh ar bith a chonaic mé riamh.

Buaiteoir Gradam Idirlín na Gaeilge 2009:  nós*

Buaiteoir Gradam Idirlín na Gaeilge 2010:   Tusa. b’fhéidir!

An oiread is gur suíomh ana bhrea é nós*, ní bhionn stuif nua ann leath minic a dhothain.   Tá sé deacair iris agus suíomh a choimead ag dul, gan amhras, ach creidim gurb é nós* an todhchai ó thaobh slua na n-óg a mhealladh agus is mór an trua é nach bhfuil aon tacaíocht oifigiúil acu ón bhForas.     Níl aon easpa misnigh ar Thomás agus ar Fheilim, afach, agus níl siad ag staonadh óna gcuid oibre mar gheall ar easnamh den tsort seo.

Comments (6)

Tags: , , ,

Slán le Máigh

Posted on 15 October 2009 by igaeilge

Seo leagan gleoite den amhrán ‘Slán le Máigh’ ag an amhránaí Muireann Nic Amhlaoibh.

Bainigí sult as, mar a dhein mise

Comments (0)

Tags: , , ,

Polataíocht an ionsaí dheiridh

Posted on 15 October 2009 by igaeilge

tuairiscscéal san Irish Examiner inniu agus baineann sé leis an sean phort faoi airgead a bheith á chur amú ar an nGaeilge tre acmhainní bheith curtha amú ag aistriú caipéisí go Gaeilge nach mbionn á éileamh [á cheannach] ag pobal na Gaeilge.

An iarraidh seo is i gContae an Chláir atá an achrann seo.   Tá comhairleoir de chuid an Chomhaontais Ghlais, Brian Meaney, ag tabhairt chun solais gur caitheadh €30,000 ar leagan Ghaeilge den phlean forbartha chontae a chur ar fáil.    Is cosúil nach bhfuil aon dream tar éis an chaipéis a cheannach.

Tá comhbhá áirithe agam don Chomhairleoir Meaney.  Is cinnte go bhfuil go leor airgid á chur amú ar chaipéisí oifigiúla – na leaganacha Ghaeilge agus na leaganacha Bhéarla.

Mar a deir sé féin:

“Spending this money on translating these plans, that no one reads, makes a mockery of the language. If the council is given a choice in the future of spending €10,000 on translating an annual report into Irish or providing €10,000 in grants in improving homes for the elderly or people with disabilities, I know which choice I would make.”

Ach an é sin an rogha atá á dhéanamh?   Ní dealraíonn sé domsa go bhfuil easpa acmhainní ann.   Ar an bpríomh leathnach céanna atá an scéal seo luaite san Irish Examiner inniu, tá scéal ann faoi Mary Harney ag séanadh aon fhreagracht as ucht an bónas €70,000 in aghaidh na bliana a díoladh leis an Ollamh Brendan Drumm, ceannasaí an Feidhmeannacht Seirbhísí Sláinte, trath go bhfuil an seirbhís sin i bpriacal de bharr easpa airgid!   Anuas ar sin, níl aon easpa airgid ann chun pinsean brea ramhar a ioc le John O’Donoghue, an Ceann Comhairle ar eirigh as de bharr an raic faoi na costaisí taistil a shaothraigh sé le dhá bhliain anuas mar Cheann Chomhairle, isteach is amach le €250.000 ag freastal ar na Rasaí i Longchamps is eile.

Ach go tobann tá easpa airgid ann maidir leis an nGaeilge.

Tá rud éigean aisteach faoi sin.

Tá sé raite agam go minic roimhe nach fiú na h-aistriúcháin seo a dhéanamh a fhaid is nach bhfuil téacsleabhair ar chomhchéim leis na téacsleabhair Béarla ar fáil sna scoileanna do pháistí atá ag foghlaim Gaeilge agus trí Ghaeilge.  Sin an feall is mó atá á dhéanamh ar an dteanga – mar mura dtuigeann páisti go bhfuil an leagan Ghaeilge chomh maith nó níos fearr ná an leagan Bhéarla agus iad ar scoil nó fiú ar an naíonra, ní bhacfaidh siad riamh le leagan Ghaeilge de chaipéis níos déanaí ina saol.

B’fhearr liom freisin go mbeadh an airgead á chaitheamh ar leabhair Ghaeilge, agus ar dhíolaíocht na leabhar sin, seachas é a bheith á chaitheamh go h-amaideach, dar liom, ar chaipéisí nach léifear i dteanga ar bith.   Ach sin maorláthas an Stáit duit – tá dúil uafásach acu i ndubhach agus i bpáipéar agus is cuma leo sa tsioc faoin chostas mar ní iadsan atá ag ioc na mbillí.  Ní iadsan atá ag ioc na mbillí…ach sinne!

Creidim féin go bhfuil talann na n-aistritheoirí á chur amú ar chaipéisí oifigiúla nuair a fhéadfaidís bheith ag cur rudaí i bhfad ní ba thairbhí ar fáil i nGaeilge, ábhar a bheadh éileamh ann do gan amhras.

Creidim go laidir mar sin go bhfuil sé fánach a bheith ag gabhail don siar agus aniar seo le leithéidí Brian Meaney le cur in iúl do go bhfuil slí níos fearr ann chun airgead an chomhairle a chaitheamh.   Eirímíd, mar phobal, sáite i gcogadh nach mbainfimid mar tá na fórsaí atá inár gcoinnibh ró thréan agus ró ghlic.   Tá sé in am athrú cur chuige bheith ann.

Mhothaigh mé go raibh athrú dearcaidh le sonrú sa bhealach a raibh Julian de Spainn ag plé leis an cheist inniu ar chlár Eamon Keane ar Newstalk – bhí sé ag rá nach é aistriú gach caipéis go Gaeilge an cloch is mó ar phaidrín an Chonartha.  Dúirt sé go raibh an Chonradh ar shon,mar shampla, módhanna níos eifeachtúla chun an Ghaeilge a theagasc ionas go mbeadh níos mó daoine in ann í a usáid agus, amach anseo, go mbeadh níos mó daoine ag éileamh na caipéise conspóidí seo: ie http://www.clarecoco.ie/Planning/Docs/Irish_Version_County_Dev_Plan.pdf.

Roinnt blian ó shin, agus mé ag obair le Lá Nua, tógadh raic den tsort céanna i gContae Chorcaí mar gheall ar fhoilsiú phleananna áitiúla i nGaeilge agus gan éinne bheith á lorg. Ach ní h-é ná raibh daoine á lorg – ní rabhdar á gceannach.  Cé a chuirfeadh an locht orainn nó chosain siad breis is €150 an coip?  Agus bhí siad ar fáil saor ar an idirlíon.  Mar atá plean an Chláír….anseo.

Ach tá lúb ar lár ag baint le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, an reachtaíocht faoinar dréachtaíodh na scéimeanna atá ag solathar an phaipearachais ar fad i nGaeilge dúinn.  Cén fath nach féidir iachaill a chur ar an Roinn Oideachais, mar shampla,  faoin reachtaíócht seo, cúram a dhéanamh de sholathar leabhair Ghaeilge do bhunscoileanna, Gaelscoileanna, Scoileanna Gaeltachta, Mean Scoileanna agus araile?    Cairt na maorlathach atá ann agus is beag an tairbhe é don ghnath Ghaeilgeoir, nach léir go bhfuil aon leas á bhaint aige nó aici as.

Ach sin mise fillte ar mo shean phort in athuair.

Comments (4)

Tags: , , , , ,

Nuacht7 – an chéad radharc de nuachtán nua i nGaeilge

Posted on 15 October 2009 by igaeilge

Príomh leathnach Nuacht 7

Príomh leathnach Nuacht 7

Seo agaibh príomh leathnach Nuacht7 – nuachtán atá sé i gceist ag Bard na nGleann, comhlacht uaillmhiannach ó Bhéal Atha’n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí i gContae Chorcaí, a fhoilsiú má bhronntar an chonradh atá á thairiscint ag Foras na Gaeilge don nuachtán seachtainiúil ar an gcomhlacht.

Táim féin luaite leis an dtionscnamh ós rud é gur chuir mé comhairle orthu agus, anuas ar sin, go bhfuil sé i gceist go mbeinn im eagarthóir má eiríonn leis an iarratas.  Níl aon bannaí ann go n-eireoidh leis an iarratas, gan amhras, de bhrí go bhfuil iomaíocht tréan ann ó ghrúpaí eile, ina measc mo cháirde i Nuacht24 agus, freisin, leithéidí iar fhoireann Foinse, comhphairtíocht idir Eo Teilifís agus an Connacht Tribune agus Adman Publishing, foilsitheoirí ‘Inside Ireland’.

Creidimíd go bhfuil tairiscint laidir curtha i láthair an Fhorais againn – bhí an cruinniú sin ann inné [Dé Chéadaoin] agus tugadh éisteacht mhaith dúinn.   Chomh fada agus go ndeintear an chinneadh ar bhonn fhiúntas an iarratais – agus níl aon chúis agam a mhalairt a shamhlú – seachas cúinsí polatúla maidir le suíomh an nuachtáin [bheith i gConamara, mar shampla] – ba cheart go mbeadh Nuacht7 san áireamh nuair a bheidh an chinneadh á dhéanamh ar Samhain 20.

Tá comhairle agus gach cúnamh á fháil againn ó ghrúpa nuachtáin atá breis is 1m leitheoirí ag a gcuid nuachtáin náisiúnta, laethúla, seachtanúla agus áitiúla ana neart don iarratas againne.   Leis an chabhair seo beimid ábalta na sean chonstaicí a bhíodh ag nuachtáin Ghaeilge roimhe seo – dáileacháin, margaíocht agus díolaíocht – a shárú.

Is féidir libh bhúr strac fhéachaint a thabhairt don eagrán samplach thuas le blaiseadh den nuachtán a fháil.  Ní saothar criochnaithe é ná baol air agus tá roinnt leathnaigh ar iarraidh ón eagrán ar líne.     Léiríonn an eagrán seo an samhlaíocht agus an uaillmhian atá againn mar nuachtán – an chineal scriobhnóir ar mhaith linn a mhealladh chun bheith pairteach linn agus an cur chuige snásta gairmiúil a bheidh ár dtreorú.

Is cinnte, dar liom, go bhfuil an barra a bhí ann roimhe seo ardaithe sa chomórtas seo.   Pé nuachtán a bhainfidh beidh ar an nuachtán sin a bheith níos fearr ná na nuachtáin a chuaigh romhainn.     Ní le tarcaisne a deirim sin – ach le buiochas.  Lena linn féin, d’ardaigh Foinse agus Lá/Lá Nua an barra.  Anois tá orainn tabhairt faoin obair seo in athuair.

Tá níos mó i gceist leis an iarratas seo gan amhras – agus deinfear é a phlé lá níos faide anonn.   Fagfaidh mé agaibh é mar lón machnaimh agus tabharfaidh mé deis díbh bhúr dtuairimí ina leith a nochtadh.

Comments (15)

“Best-sellers” na Gaeilge….

Posted on 12 October 2009 by igaeilge

An Cléireach - Leabhar na Bliana 2008

An Cléireach - Leabhar na Bliana 2008

Ní inniu nó inné a thosnaigh an phlé anseo faoin díolaíocht atá ar leabhair Ghaeilge – nó an díolaíocht nach bhfuil orthu – agus an cheangal idir sin agus libhéal an deontais a shaothraíonn roinnt udair, gan trácht ar an easpa tré dhearcachta a bhaineann leis an bproiseas faoina ceadaítear na deontais céanna.

Chonac caint ar alt chonspóideach ar Facebook ar na mallaibh – agus is é seo é an t-alt céanna ón Sunday Times.   De réir an ailt, fuair dornán údair, nár dhíol san iomlán ach 76 coipeanna dá gcuid leabhair eatarthu ar fad, €74,000 de dheontaisí dá saothar.

De réir an ailt seo, mar shampla, níor díoladh ach sé choip den leabhar ‘An Cléireach’ ó pheann (agus ó theach foilsitheoireachta) Dharach Uí Scolaí.   Ach bhíos i láthair ag ocáid ag a cheannaigh mé dhá choip, ceann dom féin agus ceann eile dom’ athair.  Tá náire orm a rá nár léigh mé an leabhar go fóill cé go bhfuil sé tosnaithe agam – rud a chiallaíonn go mbeidh sé léite agam faoi, abair, 2013!   Sár shaothar atá ann – agus leabhar a shaothraíonn cibé deontas a fuair sé.

Mar sin, tá’s againn go bhfuil na h-uimhreacha atá luaite le díolaíocht na leabhair Ghaeilge mí chruinn.   Tá’s agam mar shampla go bhfuil furmhór na leabhair i nGaeilge á dhíol tre Litríocht ar an idirlíon.

Deir an t-alt sa Sunday Times go neamh-bhalbh:

The 76 book sales tracked by Nielsen had a total value of €897.39. AIS, a group for Irishlanguage publishers, did not have additional sales figures.

Is faoi AIS atá sé an scéal a chur ina cheart faoin díolaíocht atá ar leabhair Ghaeilge.   Má tá an oiread sin leabhair Ghaeilge á dhíol agus a thuigim go bhfuil anois – bhuel tá éagóir á dhéanamh ar an earnáil ag an Times agus níl a gceart á thabhairt d’fhoilsitheoirí  na Gaeilge.

An bhfuil sé i gceist ag AIS liosta – best-sellers na Gaeilge – a fhoilsiú am ar bith?  Nach mbeadh sé go maith, amach anseo,nuair a bheidh nuachtán nua Ghaeilge ann, go mbeadh a leithéid sin de liosta ann gach seachtain!

Comments (16)

Tags: , ,

Ceist Andy Reid nó ceist Éamon Dunphy?

Posted on 12 October 2009 by igaeilge

Andy Reid

Andy Reid

Má tá aon creidiúint ag Eamon Dunphy, is é an ceist faoi Andy Reid, imreoir lár páirce ag Sunderland agus cé acu ar cheart do Giovanni Trapattoni é a roghnú ar fhoireann na Poblachta.

Tar éis d’fhoireann na Poblachta criochnú comhscór, 2-2, leis an Iodáil, curaidh an domhain ó 2006, i bPáirc an Chrócaigh Dé Satharn, cluiche ar bhuaigh siad, geall leis, dúirt Dunphy go raibh an taispeantas a thug siad ina ‘údar náire’ agus ná raibh aon tairbhe leo.

Tar éis an cluiche agus Trapattoni faoi agallamh ag comhfhreagraí de chuid RTÉ, tógadh an ceist arís faoi Andy Reid.

Chuir sé i gcuimhne dhom an eachtra i ndiaidh Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann nuair a bhuaigh foireann Chill Chainnigh an ceathrú craobh as a cheile.  Bhí Brian Cody faoi agallamh ag Marty Morrisey agus ní raibh Marty ag iarraidh aon rud a fháíl amach ach cé acu an raibh Cody sásta aon ní conspóideach a rá faoin reiteoir.

Gan amhras, d’fhéadfaí a rá gur teip a bhí ann nár bhuaigh Éire agus iad 2-1 chun tosaigh gan ach trí nóiméad fagtha ón 90.  Ag an am chéanna, bhí forlámhas ag an Iodáil ar feadh cuid mhór den 90 agus mar sin, ba dea thoradh amach is amach bheith 2-1 chun tosaigh ar feadh seal ghairid agus cothrom 2-2 ag an deireadh.

Mothaím gur scéal mór é scéal Andy Reid i measc na meáin cumarsáide – ach nach bhfuil sé ina cheist mhór i measc na n-imreoirí.  Ba bhrea liom dá mbeadh níos mó fiacail againn i lár na páirce ach cheapas féin nár imir Andrews nó Whelan – an t-é a fuair an chéad chúl íontach sin – go h-olc agus bhí Lawrence agus McGeady ar fheabhas freisin.  Nuair a tháinig Stephen Hunt chun páirce i dtreo an dheiridh, rinne sé go maith agus b’é a thug an phas a chuidigh le St Leger an dara cúl a aimsiú.

An bhfuil sé in am dúinn deis a thabhairt do thrachtairí spóirt nua teacht chun tosaigh mar, i bhfirinne, níl morán brí le Eamon Dunphy – a fhaigheann geall leis €300,000 ó RTÉ in aghaidh na bliana – seachas go mbionn sé ag tarraingt aird ar féin?

Nior mhiste liom dá mbeadh Andy Reid ag imirt ar fhoireann na Poblachta – b’fhearr liom gan amhras go mbeadh foireann 32 contae againn ach sin scéal eile – ach nior mhaith liom baint den éacht atá déanta ag Trapattoni agus a fhoireann, idir imreoirí agus comhairleoirí, Liam Brady ina measc, agus sinn a thabhairt chomh fada le seo.

Más amhlaidh gur féidir linn comhscór a bhaint amach in aghaidh na h-Iodáile, a bhuaigh an Chorn Domhanda i 2006, ar cheart dúinn eagla ar bith bheith orainn faoi fhoirne ar nós An Rúis, An Ghréig, An Fhrainnc nó An Phortaingéil?

Seans ar bith.

Comments (1)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES