Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeilge, Maorláthas na Gaeilge….cad faoi Aontas na Gaeilge?

Posted on 16 November 2009 by igaeilge

‘Shake up’ a thugann an ceannlíne sa scéal seo sa Sunday Tribune ar an méid atá á rá go poiblí ag Eamonn O Cuív faoin phlean atá ann ról níos leithne a thabhairt do Udarás na Gaeltachta.  Is cosúil gur Udarás na Gaeilge a bheidh air má ghlactar leis an bplean atá á phlé faoi lathair ag an bhfo-choiste Comh-Aireachta  i leith na Gaeilge.

D’fhéadfadh seo a bheith ina thús nua do chúrsaí na Gaeilge sna 26 contae – ach is ansan atá an fadhb is mó leis an mbeartas.

Ní h-aon chara mise le Foras na Gaeilge ach bunaíodh an Fhoras mar institiúid uile oileánda chun an Ghaeilge a chur chun cinn.  Anois tá orthu dul san iomaíocht leis an Udarás seo nó tá orthu focas as an úr a chur ar ghnóthaí tras teorainn.   Tá sé deacair a dhéanamh amach cá thosnaíonn ‘tras teorainn’ agus cá chriochnaíonn ’26 contae’.   An oiread is go bhfuil sé ina chur amú airgid go bhfuil dhá chóras sláinte ar an oileán agus dhá chóras oideachais le cois – nach cur amú é go mbeadh dhá institiúid stáit ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn?

Dhá mhaorláthas, dhá runaíocht. Ag an am chéanna, beidh an tua ag titim ar na h-eagrais Ghaeilge, leithéidi Conradh na Gaeilge agus Gaelscoileanna.

Ar ndóigh d’fhéadfadh seo tochailt faoi bhunús Chomhaontú Aoine an Chéasta – agus cé nach gcreidim gur bó beannaithe é an Chomhaontú céanna, is cinnte go gcaithfear a chinntiú nach bhfuil leithscéal á thabhairt d’Aondachtaithe atá nimhneach in éadan na Gaeilge, leithéidí Nelson McCausland, Aire Cultúr an Tuaiscirt, cúlú ó dhualgaisí an staitín ó thuaidh i leith na Gaeilge.

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES