Archive | May, 2010

Tags: , , ,

Athrú teanga – agus poirt – don Eoraifís

Posted on 30 May 2010 by igaeilge

Deirtear linn gach bliain go bhfuil foireann saineolaithe i mbun na h-amhráin a shroicheann an ghearrliosta le h-aghaidh iontráil na hÉireann don Eoraifís a chur ós comhair an phobail – ach gach bliain ní bhionn na h-amhráin thar moladh beirte, gach ceann cosúíl leis an cheann eile agus gan aon rud difriúil mar gheall orthu.  Go h-áirithe ní bhionn rud ar bith Éireannach faoi na h-amhráin.

Ar ndóigh bionn na h-amhráin i mBéarla.

I mbliana bhí dóchas RTÉ agus na hÉireann in amhrán dar teideal ‘It’s For You”.   Chan Niamh Kavanagh go maith – ach i bhfírinne ní raibh rud ar bith faoin amhrán a sheas amach ón slua agus níor mheall sé na vótaí dá bhrí sin.     Chriochnaigh sé sa triú áit ón mbun sa chomórtas.  Ní bhfuair sé ach 25 pointe san iomlán agus bhuaigh cailiin óg ón nGearmáin le h-amhrán réasúnta simplí, cheapfá.

Mo bharúil go bhfuil sé in am tabhairt ar RTÉ an phort agus an teanga a athrú.  An bhféadfadh amhrán i nGaeilge toradh níos measa a fháil ná mar a fuair an amhrán a chan Niamh Kavanagh?   Ní chreidim é.

Thabharfadh sé deis cultúr ársa na tíre seo faoi éide nua a chur ar ardán domhanda ós comhair, meastar, 120m duine.   Nach rud fónta a bheadh ansin – agus chuirfeadh sé ina luí ar an bpobal sa tír seo go bhfuil amhránaíocht i nGaeilge nach amhránaíocht ar an sean nós é, go bhfuil grúpaí óga, leithéidí Mo Hat Mo Gheansaí nó Bréag, ag obair leo i nGaeilge agus ag cur amhráin den scoth ar fáil.

B’íontach an radharc é a fheiscint, aréir, agus na Gearmánaigh óga ag rínce ar shráideanna Hamburg, 40,000 acu más fíor, agus i gcathracha eile timpeall na hEorpa.   Chuir sé díomá orm go raibh an Ghaeilge fagtha ar lár ón gceiliúradh sin ar ár gcomhoidhreacht Eorpach, ag cur san áireamh go raibh an Ghaeilge – agus go bhfuil sí – lárnach i stair chultúrtha na hEorpa.  Nach í an Ghaeilge an teanga a bhí ag na manaigh a d’fhag an tír seo chun an Chriostaíocht a thabhairt faoi bhlath ar an Mór Roinn.

B’fhearr i bhfad don Eoraip agus don Ghaeilge dá gcaithfí an oiread dua ar thabhairt ar ár gcraoltóir náisiúnta an phort agus an teanga a athrú i leith an chosc de facto atá ag an staisiún ar amhráin Ghaeilge bheith ag déanamh ionadaíocht ar son na tíre sa chomórtas Eoraifíse.

An cuimhin le h-éinne an uair dheireannach go raibh amhrán Ghaeilge sa bhabhta náisiúnta den chomórtas?  Cén amhrán a bhí ann agus cé chan é?  Is cuimhin liom féin an amhrán, An Bon Bon Carr,  a raibh sa Chomórtas Náisiúna i 2009.   Ba mhór an spóirt é…..

Is mór an spórt iad an dream seo ‘Mo Hat Mo Geansaí’ – a bhionn go minic le clos ar chlár Ronáin Mhic Aoidh Bhuí.  Taithníonn siad go mór liom – agus táím cinnte gurbh fhiú iad a thriail ar ardán ar nós ardán na hEoraifíse – cuimhnigh ná raibh an amhránaí a bhuaigh ach 19….

An gcloisfear a leithéid arís?

Comments (9)

Tags: , , ,

Preas ráitis i nGaeilge á lorg ag Gaelscéal – caol seans

Posted on 28 May 2010 by igaeilge

Tá iarratas ‘an réasúnta’ á dhéanamh in eagarfhocal Gaelscéal na seachtaine seo, go gcuirfeadh gach páírtí polatúil preas ráitis i nGaeilge chuig an nuachtán.

Dar leis an eagarfhocal, go bhfuil sé deacair do phaipéar a scríobhtar sa chéad teanga oifigiúil cothrom na féinne a thabhairt do gach páirtí nuair nach dtugann siad féin cothrom na féinne don Ghaeilge.

Agus, mar aguisín le sin, ‘tá sé deacair gan aitheantas ar leith a thabhairt don dá pháirtí a chuireann ábhar ar fáil as Gaeilge dúinn.

Ainmnítear an dhá pháirtí sin; is iad sin Sinn Féin agus Eirigí.  Go bhfios dom ní páirtí pholatúil é Eirigí ach ‘brú ghrúpa’.  B’fhéidir go bhfuilim ag déanamh éagóir ar an bpáirtí/eagras agus chuirfinn fáilte roimh ionchur ó dhuine níos eolgaisí ná mé.

Ar ndóigh ní chuirim aon iontaoibh i bpreas ráitis Ghaeilge Shinn Féin.  Is iomai preas raiteas a fuair mé ón bpáírtí agus ní i nGaeilge a bhí sé, ná baol air.   Thugamar cothrom na féinne do le na preas ráitis ó gach pháírtí eile i gceachtar den dhá theanga oifigiúíl.

Cé gur iarratas réasúnta ag nuachtán Ghaeilge preas ráitis a lorg i nGaeilge ó phairtithe pholatúla, is bagairt mí réasúnta é a rá i mbeagán focail go mbeidh sé deacair do pháirtithe nach gcuireann preas ráitis i nGaeilge bheith ag súil le cothrom na féinne ón nuachtán stat mhaoinithe seo.

Ráiteas mí stuama é sin san Eagarfhocal gan amhras ar bith.

Mar aguisín agam féin le sin, fuaireas r-phost cúpla lá ó shin ón Aire Gaeltachta nua, Pat Carey.  Ní uaidh go díreach a fuaireas an r-phost ach ó Fhianna Fáil atá ag iarraidh bheith ag caint lena lucht tacaíochta agus leis an dream sin atá tar éis clárú dá seirbhís rphoist ar shuíomh nua-dheartha an pháirtí.  (Suíomh é seo a rinne Blue State Digital, an comhlacht a bhí ar chúl feachtas idirlín Barack Obama don Uachtarántacht i 2008, dearadh air, go costasach is docha).

Is iomaí teachtaireacht a fuair mé ón bpairtí ó shin agus ainmneacha éagsúla luaite leo  - An Taoiseach féin, Mícheál Máirtín agus eile.  Chuir mé teachtaireacht ar ais chuig an Taoiseach ag rá gur mhaith liom leagan Ghaeilge mar go raibh a raiteas i mBéarla ar fad, gan fiú cúpla focal Gaeilge ann.   Ar ndóigh ní bhfuair mé freagra.

Go dtí cúpla lá ó shin.   Ba cheart cothrom na féinne a thabhairt don Aire Carey, tá teachtaireacht dhá theangach curtha aige chuig an liosta a chláraigh le suíomh FF.   I gcaitheamh na mblianta ar fad a raibh mé claraithe, nior tháinig aon teachtaireacht i mBéarla, i nGaeilge nó go dhá theangach ón ‘Aire Gaeltachta is Fearr Riamh’ – m ar ar bhaist Foinse (96-09) ar Éamon O Cuív trath.

A Chara,

Ba mhór an onóir domsa é nuair a cheap an Taoiseach Brian Cowen T.D. mé mar chuid dá fhoireann Rialtais i mí na Márta. Mar Aire Gnóthaí Pobail, Comhionnanais agus Gaeltachta, táimse ann chun freastal a dhéanamh oraibhse  agus chun dul i ngleic le na rudaí is mó go gcuireann sibhse spéis iontu go háitiúil agus ag leibhéal an phobail. Ar ndóigh, táim freagrach chomh maith as ár dteanga náisiúnta.

Ó cheapadh mar Aire mé táim ag obair ar na cúrsaí is mó a bhíonn ag dó na geirbe agaibhse. Mar shampla táim ag obair i dteannta mo chomhghleacaithe Rialtais chun leigheas a fháil ar scéal na Headshops.

Sin an fáth go bhfuilim ag tabhairt cuireadh daoibhse bhur gceisteanna a chur chugam faoi aon réimse a thagann faoi chúram mo Roinne. Cuirfidh mé na freagraí ar na ceisteanna seo ar line agus ar Youtube.

Seol chugam bhur gceisteanna anois:

http://www.fiannafail.ie/patcarey

Is féidir ceist a chur faoi ábhar ar bith a bhaineann le mo Roinnse – cúrsaí pobail nó comhionnanais, cúsaí tuaithe, an Stráitéis Náisiúnta Drugaí nó todhcaí na Gaeilge. Tá súil agam gurb í seo an chéad cheím again i gcomhrá a bheidh fiúntach.

Is féidir ceisteanna a sheoladh tríd Twitter leis an hashtag #askpatcarey, nó ar ár suíomh idirlín ag an nasc thíos:

http://www.fiannafail.ie/patcarey

Míle buíochas,

Pádraig Ó Ciardha, T.D.
An tAire Gnóthaí Pobail Comhionnanais agus Gaeltachta

Ní fheadar an é mar thoradh ar m’iarratas réasúnta a tháinig an freagra seo ón Aire.   Beireann foighid faoiseamh, deirtear…..

Comments (7)

Tags: ,

Ní bheidh an saol mar a bhí – todhchaí na n-eagras Ghaeilge

Posted on 26 May 2010 by igaeilge

Ní bheidh an saol mar a bhí.

Is é sin an léargas a thug duine atá ag obair ag libhéal sinsearach in eagras Ghaeilge dom níos luaithe inniu agus é ag trácht ar an méid atá le h-eisiúint uair éigean inniu faoi mhaoiniú is struchtúr na n-eagras Ghaeilge bunmhaoinithe.

Foilsíodh an t-eolas sin ar shuíomh an Fhorais inniu mar thoradh ar an ‘idirphlé’ is ‘imeacht i gcomhairle’ a bhí ar bun ag an bhForas leis an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.   Is féidir teacht ar an gcaipéis ina iomláíne anseo.

An príomh phointe atá le sonrú ón ‘shamhail mhaoinithe’ atá molta ag an bhForas, caipéis atá scríte i dteanga atá nach mór dothuigte agus nach n-aithneofá mar Ghaeilge, go mbeidh ar gach eagras dul san iomaíocht le h-aghaidh maoiniú a fháil ón bhForas ar bhonn togra.  Fógrófar dornán scéimeann – ina measc:

o Scéim raidió áitiúil

o Scéim na nEalaíon

o Scéim oideachais

o Scéim tacaíochta teaghlaigh

o Scéim cumasaithe pobal

o Scéim óige

o Scéim abhcóideachta agus taighde

Is é seo an múnla céanna a ghlac Foras na Gaeilge chuige féin nuair a bhí sé ag iarraidh fáil reidh le Lá/Lá Nua.  Is é sin ‘comórtas poiblí’ a bhunú agus ansan tabhairt ar na h-eagrais dul san iomaíocht le cheile chun an conradh a bhuachaint.  Faoin mhúnla seo beidh airgead nios lú á íoc agus ní bheidh ‘post saoil stat seirbhiseach’ i ndán don bhfostaí in eagras bunmhaoinithe.    Féach go bhfuil tagairtí sa chaipéis do na h-eagrais ‘iarbunmhaoinithe’.

Ar ndóigh, níl Lá Nua ann chun cosaint a dhéanamh ar na h-eagrais ar an dtua a bheith á úsáid sa bhealach neamhchúramach seo.  Is earnáil leochailleach í earnáil na Gaeilge agus ní oireann sé di go mbeadh tua á luascadh ann.  B’fhearr sceanóg mhanlia don ghearradh atá ag teastáil seachas tua a dhéanfaidh sceannairt agus slad.

Ní mise an t-aon duine a dhéarfaidh nach bhféadfadh an saol dul ar aghaidh mar a bhíodh sé – ach creidim go bhfuil an baol ann go ndéanfaidh an Fhoras an iomarca sceannairte agus iad ag iarraidh an craiceann agus a luach a fháil ó na h-eagrais Ghaeilge.

Tá furmhór na n-eagrasaí ag déanamh obair mhaith – leithéidí Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Gael Linn, Pobal mar shamplaí.   Tá siad ag athrú agus aithint go bhfuil an saol ag athrú agus go gcaithfidh siad athrú dá réir chun bheith beo agus bríomhar san am atá le teacht.

An dream is mó ar cheart bheith sa bhearna baoil, Foras na Gaeilge féin.  Ní raibh riamh i gceist go mbeadh ann ach eagras nó meicníocht chun airgead a dháileadh ar eagrais ar an dtalamh, eagrais a bhí ag déanamh na h-oibre.  Seachas sin tá an Fhoras tar éis iompú ina mhaorláthas atá ag slogadh acmhainní na Gaeilge in áit bheith á ndáileadh go cothrom orthu san atá an taithi agus an scil chun an úsáid is éifeachtaí a bhaint as ar mhaithe leis an teanga.

Ar aon nós, tá’s agaibh an meas atá agam ar an bhForas.

Mothaím go bhfuil an tua le titim go trom inniu ar eagrais Ghaeilge – agus gur ait liom i ndiaidh na sceannairte más gluaiseacht a bheidh fagtha ach iarlais (más ceadmhach dom focail Uí Dhireáin a thógaint ar iasacht ).

Tá dóchas agam, áfach, go mbeidh eagras nó dhó a thiocfaidh as agus iad níos laidre mar nach mbeidh siad ag brath feasta ar an bhForas dá chuid maoiniú agus go mbeidh siad i bhfirinne neamhspleach.    An dtapófar an deis eagras amháin neamhspleach a bheith ann a thabharfaidh dúshlán don mhaorláthas ar mire seo – ie Foras na Gaeilge.

Comments (6)

Tags: , ,

Aiseirí Raidío Ga Ga Gaelach

Posted on 26 May 2010 by igaeilge

Breis is bliain ó shin, bhí trachtaireacht ar an suíomh seo faoi easpa oiread is clár amháin i nGaeilge ar sceidil sé staisiún nua digiteacha a sheol RTÉ taca an ama sin.   Ba bheag an sásamh a fuarthas ar an dtrachtaireacht sin.   Luadh sa trachtaireacht sin go raibh poiblíocht á thabhairt ag RTÉ don clár nua a bhí dírithe ar an bpobal aerach, The Cosmo, amhail is gur clár Ghaeilge a bhí ann de bharr go raibh Gaeilgeoir óg, Scott de Buitléar, á chur i láthair.     Craoltar ‘The Cosmo’ ar RTE Pulse sílim.

Aréir tháinig freagra ó Scott de Buitléar ar an dtrachtaireacht.   Tá áthas orm gur sheol sé freagra chuig an blag seo fiú is go bhfuil an freagra mall.

Seo a deir Scott:

Ní fhaca mé do thrácht anseo go dtí anois. B’fhéidir – agus 13 mí i ndiaidh imeacht – go bhfuil sé ródhéanach chun freagra a thabhairt dod’ cheist ach déanfaidh mé é in ao’chor;

Ó thaobh úsáid na Gaeilge ar bhlag (agus ar chlár) The Cosmo, ní fiú mionphobal a úsáid agus mionphobal i gceist. Nílim ag freastal ar Ghaeilgeoirí aeracha; rinne clár darb ainm An Clár Bán-Dearg ar Raidió na Life cúpla bliain ó shin ach ba chur amú ama é. Toisc go bhfuilim ag freastal ar phobal uile-Éireannach LADT, caithim Béarla a úsáid, rud nach gcuireann isteach orm.

Maidir leis an nGaeilge a bheith ar raidió digiteach, tá Raidió na Gaeltachta ar fáil air cheana féin, ach bhí ráflaí ann a rá go mbeadh stáisiún Gaeilge eile le teacht ar an bhfód le raidió digiteach. Is trua nár tharla sé seo, ach tuigim cén fáth nár tharla; tá lucht éisteachta RnaG lonnaithe sa Ghaeltacht, ceantair nach bhfaigheann DAB go fóill. Ar dtús, bhí fáil ar DAB in Éirinn i gcathracha Bhleá Cliath, Corcaigh agus Luimnigh, agus tá Raidió na Life ag an bpríomhchathair cheana féin. ‘Sé mo thuairim pearsanta féin, áfach, nach bhfuil stáisiúin raidió sa bhreis de dhíth ag pobal na Gaeilge. Tá Raidió na Life, Raidió Fáilte, Raidió Rí-Rá agus RnaG/AnochtFM acu. Ciallaíonn sé seo – i mo thuairim – go bhfuil cás na stáisiún Gaeilge i bhfad níos fearr ná mar atá ag pobal na Breatnaise nó na Catalóinise.

alt scríofa agam i Gaelscéal na seachtaine seo caite ag déanamh anailíse ar na meáin Ghaeilge; b’fhéidir gur cheart do phobal na Gaeilge a cheistiú céard is gá a bheith acu, in ionad an mhéid atá á iarraidh acu.

Cúpla rud faoi seo:   Tuigim pointe Scott nuair a deir sé nach fiú bheith ag iarraidh freastal ar dhá mhion phobal – an pobal Ghaeilge agus an pobal aerach – amháin.  Ar ndóígh, ba cheart do an phointe sin a dhéanamh le RTÉ a bhí ag tabhairt poiblíocht do The Cosmo amhail is gur clár Ghaeilge a bhí ann – is maith is cuimhin liom gurb é sin an port a bhí le clos ar agallamh a deineadh ar chlár Ronáin.

tá lucht éisteachta RnaG lonnaithe sa Ghaeltacht, ceantair nach bhfaigheann DAB go fóill

Níl seo iomlán fíor.   Cinnte deintear bainisitiú ar Raidió na Gaeltachta amhail is gur staisiún áitiúil é do na mór Ghaeltachtaí – Ciarraí, Conamara, Tír Chonaill – ach bionn an chuid eile againn, sinne sna mion Ghaeltachtaí (Múscraí, An Rinn etc), agus Gaeil na cathrach ag cúl éisteacht leo le RnaG i rith an ama.    Ba dheis é seoladh na staisiúin digiteacha nua freastal a dhéanamh ar na pobail seo.

Maidir le na raflaí ar chuala Scott, níl a fhios agam.  Ba thrua ná raibh bunús leo.   Fiú dá mbunófaí staisiún Ghaeilge náisiúnta le béim ar an óige, mar shampla, agus ná raibh ann ach staisiún digiteach, d’fhéadfaí éisteacht leis ar an idirlíon.

‘Sé mo thuairim pearsanta féin, áfach, nach bhfuil stáisiúin raidió sa bhreis de dhíth ag pobal na Gaeilge. Tá Raidió na Life, Raidió Fáilte, Raidió Rí-Rá agus RnaG/AnochtFM acu. Ciallaíonn sé seo – i mo thuairim – go bhfuil cás na stáisiún Gaeilge i bhfad níos fearr ná mar atá ag pobal na Breatnaise nó na Catalóinise.

D’fhas Raidió Fáilte, Raidío na Life agus Raidió Rí Rá (atá ar an idirlíon amháin) agus Raidió na Gaeltachta / Anocht FM (ní h-ionann dhá staisiún páirt aimseartha agus staisiún lán aimseartha, an ionann?)   de bharr ná raibh riar á dhéanamh ag RTÉ ar na pobail Ghaeilge i mBaile Atha Cliath agus Béal Feirste,   Maidir le cás phobail na Breatnaise agus na Catalóinise, is maith an rud nach bhfuilimíd, Gaeil, ag cónaí sna tíortha sin.  Comparáid seafóideach atá ann.  Tá dualgas ar an gcraoltóir náisiúnta riar a dhéanamh ar phobal na Gaeilge de réir dlí – agus de réir na Bunreachta – agus níl an dualgas sin á chomhlíonadh acu ach sa bheagán, dar liom.

Tá an oiread suime ag lucht na Gaeilge in ábhair ar nós cúrsaí reatha, cúrsaí ealaín, cúrsaí spóirt is eile – ach shamhlófá ná raibh suim againn ach i nuacht na Gaeltachta, fógraí báis (nach bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis!) agus ceol traidisiúnta ó dhubh go dubh.

Comments (3)

Feachtas nua ‘Saor agus Gaelach go hAer’ ag an Chonradh

Posted on 25 May 2010 by igaeilge

Dá fhad é an lá, tagann oíche.   Ar feadh na mblianta tá mé, samhlaím, go h-aonarach ag brú an fheachtais seo go mbeadh cluichí móra spóirt á chraoladh beo, le trachtaireacht i nGaeilge, ar an dteilifís.   Anois tá Conradh na Gaeilge tar éis feachtas a thosnú, inniu, ag éileamh go ndéanfaí trachtaireacht beo i nGaeilge ar ‘chéatadán ar leith de na h-imeachtaí seo’.

Tá an ráiteas ina iomláine anseo.  Táim lán sásta go bhfuil an Conradh anois ar chúl an fheachtais cé go bhfuilim amhrasach go bhfuil ‘céatadán ar leith’ luaite acu leis an éileamh gan a rá cén céatadán atá i gceist.   Cén fath go mbeadh céatadán ann ar chorr ar bith?   Ba cheart go mbeadh an liosta iomlán d’imeachtaí ‘saor go h-aer’ ar fáil i nGaeilge, scun scan.

Ach ós rud é nach bhfuil ceann ar bith acu ar fáil mar atá, beidh mé sásta glacadh leis an gcéatadán ar leith mar thús.

Is feachtas é seo ar féidir é a bhuachaint – is feachtas é seo nach féidir é a chailliúint.

Léirigh na figiúirí a h-éisíodh le déanaí go raibh isteach is amach le 250,000 ag faire ar Corcaigh V Maigh Eo, Cluiche Craoibhe na Sraithe le déanaí, nuair a craoladh é i nGaeilge ar TG4.

Is iad an 250,o00 sin an 250,000 ar cheart a bheith ar bharr liosta thargaidí na Straitéise 20 Bliain.   Ní h-é go n-iompóidh trachtaireacht i nGaeilge ar chluichí móra, idir peil, iomáint agus rugbaí is sacair (is rasaíocht chapaill is eile) an t-é a fhéachann air ina chainteoir Ghaeilge – ach lonnóidh sé an Ghaeilge i saol an dhuine sin.  Faoi láthair is ar éigean go bhfuil an Ghaeilge i saol an ghnath dhuine ó bhliain go bliain, taobh amuigh de scruduithe is araile, agus is é sin an t-easnamh mhór.

Ar aon nós, tá an liathróid san imirt anois.  Agus beadsa ag coimead mo shúil air….

Comments (6)

Tags: ,

Na Gradaim Cumarsáide….

Posted on 21 May 2010 by igaeilge

Anocht, ag ocáid cheiliúrtha i dTeach Farmleigh i bPairc an Fhionnuisce i mBaile Atha Cliath, bronnfar Gradaim Cumarsáide an Oireachtais ar ‘réaltaí’ na meáin Ghaeilge.

Is deas an rud ocáid dá leithéid a bheith ann chun aitheantas a thabhairt do dhea shaothar agus do ghairmiúlacht na n-iriseoirí, na n-aisteoirí, na laithreoirí agus, cá bhfios, na mblagadóirí a bhionn ag saothrú leo i ndomhan bheag na meán Ghaeilge.

Is seana phort agam é nach doigh liom go bhfuil an comórtas seo á reachtáil i gcaoi a aithníonn an obair is fearr seachas go mbionn na ‘Oscars’ seo á mhalartú ó bhliain go bliain idir na cáirde.    Ní painéal moltóirí a chineann cé bhfaigheann na gradaim ach sórt vóta phoiblí – níl a fhios agam cé chomh poiblí is atá sé ach tugtar cuireadh do dhaoine a rogha i naoi gcinn de chatargóir a ainmniú agus ansan bionn vóta ar líne.   Níl a fhios againn cé mhéid daoine a bhionn ag votáil nó cé chomh fairsing is atá an toghlach.

Is é an t-aon chomórtas ar chlár an Oireachtais nach mbionn moltóirí ag cinneadh cé a bhaineann – nó nach mbuann na gradaim.

Ar ndóigh is cás trom d’fhinniúna ghéar é seo – ní fheadar an méid uair a deineadh mé ainmniú do ghradam ach ní raibh riamh píosa criostail im ghlaic is mé ag dul abhaile seachas uair amháin nuair a bhuaidh Lá an Buaic Ghradam, cúpla seachtain tar éis dúinn athsheoladh mar nuachtán laethúil i 2003.   Bhíomar bródúil as an mbua sin – cé gur thuigeas i gcónaí nár tugadh aitheantas mar is ceart don ard chaighdeán iriseoireacht a foilsíodh i Lá/Lá nua sna blianta ina dhiaidh sin agus gur sórt gradam é an gradam a fuarthas ar an ocáid sin a thabharfá do dhuine as cloch mhíle a bhaint amach seachas gradam ar fheabhas ár gcuid oibre.

É sin go léir ráite, táim chun mo ghradaim féin a bhronnadh inniu.  Níl aon criostal i gceist, ní cheannóidh piúnt don bhuaiteoir fiú.  Níl ann ach aitheantas do na daoine sin a chreidim gur eirigh go sár mhaith leo le linn na bliana seo chaite.

1.  Clár Raidió na Bliana:  Blas BBC Raidió Uladh

2. Pearsa Raidió na Bliana; Ronán Mac Aodha Bhuí, RnaG

3.  Clár Teilifíse na Bliana:   Na Cloigne

4.  Pearsa teilifíse na bliana:  Brian Tyers – GAA Beo

5.  Aisteoir na Bliana:   Donncha Crowley (An Crisis, An Béal Bocht)

6. Iriseoir Chló na Bliana:  Breandán Delap (Beo.ie)

7. Colúnaí na bliana:  Gearóid O Cairealláin (Nuacht 24)

8.  Buaic Ghrádam Cumarsáide:  Nuacht 24 (Tá’s agam gur bronnadh an gradam seo ar Foinse 1996-2009 roimhe seo ach is do Foireann Nuacht 24 atá an gradam seo tuillte i bhfianaise an méid a rinne siad gan deontas le linn na bliana seo cháíte!)

9.  Réalt na Bliana: Cliar, Criú agus Foireann Léirithe ‘Na Cloigne’

Ar ndóigh níl cuid de na roghanna thuas luaite ar na ngearrliostaí do na gradaim fiú.  Bíodh san mar atá.   Nílim ach ag iarraidh aitheantas phoiblí a thabhairt do na daoine a chuaigh i bhfeidhm ormsa.   B’fhéidir go bhfuil bhúr rogha féin agaibh – agus tá fáilte romhaibh iad a chur ós comhair an tsaoil anseo.

Comments (7)

Tags: , ,

Fear – nó bean – RTÉ in Washington?

Posted on 20 May 2010 by igaeilge

Bhí agallamh inniu ar Seó Ryan Tubridy le Richard Downes, comhfhreagraí nua RTÉ i Washington, agus iad ag féachaint chun cinn don tréimhse ceithre bliana atá le caitheamh aige i gcomharbacht ar Charlie Bird i bpríomh chathair Stáit Aontaithe Mheirceá. 

Mar is eol dúinn, d’eirigh Charile Bird as an chúram de bharr go raibh sé uaigneach.   Mhothaigh sé i bhfad ó bhaile agus theastaigh filleadh go hÉireann,

B’fhéidir go bhfuil teachtaireacht ansan in áit éigean.   Ritheann sé liomsa nach bhfuil sé iomlán riachtanach go mbeadh fear – nó bean – ag ár gcraoltóir i Washington, go h-áirithe in aois seo na h-idirlíne.  Cén scéal a thuairiscigh Charlie Bird le bliain nó trí anuas  ná raibh léite agus pléite againn de bharr go raibh sé ar fáil ar an idirlíon roimh ré. 

Ach má tá fear nó bean le bheith ag ár gcraoltóir náisiúnta i Washington chun nuacht a thuairisciú dúinn ó ‘phríomh chathair na tíre is tabhachtaí agus is mó cumhachta ar domhan’ , cén fath nach gceapfaí tuairisceoir atá líofa le Gaeilge agus Béarla? 

Nach cuid de Nuacht RTÉ é Nuacht TG4 agus, go deimhin, Nuacht RTÉ Raidió na Gaeltachta?   Cén fath nach mbeadh trachtaire Nuacht RTÉ i Washington ar fáil do na stáisiúin sin chomh maith?  

Anois, cá bhfios domsa, b’fhéidir go bhfuil Gaeilge ag Richard Downes ach, ó mo thaithí leis an bhfear seo, ní doigh liom é.

Comments (1)

An bhfuil an spéir ag titim ar lucht rugbaí?

Posted on 20 May 2010 by igaeilge

Ag machnamh seal liom féinig, in Uibh Laoghaire sea bhímse….

Chaith mé cúpla lá ansan im thost, nach mór, agus b’fhaoiseamh a bhí ann dom agus don chuid agaibh a bhionn ag léamh na míreanna mire seo ó am go cheile.   Sós a bhí ann do lucht na bpeann dearg chomh maith – an dream úd a bhíonn ag faire amach don fáda fánach nó don mhí litriú…..

De réir pobal bhreith a rinne an Irish Times, go tapaidh is cosúil, tá 55% den phobal ar shon go bhfanfadh rudaí mar atá ó thaobh an liosta saor go haer agus nach gcuirfí cluichí rugbaí na Sé Náisiún nó Corn Heineken ar an liosta sin mar atá á mholadh ag an Aire Cumarsáide, Eamon Ryan.

Caithfidh mé a rá gur bhain an clampar sna meáin a lean racht feirge an IRFU ar an gceist seo siar asam – cé gur cheart go mbeinn ag súil lena leithéid nó tá siad – agus na mór eagrais spóirt eile – aireach faoin airgead mhór a thagann ina dtreo ó chraoltóirí cosúil le Sky Sports.

Dá mbeifeá ag éisteacht le Philip Browne agus a thacadóirí sna meáin, cheapfá go mbeadh an spéir chun titim dá mbeadh cead ag an gnath leantóir rugbaí féachaint ar na cluichí móra i gCorn Heieneken agus i gCraobh na Sé Náisiún, na cluichí móra ina mbeadh foireann ón dtír seo páirteach ann ach go h-áirithe.

Is é fírinne an scéil go bhfuil lucht féachana na gcluichí móra seo tar éis titim go mór – titim 80% – ón am gur tosnaíodh á gcraoladh ar chórais ar nós Sky agus Setanta.     Ach is cuma le lucht an IRFU faoin dtitim sin mar go bhfuil an eagras spóirt ag fáil sparán tiubh ó Sky Sports is Setanta.

Tá moladh déanta agamsa ar an gceist seo;  go mbunófaí catargóir nua cearta craoltóireachta ar an oileán seo chun aitheantas a thabhairt don fhiric, olc nó maith, gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil.   Luíonn sé le ciall mar sin go mbeadh cead ag na h-eagrais spóirt cearta craoltóireachta a dhíol sa dhá theanga – agus gur ar an mbealach ‘saor go h-aer’ amháin a chraolfaí na cluichí móra spóirt.   Sheol mé alt chuig an Sunday Independent, an nuachtán is mó a léitear sa tír in ainneoin go mbionn daoine áirithe deistineach ina leith (bhíos féin mar sin trath), agus beidh le feiceáil cé acu an úsáidfidh siad é nó nach ndéanfaidh.   Mura n-úsáideann, táim cinnte gur féidir é a fhoilsiú anseo agus ar meáin eile.

Comments (2)

Tags: ,

Blag nua ar an saol – maith thú Robert

Posted on 13 May 2010 by igaeilge

A bhuiochas de Nuacht 24, tá mé ar an eolas faoi bhlag nua Robert McMillen, eagarthóir Ghaeilge an Irish News.    Is ceart ceiliúradh a dhéanamh gach uair a shaolaítear blag nua – arsa an blagadóir – agus cé nach blag iomlán Ghaeilge é seo, tá go leor ábhar i nGaeilge ar nithe éagsúla le spreagadh a thabhairt don ghnath leitheoir Gaeilge.

Ar an suíomh faoi láthair tá agallamh le Sunny Jacobs, bean a tháinig slán ó Rae an Bháis i bPriosún Meirceánach, agus agallamh freisin l hEdna O’Brien.   Is fiú cuairt a thabhairt air.  Guím gach rath ar Robert lena bhlag nua – tugaim faoi ndeara freisin gur deas an cuma atá ar an suíomh agus go bhfuil sin deartha ag mac Robert, Robbie óg, fear óg fuinniúil agus iltallanach atá ag dearadh suíomhanna agus ag ceoltóireacht leis….

Comments (3)

Tags: , ,

Straitéis 20 Bliain na Gaeilge? Straitéis mo thóin!

Posted on 13 May 2010 by igaeilge

NAMA - Nil Airgead Maith Ag Teastáil

Tá’s againn go bhfuil an tír i bponc.  Tá’s againn cé a chuir sa bponc sinn.   Tá’s againn go gcaithfimid teacht le cheile agus cuidiú chun an tír a thabhairt slán ón bpriacal ina bhfuil sí.

Tá sé ráite agam go minic nach gcreidim go bhfuil morán fiúntais le h-airgead a chaitheamh ar chaipéisí nach leitear i mBéarla  a aistriú go Gaeilge.  Ag an am chéanna, creidim go bhféadfaí roinnt Ghaeilge a bheith i ngach chaipéis oifigiúil sa chéad dul síos, go h-áírithe caipéisí atá nua fhoilsithe.    Níos  mó ná an ‘cúpla focal’, níos lú ná an aistriúchán iomlán.

Feictear dom go bhfuil an Rialtas anois ag iarraidh orainn iasachtaí a thabhairt doibh.  Chonac an chaipéis don ‘National Solidarity Bond’ in Oifig an Phoist i mBaile Mhic Ire, oifig Gaeltachta is fiú a lua, agus is féidir leat é a fheiscint anseo.     Caipéis iomlán i mBéarla é seo.  Níl focal amháin i nGaeilge ann.

Is caipéis é seo atá ag iarraidh orainn airgead a infheistiú i dtodhchaí na hÉireann agus a gheallann brabhús 50% ar do chnap shuim tar éis deich mbliana.  Dá mbeadh deich fhocal Ghaeilge ann, fiú, bheinn sásta cúpla Euro a chur sa chiste seo, ní ar mhaithe leis an mbrabhús ach ar mhaithe le tabhairt le fios go bhfuilim ag tacú leis an iarracht an tír a thabhairt slán ón bpriacal.

Iarann an neamairt seo ceisteanna eile faoi chur chuige an Rialtais agus chomh tiomanta is atá an Stat don teanga agus don tir ghrá, rud éigean a cheapfá bheith gaolmhar leis an achainí. . Is é seo an Rialtas céanna atá ag iarraidh orainn a chreidiúint go bhfuil siad dairíre faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá á dhréachtú agus á athdhréachtú ar feadh roinnt blianta anois, is cosúil.

Cent rua ní bhfaighidh siad uaim fhaid is a leanann siad ag imeallú mise agus mo leithéid.

Ní miste liom a lua go bhfuil ainmneacha NAMA agus An Post luaite leis an gcaipéis seo.   De réir dealraimh is é An Post atá ag riaradh na scéime ar son NAMA.   De réir suíomh an Choimisinéara Teanga, tá dréacht scéim á ullmhú ag An Post faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.   Mar sin, is dócha go bhfuil lámha an Choimisinéara ceangailte ar an gceist seo.

Tagann seo sna sála ar an amaidíocht mí Ghaelach a bhí ar bun faoi scath an Uachtaráin agus ‘Your Country Your Call‘.

Straitéis 20 Bliain na Gaeilge?  Straitéis mo thóín!  Deineann an sort seo droch obair ceap magaidh de dhea iarrachtaí an chuid sin den Rialtas atá ag iarraidh an straitéis a dhaingniú agus a chur i bhfeidhm agus atá ar leas na teanga.  Nílim in éad leis an Aire nua, Pat Carey, agus é tosnaithe i mbun a Aireacht nua…..

Comments (6)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES