Archive | April, 2010

Tags: , , , , ,

Faoi gheasa ag….’Triúr Sa Draighean’

Posted on 30 April 2010 by igaeilge

Triúr sa Draighean ag seinnt ceoil

Áilleacht.   Cad  is áilleacht ann?   Aoibh an gháire atá ar do bhean chéile?  Gan amhras.   Do pháistí?   Ar ndóigh.  An radharc siar ó Dhoire’n Chuillin?  Cinnte.

Tá liosta gairid de nithe sa tsaol seo a chreidim-se iad a bheith ‘álainn’.    Chuireas mír amháin eile leis an liosta gairid sin ar maidin.

‘Triúr Sa Draighean’ an dhluth cheirnín nua ó Pheadar Uí Riada atá ag seinnt a chuid ceoil féin ar an albam in éineacht le Martin Hayes agus Caoimhín Ó Raghallaigh, beirt bhfeidhleadóir nach gá a chur in aithne is ar éigean.

Níl ach cúpla rian cloiste agam go fóill – Tráthann an Taoide, amhrán – agus táim ag éisteacht le ‘N’fheadar’ faoi láthair.  Tá an ceol chomh milis is chomh gar don ghnámh ag an am chéanna is ar éigean go bhfuilim ag scríobh ach go bhfuil mo mhéara ag rínce ar an mhéarchlár.

Cé gur ceoltóir é Peadar a sheineann go leor ionstraimí, is an consairtín is mó a sheineann sé ar an albam seo.     Ach tá go leor ionstraimí eile le clos anseo freisin – tambura ón Ind ar ‘Tráthann an Taoide’ mar shampla, uirlis a thugann ghné ón domhan eile go píosa filíochta atá ag plé go díreach leis an dtaobh eile.     Dónal Ó Liatháin, m’athair nach maireann, a chum focail ‘Tráthann an Taoide’ ar iarratas ó Pheadar a raibh ag lorg dán le cur le fonn neamh ghnach a bhí cumtha aige féin.  Píosa é, idir ceol agus filíocht, a cumadh in onóir do Dhiarmuidín Ó Shúilleabháin, amhránaí, iriseoir agus ball de Chór Chúil Aodha, a cailleadh go tubaisteach i dtimpist ghluaisteán.   Ní h-é an t-aon bhall den Chóir a cailleadh go ró-óg agus bhí píosa ag teastáil chun cuimhne ár gcomrádaithe go léir a chuaigh romhainn a thabhairt chun cuimhne agus a chomóradh.

Tá an píosa, “Spórt/Fiach”, anois á sheinnt – fidil agus feadóg stáin.   Píosa lán le spraoi é seo a mheallann an éisteoir le laethannta na leanbaíochta a thabhairt chun cuimhne.

Tá naoi fhonn deag ar an sé rian deag ar an albam seo.   Albam é a sheasfaidh an fhód mar sheod d’ár gcultúir é ar feadh na mblianta romhainn – ach ná bac liomsa, téigí amach agus ceannaigí é agus tugaigí cluas do sibh féin.

Rud amháin eile a dhéarfaidh mé, go bhfuil píosa ceoil ar leith ar an albam tiomnaithe do Bharack Obama, Uachtarán nua thofa Mheirceá.   De réir an eolais a thug Martin Hayes do Pheadar, bionn babhta aclaíochta ag an Uachtarán gach maidin agus é ag éisteacht le ceol ar an iPod lena linn.  An rian deireannach a bhionn sé ag éisteacht leis, is é sin rian de chuid an banna ceoil ‘Lúnasa’.  Mar sin de is léir go mbaineann sé taithneamh as cheol traidisiúnta na hÉireann agus chreid an Triúr go mba chóir doibh píosa ceoil a chumadh do chun é a chur ag rínce.  Chreid siad gur cheart go mbeadh sé ina rínceoir maith ós rud é gur mhothaigh siad go raibh an éirim sin ann.

Ní fheadar an mbeidh éinne ábalta an píosa ceoil sin a sheoladh chuig Barack Obama le go mbainfeadh sé triail as.   Tá sé cloiste agam agus is ríl gleoite atá ann….ach ní h-aon rínceoir mise!

Comments (1)

Tags: , ,

Is maith liom….Goitse

Posted on 28 April 2010 by igaeilge

01Goitse

Fuair mé seo ó mo shean chomrádaí, Caomhán O Scolaí, inniu agus is íontach an spreagadh é go deo.   An chéad leathnach den chéad eagrán de Goitse – an nuachtán Ghaeilge áitiúil nua i dTír Chonaill.  Is cosúil go bhfuil sé féin agus Danny Brown páirteach san obair seo agus tá cuma an shnásta air.

Tá an phríomh leathnach seo chomh tarraingteach de phríomh leathnach is a chonaic mé in aon nuachtán, Gaeilge nó Béarla, riamh agus tá príomhscéal dúshlánach agus nuachtúil ann freisin, Cá bhfuil ár dTeachta Dála?   Ar ndóigh iarracht atá ann brú a chur ar an Rialtas an fothoghchán d’Iar Dheisceart Thír Chonaill a reachtáil leis an fholúntas a d’fhag Pat The Cope nuair a chuaigh sé chun na hEorpa a líonadh.

Ní gá a rá go bhfuil an scríobhnóireacht beacht agus pointeáilte agus nach bhfuil abairtí móra fada Gaelscéal anseo – bhí 44 focal i gcéad alt phríomh scéal Gaelscéal na seachtaine seo chaite.    Tá ceachtanna le foghlaim ó lucht Goitse ag na mór nuachtáin Ghaeilge.

Ach is sampla íontach é do Ghaeltachtaí eile.  Cén fath nach bhféadfaí nuachtán tarraingteach mar é a chur ar fáil i ngach Gaeltacht?

Sin smaoineamh le sinn a spreagadh…

Comments (20)

Paisean Faisean le dáileadh go h-idirnáisiúnta

Posted on 28 April 2010 by igaeilge

Is cosúil go bhfuil an clár, Paisean Faisean, a bhíodh ar TG4 le dáileadh go h-idirnáisiúnta agus go mbeidh sé le feiscint gan mhoill ar MTV.

Fiú murar thaitin an clár liom, thuig mé i gcónaí go bhféadfadh go mbeadh suim sa chlár taobh amuigh den tír seo.  Clár é a thagann go h-iomlán leis an dúil atá ag daoine i gcláracha gan morán céille.   Fiú mura dtaithníonn cláracha ar nós Paisean Faisean nó Big Brother nó The X Factor liom, taithníonn an clár le go leor eile agus seo an cruthúnas.

Tugadh cuireadh dom uair amháin bheith páirteach sa chlár – bhí orm a mhíniú don t-é a thug an cuireadh dhom go raibh mé – agus go bhfuil mé – pósta agus nach mbeadh mo bhean ró shásta dá mbeinn ag iarraidh éadaí a cheannach do bhean eile seachas í féin.

Ar aon nós, molaim lucht léirithe Paisean Faisean as an dea scéal seo… Is dócha go mbeidh slua mór féachana ag an leagan Bhéarla, Style Date.

Sílim go bhfuil deireadh le Paisean Faisean anois ar TG4 cé go bhfuil na h-athchraoltaí le feiscint go fóíll.  San eagrán is déanaí atá craolta tá mo shean chomrádaí Tomaí  O Conghaile, Seán O hAdhmaill agus Ciarán Mac Fhearghusa sa tóir ar an mbean, Sinéad….

Comments (0)

Tags: ,

Leagan Ghaeilge den ‘Royle Family’

Posted on 28 April 2010 by igaeilge

Agus mé ag eisteacht le clár Ronáin ó chianaibh, chuala mé é ag caint ar an gclár píolótach – Blas ón Taobh Abhus – agus chuaigh mé á chuardach.   Clár é seo ó mhac léinn óg, Danny Mac Eachmharcaigh, agus caithfidh mé a rá go bhfuil mianach ann.

An é seo leagan Ghaeilge den ‘Royle Family’?    Ar ndóigh tá an Ghaeilge deacair a dhothain le tuiscint murach de shliocht Chonallach thú- ach má chloíonn tú leis, gheobhaidh tú luach saothair.

Bainigí sult as….

Comments (0)

Tags: , , , , ,

Dráma ar chúl stáitse ag an Taibhdhearc

Posted on 27 April 2010 by igaeilge

Níl aon dráma ar an ardán ag ‘Amharclann Náisiúnta na Gaeilge’ – An Taibhdhearc – faoi láthair agus ós rud é nach mbeidh aon mhaoiniú á fháil ag an amharclann ón Roinn Ghnóthaí Pobail, Gaeltachta agus Comhionannais i  mbliana, gach seans nach mbeidh aon léiriú ar ardán na Taibhdheirce i 2010 ar fad.

Dála an scéil, thugas cuairt ar shuíomh na Roinne níos luaithe inniu.  Is cosúil nach bhfuil an scéal cloiste ag an Roinn go bhfuil ainm nua ar an Roinn – nach an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá ar an Roinn níos mó ach an Roinn Ghnóthaí Pobail, Gaeltachta agus Comhionannais.

Cad é mar gheall ar chomhlachtaí Ghaeilge sa Ghaillimh go gcaitheann siad ‘X Náisiúnta na Gaeilge’ a chur orthu féin?   Foinse isea ‘nuachtán náisiúnta na Gaeilge’ agus An Taibhdhearc an Amharclann Náisiúnta.

Fagfaimíd Foinse mar atá go fóill – cé go bhfuil seans agat votáil ar shon foireann iriseoireachta Foinse 1996-2009 do bhuaic gradam cumarsáide an Oireachtais anseo.  Fhaid is atá tú ann, b’fhéidir go ndéanfá votáil sna catargóirí eile fosta.

An rud a bhaineann leis An Taibhdhearc go bhfuil na dóirse dúnta ann ó bhí 2007 nuair a chuaigh an amharclann tre thine.  Tá daoine a deir go raibh meoin Bhoird na Taibhdheirce dúnta i bhfad roimhe sin.  Tá tuairiscí éagsúla ann faoin méid airgid a fuair an Taibhdhearc mar chúiteamh ar an dámaiste a deineadh – deirtear liomsa gur €180,000 a fuarthas ón gcomhlacht arachais.  Tá sé á thuairisciú ar Raidió na Gaeltachta gurb é an fhigiúir atá á thabhairt amach ag an dTaibhdhearc gur €120,000 atá i gceist.  Más fíor sin, ciallaíonn sé go bhfuil €60,000 imithe ar iarraidh nó, ar a laghad, as radharc.

Ach tá go leor a fhéadfaí a dhéanamh le €120,000 nó €180,000.   Cur le sin airgead a gheall an Roinn anuraidh ar an gcoinnioll go mbeadh airgead ag teacht ón gComhairle Cathrach agus bheadh cnapshuim deas ann chun obair dheisiúchán a dhéanamh.  Sna pictiúir a taispeanadh ar TG4 aréir, ní raibh aon fhianaise gur deineadh morán dochair don amharclann féin ach tuigtear go bhfuil dochar áirithe déanta don chóras leictreachais.

Níl aon airgead ag an gComhairle Cathrach chun tabhairt faoi bhailiú brúscair agus cúramaí eile dá leithéid agus mar sin de is beag seans atá ann go dtiocfaidh siad chun tosaigh le h-airgead do phlean uaillmhianach na Taibhdheirce suas le €900,000 a infhéistiú san fhoirgneamh.     Tá seo ráite ag an gComhairle faoi thrí leis an dTaibhdhearc.

An féidir go bhfuil an Taibhdhearc – nó ar a laghad an bórd stiúrtha – den tuairim gur féidir leanúint ar aghaidh amhail is nach bhfuil géarchéim sa gheilleagar agus go dtiocfaidh airgead ina dtreo mar, mar a dúirt Roisín Ní Dhuignáin, Cathaoirleach na hAmharclainne, ar Nuacht TG4, ‘is muidne an Taibhdhearc, is muidne Amharclann Náisiúnta na Gaeilge’.

I gcead do Roisín agus a comhleacaithe, níl tada náisiúnta faoin Taibhdhearc faoi láthair.  Dream beag ó chathair na Gaillimhe atá ar an mbórd agus ní fhacthas dráma ón Taibhdhearc anseo i Múscraí nó in aon ngiorracht dúinn le cuimhne na gcat.    Deirtear liom go raibh dráma brea, leagan Ghaeilge de The Cripple of Inis Meáin, ar an ardán ann anuraidh, léiriú de chuid Beairtle M. O Flatharta – ach níor chuaigh sé ar chamchuairt sa taobh seo tíre.

Ní féidir le h-aon dream Amharclann Náisiúnta na Gaeilge a thabhairt orthu féin gan meas mar is ceart a léiriú don méid atá ráite sa mhaíomh sin – má tá An Taibhdhearc náisiúnta, ba cheart go mbeadh a rian le tabhairt faoi ndeara timpeall na tíre ar fad, thuaidh agus theas.  Níl sin amhlaidh.   Ba cheart go mbeadh daoine ar an mbórd atá ionadaíoch ar phobal Ghaeilge na tíre.  Nil sin amhlaidh.    Ar an dul chéanna, níor cheart go mbeadh Amharclann na Mainistreach ag tabhairt an Amharclann Náisiúnta uirthí féin gan í bheith ionadaíoch ar phobal na Gaeilge nó ag déanamh riar ar an gcuid suntasach den phobal ar mhaith leo, anois is arís, dráma Ghaeilge a fheiceáíl ar ardán na hAmharclainne ar Shraid na Mainistreach!

Anuas ar sin, tá ceist eile ann.  Céard faoin airgead a raibh luaite i mbuiséad na Roinne leis an Taibhdhearc don bhliain seo ach nach bhfuil ar fáíl anois don amharclann de bhrí nach bhfuil an Roinn sásta leis an bplean ghnó atá curtha chun tosaigh ag an dTaibhdhearc.  Isteach is amach le €450,000 a bhí ar fáil don Taibhdhearc anuraidh – méid súntasach airgid.

Nár cheart an t-airgead sin anois a roinnt ar leithéidí an Chomhlachas Náisiúnta Dramaíochta – comhlacht atá náisiúnta gan aon agó nó ceist – agus compántais dramaíochta ar nós Salamandar, Aisling Ghéar ,  Fibín agus eile, compántais atá ag déanamh a seacht ndícheall dramaíocht na Gaeilge a bheathú trath na h-eigeandála eacnamaíochta, an trath is géire go bhfuil gá leis an dramaíocht céanna, dar liom?

Beag an baol go mbeidh an Roinn ag iarraidh an t-airgead atá coigilte leis an diultú don Taibhdhearc a threorú i dtreo dramaíocht na Gaeilge, cheapfainn, ach b’fhéidir gur bhfiú an cheist a chur mar sin féin.

Is léir go bhfuil gníomh nó dhó fagtha sa dhráma seo go fóíll.  Is mór an trua gur ar chúl an ardáin seachas i lár stáitse atá an dramaíocht seo ag titim amach.  Ag an am chéanna, déanfadsa iarracht an spotsholas a dhíriú i dtreo an aicsin….

Comments (0)

Tags: , , , , , , , ,

An Crisis – seod teilifíse eile ó TG4

Posted on 27 April 2010 by igaeilge

Foireann An Chomhairle Teanga

Is minic go mbím ag gearán faoi TG4 – ach níos minicí ná a mhalairt, bionn orm an ghearán a athscríobh dá luaithe is a bhíonn sé foilsithe agam mar go mbionn seod eile acu ar an scaileán.   Tá trí nó ceithre shraith i mbliana a chuaigh i bhfeidhm orm – Lorg Lunny, an sraith ceoil is fearr go dtí seo, Barr an Ranga (sraith brea ‘réalaíoch’ faoi shaol scoileanna ó thuaidh is ó dheas), Na Cloigne, an scéinséar Éireannach is fearr go dtí seo (chomh maith le na h-eagráin is fearr de Morse nó Wallander) agus anois seo chugainn ‘An Crisis’.

Ní raibh sraith grinn chomh maith leis ar chainéal Éireannach ó bhí CU Burn ann – agus, ar ndóígh, is sraitheanna iomlán difriúil óna chéile iad.   Bhí blaisín de na “Keystone Cops” ag baint le h-eachtraí Charlie agus Vinne Burn (beannacht Dé le h-anam Seán Mac Fhionnghaile, an Ghael uasal, a fuair bás le bliain anuas) agus cuireann ‘An Crisis’  ’Yes Minister’ agus ‘The Rise and Fall of Reginald Perrin”  i gcuimhne dhom nó tá an greann ann bunaithe ar imeartas focail, ar bheagán slapstick agus ar nosmhaireacht dhaoine.

Bhí páirt bheag agam féin i CU Burn uair – agus ní h-é gur aisteoir mór le rá mé.   Is amhlaidh gur Corcaíoch mé a bhí lonnaithe i mBéal Feirste ag an am agus nach mbeadh sé ró fhada dom taisteal go dtí Rann na Feirste don taifeadadh.   Ach ba phribhléid dom é – nó creidim go seasfaidh CU Burn teist na h-aimsire.

Tá An Crisis ar fheabhas.   Bíonn ‘crisis’ éigean ann gach seachtain – sa chlár deireannach bhí ‘réalt’ ann a bhí tar éis cocaon a bheith aige agus bhí ar Setanta de Paor, Príomh Fheidhmeannach gníomhach An Chomhairle Teanga (scig ar an bhForas?), ag iarraidh bealach a aimsiú chun go mbeadh a réalt, Diarmuid Darcy (Seán T. O Meallaigh), ábalta na duaiseanna a bhronnadh ag pháistí scoile a ghlac páirt i gcomórtas aistí.  In eagrán eile, bronnadh maoiniú ar nia leis an stiurthóir chun scannán a léiriú a chuirfeadh an Ghaeilge i mbéal an phobail.  Nuair a taispeanadh an ‘rough cut’, fuarthas amach ná raibh focal Ghaeilge ann!    Tá sé chomh h-amaideach, b’fhéidir, le bheith ag maoiniú nuachtán gan iriseoirí nó nuacht – ach sin scéal eile. Uaireannta bionn an fíor shaol níos greannmhaire ná an fhicsean!

Ar aon nós, ní fiú gach eagrán de An Crisis a aithris anseo.   Is féidir libh iad  a fheiceáil ar shuíomh TG4. Is cinnte dá n-eiseofaí ‘An Crisis’ ar DVD trath na Nollag go mbeadh áthas orm é a fháil mar bhronntanas!   Maraon le Na Cloigne, Rasaí na Gaillimhe agus The Running Mate.

Cé go bhfuil go leor réaltaí luaite le An Crisis, leithéidí Risteard Cooper (Apres Match) agus Michelle Beamish (Seacht agus eile), tá áthas ormsa réalt eile a fheiceáil agus a ainm in airde ar an scaileán.  Scriobhnóir é Antóin O Flatharta a chum agus a cheap ‘Ros na Rún’ – ní fheadar cad a cheapann sé faoin saol ar an sraid bhaile seo anois? – agus a scrígh drámaí ar nós ‘Gaeilgeoirí’ agus ‘Solas Dearg’.   Cé go bhfuil sé abhairín seafóideach comparáid a dhéanamh, tá sé ar chomhchéim dar liom le leithéidí Martin McDonagh nó Jimmy McGovern.  Scríobhann sé i dteanga na ndaoine – agus tá sé iomlán inchreidte.

Maith sibh TG4 as an sraith íontach seo, An Crisis.  Tá gradaim is buiochas na nGael – an dream mí bhuioch sin! – tuillte go maith agaibh!

Comments (0)

Tags: , , ,

Litir chuig Eagarthóir Gaelscéal

Posted on 27 April 2010 by igaeilge

Táim ag athfhoilsiú na litreach seo ó Ghabriel Rosenstock, an t-údar aitheanta, chuig eagarthóir Gaelscéal i dtaca leis an ghearán a rinne mé anseo faoin méid a bhí le rá in Eagarfhocal an nuachtáin sin ar an 16ú Aibreán, 2010, faoi ról an nuachtáin i dtaca le léirmheasanna.   Foilsíodh na litreach seo i nGaelscéal ar an 23ú Aibreán.  Níl sé ar fáil go fóill ar shuíomh Gaelscéal.

A chara

Deir sibh in Eagarfhocal na seachtaine seo caite ‘nach é gnó Gaelscéal é léirmheasanna móra litríochta a dhéanamh’.   Cé atá chun é a dhéanamh mar sin?  An bhfuil tú cinte nach bhfuil léirmheastóireacht tathagach ar leabhair, ar scannáin, ar dhrámaí, ar an gceol, is ar na healaíona eile, ar chláír teilifíse agus ar chláir raidió ag teastáil ó do chuid leitheoirí.

An bhfuil tú cinnte go mbeidh an chuid is mó acu sásta le blúiríní beaga eolais ar chuid de na nithe sin a léamh ó am go go ham., bluiríní ar geall le bolscaireacht bhaoth iad seachas anailís ghéarchúiseach.  An é sin an dearcadh atá ag lucht maoinithe an pháipéir chomh maith?  An sop in áit na scuaibe?   Más ea, is bocht an scéal é!

Saol amú saol gan scrúdú, a dúirt Sócraitéas. A mhalairt atá á rá agatsa: is é atá á rá agatsa ná go dteastaíonn uainne, do chuid leitheoirí, go mbeadh Gaelscéal neamhchriticiúil neamhcheisteach. Cá bhfuair tú an tuairim sin?  Nach é an dearcadh sin a d’fhag Éire sa riocht ina bhfuil sí faoi láthair.

Is mé agat go buíoch beannachtach

Gabriel Rosenstock

Comments (20)

Tags:

Poirtíní Béil ó thrasna Shruth na Maoile

Posted on 27 April 2010 by igaeilge

Ceann de na buaic phointí ón oíche a chaith na Filí Albanacha inár dteannta le déanaí na h-amhráin gleoite is na poirtíní béil a bhí á cheol ag Joy Dunlop……seo chugaibh blaiseadh.   Bain sult astu….

Comments (0)

Tags: , , ,

Cuairt filíochta agus luaidreáin an luaithreach

Posted on 21 April 2010 by igaeilge

Ní fhéadfadh an ghnath dhuine cur síos a dhéanamh ar Chuairt na bhFilí Albanacha go Múscraí aréir (Dé Máirt).  Ghlacfadh sé file chun sin a dhéanamh.    Ar ndóigh ní file mé – cé gur de shliocht filí mé – is iriseoir/ainniseoir mé.     Ach roinnfidh mé mo smaointe ar an ocáid libh ar aon nós.

Ritheann líne ó dhán a scrígh Seán O Riordáin liom agus mé ag meabhrú ar dhraíocht na h-oíche aréir san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne.  Ag tagairt do ar bhean a aithris dán ag an Dáimh Scoil i Múscraí tar éis gur fhreastail sé air, dúirt sé an líne seo: “Ní file an bean, ach filíocht”.

Leis an chaint go léir faoin scamall luaithrigh a d’eisigh an Bolcáin úd san Ioslainn, ba cheart a lua gur eirigh leis na filí agus na ceoltóirí seo teacht thar Shruth na Maoile gan aon dua ró mhór agus bhí oíche bhrea acu i gCorcaigh, i dTabhairne an Long Valley oíche Dé Luain, sara tháinig siad chomh fada le Múscraí. Ar aon nós, bhí fearadh na fáilte rompu chuig Múscraí,Aonghas Pàdraig Caimbeul agus Pàdraig MacAoidh, na filí, agus Shona Masson is Joy Dunlop, an cheoltóír agus an amhránaí faoi sheach.   Ag cur fáilte rompu bhí Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn, Peadar O Riada agus Gobnait Ní Chruadhlaoich, maraon le slua brea ón chomharsanacht.

Filí Mhúscraí agus na hAlban ag an Ionad Chultúrtha i mBaile Bhuirne an tseachtain seo

Idir ceol traidisiúnta nua chumtha agus sean amhráin, dánta ó óg agus sean, poirtíní béil agus jigeannaí, bhí oíche bhrea chultúrtha againn.   Agus fíon dearg is chnóanna ón gcomhlacht áitiúil, Bia Sláintiúil na hÉireann, mar sholáistí, bhí gach mian sásta, d’fhéadfá a rá.

Ag deireadh na h-oíche, bhí deoch agus comhrá againn sa Mhuileann agus thugas aghaidh ar an mbóthar abhaile.   Tá na filí anois ar a mbealach ó thuaidh go Baile Atha Cliath agus deirtear liom go mbeidh siad ag tabhairt cuairte ar Charraig Chaisil sara sroicheann siad an Ard Chathair.    Má bhionn deis agat dul ann, ná caill é.    Glanfaidh sé luaidreáin na luaithreach ód’ inchinnn…..

Beidh an chéad fhíseán ón oíche [thuas] ar fáil go luath – is amhlaidh go bhfuil sé uaslódáilte ach tá sé go fóill á phroiseáil.

Comments (5)

Tags: , , , ,

An Ghaeilge ina teanga rúnda?

Posted on 19 April 2010 by igaeilge

Agus sinn sáite inár ghnóthaí féin le tamall, nior thugamar faoi ndeara go raibh cúrsaí an tsaoil ag titim amach go fóíll.    An chuid is mó de na cúrsaí sin, ní bhaineann siad linn morán.  Níl aon radharc faighte againn anseo i Múscraí ar luaithreach bholcáin na hIoslainne ach seans gurb é sin an smúit ar mo ghluaistean!

Le linn na deireadh seachtaine, bhí imeachtaí éagsúla ag titim amach.  Bhí Ard Fheis an Chonartha ar siúl i Luimneach.  Anseo i gCúil Aodha bhí slán á fhagail againn lenár gcáirde Briotánacha a tháinig ar chuairt chomhcheangail agus beimíd ag tabhairt cuairte orthu sa Bhriotáin i mí Lúnasa.    Tar éis dúinn slán a fhágáil leo, bhí dhá lá cruaigh oibre romhainn ag glanadh amach ár sean teach nó táimíd bogtha go dtí teach nua anois leis an seoladh:  Doire’n Chuilinn, Cúil Aodha (seoladh níos fearr agus níos saibhre sa chultúr ná Hollywood LA!).

Aréir, bhí óglaigh Naomh Abán ag tabhairt aghaidh ar an Dhomhnach Mhóir i gCraobh Fé 21 Lár Chorcaí.  Ní raibh an t-adh leo – ach bhaineamar taithneamh as an gcluiche, oíche amuigh faoin aer, comhartha chinnte de theacht an tSamhraidh.

Agus anois táimíd ag ullmhú go dícheallach le h-aghaidh Cuairt na bhFilí Albanacha ar Mhúscraí oíche amarach, Dé Máirt 20 Aibreán, nuair a bheidh ceoltóirí, amhránaithe agus filí Mhúscraí ag cur fáilte roimh ár gcomh Cheiltigh go dtí an taobh ó dheas de Sruth na Maoile.

Sin réamhrá fada a dhothain agus níl aon bhaint aige le h-abhar na trachtaireachta seo.   Is é sin an íonsaí is déanaí ar an nGaeilge ag colúnaí i nuachtán Bhéarla.

Dar le David Kenny, ag scríobh do sa Sunday Tribune,  tá an Ghaeilge ró leathdránach ar go leor cúiseanna ach ar na cúiseanna seo go h-áírithe:

The chief problem with Irish was the humourless, dry way it was taught. Pádraic Ó Conaire’s ‘M’asal Beag Dubh’ (‘My Little Black Ass’) may have sounded like a Harlem porno mag, but was as interesting as watching donkey poo drying.

D’aontóinn le David faoi sin. Nior thaitin na scéalta sin liom ar chorr ar bith.  Bhain siad leis an aimsir chaite.  Asal beag dubh?  Ní fhaca mise asal riamh ach cois trá.  Ar ndóígh is ‘íomhá’ atá luaite go mór leis an Ghaeltacht an asal céanna, agus dhá chiseán móna ar a dhroim,  agus fear manntach le caipín á tharraingt.      B’fhéidir gur cheart do David amharc ar Nuacht 24 le teacht ar thuiscint éagsúil faoi abhar leitheoireachta pháistí na linne seo.

Ceist eile a bhí ag David, bhain sé lenár sean cara, Peig.

What gaeilgeoir fundamentalism also ignores is that Ireland loves English. Whenever we market ourselves abroad, we point to our great writers: Wilde, Yeats, Joyce. They all wrote in English, not Irish. Have you ever seen a souvenir tea towel with Peig Sayers’ face on it?

I gcead dhuit David, níl a fhios agam faoin ‘tea towel’ ach tá t-léine agam le aghaidh Pheig air agus is é an t léine is mó a thaithníonn liom é a chaitheamh na laethannta seo.     Tuigim go bhfuil an margaíocht á dhéanamh ar na scriobhnóirí móra Béarla – agus chaith ar a laghad beirt den triúr atá luaite agat cuid is mó dá saol thar lear.    Ní h-ionann sin agus a rá nach féidir aghaidheanna na scríobhnóirí Ghaeilge a úsáid freisin.  Is scríobhnóir le clú idirnáisiúnta é Seán O Riordáin mar shampla agus b’fhéidir gur cheart dúinn níos mó tairbhe a bhaint as.

Ach tuigim anois cén fath go raibh tú ag scríobh an ailt sin – agus nach olc le Gaeilge amach is amach atá i gceist.    Rud eile atá ann.

Schoolkids still don’t love Irish. RTé reported last week that more students are seeking exemption from doing it on learning-disability grounds. However, half of this year’s exempted Leaving students are sitting other language exams.

Some parents are using the exemption to get their children out of studying what they see as a difficult subject. It’s entirely understandable. Dropping Irish means a better chance of more points, which means a better chance of a job. Irish should not be compulsory for the Leaving Cert – its outcome is far too important.

Still, it’s perplexing to think that parents will brand their kids ‘special needs’ to get them out of doing something difficult. To teach them it’s okay to break the rules if you can get away with it. Maybe I’d do the same if I had kids. Maybe abusing the exemption is our generation’s revenge on Peig.

Díoltas é míúsáid na diolúine ar an míúsáid a baineadh as na glúinte dalta a cuireadh iacaill orthu staidéar a dhéanamh ar Peig.   Agus deineadh míúsáid ar Pheig freisin.  Nár deineadh eagarthóireacht ar a leabhar chun an leagan is measa den saol a léiriú ionas go mbeadh daoine buioch as an saol a bhí acu.  Dá olc é, ní bheadh sé níos measa ná saol Pheig ar an mBlascaod Mhór!

Sílim gur féidir linn cur síos a dhéanamh ar alt David Kenny sa ghnath slí – ionsaí eile ar an nGaeilge i nuachtán mhór Béarla, quelle surprise! – ach tá blaisín den fhírinne sa mhéid a deir sé freisin, go h-áirithe an abairt seo.

We had no need for Irish and were never given any reason to love it

Níl aon cheist ach go bhfuil grá agam don Ghaeilge – agus ag cuid mhór againn.  Ach ní mór dúinn smaoineamh ar an dream nach bhfuil an grá céanna don teanga, ar chúiseanna nach mbaineann le biogóidiocht nó rud ar bith eile den tsort sin.       Go deimhin is cosúil go bhfuil ár n-éilimh ar ár gcearta ag cothú breis fuatha agus fuachta don teanga.

Gaeilgeoir fundamentalism was a major turn-off. This fundamentalism was in evidence again in Clare last February. County councillors complained that they had spent €30,250 translating three development plans into Irish, but nobody wanted to buy them. Then-Gaeltacht minister Eamon Ó Cuív insisted the practice should continue nonetheless. Idiotic wastefulness like that turns people against Irish.

Cé dheirfeadh nach bhfuil an cheart aige?  Cé dheirfeadh nach n-iompaíonn cur amú airgid ar aistriúcháin nach léitear daoine i gcoinne na Gaeilge.   Iompaíonn sé mise i gcoinnibh an teanga – bhuel iad san atá ag brú an pholasaí mí amharach seo.

Nílim cinnte an bhfuil an cheart ag an iriseoir nuair a mholann sé mar reiteach:

Gaeilge can’t compete with that kind of marketing. For it to appeal to a wider audience it has to dumb down. It has to be conversational, not literary. It needs to be promoted as Ireland’s secret language. The one you can insult foreigners in, when they’re eavesdropping, for example.

Ach is cinnte go bhfuil plean nua ag teastáil chun an grá don teanga atá ionainn de réir gach pobal bhreith, an grá sin a mhúscailt.    An bhfuil aoinne ann atá ábalta tabhairt faoin dúshlán sin?

Sin í an phríómh cheist atá le freagairt chun go gcomhlíonfaí spriocanna an Dréacht Straitéis 20 Bliana don Ghaeilge.



Comments (4)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES