Bhíos i mBaile Atha Cliath le mo chlann ar Lá Fhéile Phádraig agus tar éis an pharáid, bhíos i lathair ag an gCeolaras Náisiúnta do choirmcheol den scoth ansan an oíche céanna.
Ar an ardán le h-aghaidh ‘Guthanna na nGael/Irish Voices’ bhí Cór Taobh a Leitheid faoi stiur chumasach Doiminic Mac Giolla Bhríde ó Ghaoth Dobhair, Peadar O Riada agus Cór Chúil Aodha, Eithne Ní Chatháin agus Róisín Elsafty.
Bhíos ag taifeadadh Cór Chúil Aodha le h-aghaidh ár gcartlann ach d’eirigh liom an píosa seo a thaifeadadh ó Chór Thaobh a Leitheid a thaifeadadh freisin. Seo chugaibh an Cór agus iad ag ceol An Dord Féinne – óró sé do bheatha bhaile más fearr leat – agus níl amhrán níos oiriúnaí chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Phádraig.
Bainigí sult – agus gabh mo phardún agus an giorrú gonta ag an deireadh (bhíos ag rith amach as téip!). Ní gá a rá ach go gcreidim go bhfuil Cór Taobh a’ Leitheid ag seasamh an fhóid ar son an traidisiún agus ar son ‘Teanga na nGael’ go ceolmhar binn. Nára laga Dia iad!





Cá bhfuil sé, a Choncubhair? Níl sé sa phostáil sin uait, nó ní fheicimse é ar aon nós!
Ups….tá sé ann anois. Is dona linn an briseadh seo – ach bain sult as a Áine….
Bhain, go deimhin, go raibh maith agat…:-)