Archive | March, 2010

Tags: ,

FG ag geilleadh vóta don deoraí – ach ní don Tuaisceartach?

Posted on 13 March 2010 by igaeilge

De réir scéala atá foilsithe ar maidin san Irish Times, tá Fine Gael ag moladh cead votála bheith ag Éireannaigh atá ina gcónaí thar lear i dtoghcháin Uachtarántachta.   Ní cead buan a bheadh anseo – ní bheadh an vóta ag an deoraí ach ar feadh cúig bliana.

Moladh é seo ar chaipéis nua chun leasú a dhéanamh ar an gcóras pholatúíl atá le h-éisiúint ag an bpáirtí an tseachtain seo chugainn, roimh comhdháíl bliantúil an pháirtí i gCill Airne an deireadh seachtaine seo chughainn.

Ní féidir bheith cinnte nach bhfuil cead votála do thuaisceartaigh, atá pas Éireannach acu díreach chomh maith le na hÉireannaigh ‘thar lear’, ach ag an am chinnte cheapfá dá mbeadh go mbeadh sé luaite go sonrach i dtuairisc Harry Magee san Irish Times.

Tá an dealramh ar an moladh seo go bhfuil sé dírithe ar na hÉireannaigh atá imithe ar imirce go tíortha eile ar fad sa tóir ar fhostaíocht nó atá ag obair ‘thar lear’ ar son comhlachta in Éirinn.   Bíodh sin mar atá, ní droch rud é cead votála a thabhairt do na daoine seo.    Is é an deacracht atá agamsa an teorainn cúig bliana atá ar an gcead votála.

Na hÉireannaigh atá ‘thar lear’ ó thuaidh den teorainn,  tá siad ina gcónaí ann.   Tá siad ar ‘imirce buan’.   Níl sé i gceist acu ‘teacht ar ais’ go tír nár fhág siad riamh.    Tá siad ina gcónaí ar oileán na hÉireann.

Tá an teorainn cúig bliana mí cheart pé scéal é.   Má tá tú thar lear thar muir in áit éigean an gciallaíonn sé gur Éireannach níos lú tú ná an Éireannach a théann abhaile laistigh de chúig bliana ar feadh mí nó dhó trath toghcháin.

Bhíos féin ‘thar lear’ – ie ó thuaidh – ar feadh aon bhlian deag ach choinnigh mé mo vóta i gCorcaigh Thiar Thuaidh i rith an ama.  Bhí mé ábalta votáil i dtoghcháín sa bhaile agus ó thuaidh.  Agus rinne mé amhlaidh.

An Éireannach níos mó – agus ná bac na tagairtí dem thoirt!  - mise ná mo chomh Éireannaigh ó thuaidh a d’fhan sa bhaile in Éirinn ach ná raibh cead acu votáil?

Ní doigh liom gur cheart Fine Gael a cháineadh as ucht an moladh atá déanta acu.  Is céim sa treo ceart é – ach is céim sa treo mícheart é ag an am chéanna.   Tá sé ag bronnadh vota ar dhream ná raibh vóta acu – agus is rud maith é sin – ach, an bealach atá an tuairisciú déanta air, níl sé soiléir nach bhfuil siad ag daingniú an séanadh vóta ar dhream Éireannaigh eile.

Is léir, áfach, go n-aithnítear nach bhfuil an séanadh ar gach Éireannach atá taobh amuigh de theorainn na 26 Contae ar dheoraíocht nó cibé ceart ann féin. Agus is comhartha dóchais an méid sin.   Tá ár gcos sa doras – anois ní gá duinn ach cur leis an brú ábhairín chun é a oscailt ar leathadh chun fearadh na fáilte a chur ar gach Éireannach.

Ag glacadh leis, mar sin, nach bhfuil aon geilleadh d’Éireannaigh an Tuaiscirt, an ionann sin agus Fine Gael ag rá gur Éireannaigh den triú grád iad.   Is iad na hÉireannaigh den chéad ghrád na hÉireannaigh a chónaíonn sna 26 Contae agus atá vóta acu i ngach toghchán gan srian dá réir, na hÉireannaigh den dara grád iad san atá imithe thar lear, is é sin ‘thar muir’ agus atá vóta acu ar feadh cúig bliana i dToghchán na hUachtarántachta agus na hÉireannaigh den triú grád, na hÉireannaigh le pas Éireannach, le geallúint i gcomhaontú idirnáísiúnta nach bhfuil séanta ó shin, go bhfuil cead acu bheith Éireannach chomh maith le Briotanach, atá ina gcónaí sna sé chontae in oirthuaisceart oileán na hÉireann.

Is féidir le na hÉireannaigh seo imirt d’fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann [má tá siad maith a dhothain] agus seasamh i dToghchán na hUachtarántachta – ach ní feidir leo votáil i dToghchán Uachtarántachta.    Sin neamh reiteach Éireannach ar fhadhb Éireannach gan aon amhras!

Comments (14)

Tags: , , , , , , , ,

Aire ‘crack-áilte’ an Chultúir ó thuaidh

Posted on 12 March 2010 by igaeilge

Nelson McCausland, Aire Chultúr an Tuaiscirt: Tuairimí 'crackáilte' an aire is dainséaraí ó thuaidh.

Deirtear linn nach fada go mbeidh straitéis á fhoilsiú ag an Aire Cultúr ó thuaidh, Nelson McCausland, chun cur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh a thacú.    Is cosúil gur cuid é sin den choireagrafaíocht a réitíodh maidir le déabhlú na cumhachta poilíneachta ag Caislean Cromghlinne.    Na margaí ‘ar an taobh’ is fearr aithne orthu sin.

An bhfuil a fhios ag aoinne cén sort straitéise atá á bheartú ag an Aire chun an Ghaeilge a chur chun cínn?    Taobh amuigh dá Roinn, ní dócha é.  [Cuireann sé aire eile le cúramaí teanga i gcuimhne dhom....]

Agus mé ar thóir leid nó dhó [leid - Boord o'Leid :) ]  faoin méid a bheadh sa straitéis seo, thugas cuairt ar bhlag an Aire – agus is fiú do dhaoine cuairt ar bhlag Nelson McCausland, táim ag rá leat, an oiread is gur fiú do dhuine cuairt a thabhairt ar bhlag Gerry Adams.  Dá mhéid pearsaí sa saol phoiblí atá teacht orthu sa tslí seo, is fearr é don chóras pholatúil.

Tá dhá thrachtaireacht ag an Aire le déanaí ar fiú áird ar leith a thabhairt orthu agus sinn ag cuardach leideanna faoin aigne atá aige faoin straitéis teanga seo.

Sa trachtaireacht is déanaí uaidh, deir sé an méid seo i leith griangraf a chonaic sé i nuachtán.

On the front page of the Irish News this morning there was picture of a some of the pupils outside St Eugene’s High School, a Roman Catholic school in Castlederg.  Part of the name on the school building is covered by a poster, which is being held by one of the children, but the words Ardscoil and Naomh, written in old ‘Celtic-style’ script, are clearly visible.

This is a simple example of the way in which Roman Catholic schools affirm and promote an Irish, Gaelic and Celtic cultural identity for the children who attend them.  It is done through Irish signage, Irish language, Irish traditional music and Irish games.  In other words the schools have an Irish cultural ethos.

Níor chreideas riamh go raibh a dhothain á dhéanamh ag scoil ar bith, Caitliceach nó eile, ó thuaidh chun an Ghaeilge a chur chun cinn nó, dá mba rud é go raibh sin amhlaidh, cén ghá a bheadh le gaelscoileanna ó thuaidh?

Ar aon nós creideann an Aire nach bhfuil sé ceart go mbeadh an scéal amhlaidh i scoileanna Caitliceacha agus ná beadh aon cur chun cinn á dhéanamh ar Chultúr na Breataine, na bProtastúnach, na nAondachtach nó na bhFear Buí sna scoileanna san earnáil Stáit ó thuaidh.  Creideann sé go dtagann na páistí a dheineann freastal ar na scoileanna seo ó chúlra Protastúnach/Briotanach agus mar sin gur cheart go mbeadh na scoileanna sin ag cur chun cinn ‘a gcultúr’.   Dar leis gur ceart é seo atá dearbhaithe faoi Chairt na Náisiún Aontaithe i leith Cearta an Linbh.    Tá tús curtha aige le cainteanna leis an Aire Oideachais, Caitríona Ruane, ar an ábhar agus is é atá molta aige ná:

It will require change in a number of areas, including:

1. Incorporation of cultural traditions into initial teacher training

2. The development and provision of appropriate teaching materials

3. In-service teacher training

4. Guidance for school governors about the cultural ethos of the school and the cultural rights of the child

Anois níl a fhios agamsa fútsa – ach is údar imní an méid seo domsa.  Tá an Aire ag cothú ‘cultúrdheighilt’ ó thuaidh a chinnteoidh go mbeidh easpa comhthuisceana idir an dhá chultúr mhór ó thuaidh ar feadh na glúinte romhainn lena moltaí.  Má tá rud ar bith le déanamh, le cinntiú go mbeadh comhthuiscint níos fearr ann idir an dhá chultúr, ba cheart go mbeadh oideachas is oiliúint faoi cultúr an taobh eile á mhúineadh sna scoileanna ar ‘an dhá thaobh’.    Ní gá léamh idir línte an méid atá scríte ag an Aire le tabhairt faoi ndeara go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh eiteos Protastúnach, Briotanach is Oráiste á thacú ag na scoileanna atá faoi smacht díreach an stáit ó thuaidh agus, is dócha,nach mbeadh aon rian den Ghaeilge ann, de chultúr na hÉireann (Tá Tuaisceart Éireann go fóill suite in oileán na hÉireann, nach bhfuil?) is cluichí is ceol na hÉireann.

Má tá an meoin seo ag an Aire i leith cúrsaí ‘eiteos’ sna scoileanna, an bhfuil sé mí réasúnta a cheapadh nach mbeidh an meoin seo le tabhairt faoi ndeara ina straitéis teanga?  Agus an rud maith é sin don Ghaeilge, go mbrúfar an teanga i dtreo pobal amháin sa chaoi is nach n-aithneofar í mar chomhoidhreacht gach duine i ‘dTuaisceart Éireann’?   Gan amhras is cuid é sin den cur chuige deighilteach atá á spreagadh ag an gcóras pholatúil ó thuaidh.

I dtrachtaireacht eile deineann an Aire a mhór de bhunús ‘Albanach Uladh’ an focal ‘craic’ nó, dar leis, ‘crack’.   Gach seans go bhfuil an cheart ag an Aire faoi seo – ní fiú bheith ag argóínt faoi.    Tá an Aire buartha faoin fhocal seo bheith á ghoid ag cultúr na Gaeilge is na Gaeltachta ó chultúr na hAlbainis Uladh.

An rud a thugann an Aire goid air, creideann daoine eile gur saibhriú teanga é go mbeadh teangacha eile ag fáíl focail ar iasacht uaidh.   In áit don Aire bheith ag iarraidh na scoilte a dhaingniú, nár cheart do bheith ag baint úsáide as ‘craic’ le léiriú do dhaoine go bhfuil an Ghaeilge agus an Albainis Uladh mar chuid dá gcomhoidhreacht chéanna?    Go deimhin, d’fhéadfá go mbeadh an cur chuige sin ag teacht go h-iomlán leis an mhóid a thug sé mar Aire an chéad lá go mbeadh sé chomh diograiseach céanna i leith gach chuid den phobal agus é i mbun a chúramaí.

Tá sé fánach domsa, is dócha, bheith ag iarraidh súile an Aire a oscailt faoi chomh craiceáilte – nó crackáilte – is atá a chur chuige.  Ní h-amháin go bhfuil sé crackáílte ach tá sé dainséarach.   Is é an Aire McCausland an Aire is dainséaraí, dar liom, ó thaobh todhchaí an Tuaiscirt.   Má eiríonn leis a mheon aigne a chur i bhfeidhm, beidh an scoilt seicteach daingnithe go buan ó thuaidh.

Ní h-é nach dtuigeann an Aire an méid seo.  Ar thrachtaireacht eile dá chuid, léiríonn sé go tuisceanach an léargas atá aige ar an chaidreamh idir an dhá chultúr ó thuaidh.    Ar ndóigh creideann seisean go bhfuil sé ag díriú ar spotsholas ar mhíthuiscint dhuine eile, sa chás seo Monica McWilliams, seachas ag cur a thuairim scoilteach féin i láthair an phobail.  Leag Monica a méar ar an bhfadhb in oráid a thug sí deich mbliain ó shin:

Closer to home the unionist-nationalist divide still remains strong. Perhaps one of the saddest developments in recent years is how cultural identity has been used to exacerbate this divide. It is doubtful if either Cuchullan (sic) or Douglas Hyde would have recognised the cultural battles that are taking place in their name. Faced with an increasing Irish language and cultural hegemony, Unionists have responded with an inflated Ulster-Scots identity, that they police in terms of parity of financial and esteem equity. This is the ‘black pig’s dyke’ defensive mentality in practice.

Tugann an Aire freagra ar seo ina bhlag ag rá do:

(1) She ignored the fact that the Gaelic revival at the end of the 19th century, led by men such as Douglas Hyde, gave rise to Irish cultural nationalism.

Niorbh aon ‘náisiúnaí’ chultúrtha é Dubhghlás de hIde sa tslí atá luaite ag an Aire.  Ba dhuine é a ghlac seasamh laidir in éadan polaitiú na teanga, ach sin rud nach dtuigfeadh Nelson atá ar a sheacht dicheall a pholataíocht a bhrú anuas ar chultúr agus ar theanga na Gaeilge.

(2) She referred to an ‘increasing Irish language and cultural hegemony’. The word hegemony means ‘dominance, especially by one social group over others’.

Tá’s ag an saol mór nach bhfuil an Ghaeilge ag imirt cos ar bholg ar chultúr ar bith, gur teanga agus cultúr ‘ar an imeall’ í ina dtír dhúchais féin.   B’fhearr linn nach amhlaidh a bheadh – ach sin mar atá.

(3) She also said that there was ‘an inflated Ulster-Scots identity’. In fact there is nothing inflated about an Ulster-Scots identity. It is an important part of our cultural diversity and a significant strand in our cultural history.

Is cinnte gur cuid tabhachtach dár n-éagsúlacht agus stair chultúrtha í an Albainis Uladh agus an cultúr a ghabhann leis an teanga.  Ach ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil sí ‘ataithe’ nó, dar liomsa, curtha as a riocht ag polaiteoirí ar nós Nelson agus iad sa tóir ar chultúr a sheasfadh an fhód leis an Ghaeilge.   Níl aon chinnteacht ann gur teanga ‘Aondachtach, Protastúnach’ í an Albainis Uladh, fiú má ghlacann tú gur teanga í sa chéad dul síos.   Is é sin ‘bréag mór’ na hAlbainis Uladh.

Tá bréag beag an Boord  faoi chaibidil san Irishman’s Diary ag Frank McNally.   De réir dealraimh tá ‘fada’ na Gaeilge á úsáid in ainm an Bhoird ar shlí nach bhfuil bunús dá laghad leis.

Since that body was set up under the Belfast Agreement, I had always been curious about its use of the accent on the E in “Ulstèr”. So while interviewing the agency members later, I asked what effect it had on the word. And I was rather surprised when a member of the delegation admitted candidly that it had no effect: “We just thought it looked good”.

At the time, I was inclined to agree that it did look rather fetching. And that, what with its distinctive leftward slant, it nicely mirrored the accent used on the North’s other minority language, with which Ulster Scots compete for funding.

Níl aon cleas nach n-úsáidfear sa chogadh chultúrtha seo atá á fhearadh ó thuaidh, is cosúil.

Comments (9)

Tags: ,

Allasdar i dTalamh an Íontais

Posted on 11 March 2010 by igaeilge

Is náireach agus is gránna an íonsaí is déanaí atá déanta ag Jim Allister – Bigóideach Mhór an TUV, Páirtí na mBiogóidí – ar an nGaeilge.  An uair seo tá sé ag iarraidh ceist a thogáil faoin mhaoiniú don Chultúrlann a tugadh an ‘solas glas’ do le déanaí.

Tá an airgead seo á lorg le blianta fada – agus tá ard mholadh ag dul do lucht na Cultúrlainne as ucht leanúint leis an bhfeachtas an fhaid seo in ainneoin an easpa tacaíochta phraicticiúil dar liom a tháinig ó pholateoirí ó pháirtí ar bith.

Ach seo é Jim Biogóidí Mhic Allasdar ag caitheamh anuas ar an mhargadh agus ag iarraidh a chur in iúl gur ‘margadh ar an taobh’ é ó cainteanna Chaislean Chromghlinne.  Tá súil agam nach amhlaidh atá mar ba cheart go raibh an airgead seo ann fadó ach go raibh airí cultúr an DUP ag cur moill ar an airgead chomh fada agus ab fhéidir leo.

Bhí go leor ócáidí sa Chultúrlann i gcaitheamh na mblianta – ina measc ocáidí ar a fhreastal aondachtaithe móra le rá.   An rud nach dtuigeann Jim, is cosúil, go bhfuil cead ag grúpaí pobail sa cheantar an halla a fháil ar chíos agus a rogha imeacht a reachtáil ann.

An rud nach dtuigeann sé, fosta, mar nach maireann sé sa bhfíor shaol chomhaimseartha ach an saol a chaitheann an iar Fheisire ina thalamh íontasach féin. go mbaineann daoine ó gach pobal úsáid as an gCultúrlann agus mar sin nuair a deir sé nach ‘airgead don phobal aondachtach’ an t-airgead a tháinig faoi dheireadh thiar ón Roinn Chultúir, tá sé go h-iomlán mícheart agus míchruinn.

Ina ráiteas, atá ar fáil anseo, tá an méid seo le rá aige:

“It has been claimed by both Sinn Fein and the SDLP that the DUP had been holding up the money until now. Has there been a change of heart? Is it yet another side deal for Republicans arising from the Hillsborough negotiations?”

Ar ndóigh tá sé fíor go raibh an DUP ag iarraidh moill a chur ar an airgead.  Ach tá an rás sin rite anois.   Ach ceapann Jim gur féidir leis an clog a chur ar chúl agus an sean am a thabhairt ar ais.

Beag an baol.

Comments (1)

Tags: , , , , , , ,

Fiosrú nua faoi chás Dhónal de Róiste: Cás Dreyfuss na hÉireann

Posted on 11 March 2010 by igaeilge

Tuigtear dom go bhfuil fiosrú nua Rialtais le bheith ann faoi chás an iar oifigigh in Oglaigh na hÉireann, Dónal de Róiste.

I 1968 cuireadh iachaill air Dhónal, ar dhriothar é le hAdi Roche, eirí as an Arm agus é 24 bliain d’aois.  B’é Uachtarán na linne, Eamon De Valera, ar ordú ón Rialtas, a chuir iachaill air seo a dhéanamh.

Tá go leor liamhaintí ann faoin chás seo agus nuair a deineadh an cás a fhiosrú theana, d’eisigh Aire Cosanta na linne, Willie O’Dea,ráiteas ag tabhairt le fios gur léirigh taifead na nOglach go raibh an cinneadh ceart agus cóir.

De réir leabhar a scrígh an údar, Don Mullan, “Speaking Truth To Power’, tá an scéal níos casta ná sin.

Ag an am, i 1968, deineadh De Róiste a cheistiú ar feadh roinnt laethannta ag ceannaras na nOglach.  Nior cuireadh ar a thriail é.  Níor cúisíodh é.  Is amhlaidh gur díbríodh as an Arm é, le leas na seirbhíse a dhéanamh.

Anois tá fiosrú eile le déanamh ar an gcás.  Mar thoradh ar rún a mhol na Seanadóirí Eoghan Harris agus Joe O’Toole sa Seanad, tá an fiosrú seo orduithe agus seans, b’fhéidir, go nochtfar an fhírinne an uair seo.

Seo sliocht ó alt san Irish Examiner faoin chás agus na cosúilachtaí idir é agus cás Alfred Dreyfus, an oifigeach in Arm na Frainnce, atá mar chás ‘celebré’ i stair na tíre sin.

Having read Mullan’s book, I can’t help but draw parallels between de Róiste’s case and that of Alfred Dreyfus at the end of the 19th century.

Dreyfus was a Jewish officer in the French army, falsely accused of spying and treason and locked up for years on Devil’s Island.

The similarities arise from the fact that almost as soon as Dreyfus was convicted (by a secret court martial) everyone involved with the case came to know the identity of the real culprit. But rather than admit a mistake, cover-up after cover-up was perpetrated.

Eventually, the famous French writer, Émile Zola, became convinced of Dreyfus innocence.

He wrote and published a famous open letter to the president of France, highlighting the injustice involved. His letter was known as “J’Accuse” (I accuse) and in it he set out an entire list of people who were involved in the original injustice to Dreyfus, as well as others who knew and did nothing to prevent it.

He accused seven senior officers of being involved, three handwriting experts of contributing to the deceit, and he accused the French department of defence of using media manipulation — spin, we would call it nowadays — to cover up its own involvement in the destruction of Dreyfus.

Zola’s accusations were so outrageous that he was put on trial for slander and defamation. But, guess what? They all turned out to be true. The Dreyfus case was one more example of a system unable to admit an injustice, because to admit it would reflect badly on the system.

I have a funny feeling that sooner or later, Don Mullan will be seen as a modern Zola.

I DON’T think I’ve ever met de Róiste. He is the brother of Adi Roche, one of the people I admire most.

When Adi was running for the Presidency some years ago, some fairly vicious people resurrected the story of her brother’s “disgrace” (which would have happened when Adi was about 14) as part of the dirty campaign against her — a campaign that is now fairly widely acknowledged as being one of the dirtiest ever seen in Ireland.

I advised Adi throughout that campaign, and was foolish enough to believe the Irish media would not use the Dónal de Róiste story. But use it they did, and, to this day, some of them haven’t suffered a pang of shame.

Beidh le feiceáil cén toradh a bheidh ar an gcás seo.  An bhfaighidh Dónal de Róiste cothrom na féinne faoi dheireadh?

Comments (3)

Tags: , , , , ,

Hamlet, An tAire agus An Chaighdeán Oifigiúil

Posted on 10 March 2010 by igaeilge

it is a custom
More honor’d in the breach than the observance

Sliocht ghairid ó dhráma Shakespeare, Hamlet, a ritheann liom ar chloisint an scéil go bhfuil sé fógartha ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon  O Cuív, go bhfuil sé le coiste a cheapadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil.

Anois tá cloiste agam faoin Chaighdeán Oifigiúil – ach ní dluth cháirde sinn, mar is léir duit is dócha freisin.  Dá mbeadh leathnach ag An Chaighdeán Oifigiúil ar Facebook, ní fheadar an mbeinn ina chara leis.     An mbeifeá?

Is dócha gurb iad na focail seo, ón bpreas raiteas, na focail is mó a spreagfaidh meangadh ar m’aghaidh agus, cá bhfios, d’aghaidh freisin.

Ceapfaidh an tAire Coiste Stiúrtha leis an athbhreithniú a chur chun cinn,

Is iomaí coiste atá ceaptha ag an Aire i gcaitheamh na mblianta. Dá luaithe iad a bheith ceaptha cailleadh iad in áit eigean ar Oileán Chragaí, amhail leis an dream úd ar an oileán sin sa sraith theilifíse, Lost.  Murach nod sin do ‘Ar Son Na Cúise’, ní fheadar cad é!

Coiste 'An Chaighdeán Oifigiúil' ag a gcéad cruinniú

Deirtear sa phreas raiteas go mbeidh ballraíocht an choiste á fhógairt ag an gcéad cruinniu.  Fuair iGaeilge griangraf de bhaill an choiste  agus foilsímíd go h-eisiach anseo ar chlé an ghriangraf sin.  Féach an aithníonn sibh aoinne ann.

Is cosúil go mbeidh ‘proiseas céimnithe’ ar bun san athbhreithniú seo.  Agus beidh dhá chéim comhairliúcháin ag gabhail le gach céim athbhreithnithe.  Deirtear sa phreas raiteas go mbeidh an chéad chéim reidh faoi Mheitheamh 2011 (tá súil acu!).

Beidh íontas orm má tharlaíonn sin ós rud é nach cuimhin liom tuairisc ar bith ó choiste a roghnaigh an Aire a bheith foilsithe de réir an sceidil a bhí geallta ar an lá a seoladh é.     Ach sin scéal eile.

Tá an méid seo le rá ag an Aire ina ráiteas:

“Cúis mhór áthais dom an togra stairiúil seo a fhógairt ag tús Sheachtain na Gaeilge. Tá teangacha orgánach agus athraíonn said thar na glúinte. Tá sé tábhachtach go bhféadfadh an Caighdeán Oifigiúil freastal ar riachtanais na haoise seo.

Aithnítear anseo gur rud beo an teanga agus go n-athraíonn siad thar na glúinte.   Agus sa chéad abairt eile deir sé go mbeidh sé ag súil le Caighdeán Oifigiúil a dhéanfaidh ‘freastal ar riachtanais na h-aoise seo’.   Is léir ón méid go bhfuil an Aire idir dhá thine Bealtaine – nó má tá an teanga de shíor ag athrú, chun feabhais nó chun donais (mar a chreideann go leor), cén mhaith ag a bheith cumadh proisis chun Caighdeán Oifigiúil a ullmhú a dhéanfaidh riar ar riachtanais na h-aoise seo.   Fán am a bheidh an chéad chéim den athbhreithniú foilsithe, beidh an teanga imithe chun tosaigh air.   Is cinnte gur proiseas é seo nach mbeidh aon deireadh leis agus go bhfuil sé dírithe ar ‘theanga riaracháin’ seachas ar rud ar bith eile.   Trath cheiliúrtha do lucht an aistriucháin!

Más é seo an freagra atá ag an Aire, chun tús a chur le ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge, ar imeachtaí ón bpobal aníos ar nós ‘Rith 2010,  b’fhéidir nár mhiste go bhfuil a ainm á lua go tréan le bogadh ón Roinn seo in athshuathadh na Comhaireachta atá á thuar ag trachtairí pholatúla.

Léiríónn sé a easpa shamhlaíochta agus chomh as tiúin atá sé le cainteoirí na Gaeilge sa phobal.

Comments (6)

Tags:

Rith 2010 – anois tá ‘Gluaiseacht na Gaeilge’ ag gluaiseacht

Posted on 10 March 2010 by igaeilge

Tá mé spreagtha ag tús Rith 2010 thar mar a bhí mé le fada an lá.    Is íontach go deo an obair atá déanta ag Siobhán Seoighe agus lucht eagraithe Rith 2010 chun an seó seo a chur ar bhóithre na tíre – ach is íontaí fós an smaoineamh.

Tá Gluaiseacht na Gaeilge – idir óg agus aosta – ag gluaiseacht faoi dheireadh.   Agus sibhse á léamh seo tá lucht reatha Rith 2010 ar a mbealach ó dheas ó Iúr Chínn Trá agus seachtain ón lá inniu tá an Rith ag criochnú i nGaillimh. Thosnaigh sé aréir ag Cultúrlann McAdam O Fiaich. Nuair a chriochnóidh sé ar an Fhaiche Mhór ar an lá sin, osclófar an maidín atá i seilbh an reathaí dheireannaigh agus léifear an teachtaireacht istigh ann ó Uachtarán na hÉireann.

Maith sibh a lucht reatha – agus tá súil agam sibh a fheiscint i Múscraí ag an deireadh seachtaine le h-aghaidh mo sheal sa rás sealaíochta is mó riamh in Éirinn.

Comments (1)

Tags: , , , ,

Go raibh vóta ag gach Éireannach

Posted on 10 March 2010 by igaeilge

Tar éis tús a bheith curtha le feachtas Facebook inné ar shon Trevor Sargent a chur chun tosaigh mar iarrthóir d’Uachtarántacht na hÉireann, más amhlaidh go thoilíonn sé bheith san áireamh, tá ceist curtha ag cúpla freagróir ar fiú é a phlé leis féin.

Is féidir le gach saoránach in aois a 35 ar an oileán seo a ainm a chur chun tosaigh don Uachtarántacht.  Má fhaigheann an saoránach an tacaiocht cuí ó 20 bhall Oireachtais nó ceithre chomhairle chontae – cáilíocht atá ualaithe i dtreo na buainíochta agus nach bhfuil ceart nó cóir ann féin – beidh a (h)ainm ar an bpaipéar ballóide.

Ach más amhlaidh gur saoránach atá ann atá cónaí air nó uirthi ó thuaidh den teorainn, beidh cead ag an iarrthóir bheith ar an bpáipéar ballóide cinnte ach ní bheidh cead ag an iarrthóír nó a chomharsain votáil ar a shon sa toghchán.

Go dtí seo áfach, ní raibh aon fheachtas le dealramh ann chun tabhairt ar na h-údaráis ó dheas an riail amaideach seo a athrú.   Más saoránach Éireannach thú in aois votála, nach cuma cé acu an bhfuil cónaí ort i mBéal Atha an Ghaorthaidh, Béal Atha na Muice nó Béal Feirste, ba cheart go mbeadh cead agat votáil ar son Uachtarán do thír.

An moladh atá déanta agamsa go mbeadh iarrthóir aontaithe ón tuaisceart, iarrthóír ar nós Peter Quinn nó Inez McCormack, go mbeadh na pairtithe pholatúla ar shuim leo cearta na nÉireannach agus grúpaí eile, an CLG is Comhaltas is Conradh na Gaeilge is na Ceardchumainn, ainmnithe mar iarrthóir don toghchán an bhliain seo chugainn.     Creidim go bhfuil sé tabhachtach go mbeadh iarrthóír ‘aontaithe’ ann agus ná beadh pairtithe pholatúla ag troid ina measc féin mar gheall ar cé acu Sinn Féineach nó SDLPach an duine sin.

Ar aon nós, ba cheart go mbeadh manna simplí amháin ag an iarrthóir seo. Tabhair vóta domsa chun go dtabharfaí vóta do gach saoránach Eireannach ar oileán na hÉireann.

Chuir mise tús leis an fheachtas inné ar son Trevor Sargent mar cheapas – agus ceapaim – gurb é an duine is fearr don phost seo ag an am seo.  Ach cinnte thacóinn le feachtas a bheadh dírithe ar deireadh a chur leis an gcosc míchóír ar gach saoránach Éireannach vóta a bheith againn dár gCeann Stáit.

Creidim san Éire Aontaithe freisin.  Ní chreidim i leagan SF d’Éire Aontaithe, nó fiú i leagan an SDLP.  Ach creidim gur feachtas é seo atá ceart agus cóir agus, chomh tabhachtach le sin ar a laghad, is féidir tacaíocht an phobail mhóir ar fuaid na tíre a mhealladh chuige.

Chuige sin táim chun tús a chur inniu le feachtas eile Facebook, Vóta ag Gach Saoránach/A Vote For Every Citizen.   Scaipigí an scéal….

Comments (20)

Tags: , ,

Trevor Sargent don Uachtarántacht

Posted on 09 March 2010 by igaeilge

Trevor Sargent ag bronnadh féilire ar an Uachtarán Mhic Giolla Íosa

Fuaireas cuireadh ó chara ‘Facebook’ clárú im leantóír ar an leathnach ‘Senator David Norris for President’.    Caithfidh mé a rá go bhfuil an mheas agam don Seanadóir a sheas an fhód ar son daoine aeracha sa tir seo nuair ba bheart é sin ná raibh aon duaiseanna ag dul dá leithéid.   Chuir a dhúshlán do dhlí a chuir cosc ar homaghnéasachas, dlí a ghlacamar  mar ‘oidhreacht’ ó leabhair reachtaíochta na Breataine mar ba dhli é a bhí i réim ó 1861 go dtí na nochadaí sa chéad seo chaite.    Is cinnte go mbeadh an Seanadóir ina Uachtarán fhónta, fiú is nach bhfuilim ró chinnte faoin dearcadh atá ag an Seanadóir i leith na Gaeilge agus nach féidir liom a shamhlú go mbeadh duine ina Uachtarán ar an dtír seo gan é bheith líofa sa Ghaeilge nó toiltheanach ar a laghad tabhairt faoi í a fhoghlaim le diograis.

I gcead don Seanadóir, áfach, b’fhearr liomsa mo thacaíocht a thabhairt do dhuine eile nach bhfuil tar éis a rá go fóill go mbeidh sé ina iarrthóir don Uachtarántacht.   Is é Trevor Sargent, TD, Iar Aire Stáit, an duine sin.

Rinne Trevor an rud ceart i gcónaí ina shaol pholatúil mar a léiríonn an eachtra a thug air eirí as an Aireacht.   Nuair a tháinig duine ón toghcheantar chuige ag iarraidh a chabhair air, rinne sé sin.   Bhí an t-é a bhí ag lorg cabhair tar éis gearán le tuismitheoir pháiste a bhí ag scriosadh comharthaí bóíthre san eastáit ina raibh cónaí air.  De bharr an trioblóid sin a tharraingt air fein cúisíodh í as ucht iompar bhagarthach.     Sheol an Teachta Sargent litir chuig na Gardaí ag cur a súile nár léir go raibh an scéal iomlán ina seilbh agus ag moladh dóibh breis fiosruithe a dhéanamh.

Mar gheall ar an scéal a thug an Evening Herald chun solais, ba léir go raibh sé místuama an litir sin, mar a bhí sé scríte aige, a sheoladh agus, laithreach, thuig sé go raibh air eirí as in áit ‘Willie O’Dea II’ a dhéanamh de féin.   Rinne sé amhlaidh agus níl cloiste uaidh ó shin.

Creidim gur léirigh an eachtra sin go bhfuil an dignit agus an meas aige ar an mBunreacht a sheasfadh leis agus é ina Uachtarán.

Ar ndóigh, tá go leor cúiseanna eile chun é a thoghadh agus nior cheart an fhócas iomlán a leagadh ar an slí ar eirigh sé as.  Is ceannródaí é ar son na timpeallachta agus ar son chaighdeáin árda i ndorchlaí na cumachta.    Má tá an Chomhaontas Glas chun éinne a chur chun tosaigh is é Trevor an fear.

Anuas ar sin aithnítear Trevor mar cheannaire ionraic taobh amuigh dá thoghlach pholatúil féin.  Agus is é sin an rud is mó atá ag teastáil chun iontaoibh an phobail sa chóras pholatúil a thuilleamh.    Is é Trevor an fear cheart ag an am cheart.  Níl a fhios agam an bhfuil aon spéis aige sa phost – b’fhéidir go m’bhfearr leis bheith

Comments (13)

Tags: , , , , ,

Imeacht pholatúil eile agus súil ‘eile’ Nuacht TG4

Posted on 08 March 2010 by igaeilge

D’eirigh Martin Cullen as an Aireacht Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta is a shuíochán Dála trathnóna inniu de bharr cúinsí sláinte.    Ní eirí as gan coinne é seo ach, ag an am chéanna, fagann sé an Chomhaireacht agus an chuma air gur long é atá ag dul béal faoi agus na franncaigh ag teitheadh ón soitheach chomh tapaidh is a mbéarfaidh a gcosa iad.

An rud is annamh is iontach, bhí mé ag faire ar Nuacht TG4 anocht [an craoladh beo seachas an craoladh idirlín] agus bhí tuairiscí tiubh agus te ag teacht ón gComhfhreagraí Pholatúil, Ronán O Domhnaill faoin scéal seo a bhí ar tí ‘briseadh’ [faoi mar a bhrisfeadh ubh lofa i do phóca ag cruinniú phoiblí baincéirí?]

Ar aon nós, bhí súil le fógra foirmeálta ón dTeachta Dála ó Phort Láirge uair eigean anocht agus, b’fhéidir, le linn chlár nuachta TG4, rud a bheadh ina bónas deas do staisiún Bhaile na hAbhann dá dtárlódh sé.  Bhí tuairisc acu sa channa agus muintir na nDéise á chur faoi agallamh faoi ‘imeacht a nAire’ agus craoladh é sin ar eagla na h-eagla.

Sa deireadh thiar, níor fhógair an Aire a eirí as go dtí 7.30in agus Nuacht TG4 díreach criochnaithe.  Ach amháin nach dóichí go bhfuil a fhios ag an tUasal Cullen Nuacht cé acu an bhfuil Nuacht TG4 ann nó as, cheapfá gur díoltas pearsanta a bhí á ghlacadh aige as ucht rud éigean a thárla roimhe seo.

An rud is mó a chuir as dom faoi thuairisciú Nuacht TG4 ar an imeacht pholatúil eile seo, an ceathrú imeacht ó bhínsí an Rialtais i gceithre sheachtain, gur dhírigh an clár nuachta ar an eifeacht áitiúil pharóistiúil i bPort Láirge seachas ar na h-earnálacha a raibh faoina chúram mar aire; Ealaíon, spórt agus turasóireacht.

Cá bhfuil bhúr súil eile imithe, Nuacht TG4?   Níl a fhios agam an raibh eifeacht dá laghad ag Martin Cullen ar shaol an ghnath Dheiseach [seachas ná raibh sé ábalta seasamh ar a son nuair a chaill oibrithe Ghloine Phort Lairge a bpostanna].

Ach nach bhfuil sé bailí agus nuachtúil a fhiafraí ar cheannairí agus pearsaí móra le rá i réimsí na n-ealaíon, an spóirt agus na turasóireachta cén oidhreacht pholatúil ar fhag an Chuilineach ina dhiaidh.   Ní raibh sé bailiú nó nuachtúil de réir chlár oibre nuachta Nuacht TG4 anocht.   Ní paróistiúil go dtí é. [Ní bheadh sé cothrom gan a lua go raibh coimriú réasúnta ar ghníomhré pholatúil an tUasal Cullen ag Irene Ní Nualláin cé gur iarracht a bhí ann an iomarca eolais a bhrú isteach i mbeagán ama, ba léir]

A fhaid is atá an cur chuige seo ag comhfhreagraithe pholatúla na meáin, ní bheidh aon athrú ar an saol pholatúil sa tír seo.  Tá chuile rud ag brath ar cé acu an bhfuil nach bhfuil Aire i do Dháil cheantar agus, anuas ar sin, an bhfuil sé nó sí ábalta a dhothain votaí a ghnóthú ‘óna thaobh’ den Dháilcheantar agus más féidir leis, bhuel, ní bhacfaidh sé leat in aon chorr!   Sin é ár dtaithí ar an Aire Oideachais, Batt O’Keeffe, mar shampla, nár thóg a láimh chun rud ar bith a dhéanamh maidir le cur chun cinn an Ionaid Náisiunta Oideachais don Ghaeilge ag Coláiste Iosagáin atá ar an dtaobh mícheart dá thoghcheantar.  Ach sin mise ag eirí paróistiúil!

Is mór an trua nach bhfuil fíor súil eile againn i dtuairisciú nuachta na tíre seo go fóill beag!

Comments (0)

Tags: , ,

Ón mblag go cló

Posted on 08 March 2010 by igaeilge

alt liom san ‘Irishman’s Diary’ san Irish Times ar maidin, ag moladh úsáide Ghaelaigh do na h-eastáit sí atá ar fuaid na tíre tar éis imeacht ar fán an Tiogair Cheiltigh.    Ach ní bheadh alt ar bith ann gan an spreagadh a fuair mé ó lucht iGaeilge a spreag mé chun pínn.

Le tamall anuas, tá beagán dochais caillte agam mar iriseoir de bharr go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil mé ar ‘liosta dubh’ de shórt éigean a chinnteoidh nach mbeidh mo ghuth le clos i leithéidí ‘Gaelscéal’ is eile.   Is cosúil go bhfuil an méid atá le rá agam beagáinín ró chonspóideach.

Ach fuaireas spreagadh ó Shéamus Mhic Seáin – cé eile?- i bhfreagra a chuir sé ar thrachtaireacht uaim faoi ‘Ghaeltacht 2.0′ agus chuir mé peann le pár (go leictreonach) agus is é alt na maidine san Irish Times an toradh ar sin.

AN IRISHMAN”S DIARY

CONCUBHAR Ó LIATHáIN

GHOST ESTATES are a recent phenomenon. Housing developments lie empty throughout the country, thanks to the magical disappearing act of the Celtic Tiger. Being a recent Irish phenomenon, it has taken a little time for Irish language wordsmiths to come up with a translation.

“Eastáit na Si” or “Fairy Estates” is, of course, open to misinterpretation in today’s sexually-oriented parlance, but is an elegant Gaelicisation of this modern landmark feature and can be linked to the longstanding regard in which the Irish have held the “little people” or those from an “domhan eile”.

Traditionally, fairy forts have been respected lest the disturber would incur the wrath of the fairy folk, accounts of which feature in Sinéad de Valera’s much loved books of fairy tales.

The problem of an Irish language translation for the term ghost estates hasn’t been vexing our political rulers too much of late, however, as they have been grappling with the question of what will happen these vacant hamlets if they lie unoccupied for too long.

There may be a magical solution to the phenomenon of ghost estates/eastáit na sí which would result in the almost instantaneous occupation of these homes by Irish-speaking families.

My proposal is to designate a number of these estates as new Gaeltachtaí. There hasn’t been a new Gaeltacht, officially, since 1956, when the current boundaries for the Irish- speaking areas were set in legislation by Patrick Lindsay, the then Minister for the Gaeltacht.

There have been other attempts to establish Gaeltachtaí by dedicated communities in Cork and Belfast and these have had spectacular success with a significant benefit to society as a whole – though they haven’t received official recognition.

In Belfast, the Shaws Road Gaeltacht led to a renaissance in the Irish language in west Belfast, a revival which in turn generated a resurgence in the economy and confidence in that quarter of the city.

The new “Gaeltacht” in Cork, Ard Barra, led to the establishment of Coláiste an Phiarsaigh and Scoil na nÓg and the success of these schools prompted the establishment of several more Gaelscoileanna on the banks of the Lee.

It’s as if the Irish language in the hands of those who love it and use it daily, and not in the dead hand of Government bureaucrats, had spread a magic dust which turned all it touched to gold.

Official efforts to revive Irish such as the Official Languages Act have had the effect of increasing bureaucracy without any visible benefit to the use of Irish among the people.

The banishment of the Celtic Tiger has led to the emergence of this new opportunity. The growth of Gaelscoileanna – there’s at least one in every county in Ireland now – throughout Ireland is an indication that should there be a way of dealing with the red tape, the families to turn these empty shells into happy homes are there. Whereas before it was prohibitively expensive, now it’s affordable.

As the Government is shortly to assume ownership of these estates, is it too much to ask that it might make them available for this and other uses of possible social benefit rather than plough them into the ground? Already a group has been established in Dublin, under the auspices of the Irish language organisation, Comhluadar, to explore the possibilities of establishing a new Gaeltacht in the capital.

AN ADDITIONA L area of growth for the Irish-speaking community has been the online Gaeltacht which is different type of “other worldly” Gaeltacht. “Gaeltacht ár linne, Gaeltacht ar líne/The Gaeltacht of our time is the Gaeltacht Online” is the motto of this new movement and its growth is rapid as increasingly Irish speakers connect with each other using platforms such as Facebook, Twitter and the blogosphere. All this Irish language activity online goes under the term “Gaeltacht 2.0”.

This St Patrick’s Day will be the second ever #lnag – netspeak for Lá na Gaeilge – and Irish speakers at all levels of ability are being encouraged to use their Irish on the web on that day. All we’re being asked to do is to include “#lnag” in the text of our communication to ensure it’s transmitted, tweeted and re-tweeted throughout the web.

The virtual Gaeltacht 2.0 and the vision of Gaeltacht of “Eastát na Sí” complement one another perfectly as the online Gaeltacht provides the tools to draw together those people who have the interest and the drive to set about this new challenge.

Neither of these is dependent on grant-aid to thrive – though they might benefit from State support in the form of a less bureaucratic approach by the druids of officialdom.

Táim ar ais ar mo shean léim, b’fhéidir.

Ar aon nós, bainigí sult as an alt agus tá súil agam go gcuirfidh sé leis an bhfeachtas Gaeltacht 2.0 a bhlathú ar líne agus Gaeltachtaí nua a thabhairt chun cinn ar fuaid na tíre…..

Comments (9)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES