Táim ag bogadh tí amárach agus tá seachtain gnóthach caite againn ag iarraidh bheith ullamh don Eirí Amach seo. Mar sin ní raibh morán ama agam bheith ag blagáil.
É sin ráite, thárla sé gur chuala mé an diospóireacht inné ar An Ghlór Anoir [Dé Chéadaooin] idir Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus an t-é aatá ag dul san iomaíocht leis sa toghchán sin, Seán O hAdhmaill.
Sa chéad dul síos, is maith an rud é go bhfuil toghchán le bheith ann agus is comhartha maith é ar bheocht an Chonartha go bhfuil iomaitheoir óg fuinniúil ag an t-é atá sa phost sin faoi láthair,fear Thrá Lí,Pádraig Mac Fhearghusa. Dea theist ar a Uachtarántacht é an iomaiocht seo – i mblianta roimhe seo bhí baill an Chonartha ar nós cuma leo faoin toghchán seo agus fagadh ag an t-é a bhí ann an phost go dtí deireadh ‘tréimhse’ trí bliana.
Caithfidh mé a rá nár cheap mé gur léirigh Pádraig nó Seán na dea threithe a shamhlaím leo sa dhiospóireacht ar Raidió na Gaeltachta. Bhí go leor salachar á chaitheamh le linn na diospóireachta agus faoi dheireadh na h-argóna, b’é an cuma a bhí ar chúrsaí go raibh scoilt idir an Chonradh taobh amuigh de Bhaile Atha Chliath agus iad san atá sa Chonradh sa phríomh chathair le bheith ina phríomh théama sa toghchán seo.
Ba bhotún tubaisteach ag Seán O hAdhmaill ceist na gcostaisí a bhionn á fháil ag na baill de Choiste Ghnó an Chonartha a bhionn orthu taisteal ó gach chearn den tír a lua ós ard. Ní doigh liom go bhfuil aon bhall den Chonradh a shéanfadh praghas ticéad traenach is cupán tae ar bhall den Choiste Ghnó?
Ag an am chéanna ní mór a lua go raibh sé ag tabhairt freagra, chomh fada agus go dtuigim, ar thagairt dá phost mar Ghaeilgeoir atá ag saothrú slí beatha in earnáil na teanga. An oiread is go bhfuil sé ceart go mbeadh costaisí ar fáil do bhaill an Choiste Gnó le freastal ar chruinnithe, tá sé de cheart ag Gaeilgeoirí ‘gairmiúla’ bheith gníomhach sa ghluaiseacht agus iad féin a chur chun tosaigh i dtoghcháin d’ard phostanna an Chonartha agus eagraíochtaí eile.
Ba olc an mhaise dá bhfasfadh scoilt sa Chonradh idir Conraitheoirí taobh amuigh den Pháil agus Conraitheoirí na hArd Cathrach mar thoradh ar an gcoimhlint a tugadh chun solais sa dhiospóireacht seo. Cibé iarrthóir a bhuafadh an Uachtarántacht i gConradh scoilte, bheadh dochar nach beag déanta dá Uachtarántacht fiú sara raibh lá caite aige ‘i gcumhacht’. [Nuair a luaim 'i gcumhacht' ní doigh liom go bhfuil cumhacht na cnaipe deirge ag Uachtarán CnaG faoi mar atá ag Uachtarán SAM.]
An diospóireacht ar mhaith liomsa a fheiscint ag croí lár an fheachtais seo, baineann sé leis an ndioscúrsa faoi thosaíocht a bheith ag cearta teanga – clár oibre a chuireann go mór, dar liom, le maorláthas trí Ghaeilge ach nach bhfuil aon leas le baint as ag an ghnath Ghaeilgeoir – nó ag gniomhaiocht teanga ar an dtalamh, na cineáπ beartais a chuidíonn go mór le saol an ghnath Ghaeilgeora tre seirbhísí agus acmhainní atá ag teastáil uaidh is uaithí a chur ar fáil.
Go poinnte caithfidh an Uachtarán an dhá thrá a fhreastal – ach cén ceann a thugann sé tosaíocht do. Bhí bua tabhachtach ag an Chonradh le linn Uachtarántacht Phádraig Mac Fhearghusa agus is é sin gur aisghairm an Roinn Oideachais Ciorclán 0044 77, bíodh is go raibh aguisin nimhneach leis an aisghairm sin. Ceist é sin a thagann faoin dhá cheann teideal thuas luaite.
Ach tá an cheart ag Seán O hAdhmaill bheith ag díriú ar an gConradh a fhás ionas go mbeadh sé chomh tabhachtach is chomh líonmhar le CLG. Níl sé luaite aige, áfach, conas a dhéanfaidh sé seo. Cad é an rud a iompóidh an ghnath Ghaeilgeoir, nach bhfuil ceangailte le h-eagras ar bith, ina Chonraitheoir. Tá gá le Gaeilgeoirí gníomhacha – i ngach aon chuid den tír – chun rudaí a bhaint amach don teanga. Bhí páirt shuntasach ag an bhFeirsteach óg i bhfiontair de chuid an Chonartha ar nós Rith 2010 agus Raidió Rí Rá. Ní h-ionann sin agus a rá ná raibh tacaíocht ag na tograí seo ag Pádraig Mac Fhearghusa ach is léir go raibh croí agus anam O hAdhmaill san obair a rinne sé ar na fiontair seo.
Smaoineamh atá agam féin ar mhaith liom Uachtarán an Chonartha labhairt amach faoi – cén fath, 14 bhliain deag i ndiaidh bunú TnaG/TG4, nach féidir linn amharc ar chluichí móra i bpeil, iomáint, sacar, rugbaí agus ar imeachtaí móra spóirt ar an dteilifís beo agus le trachtaireacht i nGaeilge? Tá’s agam cén fath, gan amhras, is ceist ceart craolta atá ann agus cosnaíonn siad sin airgead agus níl an cineál sin airgid ag TG4 agus níl an suim ag ár gcraoltóir náisiúnta an seirbhís sin a chur ar fáil dúinn. Go deimhin tugann siad masla don Ghaeilge gach bliain trath na gcluichí ceannais is leath cheannais sa Chraobh Uile Éireann – chraol siad trachtaireacht Ghaeilge ar an gcluiche mionúir! Agus ghlacamar le sin mar bhua! Ba sinne na h-amadáin. Anois tá an Bhéarla ag sleamhnú isteach sa trachtaireacht sin….
Dá dtabharfadh iarrthóir geallúint go ndéanfadh sé beart ar an gceist seo, bheinnse sásta éisteacht a thabhairt do agus b’fhéidir vóta.
Gan dabht, níl aon vóta agam. Tá sé i gceist agam clárú im bhall den Chonradh agus is moladh é sin don dhá iarrthóir – tá árd mheas agam ar an mbeirt acu.
Ach ba mhaith liom smaointe móra a chloisint uatha, beartais ar mhaith leo tabhairt faoi a fheabhsódh saol an Ghaeilgeora go mór. Smaointe mar seo….ionad náisiúnta Ghaeilge san Ard Chathair atá á sheoladh ar Luan Cásca…..








Bhúr dtuairimí…