Archive | January, 2010

Tags: , , , , ,

Charlie criochnaithe i Washington

Posted on 31 January 2010 by igaeilge

Seo Charlie Bird ....is dócha

Chaith mé leath shúil an oíche dheireannach ar Charlie Bird, comhfhreagraí RTÉ i Washington, agus é ag cur i láthair chláir faoin bliain a bhí caite i bpríomh chathair Mheirceá.  Thosnaigh sé agus ré Obama ag breacadh ann – ach is cosúil go bhfuil sé i gceist aige eirí as go luath nó de réir na dtuairiscí, tá sé thar a bheith uaigneach ann.

Is cuimhin liom nuair a thosnaíos ag obair le nuachtán an chéad lá, fiche bliain ó shin go díreach, cuireadh ag obair mé i Lios Tuathail i dtuaisceart Chiarraí agus, go deimhin féin, tuigim cuid den uaigneas atá ar Charlie.  Ag an am chéanna, ní rabhas chomh fada sin ó bhaile agus bhíos i gCúil Aodha geall leis gach deireadh seachtaine ar feadh i bhfad.

Nuair atá tú i mbaile nua, gan cara agat ann, agus dualgas ort saol an bhaile sin a chur i lathair i nuachtán seachtainiúil, bhuel, tá’s agat go bhfuil cúramaí ort agus tá obair le déanamh.  De ghnath má oibríonn tú go cruaigh reiteofar na fadhbanna.  Maolófar an t-uaigneas agus eireoidh an obair níos éasca.

Sin mar a tharla domsa.

Ag an am chéanna thuigeas go raibh mé ag snamh in aghaidh an easa i gCiarraí Thuaidh agus i Lios Tuathail nó dá fheabhas mo chuid iriseoireachta agus na scéalta uaim a bhí á fhoilsiú sa nuachtán, The Kingdom, ní raibh spás sa cheantar dár nuachtán nó bhí bhí paipéar eile ann romhainn, the Kerryman agus Kerry’s Eye, dhá nuachtán an iomaíoch go deo.   An rud a bhí ar bun agam, i ndáiríre, go raibh mé ag cur i láthair an saol i dtuaisceart Chiarraí do phobal leitheoireachta an nuachtáin a bhí suite, don chuid is mó, i gCill Airne agus i ndeisceart an chontae.   Ba bheag suim a bhí ag muintir Lios Tuathail féin agus an cheantair mhaguaird sa mhéid a bhí le scríobh agam – cé gur bhain mé stangadh astu ó am go cheile le scéalta speisiúla agus eisiacha, scéal a fuaireas in ainneoin na ndeacrachtaí agus na ndúshlán ó na nuachtáín eile fad bhunaithe sa cheantar.

Tá codarsnachtaí agus cosúlachtaí idir mo scéal agus cás Charlie Bird, creid nó ná creid.

Is léir gurb iad sinne, pobal na hÉireann, lucht féachana Charlie Bird nó is beag an suim atá ag pobal SAM nó Washington sa mhéid a thuairiscíonn sé.    Ar éigean go bhfeicimíd Charlie Bird ag cur agallamh ar an Uachtarán Obama riamh, mar shampla, cé go bhféadfadh sé tarlú taca toghcháin i 2013.

Ag am seo an ghatair, agus ciorruithe á dhéanamh ar an sceideal i ngach slí [ní chraolfar ach aifreann amháin sa mhí feasta ar RnaG, mar shampla], an bhfuil gá le comhfhreagraí buan i Washington ag RTÉ?  Nó sa tSín?  Nó i Londain?  Nó sa Bhruiséal?   Nach feidir na seirbhísí céanna a cheannach ar phraghas i bhfad níos lú tre conraí a thabhairt d’iriseoirí atá ag cur futha sna h-áíteanna sin theana féin?  Nó an é nach bhfuil i gceist leis na postanna seo ach cineál buaileam sciath ag RTÉ?

Rud eile a thugaim faoi ndeara, agus tuigim go dtagann sé seo salach ar an bpointe thuas, ach má tá RTÉ le comhfhreeagraí buan a fhostú sna h-áíteanna seo, nár cheart go mbeadh an comhfhreagraí sin a bheith ábalta tuairiscí a chur ar fáil don “News” AGUS don “Nuacht” ag an am chéanna?  Nár cheart go mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil ag tuairisceoirí RTÉ?  Mura bhfuil, nach bocht an léargas a thugann sin ar an oideachas atá faighte acu tar éis 13 bhliain deag, ar a laghad, a chaitheamh i scoileanna agus meanscoileanna na tíre?

Tugaim faoi ndeara go bhfuil Tomás Ó Mainín ó TG4 ag tuairisciú do RTÉ anois i Haiti agus tá slacht ar a chuid tuairiscí ón oileán buailte sin gan amhras.   Nuair a luaitear ainmneacha ‘réaltaí’ éagsúla ó TG4 leis an bhfolúntas i Washington nuair a fhileann Charlie, cén fath nach gcuirfí tuairisceoir dhá theangach san áireamh?   [Agus nílimse sa tóir ar an bpost seo mé féin, dála an scéil!]

Ceapaim go bhfuil go leor bealaí againn chun ár gcuid nuacht a fháíl na laethannta seo gan a bheith ag brath ar ghuth lár Atlantaigh ó RTÉ chun a bheith ar an láthair i Washington agus i geeantaracha eile ó cheann ceann na bliana.   Creidim gur cur amú airgid é postanna eachtracha den chineal seo agus ní h-é gur duine mé nach bhfuil dearcadh leathan agam ar an domhan ach nach gá do dhuine ar bith an nuacht a scagadh ar mo shon.  Is féidir liom mo chinneadh féin a dhéanamh faoin nuacht atá suim agam ann, atá tabhacht lei, nó a mhalairt.

Ní eisceacht mise.  De bharr an idirlín agus Nuacht 24/7 ar an dteilifís,  is féidir le duine i gCúil Aodha bheith ar an eolas faoi chúrsaí reatha Washington an oiread leis an gnath dhuine i Washington, fiú an tuairisceoir Eireannach ann.

Taithníonn sé le leithéidí RTÉ bheith ábalta maíomh gur craoltóir é atá ábalta oifig a bheith ag an gcainéal i Washington.   Tá siad ábalta snámh sna h-uiscí céanna le na h-éisc móra – ach, mar a léirigh an clár an tseachtain seo chaite faoi shaol Bird, níl teacht acu ar dorchlaí na cumhachta.  Bheadh sé nios éasca domsa nó duitse cuairt a thabhairt ar an dTeach Bhán le víosa chuairteora, ná mar a bheadh sé do Charlie Bird nó a mhacasamhail.

Mar sin, má tá RTÉ le post Charlie Bird a líonadh, ba cheart go líonfadh an craoltóír náisiúnta an post sin le comhfhreagraí dhá theangach, Gaeilge agus Béarla.

Seachas sin, ná bac an post a líonadh in aon chorr.  Caith an t-airgead ar chúpla aifreann sa bhreis a chraoladh agus cúiteofar libh sa tsioraíocht é sin!

Comments (6)

Tags: , ,

Cé cheannódh céim?

Posted on 28 January 2010 by igaeilge

Seo thíos an tuairisc uaim a foilsíodh i Foinse ar an gcinneadh atá déanta ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffe, deireadh a chur le hOllscoil na hÉireann.

Cheapfá gur cinneadh gearr radharcach é seo, a fhagfaidh comhartha ceiste faoi chéimeanna timpeall 250,000 céimí a fuair oideachas sna hinstitiuidí is coláistí atá páirteach san Ollscoil seo, a bunaíodh i 1908, ROIMH bhunú an Stáit.

Tá bagairt nach beag ann don Ghaeilge freisin – an mbeidh riachtanas na Gaeilge ag na Coláistí éagsúla amach anseo d’abhar micléinn.  Bhí ar Chonradh na Gaeilge feachtas laidir a reachtáil i 1908 chun a chinntiú go mbeadh an Ghaeilge mar chuid de na riachtanasaí maithreanaigh d’abhar micléinn.   Mór an trua gur féidir le Rialtas na gCreachadóirí deireadh a chur leis gan fiú comhairle atá siad ag íoc go daor as a léamh…..

Maidir liom féin, tá céim dlí (BCL) agus Ard Dioplóma sa Chumarsáid Feidhmeach agam ó Ollscoil na hÉireann.   Shaothraigh mé go dian ar a shon – ní go ró dhian!  - agus ní bheinn sásta dá ndéanfaí díluacháil orthu go neamh-chúramach.

Is fiú eagarfhocal an Irish Times ar an gceist seo a léamh freisin.

Botún agus míthuiscint bhunúsach ar ról na n-ollscoileanna sa chóras oideachais atá ar chúl an chinnidh ag an Aire Oideachais deireadh a chur le hOllscoil na hÉireann.

B’shin a bhí le rá ag an dTeachta Dála agus iar léachtóir ollscoile, Micheál D. Ó hUigínn, agus é ag cáineadh go géar cinneadh an Aire O’Keeffe an mhathair eagras do dheich choláíste éagsúil a scor.   I measc na gcoláistí atá páirteach in Ollscoil na hÉireann, tá coláistí ollscoile i gCorcaigh, Gaillimh agus Baile Atha Cliath maraon le Coláiste na Manlianna is an Fhoras Riaracháín.

Ag labhairt don Teachta Dála Ó hUigín le Foinse, dúirt sé go raibh aitheantas idirnáisiúnta ag céim ó Ollscoil na hÉireann agus go mbeadh an baol ann anois go ndeinfí díluacháil ar na gcéimeanna sin de bharr an chinneadh seo.

“Tá sé olc a dhothain nach bhfuil postanna ann do na mílte scoláire a chéimíonn ó na h-ollscoileanna gach bliain ach is measa arís mar go mbainfidh an cinneadh seo de luach a gcéimeanna go h-idirnáisiúnta,” dúirt an Teachta Ó hUigín.

Dúirt an Teachta Ó hUigín gur chuir an cinneadh isteach air de bharr gur cosúil gur cinneadh rialtais a bhí ann agus go raibh sé fógartha sna meáin sara tugadh an t-eolas don Dáil agus ar éigean go raibh oifigigh na hOllscoile féin curtha ar an eolas ag an Aire.

Ag labhairt do sa Dáil dúirt an Aire go raibh costas €1m in aghaidh na bliana ag baint le riaracháin Ollscoil na hÉireann agus gur doigh leis go bhféadfadh na coláistí éagsúla atá cláraithe san Ollscoil an obair sin a dhéanamh as a stuaim féin anois.

Dúirt an Teachta Ó hUigín gur chuir sé alltacht air ná raibh deis tugtha ag an Aire Grúpa Chomhairleach a bhunaigh an Aire féin tuairisc a chriochnú maidir le todhchaí oideachas ar an dtriú libhéal a chriochnú agus a fhoilsiú sara rinne sé a chinneadh.

Údar buartha agus imní do Chonradh na Gaeilge an mholadh atá déanta ag an Aire Ollscoil na hÉireann a scor.

Ag labhairt do le Foinse dúirt Uachtarán an Chonartha, Pádraig Mac Fhearghuasa, go mbeadh an eagraíocht buartha de bharr an neamh shoiléireacht faoi stadas na Gaeilge in aon leagan amach nua.

“Tá stadas ar leith ag an nGaeilge ó 1908,  roimh bhunú an Stáit seo, agus bheadh imní orainn dá mbainfí den stadas sin anois,” dúirt sé.

Faoi láthair ní mór d’abhar micléinn in institiúidí éagsúla pas a bheith acu sa Ghaeilge sara gcuirfear na pointí a ghnóthaigh siad san Ard Teist san áireamh le h-aghaidh a rogha cúrsa.   Riachtanas maithreánaigh é seo atá ann ó 1908 agus gnothaíodh an am sin é de bharr dianfheachtas Chonradh na Gaeilge.

Faoi láthair tá an Chonradh ag faire ar an scéal. “Is údar íoróin é gur fhograíodh an scéal seo an lá céanna agus a rinne an Aire aisghairm ar chiorclán a chur cosc ar luath thumoideachas na Gaeilge sna bunscoileann.   Dhealródh sé ón méid sin go bhfuil stat seirbhísigh sa Roinn Oideachais nach féidir leo rud a thabhairt ar ais don teanga le láimh amháin gan baint uaithí leis an láímh eile.”

Comments (2)

Tags: , ,

Ó Sé – sraith nua bleachtaireachta ar TG Leathair?

Posted on 27 January 2010 by igaeilge

An Ceannfort Seamus Ó Sé: Caireictéir atá ina mheascán idir Morse agus Agent Cooper

Agus é ag labhairt ar chlár Ronáin ar Raidió na Gaeltachta, dúirt léiritheoir Na Cloigne Ciarán Ó Cofaigh go raibh i gceist aige a thuilleadh forbartha a dhéanamh ar charaictéirí a cuireadh inár lathair sa sraith seo, leithéidí an Cheannfort Ó Sé mar shampla, an bleachtaire aisteach, cineal meascán idir Morse agus Agent Cooper ó Twin Peaks más fíor, le h-aghaidh sraitheanna eile.

An ceist a chuirim:   tá sé thar am go mbeadh sraith dhramaí do dhaoine fasta ag TG4 – agus ní féidir dá fheabhas é a rá go sasaíonn Ros na Rún an t-éileamh sin:  Cén fath nach gcuirfeadh TG4 roinnt acmhainní ar fáil do shraith ar nós Morse, sraith bhleachtaireachta, agus go mbeadh sin ag leanúint air ó bhliain go bliain?   An cheist airgid amháin atá ann?

Ar aon nós, táím ag cur tús le feachtas inniu:  Ba mhaith liom go mbeadh sraith úr ann bunaithe ar charaictéirí Na Cloigne.  Ar mhaith leatsa?  Más mian leat a leithéid, ná suigh ar do lámha, votáil ar a shon sa phobal bhreith thíos.  Más maith leat, cuir achainí i scríbhinn chuig TG4 – nó TG Leathair mar a thug Ronán ar an gcainéal ar a chlár – agus na h-eagarthóirí coimisiúnaithe ansin, Mícheál O Meallaigh agus Proinsias Ní Ghráinne.

Comments (1)

Tags: ,

Anois teacht Imbolc

Posted on 27 January 2010 by igaeilge

De réir na tuairiscí atá faigthe agam, beidh slua ollmhór ag triail ar Ostán an Rochestown Park oíche Dé hAoine don choirmcheol mhór i gcuimhne ar Sheán Ó Riada agus tá gach ticéad díolta.  Ach, ná bí buartha, tá sé ráite liom go mbeidh coirmeacha ceoil eile ann idir seo agus an Samhradh ar an dul chéanna, chun an cheiliúradh a leanúint.

Comhghairdeas freisin le Seán Mícheál Mac Donnchadha, comhfhreagraí rialta anseo ar iGaeilge, a bhuaigh ticéad agus oíche loistín i gcomórtas Foinse!

Níl aon chomórtas agam anseo an tseachtain seo – ach tá scéal agam faoi ocáid spreagúil eile a bheidh ar siúl anseo i Múscraí ar an Satharn, 6 Feabhra.

Imbolc – Ionsparáid na Bliana is teideal do lá chainteanna a bheidh á thabhairt ag réimse spéisiúil aoíanna, idir lucht ghnó agus lucht chultúr, san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne.   An t-a0n abhar nach mbeidh faoi chaibidil go cinnte ar an lá, an Ghaeilge féin.

Samhlaigh é ar feadh noiméid: Imeacht Ghaeilge nach ndeinfear plé ar an nGaeilge ann.   Dia idir sinn agus an t-olc!

Ar aon nós, is éard atá i gceist ag Tomás agus Bernice Ó hAodha, an lannúin atá ag reachtáil na h-ocáide, leagan Ghaeilge de TED a chur ar bun anseo i Múscraí.   Deinfear na cainteanna ar fad a scannánú.  Mairfidh gach caint 20 noimead agus beidh deich noimead ann le h-aghaidh ceisteanna i ndiaidh gach caint.    An sprioc atá roimh gach cainteoir, spreagadh nó ionsparáid a thabhairt don lucht éisteachta.

Ionsparáid ann féin Imbolc, dar liom. Níl an lannúin seo ina gcónaí sa cheantar ach le níos lú ná bliain creidim agus theana féin tá siad ag reachtáil imeachtaí atá spreagúil agus le tarraingt náisiúnta agus, fiú, idirnáisiúnta.     Is cinnte go bhfuil siad le moladh as an méid atá déanta acu go dtí seo.

Tá tacaíocht á fháil acu ó Udarás na Gaeltachta – ach is iad féin atá ag iompar an fhiontair sa chás seo.  Iad féin a dhear na postaeirí agus an suíomh idirlíon.  Léiríonn siad an cur chuige ‘Is féidir linn’ níos fearr ná go leor eile.

Anois teacht Imbolc agus tá an lá ag dul chun síne…..

Comments (4)

Scéim Labhairt na Gaeilge

Tags: ,

Feabhas suntasach i Múscraí i Scéim Labhairt na Gaeilge

Posted on 26 January 2010 by igaeilge

Tháinig ardú 33% ar líon na dteaghlach i Múscrai a shaothraigh deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge i Múscraí i 2008/9 i gcomparáíd leis an líon teaghlaigh a thuill an deontas sa bhlian roimhe sin, tá sé dearbhaithe.

Foilsíodh torthaí na bliana seo Dé Luain agus is léir ó na torthaí sin go bhfuil breis iarrachtaí á dhéanamh ag teaghlaigh ar fuaid Mhúscraí chun stadas Gaeltachta an cheantair a chaomhnú.

Sa scoilbhliain 2008/9, tugtar le fios go raibh 185 teaghlach a rinne iarratas faoin scéim.  Fuair 100 teaghlach acu san an deontas iomlán agus 48 an deontas laghdaithe  Diultaíodh aon aitheantas do 37 teaghlach.

Cuirtear sin i gcomparáid le 2007/08:

Sa scoil bhliain sin bhí 176 iarratas faoin scéim.   Ceadaíodh deontas iomlán do 74 teaghlach agus fuair 77 teaghlach an deontas laghdaithe.  Mar sin, is cosúil gur eirigh le 29 teaghlach a thuill an deontas laghdaithe an bliain roimhe feabhas a chur ar chaighdeán na Gaeilge sa teaghlach agus gur eirigh leo an deontas iomlán a thuilleamh.

An bliain roimhe, 2006/7, bhí 193 iarratas agus d’eirigh le 76 teaghlach an deontas iomlán a fháil agus 99 a fuair an deontas laghdaithe.  Is léir ó na bhfigiúirí sin go bhfuil líon na dteaghlach a chur isteach ar an deontas réasúnta seasta – idir 176 agus 193 – ach an rud is súntasaí atá le tabhairt faoi ndeara go bhfuil líon na dteaghlach a fhaigheann an deontas laghdaithe ag titim agus an líon a fhaigheann an deontas iomlán ag méadú dá réir.      Tá líon na ndiultú ag méadú ó bhliain go bliain freisin, rud a thugann le fios, b’fhéidir, go bhfuil feabhas leanúnach ag titim amach.  Is é sin go bhfuil teaghlaigh ag bogadh ó dhiultú go deontas laghdaithe go deontas iomlán agus go bhfuil feabhas céimiúil ag titim amach.

Seo stracfhéachaint ar an mhór phictiúr:  Conas mar atá an Ghaeltacht i Múscraí tar éis feabhsú a dhéanamh idir 2006/7-agus 2008/9.   An cheist ná seo: an leanfaidh an fheabhas seo?   Agus, ceist níos mó, an teist é Scéim Labhairt na Gaeilge ar féidir brath air mar léargas ar shláinte Ghaeltachta?

Ceisteanna eile ar fiú a chur:  Cén fath go bhfuil an feabhas seo ag titim amach i Múscraí agus creimeadh ar úsáid na Gaeilge ag titim amach i gceantaracha láidre Gaeltachta, leithéidí An Ghaillimh?

Creidim féin go bhfuil feabhas leanúnach ag tarlú i Múscraí de bharr feabhas na scoileanna sa cheantar agus diogras na dteaghlach agus gur spreagadh iad chun na duthrachta breise, b’fhéidir, de bharr an méid phoiblíocht a tugadh do scéalta uafáis faoin mbealach go bhféadfaí stadas Gaeltachta a chailliúint de bharr na moltaí éagsúla i dtuarascálacha ar nós an Staidéar Chuimsitheach Teanga-eolaíoch agus eile faoi chatargóirí A,B,C.     Deirim b’fhéidir mar nach féidir fás thar oíche den scála seo a cheangal go simplíoch le tosca amháin.   Dá mbeadh sé amhlaidh, b’fhiú an bhata seachas an chairéad a úsáid i ngach Gaeltacht.

Tá scéimeanna anseo i Múscraí – leithéidí Aisling Gheal, scéim amhránaíochta do dhaoine óga – agus suim ar leith i gcúrsaí chultúr atá ag cuidiú go mór le suim a mhúscailt sa teanga.  Cheapfá go raibh labhairt na teanga tanaisteach don Chultúr – ach is mar sin fearr é, sé sin go mbionn an Ghaeilge á labhairt go nadúrtha le linn imeachtaí eile bheith ag titim amach.     Ní bhaineann sé leis an deontas nó tacaíocht airgid, dar liom, cé nach feidir liom é sin a chur as an áireamh, ach baineann sé le saibhreas de chineál eile, aitheantas agus tuiscint an phobail go bhfuil saibhreas sa chultúr ina bhfuil siad préamhaithe agus gur cuid larnach den chultúr sin an teanga.

Sna scoileanna tá spiorad ar leith le tabhairt faoi ndeara, suim i ndramaí agus i gceol, suim i gcluichí Gaelacha agus cloistear an Ghaeilge á labhairt.  An oiread is aon Ghaeltacht eile, ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil suim ag páistí óga i gcluichí ar nós an Wii agus an Playstation agus nach labhrann siad Bhéarla go nadúrtha ina measc féin chomh maith leis an Ghaeilge.   Ach tá níos mó deiseanna acu an Ghaeilge a úsáid agus tá na deiseanna sin taithneamhach.   Mar sin ní ualach orthu an teanga.

Go pearsanta, ní chreidim go bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge ar leas na Gaeltachta nó is féidir na figiúirí a úsáid chun meath na Gaeilge sa Ghaeltacht a léiriú os comhair an tsaoil agus b’fhéidir go bhfuil toscaí eile nach dtuigimíd san imirt anseo – mar shampla dá ndúnfadh comhlacht mhór i nGaeltacht áirithe agus dá mbeadh ar go leor teaghlaigh bogadh chun teacht ar fhostaíocht, d’imreodh sin tionchar ar na figiúirí seo.    An gciallódh sé go raibh an Ghaeltacht níos laige?  Gan amhras. Ach ba chuinsí seachas neamhshuim a bheadh ar chúl na meithe sin.

Is suimiúil iad na ceisteanna atá le cur de bharr seo….beidh tuilleadh faoi seo agam ar ball.

Scéim Labhairt na Gaeilge

Comments (4)

Tags: ,

An pinsean Gaelach

Posted on 26 January 2010 by igaeilge

Tá go leor ceisteanna éagsúla a fhéadfainn bheith ag plé libh anocht –  an sobal dhrama pholatúil atá ag leanúint leis ag Caisleán Chromghlinne, mar shampla.   An é go gcriochnóidh an proiseas a bhain cloch mhíle shuntassach amach ar Aoine an Chéasta 1998 ag ceannscríbe cinniúnach Oíche Burns 2010?

D’fhéadfainn plé a dhéanamh freisin ar thorthaí Scéim Labhairt na Gaeilge nó foilsiú thuarascáil Udarás na Gaeltachta, dhá rud a thit amach inniu, ach déanfaidh mé sin lá níos faide anonn.

An rud atá ag dó na geiribe orm anocht ná seo:  is é an fadhb is mó atá ag tograí is fiontair is gnóanna atá ag saothrú i nGort na Gaeilge easpa airgid anois agus sa todhchaí.    Tá go leor tograí ann a bheadh rath orthu, b’fhéidir, dá mbeadh infhéistíocht substaintiúil le déanamh iontu.

Rith an smaoineamh  liom le déanaí nuair a  léigh mé faoin ‘Emerald Fund’, ciste $150m d’airgeead ó oibrithe chathair Nua Eabhrach agus tá an airgead seo á úsáid chun infhéistiú a dhéanamh i dtograí éagsúla i dTuaisceart Éireann ar mhaithe le dhá rud a dhéanamh.  Sa chéad dul síos tá infhéistíocht á dhéanamh i dtodhchaí an Tuaiscirt, chun tacú le forás agus dul chun cinn, agus ar an dara dul síos, ceapann na h-infhéisteoirí go bhfuil sé i gceist go saothródh an infhéistiocht brabhús ó na tograí ina dheintear infheistiú iontu.  Beidh an brabhús seo ag dul arais i bpocaí na n-oibrithe nuair a h-imeoidh siad amach ar phinsean i gceann roinnt blian.

Anois níl a fhios agam mar gheall ortsa ach níl pinsean agamsa faoi láthair.  I gcaitheamh mo shaol oibre ar fad, ní raibh ach seal gairid, níos lú ná dhá bhliain a chaith mé ag obair leis an BBC i mBéal Feirste,  go raibh deis agam teacht ar phinsean fónta.

Tháinig cúpla deis mo shlí ó shin – ach dhiultaigh mé dóibh mar ní raibh rogha ann infheistiú i gciste pinsin eiticiúil.  Ní raibh mé compórdach ag tabhairt mo chuid airgid do chomhlacht a dhéanfadh infheistiú i dtiionscal na n-arm nó bainc nó a leithéid.  Anuas ar sin bhí an t-airgead chomh gann  agam gur ar eigean go raibh mé ábalta pinsean maith d’aon tsaghas, le h-eitici nó gan eiticí, a cheannach.

Dá mbeadh a leithéid de rud ann agus pinseean Gaelach, sé sin go mbeadh deis ag an duine ar suim leo an Ghaeilge suim a chur ar leataobh óna thuarastal gach mí agus go gcuirfí na suimeanna sin le cheile i gciste.  Bheadh an chiste sin ar fáil ansin le h-aghaidh infheistiú a dheanamh i dtograí Ghaeilge chun bonn a chur futhu agus, amach anseo, go mbeadh brabhús ón infhéistiocht seo ag dul ar ais chuig na h-infhéisteoirí i bhfoirm pinsean.

An cheist a chuirfidh sibh orm, laithreach, cá bhfuil na togrraí Ghaeilge a thabharfaidh brabhús dúinn amach anseo a iocfaidh pinsean linn agus sinn eirithe as an obair?

Tá roinnt tograí ann, as barr mo chinn, a fhéadfadh brabhús a shaothrú ar an infheistiocht a dhéanfaí ann – leithéidí nós*, Raidió Fáilte, Raidió na Life, Ráidió Fáilte, Gaelshirt, Zamano, Rosg Teo, Oisín-Seirbhísí Teanga agus go leor eile.  Tá cáirde liom ag obair sna tograí seo ar fad agus dá mbeadh airgead agam, dhéanfainn infheistiú sna comhlachtaí seo nó tá muinín agam as na daoine agus creidim go mbeadh rath ar m’infheistíocht.

An bhuairt a bhíodh ar dhaoine agus iad ag smaoineamh ar an ‘P’ fhocal cé chomh brabhúsach is a bheadh an infheistíocht.  Anois is í an cheist a chuireann siad orthu féin cé acu ar tháinig an infheistiocht a rinne siad ón gcéad lá slán.   Rinneadh infheistiú i mbainc, comhlachtaí móra sealúchais, tograí móra togála i nDubaí is eile.   Agus anois ar éigean gur fiú tada na h-infheistiochtaí sin ar fad anois?

An bhfuil duine ar bith ag rá liom nach mbeadh na daoine sin níos sásta anois dá mba rud é go raibh a gcuid airgid infhéistithe i dtogra Gaelach ón liosta thuas nó ceann eile ar fad?

Ach is é an fadhb atá againn mar threibh, sinne na Gaeil, go bhfuilfimíd millte ag an deontas.  Ní chreidimíd gur cheart dúinn ár gcuid airgead féin a infheistiú.  Creidimíd, ceapaim, go ndéanfaidh an stat riar orainn, agus mura ndeineann nó má dheineann agus murar leor é, bhuel, lochtaímíd agus deinimíd iad a dhamnú.

In áit bheith ag gabhail den phort sin – agus bím féin ag gabhail do freisin – ba cheart dúinn rud éigean difriúil a dhéanamh, ár gciste pinsean féin a bhunú, agus ár gcinniúint a ghlacadh inár lámha féin.

Dá mba rud é go raibh an dearcadh céanna ag an CLG is atá ag pobal na Gaeilge, is ar éigean go mbeadh Páirc an Chrócaigh, mar atá inniu ann ar chorr ar bith.

Splanc dóchais amháin i measc an ghruaim, gur seoladh Dé Luain Rith 2010, iarracht ag Gaeil óga ciste dá gcuid féin a chur le cheile.   Beidh mé féin ag rith – agus tá’s ag an saol nach reathí mé.  Creidim sa bhfiontar.

Ach an mbeinnse – nó an mbeadh éinne agaibhse – sásta mo mhuinín agus mo dhochas sa Ghaeilge a léiriú tre infheistiú i bpinsean Gaelach dá mbeadh a leithéid ar fáil?

Agus mura bhfuil sé ar fáil, cén fath nach féidir linn an rogha sin a chur ar fáil?

Comments (6)

Tags: , , , ,

Aontas na nAondachtóirí ina chéim i dtreo aontú na tíre?

Posted on 25 January 2010 by igaeilge

Aontas na nAondachtóirí!  Sin an nath cainte nua i mbéal an phobail faoi láthair ó tugadh chun solais ar Slugger O’Toole go raibh cainteanna rúnda idir an DUP, an UUP agus Toraithe na Breataine faoin choincheap ró naofa seo.   Is cinnte go bhfuil páirtí David Cameron ag faire ar an Olltoghchán sa Bhreatain agus an pháírtí den tuairim go mbeidh gach vóta ag teastáil uatha chun an Lucht Oibre a ruaigeadh ó 10 Sráid Downing.

Caint san aer, cheapfá, an chaint seo ar aontas na n-aondachtóirí nó tá an nimh san fheoil idir an DUP agus an UUP ó bunaíodh an DUP chun dúshlán a thabhairt d’aondachtachas an Tí Mhóir, an polataíocht ‘noblesse oblige’ a bhí á chleachtadh ag an bPáirtí Aondachtach (mar a bhí).

Ag an am chéanna tá an dhá pháirtí sin ‘smálaithe’ i súile leithéid Jim Allister agus a chuid aondachtaithe antoisceacha sa TUV.   Tá an DUP agus an UUP tar éis geilleadh do Shinn Féin, shuigh siad gualainn ar ghualainn leo in aon rialtas amháin.   Ní féidir dul ag luí leis an diabhal gan teacht faoina anáil ar shlí éigean.

An eagla atá ar na hAondachtaithe – an UUP agus an DUP ach go h-áirithe – mura dtagann siad le chéile go mbeidh toghchán ann agus de bharr go bhfuil scoilt idir na bpairtithe aondachtacha faoi láthair, go mbeidh Sinn Féin ar an pháirtí is mó i ndiaidh an toghcháin.   Chiallódh sin go mbeadh roghnú an Chéad Aire ag Sinn Féin agus go bhfagadh sin go mbeadh orthu bheith freagrach do Martin McGuinness.

Tá deacrachtaí ar leith ag Sinn Féin, deacrachtaí nach chuideoidh leo trath toghcháin.  Faoiseamh ar éigean é go bhfuil an SDLP chomh lag is atá – tá ag teipeadh ar an pháírtí, is cosúil, ceannaire a thoghadh.   Is fada uainn an deatach bhán ag Ostán an Wellington Park, gnath shuíomh na gcomhdhálacha ag an bpáirtí sin.

An rud a fhéadfadh titim amach do Shinn Féin, nach mbeadh an dúil ag an pobal náisiúnach vótáil ar son an pháirtí.  Roimhe seo b’iad na hAondachtaithe a bhí ag fanúint sa bhaile lá an toghcháin.    Ní chuirfeadh sé íontas orm, fán dtrath seo, go bhfuil dóchas sciaranna mhóra den bpobal náisiúnach maidir leis an bpolataíocht imithe i ndísc.    Cuir i gcás, mar shampla, go bhfuil sé á rá ag trachtairí anseo agus ar shuíomhanna eile gur cheart do Shinn Féin ligint do Stormont titim, nach bhfuil aon mhaith déanta ag na h-institiúidí roinnte cumhachta agus, in áit sin, dul chun cainte le cibé duine a bheidh i Sráid Downing feasta.

Sa chás sin is dea scéal do Shinn Féin go bhfuil an DUP agus an UUP ag iarraidh aontú le cheile.   Má eiríonn leis an dhá pháirtí sin teacht le cheile, beidh Sinn Féin ábalta a chur in iúl dá votairí go bhfuil sé riachtanach dóibh votáil ar shon SF ar eagla cad a tharlódh dá mbeadh an lámh in uachtar ag an namhaid níos laidre seo.

Ar bhonn níos ginearálta, más páirtí tusa atá ar shon Éire Aontaithe, dá mhéid aontú a tharlaíonn, fiú idir do namhaide, sea is fearr é.  Brostaíonn sé an lá go mbeidh an tír ar fad aontaithe.

Ní mór a thabhairt chun cuimhne gur eagla atá ag spreagadh na nAondachtóirí.  Ba mhaith leo leanúint le roinnt cumhachta, ar a dtéarmaí féin, le Sinn Féin.    Is éard atá á rá acu nár mhaith leo go mbeadh an post siombalach úd, an Chéad Aire, ag Sinn Féineach.  Glacann siad leis, áfach, go mbeidh post an Leas Chéad Aire ag náisiúnach – Sinn Féineach.

Dá bhri sin, mar a dheirfeadh mo shean mhúinteoir matamaitice, is léir go bhfuil an DUP/UUP fós sásta suí timpeall an bhoird le SF.

Trath dá raibh mé im chónaí ó thuaidh, thabharfainn mo vóta do SF.  Anois ní féidir liom a fheiscint go mbeinn ag tabhairt mo vóta don pháirtí sin – fiú gur beag rogha atá ann.   Gach seans go bhfanfainn sa bhaile.  Dar le roinnt, go gcaithfidh mé votáil [ar son SF], gur fearr an leath bhulóg atá á thairiscint ag an bpáirtí sin seachas a bheith fágtha gan arán ar bith!

Tá sé molta gur cheart go scorfaí SF agus an SDLP agus go dtiocfadh an chuid is fearr den dhá pháirtí sin le cheile chun páirtí nua a bhunú le seasamh ar son na náisiúnach.   Ar ndóigh ní bheadh i dtoghchán ar bith ansan ach ceannchomhaireamh sheicteach.   Agus sin polataíocht mar is ghnath ó thuaidh.  Níl rudaí níos fearr ó dheas – in áit ceann chomhaireamh seicteach, bunaithe ar chreideamh, is ceann chomhaireamh treibhe atá i gceist.

Ach céard é an rogha ar thoghcháin?   Filleadh ar an gcogaíocht.  Tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil polataíocht Stormont i ‘cul de sac’ faoi láthair.    Agus léirigh an íonsaí mí throcaireach ar Pheadar Heffron nach bhfuil an púca sin i bhfad uainn.

Tugann an méid atá ag titim amach na laethannta seo an méid a tharla breis is céad bliain ó shin chun cuimhne.  An uair úd, b’é Randolph Churchill a bheartaigh an Cárta Oráiste a imirt mar fhreagra ar an gCárta Glás a bheith á imirt, dar leis, ag Gladstone, ceannaire na Liobrálach, agus an Grand Old Man úd bheith ag tacú le feachtas Pharnell ar son Home Rule.   Mar gheall ar seo cuireadh Home Rule ar an méar fhada – ach an toradh a bhí ar sin, sa deireadh thiar thall agus tar éis go leor doirteadh fola, i 1916 agus idir 1919-22,  ’saoirse’ don saor stát, criochdheighilt na tíre agus, lá níos faide anonn, de bharr mí rial na nAondachtach ó thuaidh, na Trioblóidí.

Dá leanfainn an bóthar sin, d’fhéadfainn criochnú sa duibheagán.   Shamhlófá gur proiseas gan dóchas é seo.

Ag an am chéanna, tá sé níos fearr a bheith ag plé le freasúra – ní bhainfimíd úsáid as ‘namhaid’ – atá laidir ar mhaithe le bheith cinnte nach rithfidh an freasúra sin ar shiúl nuair a nochtfaidh an púca aintoisceach ar a chúl.   Caithfidh sé bheith seasmhach in éadan an bhagairt sin.  Rud amháin atá déanta ag Sinn Féin, go bhfuil an pháirtí, agus Martin McGuinness ach go h-áirithe, tar éis dúshlán na n-easaontóirí a thabhairt.

Níl sin déanta go h-eifeachtach go fóill ag an DUP agus an UUP.  B’fhéidir le chéile gur féidir é a dhéanamh.

Creidim féin gur féidir go ngiorróidh Aontas Aondachtach an bhóthar i dtreo i Aontú na hÉireann.  B’fhéidir nach é an áit a bhí súil againn leis – ach nach é sin an scéal i gcónaí nuair a thugann duine bóthar fada ar féin!    Béimid ag faire ar chúrsaí go bhfeicimíd an dtiocfaidh tuar ar an dtairingreacht…..

Comments (13)

Tags:

Céad míle chuairt ar iGaeilge

Posted on 23 January 2010 by igaeilge

Shroich iGaeilge clochmhíle an tseachtain seo, céad míle cuairt atá tugtha ar an suíomh ó thosnaigh sé i mí Feabhra 2008.   B’fhéidir nach figiúir ró shubstaintiúil é i dtéarmaí suíomhanna idirlín i gcoitinne – ach is mór an méid cuairteanna é do shuíomh beag neamhspleach i nGaeilge.

Ní bheadh sé indéanta nó chomh spraoíúil murach an pháirt a ghlac sibhse, pobal iGaeilge, san aidbhintiur.   Sibhse a léigh, sibhse a bhí ag argóint liom nó eadraibh féin, sibhse a bhí ag ceartú mo chuid gramadaí, sibhse, fiú, a bhí ag iarraidh bheith ag díspeagadh fúm agus mo chuid iarrachtaí anseo.

Tá an tírdhreach idirlín athruithe go mór le dhá bhliain anuas – tá pobal líonmhar Ghaeilge ar Facebook – an chéad pobal eile a bheidh ag lorg stadais Gaeltachta b’fhéidir! – agus is féidir linn bheith cinnte go mbeidh a thuilleadh athruithe ann.

An rud ar mhaith liom a fheiceáil san am atá le teacht go mbeadh a thuilleadh blaganna Ghaeilge ann – go mbeadh réimse abhair, seachas an Ghaeilge, faoi chaibidil acu.

An féidir libhse glacadh leis an dúshlán seo?

Idir an dhá linn, tá Gradaim Blagála na hÉireann ag lorg ainmniúcháin.  Is féidir ainmniúchán a thabhairt don bhlag is fearr a bhain úsáid as an nGaeilge le bliain anuas ach cuairt a thabhairt ar an suíomh seo.

Ar eagla na míthuisceana, ní gá bheith ag ainmniú iGaeilge.  Dein más maith libh agus beidh mé buioch. Tá réimse blaganna anseo ar Rolla na mBlaganna ar cheart a chur san áireamh freisin.

Tá súil agam, fán am seo i 2011, go mbeidh an liosta nios faide arís agus blagadóirí nua Ghaeilge beo sa bhlagasféir…..

Comments (6)

Tags: , ,

In omós do Sharon Ní Bheoláin

Posted on 22 January 2010 by igaeilge

Ní minic a bhrisim polasaí an suímh seo, bheith i nGaeilge amháin, ach is fiú go mór éisteacht leis an amhrán seo agus tá an físeán go maith. Maith sibh Katie Holly (amhránaí agus cumadóir) agus Evelyn Quinlan (físeán).

Comments (2)

Tags: , ,

Ní bhionn gnó gan stró….

Posted on 22 January 2010 by igaeilge

Táim im bhall de Chlub Leabhar Coiscéim Feirste le blianta fada agus is é an buntáiste is mó a fhaighim de bharr an bhallraíocht sin, go seoltar leabhair Ghaeilge chugam go trath rialta le linn na bliana.  Tá lascaine mór i gceist fiú go bhfuil taille ballraíochta €60 in aghaidh na bliana i gceist anois.  [Is amhlaidh go bhfoilsíonn Coiscéim an oiread san leabhar gach bliain go mbionn na leabhair ag teacht ina shruthán gléineach chugam tríd an phost.]

Is éard an míbhuntáiste is mó a bhaineann leis an mballraíocht agus mo shuíomh faoi lathair nach mbím ann le h-aghaidh na h-ocáidí seolta sa Chultúrlann.  Bhí trath ann go raibh mé beo ar sciatháin sicín, rollaí ispiní is smailceanna dá leithéid, agus gloiní fíona gan stop anuas orthu sin!]

Ar aon nós, tháinig dhá leabhar chugham le déanaí – ceann amháin faoi Robert McAdam [Cultúrlann McAdam O Fiaich], an Gael Protastúnach a thug an Ghaeilge slán cois cuain sa 19ú céad.] ó pheann Shean Mhic Diarmada agus Bhríd Mhic Sheáin.

An ceann eile, Stró an Ghnó le Máirtín  O Muilleoir, leabhar beag tanaí atá ann ach má tá sé tanaí, cosúil leis an údar, tá toirt ann freisin sa mhéid is go bhfuil comhairle anseo a bheadh ina thaca le aon fiontaí agus é nó í ag tosnú ar dhreimire na fiontraíochta.

Léigh mé sciar mhaith de aréir – ar ndóigh bhí sé éasca nó ní h-é seo an chéad uair dom cuid is mó d’abhar an leabhair seo a fheiceáil mar gheall gur fhoilsíodh cuid is mó de roimhe mar cholún ghnó i Lá Nua.

Le linn dom bheith im eagarthóir i Lá Nua/Lá, rith sé liom ná raibh bun nó barr leis ná rabhmar ag baint úsáide as talainn scriobhnóireachta/iriseoireachta ár gceann foirne.  Chuir mé brú air colún a sholathar dúinn agus is é seo an toradh.

Tá alán píosaí comhairle sa leabhar seo ón údar féin, ó údair eile atá léite aige agus ó fhiontraithe Ghaelacha.  Tá luach leo ar fad – cuid acu níos luachmhaire ná a cheile, cuid acu ag treasnú a cheile, cuid acu ar aistriúcháin loma iad ar raitis i mBéarla.

Taithníonn cúpla ceann agam ach go h-áirithe:

Láimhsigh píosa páipéir uair amháin, ansin gníomhaigh air.  Ansin cur i comhad é, (an áit ar chóir do mhiontuairiscí gach cruinnithe a bheith).  Má tá do dheasc lán duilleoga le rudaí atá le déanamh, tá tú ag déanamh barraíocht nó níl tú eifeachtach (ticeáil ceann amháin).

Agus, is maith liom an leid seo freisin cé nach bhfeictear dom gur duine mé a ghlacfaidh leis an gcomhairle seo go h-éasca:

Caill an argóínt agus coinnigh an chustaiméir.

Tá tanaíocht an leabhair seo ina bhua go h-áirithe mar gheall ar an chúis go bhfuil an oiread san leabhair ‘DIY Fiontraí’ amuigh ansin ó údair atá tar éis gnóanna a bhunú nó a staidéar ar fuaid an domhain.  Seo údar a bhunaigh gnóanna agus atá staidéar déanta aige orthu, conas mar a eiríonn leo agus cén fath go dteipeann orthu, tá go leor leabhair gnó léite aige [nó bhíodh go leor acu ar na seilfeanna ina oifig ar aon nós, nuair a bhínn ag cruinniú leis le linn laethannta Lá Nua] agus níl fiontraí i saol na Gaeilge nach bhfuil aithne aige orthu.

Mar sin, dein cinneadh gnó stuama inniu.  Ná ceannaigh slam mór leabhair ghnó i mBéarla nach léifidh tú choiche.  Ceannaigh ceann amháin beag tanaí i nGaeilge a léifidh tú – léigh na leideanna istigh ann agus cuir i bhfeidhm ar a laghad ceann amháin.    Má dheineann tú sin, beidh tú céim níos giorra don chéad mhilliún!

Tá píosa comhairle amháin, ó Chaolfhionn Nic Phaidín, nár mhiste liom a lua i gcomhthéacs na cainte a bhí agam inné le Séamus Mhic Seáin agus, chomh maith ar an abhar seo, an Ghaeilge sa saol ghnó.

“Mura mbogann tú ar aghaidh, scuabfar chun siúil thú. Cuir do chuid fuinnimh isteach [sic] san am atá romhat. Ar tharla roimhe, tá sé thart: RÉAMHRÁ: Foghlaim uaidh ach déan dearmad air.”

[Is liomsa na 'sicanna'  - ní gá fuinneamh a chuir isteach san am atá romhat, ní gá ach é a chur san am atá romhat?]

Tar éis an réamhrá fadalach sin, an rud ar mhaith liom a rá ná seo.  B’é Lá/Lá Nua an chéad nuachtán Ghaeilge chun spás ceart a thabhairt do chúrsaí gnó.  Chreid mé go laidir gur cheart go mbeadh gach rud i nuachtán Ghaeilge a bhionn i nuachtán ar bith eile – agus thug mé an bearna seo faoi ndeara.   Anois ní doigh liom go bhféadfaí nuachtán Ghaeilge a fhoilsiú gan ‘Earnáil Ghnó’ substaintiúil ann, an oiread Gaeil fiontraithe atá ag treabhadh leo ina ngoirt féin, ag saothrú airgid agus ag sasú an chustaiméara.

Mar a dúirt an t-é go ndúirt é:  Success has many fathers, failure is an orphan.   Is cúis bhróid an láimh a bhí ag Lá Nua faoi mo stiúr sa phroiseas sin.  Maireann spiorad Lá/Lá Nua go fóill dá bharr seo agus tá sí beo i leathnaigh leabhair Uí Mhuilleoir.

Is fiú a lua freisin go bhfuil alt aige sa leabhar seo ar an eispearas a bhí aige le Lá.{lch 91].  Cuireann sé an fiontraí i gcomparáid le h-iománaí ó Chill Chainnigh.  Dar leis go gcailleann iománaithe an chontae sin corr chluiche agus gur chóir an duine a mheas ar an mbealach a eiríonn sé aníos as an bhuile a leagann é, ní chomh minic agus a leagtar é.   Cheannaigh sé an chiall sin go daor – ach sin ceacht nach bhfoghlaimeoidh na maorláthaigh is na Méirligh a chur an caidhp báis ar Lá/Lá Nua.

Cuir an stró ort féin an leabhar seo a cheannach ar do luaithe chaoithiúlacht – agus creidim go laghdóidh tú an stró ort féin agus ar do ghnó ina dhiaidh duit é a léamh….

Is féidir an leabhar a cheannach anseo nó cláraigh le Club Leabhar Coiscéim Feirste inniu.

Comments (6)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES