Dá mhéid eolais a fhoilsítear faoin triú nuachtán seachtainiúil Ghaeilge, Gaelscéal, ar a mbronnadh conradh Fhoras na Gaeilge, sea is mó ceisteanna atá ag teacht chun cinn faoin bproiseas chun an conradh sin a bhronnadh.
De réir dealraimh, níl teideal ceart ann don nuachtán seo fós. Teideal oibre é ‘Gaelscéal’ agus cé go bhfuil an leagan ‘.ie’ den suíomh cláraithe, is beag eile atá déanta más fíor na tuairiscí.
De réir dealraimh níl eagarthóir ag an nuachtán agus níl tús curtha leis an bproiseas earcaíochta go fóill.
Anuas ar sin, de réir na tuairisce seo san Sunday Business Post, níl aon chinnteacht ann faoin cineál laithreacht idirlín a bheidh acu.
Anois bhí mise pairteach in iarratas eile, iarratas Nuacht 7, agus is cinnte go raibh eolas beacht againn inár n-iarratas faoin cineal suíomh idirlín a bheadh againn agus na seirbhisí a bheadh á thairiscint. Bhí réimse leathan de sheirbhísí saor in aisce i gceist – ach anuas ar sin bheadh rannóg cartlainne ann a bheadh sintiús luaite leis.
Agus is cinnte go raibh Foras na Gaeilge cinnte faoin rud a bhí á lorg acu – leagan PDF den nuachtán ar shuíomh idirlín dhá lá tar éis foilsiú an nuachtáin. Chiallódh sin go mbeadh Gaelscéal ar fáil ar an Domhnach ar an idirlíon nó, b’fhéidir, cé gur trí lá atá i gceist, ar an Luan.
Seo atá luaite le David Hickey, príomhfheidhmeannach an Connacht Tribune, sa Sunday Business Post:
The new title will have a presence on the internet, although that is not the immediate priority. ‘Our first aim is to deliver a weekly newspaper with an internet presence, though we are not sure what form that will take,” Hickey said.
Is oscailt súl an méid sin domsa. Tá méid áírithe, de reir an foirm iarratais, a chaithfear a chur ar fáil mar íoslach. Is é sin go mbeadh an leagan PDF ann. [Ar ndóigh ní bheadh tuiscint ag Foras na Gaeilge ar an difir idir PDF agus ABC ach gur léirigh Lá Nua an slí doibh - agus do gach nuachtán eile sa tír seo!].
Mura bhfuil ainm cinnte ann, nó eagarthóir agus foireann, nó cinnteacht faoin meid a bheidh á sholathar ar an idirlíon, ní mór an ceist a chur faoi céard go díreach a bhí á thairiscint ag Toradh na dTonn Teo d’Fhoras na Gaeilge. An raibh a dhothain ann, i ndáiríre, chun sarú a dhéanamh ar iarratas ina raibh freagraí ar na ceisteanna sin ar fáil ann, sé sin Nuacht7 agus, glacaim leis Cló Ceart (sean fhoireann Foinse)?
Cad abea na fíor critéir faoinar bronnadh an conradh luachmhar seo? Agus an mbeidh aiféala ar Fhoras na Gaeilge lá níos faide anonn más amhlaidh nach mbionn rath ar an iarratas a roghnaigh siad – agus tá súil agam go mbionn rath air fiú is nach é mo bharúil go mbeidh sé amhlaidh de réir an eolais seo ar fad – nó an cuma le Foras na Gaeilge i bhfirinne mar nach a gcuid airgid féin atá á chaitheamh acu, ach airgead an sparán phoiblí.
Tugaim faoi ndeara go bhfuil an Fhoras ag cur go súntasach leis an bhfoireann – ag earcú SEISEAR deag sa bhreis agus cuid acu i nGaoth Dobhair – agus an ‘solas glas’ faighte acu dá leithéid ón Aire. Cad é atá ar chúl an bogadh seo ag an am chéanna is atá ról an Fhorais le cungú go mór de réir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge díreach foilsithe?
Maorláthas na Gaeilge ag fás leis agus grúpaí Ghaeilge atá ag obair sa chéad líne catha fagtha ar an dtrá folamh – plus ça change, plus ça le meme chose!











Bhúr dtuairimí…