Archive | March, 2010

Tags: , , ,

Et tu Bruton?

Posted on 30 March 2010 by igaeilge

While the present generation is better educated than previous ones, there is room for improvement in Irish education. Not enough time is given in primary schools to foreign languages, science, and maths, and too much is given to learning the two national languages.

John Bruton, iar cheannaire FG, iar Thaoiseach, (an Taoiseach a sheol TnaG!)

Is é seo an cáineadh atá á dhéanamh ar an gcóras oideachais in Éirinn ag an iar Thaoiseach John Bruton agus é ag scriobh san Irish Times ar an oideas atá aige chun an tír a chur ar ais ar a cosa arís.     Níl sé ráite go follasach aige ach is dócha go dtuigimíd cén teanga náisiúnta a mholfadh John Bruton laghdú a dhéanamh ar an riar ama atá ar fáil di sa chóras bhunscolaíochta.

Molann sé go n-úsáidfí an am seo chun:

We should reallocate a couple of hours a week on the primary school timetable to science, maths and a foreign language.

Nilim i gcoinne níos mó eolaíochta nó matamaitic nó, fiú, teanga iasachta, a mhúineadh do pháistí sa bhunscoil.   Tá mo mhac féin ag freastal ar bhunscoil ina múintear Iodáílis.   Agus Gaeilge/Gaoluinn.

Ach is dearcadh gearr radharcach neamh eolaíoch atá á mholadh ag an iar Thaoiseach.   Sa chéad dul síos ní mór teangacha a mhúineadh mar is ceart sa tír seo, le go mbeidh na daltaí ábalta í a labhairt nuair a fhagann siad an scoil.   Cé mhéid airgid a bheadh sábhailte againn dá mba rud é go mbeadh ard chumas sa Ghaeilge i measc na gcailíochtaí atá ag ár stát seirbhísigh?     Is léir freisin go bhfuil deacrachtaí ag daoine le teangacha iasachta agus an Bhéarla féin sa tír seo.  An Taoiseach féin, Brian Cowen, is í ‘jargon’ an teanga is dúchasaí aige.

De réir gach taighde atá déanta, cuidíonn foghlaim teanga agus tú óg, sa chóras tumoideachais go h-áirithe, le cumas an dhuine óig tuilleadh teangacha a fhoghlaim agus iad ag fás suas.  Mar sin, más amhlaidh go dteastaíonn ón Uasal Bruton go mbeadh cumas teangacha iasachta ag an nglúin óg, ní gá do moladh go mbeadh níos lú ama á chaitheamh leis an nGaeilge agus leis an mBéarla.   Ní gá níos mó áma a chaitheamh leo, seans, ach go gcaithfí an t-am atá á chaitheamh leo níos éifeachtaí.

Nílim ag lochtú na múinteoirí as an teip seo.  Creidimse go bhfuil ár gcóras oideachais seanachaite, gur córas scruduithe é seachas córas oideachais, agus go gciallaíonn sin go bhfuil daltaí á dhíriú ar an Ard Teist agus ‘pointí maithe’ a scóráil seachas ar na rudaí ar ghá doibh bogadh chun tosaigh sa saol a fhoghlaim.   Cinnte tá gá measúnú neamhspleach a dhéanamh ar gach dalta agus na talannaí is na treithe atá acu a aimsiú agus a spreagadh.   Ach is múnla ó ré Victoria an scrúdú mór seo ag deireadh do thréimhse scolaíóchta ina gcaitheann tú gach rud atá ar eolas agat a chaitheamh amach ar leathnach laistigh de thrí uair a chloig!

De réir an mhúnla seo a fheidhmíonn leithéidí John Bruton agus Ed Walsh.  Creideann siad má fhoghlaimíonn tú an Ghaeilge, go bhfagann sin níos lú spáis san inchinn chun teangacha eile a fhoghlaim.  Cé chomh cloch aoiseach is atá an dearcadh sin?    Táimíd ag caint ar an ré Iurassach is dócha.

Is sean phort agam é go bhfuil easpa mór acmhainní oideachais ar lucht múinte Ghaeilge (agus i nGaeilge) agus go bhféadfaí an t-airgead atá á úsáíd chun cáipéisí nach léitear i dteanga ar bith a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge ar na leabhair seo atá gá leo agus leitheoirí ag fánacht orthu go cí ocrach.   Teip ár gceannairí i ‘nGluaiseacht na Gaeilge’ agus sna Pairtithe Polatúla atá a n-inchinn lán le caint ar ‘chearta teanga’ agus a leithéid ach nach dtuigeann siad an rud ceart le déanamh chun an teanga a thabhairt slán.

Agus ar eagla na mí thuisceana, nílim ag iarraidh obair a bhaint d’aistritheoirí. Daoine árd chumasacha iad seo a fhéadfaí na scileanna atá acu a chur i bhfearas go h-eifeachtach ag aistriú is ag cumadh téacsleabhair is acmhainní dá leithéid, abhair a bheadh eileamh orthu ag léitheoirí, seachas ar an mhaorláthas ar mire.

Racht na maidine, curtha díom…..bíodh lá deas agaibh….


Comments (3)

Tags: , ,

Maorláthas ar Mire na gCoimisinéirí Ioncaim

Posted on 29 March 2010 by igaeilge

Ar maidin inniu a seoladh Tuarascáil Oifigiúil an Choimisinéara Teanga don bhliain seo chaite.   Tá sé le léamh anseo.    Tá a fhios ag daoine nach mise an ‘leantóir’ is dílsí ag An Choimisinéir Teanga agus go bhfuil mé ag cur ceisteanna le tamall faoi fhiúntas na h-oifige – seachas fiúntas an fhir – atá isteach is amach le €1m á chaitheamh aige in aghaidh na bliana.

Seod luachmhar é seo – cé nach dtabharfainn €1m – faoin gcleachtas a bhíodh ag na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le preas ráitis a éisiúint i nGaeilge.  De réir na scéime teanga a bhí aontaithe idir iad agus an Choimisinéir agus dearbhaithe ag an Aire, bhí ar na Coimisinéirí Ioncaim 20% dá gcuid preas raitis a éisiúint i nGaeilge.

Ní fhaca mise riamh preas raiteas ó na Coimisinéirí Ioncaim le linn dom bheith ag Lá Nua – glacaim leis nár thuig siad go raibh aon suim ag leitheoirí an nuachtáin i nithe chomh suarach le cáin is a leithéid.

Bíodh sin mar atá, b’é an cleachtas a bhí ag na Coimisinéirí na preas raitis a éisiúint i mBéarla ar dtúis, de réir mar a bhí gá leo, nuair a bhí  agus ansan NAOI MÍ ina dhiaidh sin nó mar sin, rithfeadh sé leo go gcaithfidís na leaganacha Ghaeilge a éisiúint agus roghnóidís 20% den líon iomlán a foilsíodh roimhe sin agus chuirfí iad go h-aistritheoir le h-aistriú agus ansan d’éiseofaí iad go ciúin ar an suíomh idirlín.

Anois ni cur amú airgid go dtí é.   Agus seo á dhéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim.   Le bheith cothrom leis an gCoimisinéir, dúirt  sé an méid seo go lom, bhuel chomh lom is a dheirfeadh aon stat sheirbhíseach aon focal cháínteach i leith na gCoimisinéirí Ioncaim.

Cad is fiú preas ráiteas naoi mhí i ndiaidh an scéil a bheith te bruite?  Cad is fiú 20% de phreas raitis a éisiúint i nGaeilge agus 80% a fhágáil gan aistriú?   An cur amú airgid an rud a fad?  Sin iad na ceisteanna a chuirimse agus mé ag léamh an scéil seo. Sin é an cur chuige cheimnitheach atá á úsáíd,nach ea?  An fiú an tairbhe an trioblóid?  An bhfuil aon iriseoir Ghaeilge a d’fhan ar an leagan Ghaeilge de phreas raiteas sara rinne sé scéaal bunaithe ar an eolas a bhí ar fáil na míonna roimh ré i mBéarla?

Molaim An Choimisinéir Teanga as an méid thuas agus tuilleadh a thabhairt chun solais ach is mór m’eagla go léiríonn an scéal seo gur Cultúr an Mhaorláithis ar Mire atá á bheathú anseo seachas aon fhíor chosaint do chearta teanga lucht na Gaeilge….

Ritheann sé liom go mbeadh an cleachtas seo stoptha fadó dá mba rud é go raibh an eolas seo faighte ag an tUassl O Cuirreáin agus é ag obair mar iriseoir le Raidió na Gaeltachta (sea iriseoir, seachas ‘solathróir abhair’)  agus an scéal seo tugtha chun solais aige ar Adhmhaidin!

Mar a tharlaíonn sé, thug mé cuairt ar shuíomh na gCoimisinéirí Ioncaim inniu agus maith go leor bhí leaganacha Ghaeilge den dhá phreas ráiteas is déanaí a éisíodh ar an bpríomh leathnach Ghaeilge.  Ach nuair a chuaigh tú sa tóir ar bhreis nuachta – tugadh tú chuig na preasráitis i mBéarla arís.   Léargas eile ar an ndearcadh cúramach atá ag an mhaorláthas ar an tabhacht atá leis an Ghaeilge agus iad i mbun a gcuid dualgaisí.  Tá an tsoiniceas i mbarr a réim.

Comments (1)

Tags: ,

iGaeilge – buaiteoir Gradam na mBlaganna 2010…

Posted on 27 March 2010 by igaeilge

Gradam blagála eile do iGaeilge....go raibh maith agaibh, go raibh míle agaibh, a lucht leanta iGaeilge

Bhuel níl mé ann – ach tá an dea scéal cloiste agam ó Ghaillimh, suíomh ocáid bhronnta Ghradaim Blagadóireachta na hÉireann go bhfuil an gradam don bhlag is fearr a bhain úsáid as an nGaeilge buaite don dara bliain as a cheile ag iGaeilge.

Míle buiochas as bhúr dtacaíocht.  Gan na leitheoirí agus iad san a bhionn páirteach sa phlé ag iGaeilge, ní bheadh aon gradam againn.  Míle buiochas libhse, fiú amháin na cancráin a bhionn ag tabhairt amach faoi chaighdeán mo chuid Gaelainne agus an droch litriú.

Míle buiochas freisin le Edgecast Media, urraithe an ghradaim seo.   Agus le blagadóirí eile a bhionn ag blagáíl leo i nGaeilge nó go dhá theangach.   An dúshlán líon níós mó blagadóirí a mhealladh i dtreo na Gaeilge.

Go raibh maith agaibh. Go raibh míle maith agaibh….

Comments (12)

Tags:

Gaelscéal – foilseachán álainn ach an nuachtán go fóill é?

Posted on 26 March 2010 by igaeilge

Nuair a thagann babaí nua ar an saol, bionn gach duine i ngrá leis nó léi agus iad ag rá go bhfuil sé nó sí go h-alainn.    Mar sin is féidir a rá go bhfuil babaí nua na Gaeilge, Gaelscéal, ‘go h-alainn’.   Tá cuma alainn ar an bpríomh leathnach agus tá snás ar na leathnaigh laistigh. Creidim gurb é an nuachtán Ghaeilge is ‘áille’ fós í.    Níos áille ná Lá Nua nó Foinse ar a laethannta ba áílle!

[Nóta amháin faoin bpríomh leathnach:  tá cuid mhór den leathnach tugtha ar láimh do ghriangraf nótaí Euro.   Cur amú spáis é seo.  Cén fath nach bhfuil griangraf ó shaol na Gaeilge - ocáíd bhronnta Ghlór na nGael an deireadh seachtaine seo chaite, mar shampla, ann?   Nach léiriú follasach a bheadh ansin gur suim i 'gcothú pobal na Gaeilge' seachas teachtaireacht ar bith eile a thabharfadh an léaráid mór seo ar an bpríomh leathnach le fios.]

Ach ní babaí úr ar nós gach babaí eile Gaelscéal – nuachtán atá ann. Ní comórtas ‘áílleachta’ aonach na nuachtáin cé go gcuidíonn sé bheith deachumtha.  Séard a chiallaíonn nuachtán ná foilseachán ina léitear scéalta ‘nua’ ann.

Mar sin de, tá íontas agus alltacht orm faoin gcéad alt sa chéad phríomh scéal sa nuachtán Ghaeilge nua seo.   Ní thuigim fén spéir conas a ligfeadh d’eagarthóir nuachtán ar bith i dteanga ar bith d’alt mar seo i leanas a bheith foilsithe i leathnach ar bith, gan trácht ar an gcéad leathnach sa chéad eagrán mar phríomh scéal.

Beidh ar an Rialtas suas le €9 billiún sa mbreis a infhéistiú sa Bhanc Anglo Irish chun gur féidir leo an Banc a choinneáil ag imeacht agus athstruchtúrú a dhéanamh air, a dúirt Príomh Fheidhmeannach an bhainc Mike Aynsley leis an Irish Times inné.

An deacracht atá agam leis an alt sin, ar eagla go gcreideann sibh go bhfuilim ag imeacht thar fóir ar fad, nach bhfuil aon rud ann nach bhfuil ar eolas againn theana féin ó bheith ag léamh nuachtáin an lae inné agus a bheith ag faire ar na craolacháin nuachta ar an dteilifís.   Níos measa ná sin, deirtear an méid sin linn sa chéad alt nó cuirtear ina luí orainn go ndúirt an tUasal Aynsley an méid seo leis an Irish Times inné (glacaim leis gur arú inné atá i gceist) ach nár léigh an tuairisceoir an t-alt go dtí inné.

An rud atá le leamh agamsa ón méid seo nach dtuigeann foireann Gaelscéal bunriachtanas an nuachtáin, scéalta nua nach bhfuil foilsithe in áit ar bith eile a fhoilsiú, nithe a thabhairt chun solais den chéad uair, iriseoireacht seachas aistriúchán a dhéanamh.

Glacaim leis go raibh iriseoireacht i gceist le h-agallamh a aimsiú agus a dhéanamh le Cathaoirleach le Toghadh an Bhainc, Alan Dukes, ach ní féidir leis an iriseoir a mhaíomh go raibh an agallamh seo eisíach nó bhí Alan Dukes ag labhairt ar fuaid na meáin inné (Déardaoin).

An t-aon mhír atá ‘nua’ sa scéal chomh fada agus go dtuigimse an scéal – agus ní thugtar an súntas atá dlite don mhír seo sa scéal – gur féidir nach mbeadh gnó ar bith ar bun ag an mBanc seo i ndiaidh deireadh na míosa gan an infhéistiú.

Anuas ar an mhí-thuiscint ar chúrsaí nuachta, tá sé ana dheacair na scéalta nuachta a léamh.  Tá na h-abairtí ró fhada.    Tá abairt sa triú pharagraf atá 55 focal ar fhaid ar a laghad – agus is beag ciall ar féidir baint as.  Is mise an t-é is ciontaí as a bheith ag scríobh abairtí fada, ach sin an fath go n-aithním gur botún atá ann agus go mbeidh leitheoirí ar bheagan Ghaeilge ag cur strus orthu féin na scéalta a léamh agus a thabhairt leo.

B’fhéidir go mbeidh breith níos tomhaiste agam ar an nuachtán ar ball, ag cur san áireamh na colúnaithe – cuma spéisiúil ar cholún Pháidí O Lionaird, mar shampla, agus na réimsí eile.  Féach ar an dtuairisciú spóirt:  Ceapaim gur bocht an iarracht an leathnach cúil ar fad a thabhairt do phictiúr ollmhór de Tiger Woods, amhail is gur scéal nua é go bhfuil an galfaire sin ag filleadh ar an gcluiche.   Tá an scéal sin ann ó thús na seachtaine ar a laghad – agus d’fhéadfaí níos mó dumhach a chaitheamh ar an bpríomh leathnach spóírt ar chluichí móra CLG na deireadh seachtaine seo agus an scéal brea ar earcú an fhir óig ó Ghaeltacht Thír Chonaill ag Manchain Aontaithe.  Ceisteanna don eagarthóir iad seo. is dócha.

Is léir go n-aithníonn Ciarán Dunbar, eagarthóir Gaelscéal, go bhfuil go leor déanta agus go leor fós le déanamh agus nuachtán nua á fhoilsiú.  Seo a deir sé ina alt ar an dara leathnach ag cur Gaelscéal i láthair.

Níl gach rud atá beartaithe againn a bheith sa phaipéar ar fáil sa chéad eagrán seo ar ndóigh, tá go leor le déanamh againn go fóill chun ár réimse a leathnú amach a oiread is ba thoil linn.

Tá an baol ann nuair a thugann mo leithéidse – agus dearbhóidh mé anseo gur cuireadh mé faoi agallamh do phost an eagarthóra ach gur tharraing mé siar cúpla lá i ndiaidh an agallaimh ar chúinsí phearsanta – breith ar fheabhas Gaelscéal, go gcuirfear im leith go bhfuilim spídiúil agus ag iarraidh lochtanna a aimsiú.   Ní féidir liom an liamhain sin a sheachaint – ach déarfaidh mé an méid seo, gur lochtanna iad na nithe atá luaite agam ar féidir iad a leigheas agus níl aon chúis, má leigheastar iad, nach n-imeoidh Gaelscéal ó neart go neart.  Is é mo shuim i nGaelscéal go mbeadh an nuachtán Ghaeilge is fearr riamh ann -bíodh sin Gaelscéal nó nach mbíodh –  agus go mbeadh sé inchurtha uair eigean leis an Irish Times nó a leithéid.   Níl aon dúil agam teip nuachtán Ghaeilge eile a fheiceáil ach tá an iomaíocht sa mhargadh géar agus ní h-iad pobal na Gaeilge an pobal is dílse do nuachtáin Ghaeilge.  Ceannóidh mise  eagrán amháin nó beirt de bharr dílseacht don teanga agus suim sa rud nua – agus an dea chumadh atá ar an nuachtán – ach níl a fhios agam an gcloífínn leis sa bhfad tréimhse má mhothaím nach bhfuil i gceist ach athchúrsáil scéalta nuachta ó nuachtáin an Bhéarla agus iad á aistriú [le cuidiú Gaelspell agus Ceart!]

Dá dteastódh uaim go dteipfeadh an nuachtán seo, ní bhfaighinn locht dá laghad air agus ligfinn do lucht an nuachtáin an méid a fhoghlaim mise go cruaigh a fhoghlaim chomh cruaigh céanna.

Mar sin gach rath ar Gaelscéal.  Go n-eirí leis an Eagarthóir agus a fhoireann!  Go raibh an nuachtán ag dul ó neart go neart!

Mar aguisín, tá suíomh idirlín Gaelscéal chomh h-álainn leis an nuachtán.  Ba dheas an smaoineamh é an seoladh a chraoladh ar ustream.

Comments (17)

Tags: , ,

My Pup Came Home From Claodach – Diarmuidín Ó Suilleabháin

Posted on 25 March 2010 by igaeilge

Amhrán macarónach é My Pup Came Home From Claodach agus tá sé á chanadh anseo ag Diarmuidín O Suilleabháin, a cailleadh i dtimpist gluaisteáin i 1990.  Tugtar chun cuimhne gach bliain Diarmuidin trath na Nollag nuair a bhionn Eigse Dhiarmuidín, féile ceoil den chéad scoth, ar siúl ina cheantar dúchais, Múscraí.

Is léir ón taifead seo go mairfidh a ghuth agus a thuiscint ar an amhránaíocht i bhfad inár ndiaidh…

Comments (3)

Tags:

Rith 2010 – an físeán

Posted on 24 March 2010 by igaeilge

Más spreagadh atá uait, bí ag faire ar seo.

Comments (2)

Tags: , , , ,

Plé an Chomhchoiste Oireachtais ar an nDréacht Straitéis

Posted on 24 March 2010 by igaeilge

Bheadh sé úsáideach, ceapaim, dá ndéanfadh daoine ar suim leo an Ghaeilge agus an Dréacht Straitéis an phlé a deineadh le déanaí ag an gcruinniú den Chomhchoiste Oireachtais i leith Turasóireacht, Spórt, na hEalaíona agus na Gaeltachta a léamh.

Is fiú go h-áírithe féachaint ar an méid seo a dúirt an Dr. Peadar O Flatharta:

Dr. Peadar Ó Flatharta: Cúpla pointe le treisiú leis an gcuid atá ráite cheana. Ceann de na rudaí a bhí daoine ag gach cruinniú poiblí ná an bhfuilimid chun é seo a dhéanamh an uair seo agus an bhfuil seo ag dul a tharlú. Sin buncheist don straitéis seo mar tá go leor leor tuairiscí agus caipéisí breátha agus grafaicí agus mar sin ann cheana féin ach caithfear an rud seo a chur i bhfeidhm nó níl aon chor tosú air ar chor ar bith.

Chaith muid go leor ama ag iarraidh an cheist seo a oibriú amach: cén chaoi go bhféadfaí struchtúr a chur in áit go gcuirfí é seo i bhfeidhm? Ceann de na ceisteanna a bhaineann go sonrach leis nach mbaineann seo le Roinn Stáit amháin. Táimid ag brath ar go leor de na Ranna eile chomh maith leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá contúirt ann, má chuirfear ar ghualainn na Roinne sin é go gcuirfear isteach i mbosca beag ansin agus ní bhainfidh sé le haon Roinn eile Stáit. Baineann sé le beagnach gach Roinn Stáit sa chóras. Sin an fáth gur mhol muid go mbeadh an comhordú á dhéanamh ag Roinn an Taoisigh, ag oifig cláir faoi cheannas rúnaí cúnta, duine a mbeadh an chumhacht aige an straitéis seo a bhrú chun cinn agus comhoibriú tras-rannach a chinntiú mar tá an comhoibriú sin luachmhar.

Caithfear ar ndóigh córas éigin chun an straitéis a mheas go rialta a chur ar bun. Mhol muid go ndéanfaí measúnú neamhspleách trí Oifig an Choimisinéir Teanga nó dream éigin neamhspleách a bheadh in ann a rá chuile bhliain go bhfuilimid nó nach bhfuilimid ag déanamh dul chun cinn.

Ansin, tá ceistenna acmhainní ann. Ní raibh deis againn dul isteach sách-mhinic i gceist na hacmhainne ach an tuairim atá againn ná go bhfuil go leor acmhainní maoine ann faoi láthair. Táimid an-ghann ar acmhainní daonna, daoine taobh istigh den chóras atá in ann an tseirbhís a chur ar fáil agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Sin an fáth gur mhol muid polasaí cinnte earcaíochta a bheith ann go ceann méid áirithe blianta, le deis a thabhairt do dhaoine dátheangacha teacht isteach sa chóras. Chuideodh sin leis na scoileanna, leis an nGaeltacht agus leis na Gaelscoileanna, go mbeadh deis ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid. Má táimid ag dul i dtreo an 250,000 duine seo a tháinig chugainn ón Aire, ar a laghad is sprioc é agus seo an chéad uair a chuala mise daoine ag caint ar mhéadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge. Mura mbeadh de thoradh ar an sprioc seo ach é sin amháin, is dul chun cinn mór é.

Caithfimid feabhas a chur ar an dearcadh, feabhas a chur ar chumas agus deiseanna úsáide a thabhairt don teanga.

Tá an chuid eile le léamh anseo.

Comments (6)

Tags: , , , ,

Airí nua, aireachtaí nua

Posted on 23 March 2010 by igaeilge

Dúirt go leor trachtairí trathnóna gur cur chuige ‘íostach’ a bhí ag an dTaoiseach, Brian Cowen, agus é i mbun athshuathadh Rialtais inniu.   Cheapfá gur léirmheas ar ealaíontóir a bhí á dheanamh acu seachas rud ar bith eile.

Ní h-aon Picasso é Brian Cowen – ach is dócha go bhfuil ealaíon áirithe i gceist le roghnú airí agus, chomh tabhachtach céanna, cumadh agus díchumadh aireachtaí.

Tá suim ar leith agam sna h-aireachtaí seachas sna h-airí féin.  Is féidir a rá, mar shampla, gur beag an difir a dheineann Aire thar Aire eile, cibé cén pearsa atá i gceist.  Is é an stat sheirbhís ar chúl an Aire a chuireann an polasaí i bhfeidhm agus tá go leor ag brath ar an meon aigne atá ag na stat sheirbhísigh.

Is cosúil go bhfuil orainn slán a fhágáil le hÉamon O Cuív ón Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta – ach go bhfuil fear Chorr na Móna curtha i mbun Roinn nua, Roinn na Cosanta Shoisialta.

Tá Aire nua Gaeltachta ann – Pat Carey TD – agus tá  cúramaí nua ag a Roinn  freisin, agus an chuma ar an scéal go bhfuil sean chúram ag imeacht ón Roinn.   Feasta ní bheidh cúram Ghnóthaí Tuaithe ar an Roinn seo nó ní bheidh guth timpeall bhórd na Comhaireachta ag phobal tuaithe na hÉireann.

Agus é ráite go minic go bhfuil géarchéim i saol tuaithe na tíre seo, cad é a deir sé nach bhfuil cúram ‘saol na tuaithe’ ar aon aire shinsearach?

Tá Mary Coughlan ag coinneáil a post mar Thánaiste – ach beidh sí á dhéanamh i roinn eile, An Roinn Oideachais agus Scileanna.   Agus tá Batt O’Keeffe bogtha go dtí an Roinn Fiontar, Tradála agus Nuálachta.   Bhí cúram na fostaíochta ar an Roinn seo roimhe – ach anois tá ‘foxtaíocht’ ar iarraidh ó chúramaí na Roinne seo.  Tá seo déanta aige trath go bhfuil géarchéim fostaíóchta ann agus breis is 100,000+ níos mó ar an dól i mbliana thar mar a bhí anuraidh.      Deirtear go mbeidh cúram na fostaíochta á roinnt idir dhá roinn – ach nílim soiléir cén dhá roinn a roinnfidh an chúram agus, anuas ar sin, cén fath go ndéanfá sin nuair a cheapfá gur tosaíocht é an fhostaíócht.

Maidir le Mary Coughlan, b’fhéidir gur aitheantas atá ann ar an dtuiscint atá aici ar chúrsaí eolaiochta – nó nach bhfuil aici ar na cursaí sin, gur baineadh eolaíocht mar chúram ón Roinn Oideachais.   Nach ise a luaigh Teoiric na h-éabhlóíde le Albert Einstein?   Bhí fadhb i gcónaí ag an Roinn Oideachais leis an Eolaíocht – thog sé tamall mhaith orthu glacadh le taighde eolaíoch ar fheabhas agus eifeacht na nGaelscoileanna is an Ghaeloideachais.

Má tá dea scéal ann ó bhearta an lae inniu, is é go bhfuil ‘cultúr’ ar nais mar chúram d’Aire Shínsearach.  Nílim cinnte gurb í Mary Hanafin an t-é a roghnóinn don phost seo.  Sin ráite -tá sé tabhachtach go mbeadh ‘cultúr’ ann.  Tá Roinn Chultúr ag gach tír eile san Aontas Eorpach chomh fada agus is eol dom.   Tá deis ann an Chultúr a chur chun tosaigh agus é a úsáid chun deiseanna nua a chruthú do thodhchaí na tíre.

Tá roinn nua, Cosaint Shoisialta, ag Eamon O Cuív agus tuigtear duínn gur ardú céime é seo.  Beidh go leor cúramaí a bhaineann le cúrsaí dífhostaíochta is íocaíochtaí leasa shoisialta faoina láimh.

Is cinnte gur cur chuige íostach é ar an gcéad fhéachaint – ach b’fhéidir go bhfuil níos mó nó níos lú i gceist nuair a dheintear scrúdú níos doimhne ar an scéal!

Comments (0)

Tags: ,

Gaelscéal agus ‘Gaeltacht gan teorainn’

Posted on 23 March 2010 by igaeilge

Ní fheadar ar cheart dom bille a chur chuig Ciaran Dunbar, eagarthóir Gaelscéal, as ucht úsáid a bhaint as coincheap iGaeilge, an Gaeltacht Gan Teorainn, mar mhanna, de réir mar atá luaite aige in agallamh atá foilsithe ar an suíomh ‘Gaelport’ inniu?

Deir Dunbar: “Táimid ag leanúint an mhana ‘Gaeltacht Gan Teorainn’, beidh Gaelscéal ag freastal ar lucht labhartha na Gaeilge, ar fud an oileáin, agus thar lear”.

Níl a fhios agam an bhfuil feoil curtha ag an tUasal Dunbar ar an manna seo go fóíll.  Mura bhfuil is féidir leis é do sheiceáil ar an phostáil seo ar iGaeilge a foilsíódh i mí Iúil seo chaite.

Ní dócha gur cheart bheith buartha faoi.  Glacfaidh mé leis an tagairt mar mholadh d’iarrachtaí iGaeilge bíodh is nach bhfuil iGaeilge luaite i gcaint an eagarthóra.

An rud ar cheart bheith buartha faoi ná an tagairt seo:

Tá cúigear fostaithe ag Gaelscéal, Ciarán Dunbar mar eagarthóir, Trevor Ó Clochartaigh mar Bhainisteoir Tionscadail, Patricia Ní Chonghaile a bheidh i mbun cúrsaí margaíochta, agus Meadhbh Ní Eadhra agus Treasa Bhreathnach mar sholáthraithe ábhair.

Tabhair faoi ndeara nach bhfuil an post ‘iriseoir’ luaite le duine ar bith den chúigear atá le bheith fostaithe go lán aimseartha le Gaelscéal.   B’fhéidir nach rud nua amach is amach é  Gaeltacht gan teorainn ach is cinnte gur rud iomlán nua é an nuachtán gan iriseoirí!

Cinnte beidh iriseoireacht ar bun ag saor iriseoirí don nuachtán – ach níl aon iriseoir fostaithe acu go lán aimseartha seachas, is dócha, an eagarthóír, a tharlaíonn go bhfuil ‘taithí na mblianta’ aige san iriseoireacht chlóite Gaeilge.   Nílim féin cinnte an ionann corr alt do Lá Nua nó do Comhar nó an Irish News agus an cineal taithí atá de dhíth ar dhuine chun é a ullmhú le bheith ina eagarthóir nuachtáin – ach cá bhfios ach go leireofar go bhfuil an cúram níos éasca ná mar a thuig mise é bheith.

Ach cuireann an téarma ‘solathraithe abhair’ mar chur síos ar phostanna arbh é iriseoireacht an phríomh chúram olc orm.  Laghdaíonn sé céard nó gairm na h-iriseoireachta.   Mura bhfuil dearúd orm ní solathraithe abhair ach iriseoirí a bhí á lorg sa bhfógra an chéad lá.  Cén fath, mar sin, an athrú téarmaíochta anois?  An bhfuil níos mó ná ‘athrú téarmaíochta’ i gceist?

An ionann an chéard ag an t-é a sholathraíonn leathair don ghréasaí agus an ghréasaí a dheineann bróg den leathair chéanna?   Ní doigh liom é.

Is mó mo imní ná riamh faoin todhchaí atá i ndán do Gaelscéal agus na meáin chlóíte Ghaeilge….

Comments (10)

Tags: , , , ,

Toghchán Uachtarántachta eile chugainn

Posted on 23 March 2010 by igaeilge

Postaer Toghcháin Sheán?

Tá sé dearbhaithe ag an bhFeirsteach óg, Seán Ó hAdhmaill, go mbeidh sé san iomaíocht do thoghchán Uachtarántachta Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl an mhí seo chughainn i Luimneach.

Níl aon amhras orm go ndéanfadh an cheannaire fhuinniúil seo beart dá dtoghfaí é agus tá sé go maith go bhfuil sé ag imeacht sa bhearna baoil.

Tá siad ann a deir nár cheart dá leithéid bheith ag cur a chuid ama amú leis an Chonradh – go n-íosfaidh an eagras sin gan salann é agus go mbeidh sé gan feidhm as seo go dtí go n-eiríonn sé as i gceann bliain nó dhó nó trí.    Tuigim dóibh ar shlí – tá siad ag tabhairt chun cuimhne an méid a tharla do Ghearóid Ó Cairealláin nuair a toghadh eisean i 1997.   Shíleas gur dhearna sé jab réasúnta maith ach ná raibh na deiseanna atá ann anois i saol na Gaeilge.  Deiseanna agus dúshláin.

Is eagras fónta é Conradh na Gaeilge atá tar éis go leor a dhéanamh go ciúin le cúpla bliain anuas ach go h-áirithe chun leas na Gaeilge a chur chun cinn ar shlite atá eifeachtach is fiúntach.   Ach tá sé cothrom a rá nach bhfuil an Conradh – a bunaíodh sa ré céanna inar bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael – chomh lárnach i saol na tíre is atá an CLG.

B’fhéidir go bhfuil sé ró uaillmhianach bheith ag súil go n-eireoidh leis an Chonradh an áit lárnach sin a bhaint amach i saol na tíre go luath – ach caithfear díriú ar an sprioc sin a bhaint amach.   Má tá sé mar aidhm ag an Rialtas go mbeadh 250,000 cainteoir Ghaeilge laethúil sa tír faoi 2030, ba cheart go mbeadh príomh eagras na Gaeilge ag díriú ar an sprioc go mbeadh ar a laghad 100,000 ball gníomhach ann faoin am chéanna.

Ní h-aon dochar ceannaire atá suite i mBaile Átha Cliath a thoghadh le go mbeidh aghaidh phoiblí an Chonartha i lár an aonaigh.   Dá mbeinn ag scríobh clár toghcháin do Sheán dhéarfainn leis díriú ar fhoinsí airgeadais neamhspleacha a aimsiú don eagras ionas nach mbeidh sé ag brath ar an bhForas, “Lámh Marbh na Gaeilge”, agus ar an Roinn, má mhaireann an Roinn sin beo.   Ba cheart go mbeadh an Chonradh ábalta maoiniú a mhealladh ó bhaill – tre orduithe seasta – ionas go mbeadh cultúrlannaí gniomhacha i ngach baile mór – agus baile beag – in Éirinn, faoi mar atá ag an CLG.

Tráth dúshlánach é seo d’eagrais Ghaeilge agus iarracht á dhéanamh ag na h-údaráis coilleadh a dhéanamh ar a líon.   Má tá eagras ar bith chun teacht slán ón dtua, ní mór do bheith ábalta seasamh ar a chosa féin ó thaobh cúrsaí maoinithe.   Ní h-ionann sin agus a rá nár cheart don eagras a bheith ag fáil maoiniú phoiblí d’aon tsort – ach má fhéachann aoinne ar CLG, feicfidh siad nach mbionn dearcadh leithscéalach ag an eagras sin agus iad ag dul chun cainte leis an Rialtas – go díreach – seachas le h-eagrais ar nós an bhForas is a leithéid.

Ní mór do Chonradh na Gaeilge áiteamh a dhéanamh ar an Rialtas suíochán a thabhairt don eagras timpeall Bhórd na bPáirithe Shoisialta.  Os rud é go bhfuil an socrú sin in amhras faoi láthair, is am mhaith é an éileamh a dhéanamh mar, luath nó mall, beidh tús nua á chur leis an bproiseas seo.    Tá gá a chur in iúl don Rialtas agus don phobal go neamh bhalbh go gcruthaíonn gluaiseacht na Gaeilge ‘caipteal soisialta’, go bhfuil an obair dheonach a dheineann eagrais ar nós Conradh na Gaeilge ar leas an phobail i gcoitinne agus gur cheart é sin a aithint tre cuireadh a thabhairt don eagras bheith ionadaíoch ar choistí rialtais.

Tá gá le feidhmiú ar an talamh – ie na Cultúrlannaí thuas luaite – agus tá gá le beartú go straitéiseach ag an am chéanna.  Ba cheart d’Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge bheith cosúil le Barack Obama – sé sin ba cheart go mbeadh sé nó sí ábalta feidhmiú ar dhá libhéal ag an am chéanna.   Sílim go bhfuil an cumas sin léirithe ag Seán – é lárnach in eagrú Rith2010 agus é gníomhach ar cheisteanna ar nós ainmneacha na n-eastáit nua i mBAC a bheith i nGaeilge (cé nach doigh liom go mbeidh eastáit nua á thogáil i mBAC nó in aon ait eile go ceann roinnt bliana ach sin scéal eile!).

Guím gach rath ar Sheán sa toghchán seo ach tá súil agam freisin go mbeidh toghchán ann agus iarrthóír laidir ina choinnibh.   Bheadh sin ina chomhartha ar shláinte an Chonartha gan aon agó.  Ar chúis éigean tá amhras orm go mbeidh iomaíocht ann – ach beidh le feiceáil.

Comments (4)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES