Archive | February, 2010

Tags: , ,

Líon an stuif bán!

Posted on 28 February 2010 by igaeilge

D’fhill mé abhaile ó sheachtain i gCeatharlach agus bhí carn mór litreacha agus beairt ag feitheamh orm.  Seic ó TG4 (moladh leo), carta bainc nua, carta Bhailintín mall (ó mo neach ar sheas mé di) agus trí chlúdach litreach mhór lán le cóipeanna de Comhar.

Scéal fada scéal mo thaithí ar an iris seo – agus d’fhéadfá a rá nach caidreamh ró charadach atá eadrainn.  Ach le déanaí bunaíodh ‘cairdeas Facebook’ eadrainn – caithfidh gur duine atá ag obair san oifig nach bhfuil morán eolais aige faoin gcaidreamh a bhí agam leis an iris atá i gceist.  Tar éis dom chúpla teachtaireacht a sheoladh chuige, teachtaireachtaí ag léiriú mo mhí shasamh leis an gciorcal drúisiúil agus ana chúng de scríobhnóirí a bhionn ag líonadh an stuif bhán san iris seo.

Ar chlúdach an eagráin is déanaí, tá íomhá atá ag tagairt don sraith íontach a bhí ar TG4 le déanaí, Na Cloigne.   Is é Na Cloigne ‘an ceann is fearr fós’ ag TG4 de réir an chinnlíne – agus deirtear linn go mbeidh leirmheas istigh ag Seán Tadhg  O Gairbhí, iar eagarthóír Foinse, ar an sraith chun tús a chur lena cholún nua ‘teilifíse agus cumarsáide’.

Tá deireadh feicthe agam nuair atá colún teilifíse ag fáíl tús áíte in iris mhíosúil mar seo.   An bhfuil aon tuiscint ar leith ag Seán Tadhg ar chúrsaí theilifíse nach bhfuil ag an dara duine.  Ní doigh liom é.  Bhí an leirmheas dearfach – maith go leor – ach aon duine a chonaic an sraith seo, bhí siad á moladh, mé féin ina measc.   Go deimhin tá sé  chomh fada ó bhí an sraith ar siúl – mí Eanáír uair eigean gur geall le stair atá ann anois.

Ní bheidh sé buioch díom má dheirim gur scriobhnóir maith é Seán Tadhg – ach is cur amú a chuid ama agus talainne é bheith ag scríobh colún teilifíse i Comhar.   Ba cheart do gné alt mór amháin a dhéanamh i ngach eagrán faoi rud spéisiúil is trathúil – gné eigean de chúrsaí reatha –  seachas a bheith ag gabhail do chacamas mar seo.

Le cois an príomh leathnach ar a bhfuil an íomhá teibí – ró theibí – tá dhá leathnach istigh caite leis an léirmheas seo. Nóta don eagarthóir:  Ní mheallann íomhánna teibí ar an gcéad leathnach leitheeoirí chun iris a cheannach nó a léamh ach nuair atá an iris féin snásta agus suimiúil.  [Ní chomhlíonann Comhar - faoi mar atá eagrán mí Feabhra} ceachtar den dhá chritéir sin!]

Ansan tá seacht leathnach caite le dráma raidió de chuid Gabriel Rosenstock a fhoilsiú.  Ach cén fath go bhfuil dráma raidió á fhoilsiú in iris cosúl le Comhar – nach fearr é a chur inár lathair mar…dhráma  ar an raidió?

Sin trian den iris lán, áfach.  Níl eagarfhocal san eagrán seo – ach tá litir chuig an Eagarthóir ann mar chúiteamh.  Mea Culpa atá ann faoi bhotún a rinne scriobhnóir in eagrán a fhoilsíodh roimhe seo – agus is cinnte go bhfuil aiféala ar an scríóbhnóir faoin bhotún a deineadh.   Ach an bhfuil gá scéal chomh mór a dhéanamh as agus gan eagarfhocal a bheith ann ar chorr ar bith?

Líon an stuif bán, a mhic, is é sin an cur chuige atá ar chúl seo ar fad chomh fada agus gur féidir liom a dhéanamh amach.   Seo muid ar leathnach 4 theana féin.  Bhí an príomh leathnach againn, ansan fógra, ansan leathnach an ‘chláir’, (athrá ar an méid atá ar an bpríómh leathnach ach ná raibh uimhreacha na leathnach luaite leis na h-altanna ar an leathnach sin).

Ansan tá colún ag Gabriel Rosentock – (tá trian den iris, 10 leathnach as 30) – ina dheineann an scriobhnóir cur síos ar threimhseachán frithshibhialtachta darbh ainm ‘Green Anarchy’, ábhar atá suimiúil b’fhéidir ach cé léifeadh é?  Tá teibíocht agus teibíocht ann – ach cheapfainn go bhféadfaí líon na leitheoirí Ghaeilge ar shuim leo fealsúnacht an ainrialachais a chomhaireamh ar aon láimh amháin.   Maireann an cholún seo trí leathnach agus faoin am atá an chead paragraf léite agam, dá fheabhas é mar scriobhnóireacht, tá suim agam scian a chur i bputóg éigean.

Ina dhiaidh sin tá alt ag PJ Mac Gabhann ina dtugann sé le fios dúinn go mbaineann sé le ré eile, ré nuair nár nós le daoine bheith ag taisteal ar éitleáin.  Oicé.  Agus cad faoi sin?  Is cosúil gur tháinig sé slán nó seo é ag scríobh mar gheall ar a aidbhintiúr eitleoireachta.   Slán mar a n-ínstear é.  An bhfuil aon rud eile le rá faoi ach go nglacann sé dhá leathnach – téacs agus léaráid mór dubh agus bán!.

Dhá leathnach eile caite le colún ón Athair Réaman  O Muireadhaigh agus é ag caint faoi Naomh Bríd.  Gné cliste leagan amach anseo.  Tá an téacs foilsithe ar an leathnach i bhfoirm chrós Bhríde – ach fagann sé go bhfuil an alt nach mór doléite.  An buntáiste – líonann sé leathnach le líon níos lú focail agus ansan tá leathnach lán focail eile ar an gcéad leathnach eile.

Líon an stuif bhán, a mhic.  Is é sin an tslí chun é a dhéanamh.

Ansan seacht leathnach den dhráma raidió thuasluaite.   Táimíd ag leathnach 17 anois, níos mó ná leath bhealach.   Anois tá gearr scéal againn – maireann sin ceithre leathnach. Is cliste an slí é seo na leathnaigh a líonadh – gearrscéal a thabhairt ar an bpíosa ficsin cé gurb é an dara alt is faide san iris!

Anois táimíd ag Lch 21.  Leathnach ‘filíochta’ a thugtar ar seo cé nach féidir liom a dhéanamh amach go bhfuil dán ann a thabharfainn filíocht air.  B’fhéidir go bhfuilim ró chruaigh.  Ar a laghad sin leathnach 21 líonta – trí ‘dhán’ ghairid – 22 line ‘filíochta’ móide pictiúr de éan.  (Baineann an chéad dán le spideog mar sin tá an íomhá ábharthach).

Alt stairiúil réasúnta spéisiúil ó pheann Mháiréad Ní Chinnéide an chéad alt eile.   An chéad alt le dealramh san iris ar fad.   Léirmheas atá ann leabhar faoi Na Finíní agus an Ghaeilge – ach is trua nach bhfuil pictiúr de chlúdach an leabhair nó d’íomhánna ábharthacha a bhainann leis an scéal ann.   Is maith liom an líne seo, go h-áirithe, ón staraí Bagenal a bhaintear úsáid as sa leirmhas. [Deintear talamh tirim de go bhfuil a fhios ag an leitheoir cé h-é Bagenal!]:

Happily for the historian, the politician and the government, nearly all the modern Irish revolutionists are journalists.

Níl ach leathnach amháin ag an alt seo agus anois táimíd tagtha go dtí léirmheas teilifíse agus cumarsáíde Sheán Thaidhg.   Na Cloigne agus That’s All We Have Time For atá faoi chaibidil aige.  Ar ndoigh má tá iris Ghaeilge sásta spás a thabhairt do chlár chomh h-amaideach leis an scig chlár sin, is fiú ceisteannna a chur faoin iris agus faoin bhunús atá leis.

Anois táimíd tagtha go dtí leathnach 25 – alt le Ruairí O hEithir faoin cheannlíne spreagúil agus iomlán iontuigthe ‘Agashingura Cumu’.   Anois is léir go bhfuilimse chomh dúr agus chomh neamh liteardha sin nach féidir liom bheith ag plé le h-iriseoireacht ar chorr ar bith.   Nó mura dtuigim laithreach céard atá i gceist anseo, is cinnte gur dúramán mé.     Cad faoi iontróid bheag ag míniú céard atá ag titim amach ar an dhá leathnach seo chun mé a mhealladh chun an chuid eile den alt seo a léamh?  Beag an bhaol.

Dhá leathnach eile den stuif bhán líonta.

Anois táimíd tagtha go dtí Leathnach 27, colún ‘Le hAer An tSaoil’ le Mícheál O Ruairc.  Tá sé ag míniú dúinn conas mar a chaith sé tréimhse na hAthbliana agus an Nollaig Bheag etcetera ar feadh dhá leathnach.    Luaitear linn go bhfuil sé ina thuar dóchais don cholúnaí go bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge foilsithe.  Deir an Ruarcach nach bhfuil dabht ar bith ann ach go bhfuil ‘cic sa tóín’ ag teastáíl ón ‘teanga’ agus ‘ó chuid díobh siúd atá in ainm is a bheith i gceannas ar chaomhnú agus ar fhorbairt na teanga sa tsochaí’.

Tá sé rí shoiléir le tamall de bhlianta anuas go bhfuil easpa samhlaíochta agus easpa fuinnimh ag gabháil le cur chun cinn na teanga i gcúrsaí oideachais agus sa Ghaeltacht ach go h-áírithe.

Agus in irisí Ghaeilge cosúil le Comhar, a Mhichíl.

File é an Ruarcach, de réir dealraimh, agus chuala é ag aithris a dhánta ar Eigse Bheo ar Raidio 1 an oíche dheireannach.  Focal filíochta níor chuala – ach alán focail.  Níl a fhios agam cén fath go mbeadh an fear seo ag scríobh in aon iris nó is beag atá le rá aige.    Tá daoine ann nach n-aontódh liom ar an gceist sin b’fhéidir – ach nach cuma.  Is ball bhoird é Mícheál ar Comhar agus b’fhéidir go bhfuil sé ag iarraidh cuidiú – bheadh colún téigeartha ar chúrsaí na míosa go deas in iris – ach ní h-é ‘Le hAer an tSaoil’ an cholún sin.

Ball bhoird eile atá ag líonadh leathnach 29. Duine de ‘scriobhnóirí úra na Gaeilge í Rachel Níc Fhionnáin.   Seo alt faoi chúrsaí lá fhéile Vailintín agus rósanna rúnda is a leithéid.  Beag nua atá le rá ann ach ramhaillí nach bhfuil ró ghreannmhar nó ró spéisiúil timpeall ar an méid a dúirt Wilde – Is Tús É Féin Ghrá do Románsa ar feadh an tSaoil.    Bhí an abairt sin níos fearr i mBéarla gonta Wilde féin.   Ach líonann sé leathnach agus ansan tá leathnach 30 gafa le fógra.

Sin é, triochadh leathnaigh bána líonta.   Eagrán eile de Comhar seolta chun na clódóra.  Costas don cháiníocóir?  Ag Dia is ag Foras na Gaeilge amháín atá fios.   Maoiníonn an Fhoras an iris seo, creid nó ná creid.

Fuair mise an beart eagráin de Comhar ó Comhar.  Tá eagráin ann ón bhlian seo chaite freisin.  Cónaím i nGaeltacht Mhúscraí.  Níl teacht ar an iris anseo. Blian ó shin bhíos ag tabhairt léachta in Ollscoil Chorcaí agus phioc mé suas eagrán de Comhar.  B’shin an chéad uair a chonaic mé an iris ón athsheoladh.

Cúpla bliain ó shin, agus Lá Nua faoi bhagairt, rinne mé iarracht teacht i gcabhair ar Comhar a bhí á ligint chun cáis ag an am sin ag a bhórd stiúrtha.  D’aiseirigh sé agus chuireas isteach ar an bpost mar eagarthóír.  Ní bhfuaireas an post.  (Bhí orm dul faoi scrúdú faoi chúrsaí gramadaí, an dtuigeann sibh agus ní réitim leis an ngramadach!).

Ar aon nós, bhí cconspóid agus clampar ann idir sin agus seo agus anois is é Pól O Muirí an eagarthóir.  Mar atá léirithe sa léirmheas seo, léirmheas nach bhfuil ró mholtach,líonadh an stuif bán san iris gan aon amhras.  Is é sin céad chúram an eagarthóra, an stuif bán a líonadh.   Bónas de short é más féidir leat é a dhéanamh le téigear, le substaint agus le stíl.    Níl aon bónas san eagrán seo de Comhar, dar liom.

Tá aiféala orm anois go raibh láimh agam in aiseirí Comhar.   Tá an iris seo chomh marbh le Máirtin O Cadhain agus na laochra eile a scrigh do Chomhar i dtús ama.  Ach tá an scriobhnóíreacht ag na laochra sin beo go fóill, rud nach féidir a rá faoin scriobhnóireacht i gComhar inniu.

Níl alt ar bith san eagrán seo faoi chúrsaí reatha nó spórt nó cultúr chomhaimseartha na tíre, chomh fada is gur feictear dómsa é.   Ní raibh sé i gceist agam léirmheas a scriobh – ach anois tá sé scriofa.  Líon mé an stuif bán, gan amhras, ach níor chosain sé pingin ormsa ná ortsa!

Comments (14)

Tags:

Sinn Fein agus ‘pairtiocht’?

Posted on 27 February 2010 by igaeilge

Is cosuil go bhfuil tuiscint aisteach, droim ar ais fiu, ag Sinn Fein ar phairtiocht.
Bhi cruinniu eolais ag an phairti an oiche dheireannach sa Chulturlann chun an nuacht faoi na ‘buanna iontacha’ a bhi ag an phairti ag na cainteanna i gCaislean Cromghlinne a roinnt linn.
Thug siad ‘Partnership Forum’ ar an gcruinniu seo. Ach, de reir an sceala seo, o Sheamus Mhic Seain, An tUasal Culturlann, fear a sheas sa bhearna baoil ar son na Gaeilge agus an phobail ar nios mo na ocaid amhain, ni cruinniu oscailte a bhi ann. Ni raibh failte roimh na Gaeil scriobacha, iad san a throid agus a shaothraigh ar feadh na mblianta fada agus a thog on talamh anios Gaeltacht Bheal Feirste, Gaeltacht an Dhochais agus an Dhiograis, thuairiscigh Seamus.
“Tá gluaiseacht!!! na Gaeilge fré chéile ceannaithe(£8m – ni mor an meid e!) agus ceannsaithe ag an bhunaíocht le fada an lá. Nil an locht ar an bhunaíocht gur mar sin atá ach ar na Gaeilgeoirí iad féin. Ba shampla maith é an cruinniú a bhí sa Chultúrlann i mBéal Feirste aréir leis an £8,000,0000 a fuair SF( moladh leo) ag cainteanna Chroimghlinne ar an mallaibh a phlé ní raibh cead isteach ag gnáth bhaill na gluaiseachta ná ag an phobal mhór arbh é a gcuid airgid a bhí le caitheamh, chuig an chruinniú. Ba mhaith leat go mbeadh dream éigin taobh istigh den Ghluaiseacht a déarfadh nach raibh said sásta dul ann mura mbeadh cead isteach ag an phobal. Níl a fhios agam cé a bhí ann agus cé nach raibh ach thiocfadh liom a shamháil go raibh an seomra lan de aparatchics. Tré dhearcacht agus oscáilteacht atá ag teastáil ach tá gluaiseacht na Gaeilge mar bheadh lóiste dena saor mhasúnaigh ann. druidte agus rúnda.”
Ni thagann an tuairisc sin le cur sios mholtach Mhairtin ar an ocaid.
“Last night, in the Cultúrlann I was also delighted to attend the latest of the ‘Partnership Forums’ run by Sinn Féin to brief Irish speakers on the progress made in Hillsborough on funding for Irish as well as the lack of progress on an Irish language act.”
An do na Gaeil neamh scriobach amhain an phiog airgid is deanai? An bhfuil muineadh a chur ar channcrain? Cen saghas pairtiocht e seo?

Comments (2)

Tags:

Ceol na Nuachtan Ghaeilge i dTost

Posted on 26 February 2010 by igaeilge

Agus me ag machnamh ar na laethannta a bhi le deanai, cuimhni a thainig sna sala ar ‘cheimeanna chun tosaigh’ sna meain chloite Ghaeilge, leigh me an phiosa seo http://www.cjr.org/feature/lou_and_me.php ar shuiomh Mhairtin Ui Mhuilleora faoin iriseoir a deineadh ‘downsizing’ air.

http://apublishersblog.blogspot.com/

Is lu mo dhochas anois na riamh go mbeidh an nuachtan nua, maoinithe ag Foras na Gaeilge, inchurtha leis na dushlain ata deacair ag nuachtan ar bith a sharu ach nios deacra aris ag nuachtan Ghaeilge.
B’fheidir go bhfuilim micheart, b’fheidir go mbeidh Gaelsceal chomh maith ar a laghad le La no na nuachtain eile ata anois ar shli na firinne – nach mbeadh
se go deas da mbeadh nuachtain ar shli na firinne le linn doibh bheith beo!
Ach ta imni orm nach mbeidh san iarracht is deanai ach iarracht an tic a chur sa bhosca chun lucht mhaorlaithis a shasamh. Mura bhfuil teigear le Gaelsceal, mura bhfuil se sasta dushlan a thabhairt do lucht ceannais, idir phairtithe pholatula, ‘cairde na Gaeilge’ i SF/FF/’Gluaiseacht na Gaeilge’ san aireamh, ceisteofar an fiu an tairbhe an triobloid.
Ta an ghiuire amuigh ar an gceist sin. Ni le plamas amhain a chothofar ‘Pobal Na Gaeilge’!

Comments (3)

Gaoth fuar i gCuige na Cumhachta

Posted on 25 February 2010 by igaeilge

Maidin fuar i gCeatharlach – taim anseo ag torranh mo mhathair cheile, Suaimhneas Siorai da h-ananach maidin nios fuaire aris sa cheantar sin ina mhaireann ceannairi pholatula na linne, Cuige cung na Cumhachta. Priomh alt ar an Irish Times ar maidin -agus i nuachtain eile le cois – ta siad ag tuar
http://athshuathadh ar an gComhaireacht.
Ni h-amhain sin, ta siad ag tuar go mbeidh leasu o bhun go barr ar an seirbhis phoibli. Creidfimid sin nuair a fheicimid é. Ach ca fhagann sin na gealluinti a tugadh le deanai go dtiocfadh Roinn na Gaeltachta slan? Agus cé chuirfeadh airgead ar Eamo teacht slan on dtuath. Ar ndoigh nil sa chaint ar Airi nua etc ach cur i gceill, is é an maorlathas buan ata i bhfeidhil i gconai.
Thaitin alt Titley liom ar maidin agus a chuid tagairti do Bhfuili O Di. Thug Bhfuili dath don Rialtas, ni he dath glas Luimni afach ach dath eile ar fad…
Mor an trua go bhfuil Trevor Sargent chomh direach sin – bhi an cheart aige seasamh ar son an fhir a rinne gearan le tuismitheoir faoi a phaiste bheith ag creachadoireacht ar an sraid agus a fuair fineail €500 da thriobloid.
Rinne sé an rud ceart go polatuil ‘eiri as’ go tapaidh – nil laistigh d’aon daoirse ach saoirse on daoirse sin – ach bheadh sé ceart freisin fanuint agus troid ach an sceal a chasadh i dtreo eile.
Ta suil agam go bhfuil plean aige cloi ar shli amhain no eile leis am bpolataiocht naisiunta. Cad faoin Uachtaran Sargent?

http://www.irishtimes.com/newspaper/features/2010/0225/1224265143098.html

Comments (1)

Tags: ,

Eagarthoir ‘gan naire’

Posted on 24 February 2010 by igaeilge

Nuachtan nua, eagarthoir nua, tus nua. Le fogra ‘Gaelsceal’ go bhfuil Ciaran Dunbar ceaptha ina Eagarthoir ar an nuachtan nua mhaoinithe, ta tus curtha le re nua in iriseoireacht chloite na Gaeilge.
Nil Ciaran ‘smalaithe’ le taithi iriseoireachta le nuachtan Ghaeilge faoi mar ataimse is go leor eile. Chaith se seal le La mar phrofleitheoir agus mar oifigeach dhiolachain agus ta roinnt altanna leis foilsithe i ‘nos’ agus irisi eile.
Ta aithne air freisin as ucht an chlar raidio, Na Giollai Deacra, ar Raidio Failte agus is minic go mbionn se ag blagail anseo agus ansiud, ar shuiomhanna ar nos Slugger O Toole agus, go deimhin, ar iGaeilge.
Cuireadh faoi agallamh me féin don phost seo ach is leir gur rud eigean nach raibh le tairiscint agam an rud a bhi de dhith orthu.
Guim gach rath ar an nuachtan nua agus ar an eagarthoir agus beidh me ag suil leis an gcead eagran de ‘Gaelsceal’ ‘gan naire’. Taim cinnte go mbeidh se chomh maith no nios fearr na nuachtan Ghaeilge ar bith roimhe agus gur fiu an tairbhe an triobloid a chuir Foras na Gaeilge ar féin an ‘chomortas’ seo a reachtail.

http://www.irishtimes.com/newspaper/anteangabheo/2010/0224/1224265094799.

http://andrumamornuacht.blogspot.com/2010/02/ciaran-dunbar-le-bheith-ina-eagarthoir.html

http://www.irishtimes.com/blogs/ultach/2010/02/24/gaelsceal-a-step-closer-to-publication/

Iar scribhinn: Maith dhom nach bhfuil ‘fadai’ is role anseo. Ag obair ar an iPhone ataim.

Comments (1)

Tags: , ,

ClubLeabhar.com – léigí agus silígí deora…áthais

Posted on 22 February 2010 by igaeilge

Seo suíomh snásta ó Ghaelchultúr agus cuireann sé roimhe leitheoireacht na Gaeilge a spreagadh.  Tá tacaíocht faighte ag an dtogra ó Fhoras na Gaeilge agus is maith an rud é sin nó chomh fada agus gur feidir liom a dhéanamh amach, is  beag atá déanta ag an institiúid teanga tras teorainn chun leitheoireacht na Gaeilge a spreagadh.

Mura gcuireann tú san áireamh chomh maith is ar eirigh le Foras na Gaeilge deireadh a chur le dhá nuachtán Ghaeilge in aon bhliain amháin….

Tá gá cinnte le Club Leabhar agus molaim Gaelchultúr as é seo a chur ar bun.  Níl a fhios agam conas a oibríonn sé go fóill ach is dócha go gcaithfidh mé tosnú ag léamh leabhair Ghaeilge arís.  Nó á scríobh!

Comments (3)

Tags: , , ,

An ghaoth fhuar ó Shráid Teamhair

Posted on 22 February 2010 by igaeilge

Dé Luain seo chaite bhí eagarfhocal san Irish Times ar an gconspóid faoi Willie O’Dea – agus roimh dheireadh na seachtaine, bhí an Teachta Dála imithe go dtí na cúlbhínsí.    Thit sé ar a chlaíomh, is cosúil, tar éis do an bhriathar chath a bhuachaint sa Dáil oiche Dé Chéadaoin.

Ar maidin inniu tá eagarfhocal san Irish Times ina bhfuil an méid seo ráite ag Bean Uasal Sraid Tara agus í ag caint ar an riachtanas atá ann go ndéanfaí athshuathadh ar an gComhaireacht, amhail is go bhfuil flúirse talainne ar chúl bhínsí an Rialtais a thabharfadh slán sinn ón sainn inar chuir an Rialtas sin ann sinn:

Colm McCarthy indicated a way forward in last year’s “Bord Snip” report. He recommended abolishing the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs and a critical examination of the Department of Arts, Sports and Tourism. He also cast a cold eye on the Department of Enterprise, Trade and Employment which is responsible for 14 non-commercial State agencies and more than 4,000 staff. Splitting the latter department’s functions while reallocating and merging other Cabinet responsibilities could provide more effective government. At the very least, it would get rid of dead wood.

Dar leis an eagarfhocal, tá airí sa Rialtas nach bhfuil ag cothú muiníne an phobail.

Mr O’Dea’s departure provides the Taoiseach with the opportunity for a fresh political start. The Government needs a thorough shake-up and filling a single vacancy at the Department of Defence will not serve that purpose. After 13 years in office, some ministers lack ideas and have become stale, detached and complacent. Others are simply out of their depth and should be replaced.

Tá sé soiléir cé ar mhaith leis an Irish Times go dtabharfaí bata agus bóthar dóibh – An Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív, an Aire Ealaíon, Sport agus Turasóireachta, Martin Cullen, agus an Aire Fiontraíochta agus Trádala, Mary Coughlan.

Tá folúntas le líonadh ag an dTaoiseach, nó is é féin an Aire Cosanta faoi láthair, ar bhonn sealadach nó, níos fearr b’fhéidir ar eagla na míthuisceana, eatramhach.    Ach an bhfuil sé in  am do athshuathadh níos iomláine a dhéanamh agus an deis seo a thapú anois?

Ni dócha go gcuirfí Brian Lenihan san áíreamh sa reicneáil sin ach, ar maidin inniu, chaill sciaranna Banc na hÉireann suas le 11% dá luach.  Le linn na deireadh seachtaine, fuair Rialtas na hÉireann luach €250m de sciaranna an bhainc sin in áit díbhinn airgid.   Mar sin, roimh tosnú ar obair ar maidin,  roimh bhricfeasta go deimhin, bhí breis is €27m caillte againn.  Bhí an Aire Airgeadais ar an Raidió ar maidin ag cosaint an chinnidh glacadh leis na sciaranna seachas an airgead.  Is cosúil gur riail Eorpach atá i gceist – nach féidir leis an Banc  a fuair tacaíocht ón Stát airgead a thabhairt in áit dibhinn.   Dar le Gobharnóir an Bhainc Cheannais, Patrick Honohan, is gné míshlachtmhar de phroiseas NAMA é seo.  ’Mí-shlachtmhar’ isea cur síos carthannach ar an gceist.

Táim féin ‘míshlachtmhar’ – ach níor chaill mé riamh €27m roimh bhricfeasta!  Nó, go deimhin, ag am ar bith.

An fath go bhfuilim ag lua an sampla seo chun a chur in iúl go bhfuil easpa talainne i measc ár gcinnirí.  Sin rud atá’s againn go maith. Nach sinne a thoghann iad!   Ag an am chéanna, ní raibh an easpa seo riamh chomh follasach is atá sé anois.   I gcead do Theachtaí Fhianna Fáil agus an Chomhaontais Ghlais, nó aon pháirtí go deimhin, ní fheictear dom go bhfuil na daoine is fearr againn chun tabhairt faoin obair atá riachtanach.

Ceist ar fiú a chur:  An scil ann féin an pholataíocht?  An mbeadh sé éasca a leithéid a mhúineadh d’eacnamaí nó do shaineolaí oideachais nó do chomhairleoir leighis?   Nó do phleanálaí teanga?    Seachas polaiteoirí a cheapadh ina Airí ar réimsí tabhachtacha na tíre, an fiú dúinn féachaint ar an sampla Meirceánach agus daoine a cheapadh ina Airí atá sainscil acu sna réimsí oibre ina bhfuil taithí agus saineolas acu?  Ní gá go ndeanfaí thú a dhíchailliú de bharr gur polaiteoir thú. Ach tá gá le modh oibre nua, dar liom.  Níl an chóras ag obair mar atá sé.

An rud atá gá leis anois féachaint go fuarchúiseach ar na dúshláin atá romhainn agus an fhoireann is fearr gur féidir linn chun tabhairt faoi na dúshláin sin a sharú.   Níor cheart go mbeadh srian orainn an fhoireann is fearr a roghnú ó 166 TD – ba cheart go mbeadh pobal na hÉireann ar fuaid an domhain ábalta cur isteach ar an bpost.   Nílim chomh cinnte faoi na ‘Giovanni Trapattonis’ nó na “Jack Charltons’  - is é sin eachtrannaigh a roghnú chun tabhairt faoin obair seo – ní h-é mar gheall ar chúrsaí chine nó rud ar bith mar sin.  Nior mhaith liom daoine a roghnú chun teacht i dtarrtháil orainn agus ná beadh spéis ag an duine sin ach i dtuarastal agus aguisín deas don CV.

Rialtas na dtalannaí atá uainn, seachas rialtas na bpolaiteoirí.     Is uirlis nó scil breise an pholataíocht – ach tá gá go mbeadh níos mó ná sin le tairiscint ag an dream ar a mbronnfaimís an chumhacht.

Comments (1)

Tags: , , , , ,

Moill le bheith ar ‘Gaelscéal’?

Posted on 17 February 2010 by igaeilge

Na Ceithre Chúirteanna - an blár catha is déanaí le h-aghaidh strachailt na nuachtán Ghaeilge.

Táim díreach tar éis féachaint ar an dtuairisc a bhí ag Nuacht TG4 Dé hAoine faoin dúshlán dlithiúil atá á thabhairt ag Cló Ceart Teorannta, iar bhaill foirne sean ‘Foinse’, d’Fhoras na Gaeilge  mar gheall ar an bproiseas a h-úsáideadh chun buaiteoir an chomórtais le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a roghnú.

Mar ar tuairiscíodh anseo, bhí éisteacht den chás Dé hAoine seo chaite sna Ceithre Chúirteanna.  De réir na tuairisce ag Nuacht TG4 is é údar gearáin muintir Cló Ceart Teo nár úsáídeadh na critéir chun an buaiteoir a roghnú mar is ceart.   Glacaim leis go bhfuil Foras na Gaeilge ag cosaint clú na h-institiúide teanga tras teorainne in éadan an liamhain sin ach ní raibh aon rud le rá ag urlabhraí an Fhorais ach ná raibh siad ag caint faoin chás agus é ‘sub judice’.

Ar shlí is cuma faoi cé acu an bhfuil údar gearáin ag Cló Ceart Teo. nó nach bhfuil ach má tugtar breith ar an 26ú Feabhra go bhfuil cás d’aon tsort ag Cló Ceart Teoranta, d’fhéadfadh sé cur as go mór don bhForas agus, go h-áirithe, don phlean atá ann go mbeidh Gaelscéal á fhoilsiú den chéad uair ar 26ú Márta seo chugainn.

Anois níl aon eolas agam nach bhfuil ag an dara duine ach is cinnte go bhfuil sé i gcónaí dainséarach dul chun cúirte agus gur fánach an gaisce é mura bhfuil pócaí lána agat nó cás mhaith.    Ach an rud amháin atá cinnte, más amhlaidh go meilleann muilte Dé go mall agus go mín, meileann muilte an dlí níos moille fós.

Agus más amhlaidh go n-éiríonn le lucht Cló Ceart Teorannta, cén toradh a fhéadfadh bheith ar an gcás ach go dtionscnófaí comórtas eile arís.   Bhí níos mó ná Cló Ceart Teo a mhothaigh, b’fhéidir, go raibh ceisteanna faoin bproiseas measúnaithe.  Conas, mar shampla, go bhféadfadh Foras na Gaeilge conradh a bhronnadh ar iarratas ná raibh aon nuachtán samplach curtha ar fáíl acu nó ná raibh aon eagarthóir in áít ag an iarratas?      Más amhlaidh go raibh nuachtán samplach ag Gaelscéal, ba dheas linn é a fheiceáíl CHUN GO DTUIGFIMÍS NÍOS FEARR CÉN FATH GUR AR GAELSCÉAL A BRONNADH AN CHONRADH SEACHAS AR CHLÓ CEART NÓ NUACHT 7 NÓ EILE.

Le bheith cothrom ar Gaelscéal, ní ar an nuachtán sin ar cheart a bheith ag díriú méar an amhrais sna h-imeachtaí seo ar fad.  Tá siad i lár na stoirme.   Is é an seasamh phoiblí atá ag Gaelscéal go mbeidh an nuachtán á fhoilsiú den chéad uair ar 26ú Márta.

Ar aon nós, tá an scéal seo ag eirí spéisiúil agus ní chuirfinn aon airgead ar an dtoradh, bealach amháin nó eile.   An rud eile a dhéarfainn, go bhféadfadh casadh nó trí eile a bheith fagtha ann go fóill.    An bhfuil aon tuairisceoir amuigh ansin tar éis céist a chur ar na h-iomaitheoirí eile amuigh ansin ar a ndearcadh i leith an chomórtais?

Comments (2)

Tags:

‘Ar Son na Cúise’ beo arís

Posted on 17 February 2010 by igaeilge

Mr Éamó - ar ais in Ar Son na Cúise

Agus dhá nuachtán Ghaeilge imithe ar shlí na fírinne le bliain anuas – [Eag: ná raibh siad ar shlí na fírinne roimhe sin?] – tá easpa téigear sna meáin Ghaeilge agus na h-udaráís á cheistiú ar mhór chonspóidí éagsúla.

Ar na ghnéithe ba mhó a mheallfadh pobal na Gaeilge i Foinse, bhí Ar Son na Cúise agus is minic a deineadh sciúirseáil ar mhaithe is ar mhór uaisle na teanga ann.  Go deimhin ní raibh tú maith nó mór uasal go dtí gur deineadh sciúirseáil ort ann!

Uair nó dhó mhothaigh Lá/Lá Nua agus mé féin cúpla seideán ó “Ar Son na Cúise’ agus cé gur aithníomar go raibh spórt ann, thugamar faoi ndeara freisin go raibh magadh ann agus ní raibh sé chomh greannmhar céanna nuair ba thusa an targaid seachas duine eile!

Ar aon nos, d’imigh sin agus tháinig seo. D’imigh Foinse agus d’imigh Ar Son na Cúise leis.  D’fhill Foinse agus níor fhill Ar Son Na Cúise ag an am chéanna.  Ach anois tá sé ar ais, ar leathnach Facebook.

Tá go leor ráíte agamsa. Téigí chuig an leathnach Facebook seo agus claraígí leis.   Tá Ar Son na Cúise beo arís!

Comments (0)

Tags:

Go raibh an ghaoth i seol #lnag10!

Posted on 16 February 2010 by igaeilge

D’eirigh go geal le Lá na Gaeilge ar líne anuraidh – agus beidh sé ann arís i mbliana.

Molaim iarrachtaí Chiaráin Uí Mheachair go mór.    Go n-eirí leis sa bhfiontar seo!   Tá an Ghaeltacht ar líne ag dul i méid agus i bhfeabhas.

Beidh tuilleadh le rá agam faoi seo níos giorra don lá mór, 17ú Márta 2010.  Tá an scéal ar fad ar shuíomh nua Lá na Gaeilge.

Comments (2)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES