Archive | December, 2009

Tags: , ,

Alt suimiúil ach an cur chuige mícheart

Posted on 30 December 2009 by igaeilge

The Irish language needs to be promoted in ways that differentiate between native speakers and others.

Is é sin an teachtaireacht in alt tuairimíochta a d’fhoilsíodh san Irish Times an tseachtain seo, an chéad alt substaintiúil in aon nuachtán náisiúnta Bhéarla faoin Straitéis 20 Bliain Ghaeilge a d’fhoilsigh an Rialtas an mhí seo chaite.   Alt substaintiúil ó thaighdeoirí iomráiteacha agus tabhachtacha, Brian O Curnáin agus Conchúr O Giollagáin, é seo.     Nochtaitear tuairimí speisiúla ann – ach, dar liom, treoraíonn an alt seo sinn sa treo mícheart ar fad.

Is é an bunfhadhb atá agam leis an alt an deighilt gan bhrí agus gan bhunús a chothaítear ann idir cainteoirí dhúchais Ghaeilge agus gach éinne eile, go h-áirithe foghlaimeoirí na teanga.

Is cainteoir dúchais mé féin – cé go bhfuil siad ann a chreideann nach bhfuil mo chuid Ghaeilge blasta ná cruinn a dhothain le cead cainte a thabhairt dom.

Le linn mo shaoil is iomaí buntaiste a fuair mé as labhairt na Gaeilge – ‘An Deich bPúnt’ gach bliain go dtí gur fhag mé an meánscoil, Scoláireacht Gaeltachta chun freastal ar an Ollscoil agus, le déanaí, tairiscint ar dheontas chun tigh nua a thogáil im cheantar dhúchais.

Ní thuigim gur spreag aon cheann den trí fheirín sin mé i dtreo na Gaolainne.  Is í an Ghaeilge mo theanga, sin í bun agus barr an scéil.  Ach tá teangacha eile agam freisin, Béarla go príomha ina measc sin.

Dá gcuirfí deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge amarach -agus mura raibh an deontas ann do mo pháistí féin, bhraithfimís uainn an t-airgead gan amhras nó is mó anois é ná an £10 a bhfaighinn.   Ach ní chuirfeadh sé isteach orainn agus sinn ag iarraidh ár bpáistí a thogáil le Gaeilge.

An rud a chuireann isteach orainn agus sinn i mbun an mhisin seo nach bhfuil an tacaíocht phraicticiúil céanna ann dár bpáistí a saol a chaitheamh i nGaeilge – idir leabhair scoile i nGaeilge, réimse leabhair Ghaeilge inchurtha agus ar chomhchaighdeán le leabhair Bhéarla, leabhair scoile agus eile.  In ait airgead a chaitheamh ar na h-acmhainní atá gá leo, tá na miliún á chaitheamh ar chaipéisí nach léifeadh ach corr dhuine chorr i mBéarla go Gaeilge – agus is lú daoine arís a léifeadh iad sa Chéad Teanga Náisiúnta.

An t-aon úsáid a baineadh as Scéim Labhairt na Gaeilge le blianta beaga anuas, ba úsáid diultach é.   Bhí sé á úsáid chun meath na Gaeilge mar theanga phobail a thomhas agus, anuas ar sin, chuir sé leis an soiniciúlacht i measc an phobail mhóir i dtreo na Gaeilge.  Bhí sé úsáideach freisin ag lucht acadúil agus eile chun a bheith ag déanamh moltaí ní ba chraiceálte ná a cheile chun cur leis an ‘tacaíocht’ don Ghaeilge mar theanga phobail.

Ina alt, molann na h-údair Scéim Labhairt na Gaeilge le na focail seo:

In a crisis it is always necessary to address priorities: the kernel of the crisis in the Gaeltacht is the low number of young native speakers. We therefore strongly advise, as a matter of urgency, that priority be given to revising and strengthening SLG, as recommended in the Comprehensive Linguistic Study . This would send an immediate message as well as an injection of key supports where they are most required.

The SLG is the only targeted mechanism the State has to increase the number of young native speakers, which is the starting point of all language planning initiatives. Discussions concerning the title, functions and administrative boundaries of Gaeltacht agencies may soon become irrelevant if there is no speech community for them to serve.

Má tá an Ghaeltacht le teacht slán ón bpriacal ina bhfuil sí, ní tharlóidh seo de bharr Scéim Labhairt na Gaeilge agus an deighilt a chothaíonn sé idir na treibheacha éagsúla cainteoirí Ghaeilge, cainteoirí dhúchasacha agus cainteoirí atá ag foghlaim na Gaeilge.   Nach féidir, mar shampla, gurb iad páistí na gcainteoirí líofa nach mairean sa Ghaeltacht traidisiúnta cainteoirí dhúchasacha an todhchaí? Ach de reir O Giollagáin agus O Curnáin, is ceist tireolaíochta amháín atá le freagairt nuair atá cainteoirí dhúchasacha á dheghilt ó chainteoirí eile.

Tá an ceart acu nuair a deir siad go bhfuil gá le ‘pleanáil teanga’ chun tabhairt faoin obair mhór atá le déanamh chun meath na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chur ar chúl.   Agus cé go bhfuil ana chuid cainte sa Straitéis 20 Bliain faoi seo, is beag atá déanta chun an saineolas riachtanach le h-aghaidh an obair seo a chuir i lámha iad san atá sa chéad líne ghníomhaíochta.    Bhí cúpla lá agam le h-oibrithe eile sa Ghaeltacht ag caint faoi phleanáil teanga ach ní raibh a dhothain ann chun sinn a chur ar bhóthar ár leasa.   Táimíd go fóill ag obair sa dorchadas, le beartais anseo agus ansiúd ach gan aon straitéis iomlán agus uile-ghabhalach ar a chúl.

An rud deireannach a dhéarfaidh  mé ag an bpointe seo go bhfuilim ar aon aigne le na h-údair nuair a deir siad:

But realistic language planning as suggested here will increase the capacity of the strategy to achieve its stated aims, and foster support among the public as a result.

Ní chreidim go bhfuil an cur chuige atá á moladh acu chun an sprioc seo a bhaint amach.  A mhalairt glan.

Comments (8)

Tags: , , ,

Cúpla focal faoi ‘F**k’

Posted on 14 December 2009 by igaeilge

Tá níos mó conspóide ann faoi na focail úd – an f*cáil a thug Paul Gogarty ón gComhaontas Glas do Emmet Stagg i Seomra na Dála an tseachtain seo chaite – ná mar a bhí faoi rud ar bith a dúirt polaiteoir ar bith sa seomra céanna le fada an lá.  Bhuel ón uair a thug an Taoiseach treoir sotto voce dá Thánaiste tamall ó shin ina raibh focail den tsórt céanna.

Níl a fhios agam an mbeadh an clampar céanna ann dá mbeadh Paul Gogarty tar éis an méid a dúirt sé a rá i nGaeilge.  Ní dócha go mbeadh.  Ní thuigfead éinne é.

Níl a fhios agam ach an oiread an bhfuil aon masla i nGaeilge sa leabhar úd a bhionn ag treorú na Teachtaí maidir le h-iompar sa Phairlimint.   Chuirfeadh sé íontas orm dá mbeadh agus, mar sin, go mbeadh Teachta Dála le Gaeilge ábalta, dá mba mhaith leis nó lei, go leor a rá faoina chomharsáin, mallachtaí a chur leo is uile, agus gan fiú an Ceann Comhairle a mhúscailt óna chodladh shuanmhar.

An rud ar fiú a rá faoin eachtra seo gur olc an léirmheas é ar ár gcoras pholatúil agus an caidreamh idir sin agus sinne, an phobal.  Más amhlaidh gur féidir an oiread dumhach a chaitheamh le TD a dúirt na focail a dúirt sé mar ‘I couldn’t think of anything better to say’ agus gan morán a rá mar shampla faoi dhiospóireacht i nGaeilge, fiú agus córas aistriucháin ar fáil, bhuel táimíd i ndroch staid amach is amach.

Ar ndóigh ní ar an gcóras pholatúil amháín an locht ach ar na meáin cumarsáide sa tír seo.  Ar maidin Dé Satharn agus deireadh leis an scéal, cheapfá, cuireadh an Teachta leis an mbéal gan srian faoi agallamh ar chlár Marian Finucane ar Raidió 1, príomh staisiún raidió na tíre.  Ghabh sé leithscéal arís agus dúirt sé ná raibh sé i gceist aige masla a thabhairt agus, lena chéad anál eile, go raibh sé i gceist aige.  Dúirt sé go raibh sé amhail le ‘I had a gun in my hand and I knew I was going to pull the trigger’.

Ar son Dé, ná tabharfadh éinne gunna do Paul Gogarty….

Dá mba rud é gur theastaigh ó dhuine poiblíocht mar a fuair Paul Gogarty a sheachaint, bheadh air rud éigean fónta le ciall a rá sa Dáíl.   Ach, de bhrí gur mó ár suim i ngeaitsíocht ná rud ar bith eile, bhuel, ní h-íontas go mbionn an oiread dumhach agus anáil á chaitheamh le geaitsíocht den tsórt seo.

Mo chomhairle d’abhar pholaiteoiri…  ceannaigh an leabhar úd le Breandán Mac Gearailt, 500 mallacht, agus, má thoghtar tú, úsáid gach ceann acu id chéad oráid sa Dáil agus féach an méid poiblíochta a bhainfidh tú amach!

Comments (17)

Tags: , , , ,

Clamhnas an DUP agus Sinn Féin i mbaol

Posted on 14 December 2009 by igaeilge

Tá deacrachtaí sa chlamhnas idir Sinn Féin agus an DUP, is cosúil.    Inniu bhí Peter Robinson agus Martin McGuinness ag cur fáilte roimh chuairt ón dTaoiseach agus dornán airí ó Chomhaireacht an Deiscirt ag cruinniu tras teorainn i Léim an Mhadaidh i gContae Dhoire.   Ocáid stairiúil, cheapfá.  Ní bheithfeá ag súil le titim amach phoiblí idir Céad Aire agus Leas Chéad Aire an Tuaiscirt.  Nach iad dhá thaobh an bhoinn chéanna?

Baineann an easaontú seo le cúrsaí poilíneachta agus slándála, an cloch is mó ar phaidrín Shinn Féin de réir dealraimh.  Glacaim leis go bhfuil sé tabhachtach, gan amhras, ach ní aontaim go bhfuil sé chomh tabhachtach sin is go gcuirfeadh sé lan stad le gach rud eile bogadh chun tosaigh. Is cosúil go bhfuil an DUP ag diultú bogadh ar chúrsaí poilíneachta go dtí go mbogfaidh SF seasamh an pháirtí ar chúrsaí na bparáidí conspóideacha. Ar ndóigh tá réiteach ar seo.

Baineann ceist na mórshiúl le cultúr na nAondachtach.   D’fhéadfadh Sinn Féin éileamh a dhéanamh anois go mbogfadh an DUP a seasamh ar cheist na Gaeilge, Acht na Gaeilge a cheadú mar shampla nó cur go súntasach le Ciste Craoltóireacht na Gaeilge, chomh fada agus go ngeillfeadh Sinn Féin réimeas níos solúbtha ar cheist na bparáidí. Nach bhfuil a fhios ag an saol go bhfuil lá na nOrd Dílis caite agus fiú má thugtar cead doibh bheith ag siúl gach bóthar ó thuaidh, creidimse nach mbeidh ag siúl ach na seanóirí!   Tá an chultúr sin i gcontúirt de bharr go dtagann sé salach go h-iomlán ar chultúr na linne agus ní fheictear do ghlúin óg na nAondachtach go bhfuil tabhacht leis ina saol pearsanta.

Ní thaitníonn sé liom bheith ag cur an Ghaeilge chun tosaigh mar an ‘quid pro quo’ ar paráídí na nAondachtach,   Má chreideann ceannairí na nAondachtach go bhfuil tabhacht ag baint le ceist na bparáidí, mar go dtugann sé áit dá leagan den chultúr Briotanach sna sé chontae, ba cheart éiric níos oiriúnaí a ghearradh orthu; is é sin go mbeadh áit ceart agus faoi phribhléid ag cultúr na nGael/na hÉireann sa chuid sin den Tuaisceart. Is léir domsa go bhfuil an DUP ag feidhmiú de réir an tuiscint nach gá doibh a aithint go bhfuil cultúr ar bith seachas cultúr na Breataine/na nAondachtach ó thuaidh.   Ní féidir leis an status quo a leanúint.

Is cosúil nach féidir le Sinn Féin féachaint ar an gceist seo go samhlaíoch agus go bhfuil siad ceangailte anois le ceist seo na poilíneachta agus go gcaithfidh an cumhacht slándála bheith aistrithe go dtí Béal Feirste ó Londain roimh Nollaig.  Níl sin chun tarlú anois.   Níl an DUP chun bogadh.   Is léir sin.   B’fhéidir ná raibh siad riamh chun bogadh.

Tá sé in am cluiche éagsúil a imirt.   An bhfuil Sinn Féin ábalta sin a dhéanamh?   Nó an bhfuil siad chun cloí le taictic nach bhfuil ag oibriú?

Má cheapann siad mar shampla go bhfuil an dá Rialtas chun teacht i gcabhair orthu agus Comhaontú na Nollag a éascú, faoi mar a rinne siad roimhe, tá dul amú orthu.  Tá clocha níos mó ar phaidrín Bhrian O Comhain agus Gordon Brown ná bheith ag tabhairt mílseáin do pháistí dána an Tuaiscirt de bharr nach bhfuil siad sásta ar chúis éigean.

Comments (0)

Tags: , , ,

Sir Humphrey ag cosaint postanna Fhoras na Gaeilge

Posted on 13 December 2009 by igaeilge

Scéal speisiúil sa Sunday Tribune inniu – beidh sé ar líne anseo ar an Luan – ag tabhairt chun solais plean Fhoras na Gaeilge seisear déag fostaí nua a earcú go luath, in ainneoin an choisc ar earcaíocht san earnáil phoiblí.

Ar ndóigh ní scéal nua ar bith é seo ann féin do leitheoirí iGaeilge – ag an am chéanna, tá an ‘míniú’ nó ‘cosaint’ a thug Roinn Uí Chuív don Tribune  spéisiúil.

Seo agaibh é, i mBéarla blasta Ken Foxe, an tuairisceoir a bhris John O’Donoghue as a phost.

The department defended the appointments and said they were existing jobs which had been ‘held open’ because of a dispute over decentralisation.  They [The Department is dócha] also said the recreuitment freeze did not apply to north-south bodies, of which Foras na Gaeilge, the agency involved, is one.

A statement said: The posts that have now been approved for advertising include vacancies that were held open pending resolution of the decentralisation issue case taken by the Unions representing Foras na Gaeilge staff to the Labour Relations Commission.

All these posts are within the current Foras na Gaeilge staffing complement – they are not extra posts that have been approved since the restrictions on the wider public service came into force.  These restrictions do not apply to the North South bodies.“

Míniú é sin a bheadh ina údar bhróid ag Sir Humphrey féin.  Ní postanna sa bhreis iad seo – is postanna iad atá mar chuid d’fhoireann an Fhorais nach bhfuil líonta go dtí seo de bharr an aighnis idir foireann an Fhorais agus an Roinn faoi dhílarú – agus mar  sin ní sharaíonn siad an chosc ar earcú san earnáil phoiblí.  Anuas ar sin, toisc gur gniomhaireacht thuaidh  theas é, ní bhaineann an cosc sin leis an Fhoras ar aon nós!

Níl Sir Humphrey ar shlí na fírinne, tá sé beo leis ag obair leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i nDún Aimhirgín ar Bhóthar Mespil i mBaile Atha Cliath.

Yes Minister!  Go deimhin.

Ní h–é go bhfuil deacracht ar leith agam le Foras na Gaeilge bheith ag earcú.  An deacracht atá agam leis an scéal seo gurb é mo thuiscint go mbeidh eagrais atá ag obair ag cur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail thíos leis an earcaíocht seo.  Tá buiséad Fhoras na Gaeilge laghdaithe sa Bhuiséad. Tá costaisí breise ag gabhail leis an earcaíocht seo – suas go €800,000 de réir an Tribune.  Is giorra é do €1m dar liom nó biionn tuarastal agus costas an phoist – féach ar an míniú casta neamh leithscéalach a thugtar ar cheist na n-innealtóirí teanga i scéal an Tribuen –  níos mó ar Fhoras na Gaeilge ná mar atá sé ar na sclabhaithe atá sa chéad líne catha.     Mar sin de ligfear chun siúil go leor gniomhaithe – níos nó 16 ar aon nós – atá ag obair ar son na Gaeilge i measc an phobail chun go mbeidh Foras na Gaeilge ábalta cur leis an maorláthas atá á fhás acu i mBaile Atha Cliath,Béal Feirste, Gaoth Dobhair.

Agus, díreach chun mo phointe a chruthú, seo chugainn an ‘t-atbhreithniú’ atá mar sprioc aige líon na n-eagrasaí Ghaeilge a laghdú ó 19 go 1…..

Comments (0)

Tags: , , ,

An Ghaeilge ina caitheamh aimsire – Jim Allister

Posted on 10 December 2009 by igaeilge

Dar le Jim Allister, polaiteooir atá ina cheannaire ar an nGuth Thraidisiúnta Aondachtach, tá airgead á chur amú ar an Ghaelscoileanna ar an mBaile Meanach a fhéadfaí bheith á chaitheamh ar mhaoiniú scoileanna do pháistí le riachtanais speisialta.

Ar ndóigh, níl tuismitheoir ar bith le páíste ag freastal ar Ghaelscoil a shéanfadh maoiniú ar pháiste le riachtanas speisialta.  Tá páistí acu le riachtanais speisialta an oiread is atá ag tuismitheoirí eile nach seolann a bpáistí chuig Gaelscoileanna agus tá an seirbhís atá á fháil acu chomh h-olc nó níos measa ná na scoileanna Béarla.

Ach seo chugainn Jim Biogóideach Mac Allasdar agus é ag iarraidh a chur ina  luí nár cheart tacú le Gaeloidachas mar, dar leis, is caitheamh aimsire atá ann.

Is dócha go gcreideann sé go bhfuil sé ar thalamh slán agus é ag labhairt ar son páistí le h-uathachas agus riachtanais speisialta eile agus ag íonsaí na Gaeilge.

Ach tá iliiomad bealaí ann chun go gcaithfeadh an Rialtas airgead ar shiamsaiocht agus ar chaitheamh aimsire. D’fhéadfá a rá gur ionann Arm na Breataine agus club siamsaiochta agus caitheamh aismire do dhaoine fásta, club thar a bheith dainséarach agus costasach.  Cad abea an ‘Territorial Army’ ach club óige do dhaoine fásta?  Ach is cuimhin  liom Jim agus gach aondachtóir eile ag sarú a cheile chun an Territorial Army a chosaint ó thua Seansailéir na Breataine, Alistair Darling agus Gordon Brown roimis.

Anuas ar sin, tá ar pháistí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna oideachas a fháil an oiread is atá ar pháistí a fhreastalaíonn ar an ghnath choras oideachais. Agus tá sé  léirithe go mbionn toradh níos fearr ar chostas níos lú le fáil ag páistí na gaelscolaíochta, thar páistí an ghnath chórais.

Mar sin de, titeann argóint Allister ar a thóin.

Gan amhras, ba cheart go mbeadh sin ar eolas ag an abhcóide seo.  Ach níl i gceist anseo ach geaitsíocht don slua,  ag léiriú go bhfuil sé níos frith Ghaelaí ná an DUP.  Geaitsí dainséaracha iad seo mar anois beidh ar an DUP a chruthú don phobal a thugann vóta don pháirtí sin go bhfuiil siad san níos frith Ghaelaí arís.

Comments (5)

Tags:

An Ghaeilge agus an Ghaeltacht i mBuiséad 2010

Posted on 09 December 2009 by igaeilge

Mar a bheithfeá ag súil, ní raibh aon buaiteoiri i measc pobal na Gaeilge nó na Gaeltachta sa Bhuiséad seo.  Ní raibh ann ach caillteoirí nár chaill an oiread is ar chaill dreamanna eile.

Na caillteoirí móra:   Udarás na Gaeltachta:  San iomlán tá tuairim is €5m caillte ag Udarás na Gaeltachta ón bhliain seo chaite.    Tá tuairim is €500,000 caillte ó na buiséid riaracháin agus tionscnaimh.  Tá €4.65m bainte den bhuiséad caiptil.

Maidir le Foras na Gaeilge.  De réir an méid atá ráite ar an léaráid thíos, níl ach €50,000 caillte ag an bhForas Teanga do 2010 i gcomparáid le 2009.  Níl léargas beacht nó cruinn againn ar mbuiséad iomlán d’Fhoras na Gaeilge seachas an bhuiséad don Boord o’Ulster Scotch (atá trioblóidí dá gcuid féin acu is cosúil).  Caithfear cúpla toisc breise a chur san áireamh – ceann acu go laghdóidh an allúntas ón Roinn ó thuaidh i gcomhréir leis an laghdú ón Roinn ó dheas go h-uathoibreach.

An toisc eile, an solas glas a tugadh d’Fhoras na Gaeilge 16 fostaí sa bhreis a earcú, innealtóirí teanga san áireamh, chun cur leis an bhfoireann ina oifigí i mBaile Atha Cliath, Béal Feirste agus an oifig nua i nGaoth Dobhair.   Is cinnte go gcosnóidh seo €1m+ in aghaidh na bliana as seo amach agus ní fios go fóill cén luach a bheidh le fáil as.   Tagann seo trath go bhfuil atbhreithniú déanta ar líon agus éifeacht na n-eagrasaí ‘buanmhaoinithe’ agus é tugtha le fios go neamhbhalbh go bhfuil iarracht á dhéanamh eagras amháin nó b’fheidir beirt nó triúr a bheith ann seachas naoi gcinn déag.  Mar sin de fagfaidh sin go mbeidh eagras amháin nó triúr ag brath go h-iomlán ar an bhForas dá gcuid maoiniú agus is beag neamhspleachas a bheidh ag na h-eagrais sin.

Tá laghdú €2.08m ar bhuiséad TG4 – síos ó €36.133m go dtí €34.050m.  Is mór an titim é sin.   Is ionann é, mar shampla, agus fáil reidh le Ros na Rún go h-iomlán ó sceideal an staisiúin.   Cinntí crua le déanamh i mBaile na hAbhann.

Tá gearradh suntasach déanta ar Chiste na Gaeilge – síos ó €8.415m go €5.716m – sin gearradh 32%.  Is dócha gur feidir linn glacadh leis mar sin nach mbeidh aon iocaíochtaí ró mhóra do leithéidí Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

I raiteas a d’eisigh an Aire O Cuív – nó ar a shon ar a laghad – níl aon tagairt ann don Straitéis 20 Bliain a foilsíodh coicís ó shin.  An bhfuil sin ligthe i ndearmad theana féin?  Is cinnte nach bhfuil aon acmhainní breise sa Bhuiséad seo chun an straitéis a chur i bhfeidhm.

Comments (6)

Tags: , , ,

Sceannairt le déanamh ar na h-eagrais Ghaeilge – Tá sé oifigiúil anois

Posted on 09 December 2009 by igaeilge

Seo tagairt spéisiúil ón gComhéisiúint Phreasa a foilsíodh mar thuairisc ar an gcruinniú den Chomhaireacht Thuaidh Theas an tseachtain seo chaite.

Foras na Gaeilge

9.  The Council discussed staffing issues in Foras na Gaeilge and noted that arrangements are in place to fill 5 posts in Gaoth Dobhair and 3 posts in Dublin. The Council noted that Sponsor Departments have received an application from Foras na Gaeilge for additional contract staff to complete the English-Irish Dictionary Project. Ministers asked that consideration of this request be completed as a priority and a recommendation presented to the next NSMC meeting in Language sectoral format.

10.  The Council welcomed the Foras na Gaeilge review of its core-funded organisations.  Ministers agreed that core-funding of the Irish language voluntary sector by Foras na Gaeilge be reconfigured on the basis that Foras na Gaeilge will set high level strategic priorities.  Applications for funding will be invited from the voluntary sector, within these strategic priorities, for one or a limited number of organisations with a representational, information dissemination, resource and support provision and advocacy role for the sector as a whole; and at local area level, groups that take an integrated approach to promotion of the Irish language, including working in community, family, educational and youth settings. This reconfiguration is to ensure a more effective, streamlined and cost effective approach to funding of the sector.

I bhfocail eile tá sceannairt le déanamh ar earnáil deonach na Gaeilge chun ‘a more effective, streamlined and cost effective approach to funding of the sector’ a bhaint amach.  An comhtharlúint é go mbeidh 16 phost nua ag Foras na Gaeilge do ‘innealtóiri teanga’ is a thuilleadh nach iad d’oifigí na h-institiúide i mBéal Feirste, Baile Atha Cliath agus, a bhuiochas do dhílarnú, Gaoth Dobhair?  An bhfuil an Foras féin ‘streamlined’  agus ‘cost effective’?

Beag an baol, cheapfainn.   Ach ná biodh aon dul amú ar éinne, tá an rud céanna á dhéanamh le na h-eagrais Ghaeilge is a deineadh roimhe seo le na nuachtáín Ghaeilge.   [D'fhéadfainn a rá: Beag a rinne na h-eagrais Ghaeilge chun Lá Nua nó Foinse (mar a bhí) a thabhairt slán agus anois tá siad ag foghlaim an ceacht a d'fhoghlaim an Pastor Nietmoller.   Ach sin scéal do lá eile.]

Níl an Buiséad fógartha go fóill ach dar liom tá feartlaoi na n-eagras Ghaeilge scríofa ann in áit éigean.  Ní doigh liom mar shampla go mbeidh airgead breise ann d’Fhoras na Gaeilge agus mar sin caithfidh siad an airgead atá á chaitheamh acu ar na fostaithe nua seo – Seisear Déag an Fhorais – a fháil in áit éigean.   Is cinnte go dtiocfaidh an t-airgead seo ó chistí na n-eagras Ghaeilge, iad san fiú atá luaite mar eagrais croí mhaoinithe.

Anois táim cinnte go bhfuil daoine ann a cheisteoidh cé acu chomh eifeachtach is atá na h-eagrais croí mhaoinithe seo – cuid acu ar aon nós – agus go n-aontóidh siad, b’fhéidir, gur cheart go mbeadh ath-eagar éigean ar an earnáil.  Ach an é seo an bealach chun tosaigh?

Tá caipéis spéisiúil eile faighte agam le déanaí freisin – coip de mhiontuairiscí chruinniú idir an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus an Bórd Snip Nua ar an 8ú Aibreán.  Tá an mhír deireannach sa chaipéis seo – atá ar fáíl ina ionláíne thíos – an spéisiúil mar gheall ar an léargas a thugann sé ar chur chuige agus aidhmeanna an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas….

Mary Walsh [ball den Bórd Snip Nua] noted that Foras was providing funding for 19 organisations.  She asked if there was a problem with the number or range of organisations.

DCRGA replied that there are different niches.  At NSMC it was decided that there was potential for collapsing the number.

Caipéis iomlán: 2009.04.08 Miontuairiscí DCRGA – Snip

Agus anois tá ‘athbhreithniú’ déanta ag Foras na Gaeilge ar eifeacht agus líon na n-eagras Ghaeilge agus mar thoradh ar sin is é an moladh atá ann go mbeadh comórtas ann chun eagras amháin nó líon teorannta eagrais a bheith ann chun obair na n-eagras Ghaeilge a dhéanamh.    Sin tairiscint nach feidir a dhiultú – bí pairteach i gcomórtas chun do phost a choimead!   Agus ós rud é nár ghearán na h-eagrais Ghaeilge faoin gcur chuige seo nuair a bhí na comórtais á reachtáíl do na nuachtáin Ghaeilge, cén slí gur féidir leo cur i gcoinne seo?

Ní aontaim leis an gcur chuige seo ar chorr ar bith.   Is cuimhin liom feidhmeannaigh an Fhorais bheith ag caint ar ‘phairtíocht’ roimhe seo ach ní thuigfeadh siad páírtíocht dá dtabharfadh sé cic sa tóin dóibh.    Ba cheart suí síos le na h-eagrais agus cur chuige aontaithe a bheith ann agus an ‘streamlining’ a bhaint amach i slí atá comhaontaithe.    Má tá ceisteanna le cur faoi líon na bhfostaí ag na h-eagrais Ghaeilge, tá na ceisteanna céanna le cur fá thrí faoi líon agus éifeacht na bhfostaithe ag Foras na Gaeilge féin.

Tá barúil agam, afach, má tá pobal na Gaeilge le teacht slán go mbeidh gá le h-eagras Ghaeilge atá go h-iomlán neamhspleach ar an Rialtas agus go gcaithfimíd íoc as sin.   Mar atá sé tá an cumhacht ar fad ag an Rialtas agus ag an bhForas – agus anois tuigimíd cad é atá ar bun acu agus ní h-é leas phobal na Gaeilge an cloch is mó ar a bpaidrín.

Mar aguisín, is léir ón ráiteas seo ó Ghearóid  O’hEara thar cheann Shinn Féin, nach líonmhar iad cairde na Gaeilge i measc cheannairí an phairtí sin.  Ritheann sé liom go bhfuil an cumhacht anois ag baill SF ar bhórd an Fhorais an scian a chur in eagras ar bith nach gcreideann siad a bheith ag teacht le tuairimí SF.

”Aontaímid i bprionsabal leis na moltaí chun obair na ngrúpaí Gaeilge a athbhreithniú ag súil le luach ar airgead a fháil agus chun éifeachtacht na n-áiseanna caite ar Ghaeilge a uasmhéadú.”

Lucht Sinn Féin ag caint ar ‘luach ar airgead’  - anois tá deireadh cloiste agam.  Cad faoi luach na votaí!

Comments (2)

Tags: ,

Dáimh Scoil Mhúscraí chugainn arís

Posted on 08 December 2009 by igaeilge

Beidh an t-aon Chúirt Filíochta a mhaireann beo sa tír á reachtáil i Múscraí Uí Fhloinn ag tús Mhí Eanair agus tá fearadh na fáílte roimh rannairí is filí agus iad san a thaitníonn filíocht agus dea ghiumar leo bheith i láthair le h-éisteacht a thabhairt nó le dán dá gcuid a aithris.

Murar féidir libh bheith i láthair, is féidir libh freagra ar an gCeist thíos a fhoilsiú ar an suíomh seo agus déanfad deimhin go ndeinfear é a aithris ar an oíche.    Craoltar an Dáímh Scoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh mireanna á thaifeadadh agam le foilsiú ar You Tube ar ball.

I mbliana, baineann an Cheist le cúrsaí na tíre seo.  An daille ár gceannairí pholatúla ar an ród atá romhainn ná Raifteirí an file gan radharc agus é ag siúl na mbóithre na céadta bliain ó shin?

Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn 2010

3 Eanair, 2010 8in

Ostán Ghobnatan Baile Mhúirne

An Cheist

Im aonar dom ag spaisteoireacht

Go dur doilíosach atuirseach

Lem’ smaointe duairce damanta

Ag casaoid leis an saol.

An spéir im thimpeall scamallach

Anuas dem dhruim am thachtadh ‘steach

Guairneain gaoithe ag sealadaíocht

Ag póirseáil claí is carraig fraoigh,

Ag tuar báistí is anaithe,

Gan mhoill fé mo dhéin

Ansan braon is mile fearthainne,

Do raid anuas go neafaiseach,

Ag sileadh síos go talamh uaim

Na dhíle fuar, fuar bréan

Do rith tríóm cheann cás Raiftéirí

Nuair bhuaoil an síon san clagar é,

Ar bord Ath Cinn ag taisteal do,

Gan scath ach an spéir.

Sean-sceach gan díon ná fascadh beag,

Do fuair ar thaoibh an bhealaigh chúng

Gur b’ann ón síon do chaith é féin,

Is a chroí suas chun Dé.

A bhardaibh cuirim ceist oraibh

An doigh libh na baill atá i gceannas againn

Gur daille iad ná Raiftéirí

Agus gur lú é a gcéim.

An Tiogar Ceilteach caite acu

Billiúin is bainc i dtranglam

Gach lion tí seana chreachta acu

An mileán ar bhainc is a gceannairí

Ach gan pioc orthu féin.

An Cléireach (Peadar Ó Liatháin)

Comments (0)

Tags: , , , ,

Ag stocaireacht, ag stocaireacht, ag stoc-aireacht….

Posted on 02 December 2009 by igaeilge

Eirithe go moch ar maidin chun aghaidh a thabhairt ar an Ard Chathair ar mhaithe le freastal ar lá stocaireachta Guth na Gaeltachta/Conradh na Gaeilge ag Ostán Buswells.

Tá go leor teachtaí agus airi ag gabhail timpeall  - ina measc Michael Creed ó Mhaigh Chromtha, Trevor Sargent, John O’Mahony (Maigh Eo), Frank Fahey (Gaillimh Thiar), Charlie O’Connor (FF, BAC) agus a thuilleadh nach iad.

Ar a laghad beidh siad ar an eolas.  Tá súil agam agallamh a thaifeadadh le hÉamon Mac Niallais, Guth na Gaeltachta, agus Julian de Spainn, ar ball agus craolfar anseo iad.

Comments (8)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES