Archive | June, 2010

Gerry agus Barbara…Streisand

Posted on 29 June 2010 by igaeilge

Cá bhfuil polasaí Éire Aontaithe SF anois?

Trath dem shaol, bhínn im leirmheastóir teilifíse leis an Andersonstown News.  Bhain mé an taitneamh as an obair sin – agus bhain mé taitneamh ar leith as sceannairt a dhéanamh ar chláracha BBC Thuaisceart Éireann.   Go minic b’é an fath a bhí  leis an sceannairt go raibh na cláracha i bhfad ró aon taobhach agus iad ag íonsaí Sinn Féin agus poblachtóirí ar nós Gerry Adams.

Léargas ar chomh athruithe is atá an saol go raibh an clár is déanaí ón BBC, Adams, a craoladh ar BBC 1 oíche Dé Luain, leataobhach ar shon Gerry Adams.    Tá Gerry anois ina chuid den bhuainíocht agus is cosúil go bhfuil an BBC i mBéal Feirste ag féachaint air amhail is a fhéachann siad ar leithéidi George Best, Graeme McDowell agus laochra eile Thuaisceart Éireann, pearsaí móra ar árdán an domhain ina réimsí féin.

I mbeagán focal, buachaill na h-áíte seo a chruthaigh go maith.

Is dócha go raibh gá le clár ‘bog’ mar chomheá éigean ar na cláracha géara a rinneadh roimhe seo – ach i bhfirinne, sháraigh an clár seo caighdeáin an BBC féin ó thaobh ‘cothrom na féinne’ an oiread is a rinne na cláracha roimhe seo a bhíodh ró throm ar Adams is a chomrádaithe.

D’oscail an clár agus Gerry Adams i Nua Eabharc, ag freastal ar ocáid de chuid Bill Clinton, The Bill Clinton Global Initiative, agus chonaiceamar ár laoch ag caint agus ag cabaireacht le na maithe agus na mór uaisle, leithéidí Bill Clinton agus Tony Blair.

Ach cé cuireadh agallamh uirthí ag an ocáid seo chun a léargas a thabhairt ar Gerry – cé eile ach an trachtaire aitheanta úd, Barbara Streisand.   Anois bhí Barbara chomh tógtha le Gerry gur cheapas nár mhiste lei páiste Gerry a iompar – bíodh sin mar atá nior thuigeas ó thalamh an domhain conas ar seoladh criú an BBC ó Bhéal Feirste chun scannánú a dhéanamh ar Gerry Adams ag ocáid le ceannairí an domhain ann – agus nár fuair an BBC mar thoradh ar sin ach agallamh le h-amhránaí ar nós Barbara Streisand.  Is amhránaí brea í, gan amhras, agus is fiú a léargas a bheith ar an taifead ach ba bhocht an aischur é ar airgead an íocóra cheadúnais a caitheadh ar an dturas seo.

Bhí an oiread ceoil le clos sa chúlra gur cheapas gur físeán de chuid MTV a bhí ann seachas clár faisnéise – ceol rian le leithéidí ‘Green Day’ agus, ceapaim, Sinéad O’Connor.   Aon uair go mbionn tú ag iarraidh na h-amhráin éagsúla a aithint, tá an clár féin ag teip mar níl sé ag sealbhú d’aire.

Cuireadh daoine eile faoi agallamh freisin – bhí cúpla focal ann ó Tony Blair a dúirt gur ‘cara’ dá chuid abea Gerry agus Martin McGuinness.    Labhair David Trimble faoi a chaidreamh le Gerry Adams freisin agus bhí inchur ann ó Jonathan Powell is Nancy Soderburg.   Ach ba shúntasaí i bhfad na daoine na raibh ag caint ar an gclár….

Cá raibh Ian Paisley, an duine a shuigh gualainn ar ghualainn le Gerry sa phictiúr iomráiteach stairiúil den bheirt ag Stormont i mí Bealtaine 2007?   Cá raibh éinne ón DUP, atá ag roinnt cumhachta le páirtí Gerry, Sinn Féin?

Cá raibh éinne ón dtaobh ó dheas den teorainn – leithéidí Albert Reynolds, a bhí ina Thaoiseach nuair a fógraíodh an Sos Cogaidh i 1994, nó Bertie Ahern, fear na cumhachta i 2005 nuair a fhograíodh go raibh díchoimisiúnú déanta?

Cinnte cuireadh ceisteanna crua ar Gerry faoin pháirt a bhí aige – nó ná raibh aige – i bhfuadach Jean McConville agus in eachtraí eile – ach ní raibh ann ach cur na ceiste le deis a thabhairt do na liamhainntí a shéanadh go h-iomlán.

Is cinnte go ndéanfar cláracha níos measa faoi Gerry Adams – agus cláracha nios fearr.  Ach an léargas is soiléire a thug an clár seo faoi Gerry Adams go bhfuil sé anois sealbhaithe ag an mBuainíocht agus an ‘Réabhlóid’ treigthe.

Ní raibh aon chaint sa chlár faoin dearcadh atá aige i leith na Gaeilge – gach seans gur clár é seo a bheidh an BBC ag díol go h-idirnáisiúnta agus nár mhaith leo go mbeadh caint ann faoi rud nach dtuigfear las muigh den oileán seo (dar leis an BBC).

Léiríonn an scannán seo agus eachtraí eile – ar nos bunú an Chiste Infhéistíochta Teilifíse mar chomhlacht phríobháideach, fiú is go bhfuil sé in ainm is a bheith ag dáileadh airgead phoiblí – go bhfuil Sinn Féin agus Gerry Adams ag fáil greim daingean ar an gcumhacht agus á úsáid lena suíomh féin a dhaingniú thar rud ar bith eile.

Ceann de na torthaí ar na h-ionsuithe a deineadh ar Gerry Adams san am atá cáite gur MHÉADAIGH a thacaíocht ón bpobal.  Ní fheadar an é go bhfuil athrú poirt ar bun anois ag an BBC agus an craoltóir ag súil go laghdóidh an tacaíocht!

Comments (3)

Tags:

Fóram chantalach na Gaeilge

Posted on 27 June 2010 by igaeilge

Tá na cancráin ar fhoram Ghaeilge politics.ie ag gearán faoi ‘ísliú stádais’ bheith tugtha dá gcuid plé ag úinéirí an tsuímh. http://www.politics.ie/gaeilge/132396-uineiri-politics-ie-aghaidh-na-gaeilge-3.html

Creidim féin go bhfuil siad ag dul thar fóir leis an ngearán. Tá politics.ie tar éis tús a chur leis an bhfóram I nGaeilge agus cé nach mbeadh costas suntasach sa bhreis i gceist leis an bhfóram Ghaeilge, tá costas suntasach i gceist le reachtail suíomh chomh mór le politics.ie.

In áit bheith ag gearán, ba cheart dóibh fóram dá gcuid féin a bhunú. Tá siad ag caint faoin scéal a rá le Gaelscéal agus iad ag súil gur leor an droch phoibliocht ón nuachtán sin chun an lá a thabhairt leo.

B’fhéidir gur cheart dóibh fiafraí de Gaelscéal fóram a bhunú ar shuíomh, Gaelscéal. Luíodh sin le ciall – ach is é an ciall is treise a bhainim ón gcantal faoi politics.ie gur mhaith leis an dream seo go ndéanfadh duine éigean eile an obair ar a son.

Ba cheart go dtuigfimís, sinne na Gaeil, nach bhfuil aon rud dlite dúinn ó leithéidí politics.ie.

Comments (0)

Pobal, obair neamh ghnéasúil agus ‘tairge’

Posted on 25 June 2010 by igaeilge

Faigheann na h-eagrais bunmhaoinithe Ghaeilge droch phreas – tá ceisteanna á chur ag Páidí Ó Lionaird ina cholún i nGaelscéal inniu faoin ‘tairge’ atá mar thoradh ar shaothar na n-eagras seo – ach deineann cuid acu ar a laghad obair nach mbeadh aon duine eile sásta a dhéanamh. Obair neamh ghnéasúiil a bhionn ar bun acu – agus ní minic ar féidir a rá go bhfuil ‘tairge’ a fhéadfá díol mar a dhíolfá bó nó leabhar nó clár teilifíse.   Tá, bionn agus beidh ‘tairge’ ann – ach fillfidh mé ar an gceist sin ar ball beag.

Ar na h-eagrais is fearr a théann ag troid sna trínsí ar son na teanga, tá Pobal, scatheagras abhcóideachta na Gaeilge ó thuaidh, atá de shíor ag déanamh taighde, ag éisiúint tuairiscí, ag tabhairt dúshlán do na h-údaráis, ag stocaireacht go náisiúnta agus go h-idirnáisiúnta ar son cearta teanga.

Ní aontaím le gach rud a dheineann an eagras – ach is cinnte go bhfuil obair fónta déanta ag Pobal chun brú a chur ar Rialtas na Breataine maidir le cearta teanga agus go h-áírithe Cáirt na hEorpa i leith Teangacha Mionlaigh agus Reigiúnda.   Tá an Ghaeilge aitheanta faoin Chuid 3 den Cháirt seo ag Rialtas na Breataine.  Ciallaíonn sé sin go bhfuil coimitmint tugtha ag Rialtas na Breataine i gcairt idirnáisiúnta atá aitheanta go gcomhlíonfaidh an Rialtas sin geallúintí áirithe maidir le riar a dhéanamh ar phobal teanga na Gaeilge i dTuaisceart Éireann/na Sé Chontae.

Is cineál bia clár ‘a la carte’ atá i gceist sa Cháirt seo.  Faoi gach ceann teideal – oideachas, na meáin, na cúirteanna, riar phoiblí, na h-ealaíona etc – tá altanna éagsúla ina bhfuil réimse de gheallúintí tugtha agus tá rogha ag an Rialtas an geallúint is láidre a shíniú – nó geallúintí nios laige.

I gcás Rialtas na Breataine agus an Ghaeilge, rinne an Rialtas geallúintí a raibh á chomhlíonadh (ina n-ainneoin) ar aon nós den chuid is mó.  Bhí daoine eile ag togáil na Gaelscoileanna, bhí daoine eile ag foilsiú na nuachtáin is eile.    Na geallúintí a raibh ar Rialtas na Breataine féin comhlíonadh agus achmhainní a dhiriú orthu, ar éigean go bhfuil siad comhlíonta.

Ní mór smaoineamh narbh éigean do Rialtas na Breataine Cuid 3 den Chairt Eorpach a shiniú an oiread is narbh éigean don Rialtas céanna geallúint a thabhairt i gComhaontú Chill Rimhinn go mbeadh Acht Ghaeilge ó thuaidh.  Roghnaigh siad Cuid 3 den Chairt a shíniú i leith na Gaeilge agus roghnaigh siad freisin an geallúint a thabhairt i leith Acht Ghaeilge ag Cill Rimhinn.    Mar sin de ní raibh gunna le clár éadan Rialtas na Breataine agus iad ag siniú na gcaipéisí seo.

Deirim é seo le go mbeadh tuiscint soiléir ann ar an gcomhthéacs.   Níl ‘éigeantas’ ag baint leis an Ghaeilge chomh fada is a bhaineann sé Rialtas na Breataine.  Bhí a súile oscailte agus iad ag roghnú na geallúintí le deimhniú nó le diultú sa Chairt.

Tá an triú tuairisc éisithe ag an gCoiste Saineolaithe a dheineann cigireacht ar chur i bhfeidhm na geallúintí seo ag na rialtais éagsúla, Rialtas na Breataine sa chás seo, i leith na dteangacha reigiúnda agus mionlaigh éagsúla, an Ghaeilge sna sé chontae sa chás seo.   Tuairisc é seo a thugann dúshlán Rialtas na Breataine go téigeartha agus go ceannasach – ach an dtabharfar áird air.

Mar aguisín leis an dtuairisc sin agus chun tuairisc ‘caithfidh an dálta seo iarracht nios fearr a dhéanamh’ a bhéimniú in aigne na bpolaiteoirí agus maorláthaigh ag Stormont agus Westminster, tháinig bean darbh ainm Vesna Crnic-Grotic, leas chathaoirleach Coiste na Saineolaithe, ar chuairt an tseachtain seo go Béal Feirste chun a léargas ar chur chuige – nó easpa chur chuige – Rialtas na Breataine agus Feidhmeannas na Sé Chontae ar an gceist seo.

2010.06.23 Vesna Crnic-Grotic Eisiúint 1

Seo an chaint a thug an Bean Uasal Crnic-Grotic ag Ostán Stormont.   Tá cúpla pointe ar cheart béim a leagadh orthu.

There is also an unfortunate attribute of Irish in Northern Ireland – some people connect the language to political turmoil and historical struggles. It is an unacceptable practice, similar in a way to that in the Basque Country in Spain and the Committee of Experts has always condemned it asking the authorities to promote tolerance and mutual understanding between all linguistic groups.

Agus seo an méid a deirtear faoi iarrachtaí an Aire Cultúr, Spórt agus Turasóireachta, cothromas a bhaint amach idir an Ghaeilge agus Albainis Uladh:

The Committee of Experts learned about inappropriate claims for parity of treatment between Irish and Ulster Scots. While both languages deserve assistance and support, it had to be appropriate to particular needs of each of them. However, according to the information made available to the committee, this claim for parity “in a number of instances led to the result that no measures were taken for either language, since it was not practically possible to apply the measures to Ulster Scots”. Even more, in this monitoring round, the opinion was even presented to the Committee of Experts that before any further steps were taken to promote Irish, the Ulster Scots language should be brought to the same position. This approach is, in the committee’s view, unacceptable.

Anois níl a fhios agam an raibh an Aire i láthair ag an gcaint seo – nó an raibh a ionadaí ann. Glacaim leis go raibh duine éigean ann ón Roinn Chultúr ann.   Ag an am chéanna, is mór idir bheith i láthair agus aird a thabhaird don méid a deirtear sa tuairisc seo.   Ní doigh liom go mbeidh Nelson McCausland ag athrú a phort go luath.  Beidh le feiceáil an mbeidh an cheist seo agus ceisteanan eile a eascraíonn ó na daorbhreitheanna seo ón Eoraip á chur ar an Aire, abair, ag Cathaoirleach an Choiste Cultúir, Barra Mac Giolla Dhubh ó SF, nó an é go bhfuil an páirti sin ag tabhairt cead iomlán a gcinn don DUP sa Roinn seo fhaid is go bhfaigheann an páirtí sin (SF) seilbh ar sparán chun a bheith ag ‘infheistiú’ leo ina rogha dtograí féin…..

Is obair cruaigh gan buiochas a bhionn ar siúl ag leithéidí POBAL.  Níl sé ‘gnéasúil’ mar atá ‘iriseoireacht’ nó ‘craoltóireacht’ nó ‘léiriú cláracha teilifíse’ – ach tá sé riachtanach.  An bhfuil tairge air?  Tá agus bionn agus beidh.   Is amhlaidh go ndeinimid talamh tirim de agus ansan ní thuigimid an obair a thug ar an saol an ‘tairge’ sin.  Ní aithnímid é mar thairge – cé go mbainimid úsáid as gach lá.      Ní bheadh TG4 ann, mar shampla, ach na daoine a chuaigh amach agus a rinne stocaireacht ar son TG4 – ina measc eagrais ar nós Conradh na Gaeilge – agus a lean le feachtas na mblianta fada chun an bó áirithe sin a chur thar abhainn agus an taoide, na meáin is eile,go minic ina gcoinnibh.    Sin tairge duit…..

Comments (7)

Ciste na Gaeilge nó Ciste Shinn Féin?

Posted on 24 June 2010 by igaeilge

Is cosúil go bhfuil Ciste nua Infhéistíochta don Ghaeilge bunaithe ó thuaidh agus go mbeidh £8m le h-infheistiú ag an gCiste as seo go ceann trí bliana.  Is é an £8m sin an t-airgead atá fagtha ón £20m a fuair Sinn Féin don teanga  ag an eigeandáil deireannach sa phroiseas pholatúil.

Bhí caint againn faoin gCiste seo roimhe.  Is cosúil go raibh ‘cruinnithe poiblí’ ann faoin mbealach is fearr chun an t-airgead seo a chaitheamh – ach bhí lúb ar lár ann.  Tionóladh cruinniú sa Chultúrlann mar shampla – agus cuireadh daoine a raibh suim acu sa cheist ó dhoras mar gur theastaigh ó lucht eagraithe an chruinnithe an chíste a roinnt eatarthu féin.

Bhuel tá an Ciste ann anois agus Ceann Chiste á lorg aige.  Beidh sé lonnaithe i gCultúrlann Uí Chanain i nDoire    Is maith ann a leithéid de chiste.

Ach tá cúpla ceist agam.   Tá go leor raflaí ann faoi bhallraíocht Bhord an Chiste, mar shampla.   Cé h-iad na baill ar an gCiste seo, an bhfuil a fhios ag éinne?

Má tá an Chiste seo cosúil leis an gCiste Craoltóireachta, mar shampla, cén fath nár fhograíodh proiseas ceapacháin chun na baill a ainmniú ar an mBórd seo?    An bhfuil an Chiste seo á reachtáil faoi choimirce DCAL nó roinn éigean eile?

De réir an méid atá cloiste agam, is tacadóirí Shinn Féin den chuid is mó na baill atá  ar mBórd seo.  B’fhéidir gurb iad na Gaeil is Gaelaí ar chlár na cruinne, ach ní leor sin.   Na h-ainmneacha a chuala mise, b’ainmneacha aitheanta iad i saol na Gaeilge agus i bpáírtí Shinn Féin.   Más amhlaidh ná raibh proiseas oscailte ann chun iad a cheapadh, dá fheabhas iad, beidh ceisteanna i gcónaí ann faoi stiur an Chiste seo.

Cén critéir a bheidh ann maidir le na gcinntí infheistíochta a bheidh á dhéanamh ag an mBórd seo?   An mbeidh sé ag brath ar cad é leas na Gaeilge i gceantar áirithe – nó leas Shinn Fhéin?   B’fhéidir go gcreideann Sinn Féin gur ionann an dhá leas?

Agus Ceann Chiste á lorg anois, cad is fiú do dhuine cur isteach an bpost más amhlaidh nach bhfuil aon chinnteach ann go mbronnfar an post ar an t-é is fearr atá cáilithe nó an t-é is fearr a fheilean do Shinn Féin.

Más fíor an méid atá cloiste agam, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil Sinn Féin i mbun na cleasanna céanna a bhíodh siad ag casaoid mar gheall orthu bheith ar bun ag na h-aondachtaithe is ag na Sasanaigh rompu.    Cad é an Ghaeilge ar ‘political vetting’?     An bhfuil áit sa todhchaí roinnte/shared future seo do Ghaeil scríobacha?   Nó an é atá i gceist le todhchaí roinnte ná Sinn Féin ag roinnt ár dtodhchaí eatarthu féin?

Comments (8)

Gaeltacht Bhéal Feirste i lár an aonaigh

Posted on 23 June 2010 by igaeilge

I gcaitheamh na mblianta is minic dom ag caint ar Ghaeltacht Bhéal Feirste agus mé ag cur idir luibíní an focal ‘Gaeltacht’ de bhrí nach Gaeltacht ‘oifigiúil’ í an phobal seo.   Gan amhras, is é a léiríonn Ghaeltacht Bhéal Feirste gur beag an bhrí atá le stadas oifigiúil mar go bhfuil an Ghaeilge á labhairt ann mar theanga phobail go laethúil.   Mar sin cuirimís uainn na h-uascamóga.

Le déanaí bhí Laochra Loch Lao, foireann peile na Ceathrún Gaeltachta, ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta i mBéal a’ Mhuirthead i nGaeltacht Oifigiúil Mhaigh Eo.   Mar a rinne siad nuair a thug siad cuairt ar Mhúscraí don Chomórtas Peile i mBéal Atha’n Ghaorthaidh i 2007, chuaigh siad i bhfeidhm ar gach éinne de bhrí go raibh siad ag labhairt i nGaeilge an t-am ar fad.

Os rud é go raibh mé ag tuairisciú do Lá Nua ar an gcomórtas an bhliain sin – agus níl aon nuachtán a rinne tuairisciú chomh cuimsitheach ar an gComórtas Peile is a rinne Lá Nua – bhí mé ag taisteal ó pháirc go páirc leo.  Bhí mé thar a bheith bródúil as a bheith ina dteannta.   Léirigh siad fíor spiorad an chomórtais – ach níor cheart go mbeadh íontas orainn faoi sin – agus ba chodarsnacht é sin le foirne ó Ghaeltachtaí ‘oifigiúla’ a bhionn teanga níos galldaí agus níos gairbhe á chleachtadh acu.

Laochra Loch Lao - múrphictiúir in Iarthar Bhéal Feirste

Tá liosta fada de rudaí a léiríonn chomh Gaelach is atá Béal Feirste agus atá ina lochrainn don phobal Ghaelach ar fuaid na tíre.   Cultúrlann McAdam O Fiaich, Raidió Fáilte, na Bunscoileanna, Coláiste Feirste, An Droichead, Cumann Mhic Reachtain, Lá (RIP), Forbairt Feirste, Aisling Ghéar, Cumann Chluain Ard, Seacht….agus anois Laochra Loch Lao.

Má tá aon rud a léiríonn teip tubaisteach na bpolasaithe maidir le caomhnú na Gaeltachta ó dheas is é Gaeltacht Bhéal Feirste é.   Tá an spioraid ceart ann go fóill – cé go bhfuil an baol ann go loitfear é má bhfaigheann na maorláthaigh greim scrogaill air. An bhfuil sé ró dhéanach claochló iomlán a dhéanamh ó dheas?

achainí á dhéanamh faoi láthair ag An tUltach go mbeadh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl cois cuain uair éigean.  Tacaím go h-iomlán leis an moladh sin.  Creidim, go deimhin, go bhfuil sé rí thabhachtach go dtabharfadh ionadaithe ó gach Gaeltacht sa tír ar Ghaeltacht Bhéal Feirste go bhfeicfeadh siad an forbairt atá déanta ansan, gan an ‘deontas’ agus in ainneoin doicheall an Stáít, agus go dtabharfadh sin spreagadh dóibh agus iad ag filleadh abhaile chun tabhairt faoi athbheochan na Gaeilge agus an Ghaelachais sa Ghaeltacht.

Dá bhfeicfimís an méid atá bainte amach le h-allas agus le dúthracht ag muintir Bhéal Feirste, nithe a dheintear talamh tirim díobh ó dheas, bheadh iontas orainn agus díomá.

Comments (6)

Mar a fuair Kevin Myers amach faoi ‘Foinse’ san Indo….

Posted on 21 June 2010 by igaeilge

Cliceáil ar an bpictiúir agus treorófar thú go dtí an fhíseán.....

Cé mhéid uair gur rith sé liom le tamall an cheist a chur faoin mbealach a fuair mo chomh-cholúnaí leis an Indo, Kevin Myers, amach go raibh Foinse anois á dháíleadh saor in aisce leis an nuachtán ina mbionn sé féin ag cur peann le pár chun íonsaithe rialta a dhéanamh ar an dteanga, lucht a labhartha agus eile?

Ní fheadar.  Ach tá’s agam rud amháin – gur beart fónta ar son na teanga, fiú mura dtaithníonn Foinse liom mar ‘nuachtán’ go h-iomlán, atá ar bun ag an Indo agus is fiú é sin a aithint.  Gach seans go mbeadh gradam ‘Gael na bliana’ buaite ag Sir Tony O’Reilly as an dtacaíocht seo a thabhairt don bhfoilseachán Ghaeilge seo.

Tá an Ghaeilge anois á dháíleadh ar breis is 100,000 teaghlach gach seachtain.   Tá altanna – fiú nach nuacht iad sa slí a thuigimse nó tusa é – ann ó réaltaí na teanga, daoine ar nós Dáíthí O Sé, Hector agus Evanne Ní Chuilinn.     Is maith ann é.    Is mór an trua nach bhfuil Gaelscéal ag aimsiú an sprioc atá aige sa tslí go n-aimsíonn Foinse an sprioc atá ag an bhfoilseachán sin….

Sieg Foinse!  Sieg Indo!  Sieg Myers?????

Comments (7)

Cad faoi diospóireacht cheannaireachta ar TG4?

Posted on 19 June 2010 by igaeilge

Seo litir a foilsíodh inniu san Irish Times:

Madam, – One thing Enda Kenny has over Richard Bruton, which was illustrated perfectly at Thursday’s press conference where the first question and answer were in Irish, is that by having both languages he can represent all of the people. As Brian Cowen and Eamon Gilmore are also bilingual, we can look forward to three-way debates, not only on RTÉ and TV3, but also on TG4. – Yours, etc,

E QUILL,

Bray,

Co Wicklow.

Pointe mhaith.  Ach, ar mhí-amharaí an tsaoil, ní bhionn diospóireacht ceannaireachta ar TG4 roimh olltoghchán.  Ba cheart go mbeadh.  Níl aon chúis anois, nuair is cainteoirí Ghaeilge iad ceannairí na bpairtithe ar fad, [agus ná dearúdaimís John Gormley (An Chomhaontas Glas) agus Gerry Adams/Caoimhín O Caoláín(Sinn Féin).

Má tá TG4 le bheith ina chuid cheart de shaol na tíre – seachas ina aguisín – ba cheart go mbeadh diospóireachtaí móra ann mar seo roimh olltoghchán.  Nuair a bhí an olltoghchán sa Bhreatain le déanaí, bhí na diospóireachtaí ceannaireachta ar siúl ar BBC, ITV agus Sky.

Mír eile san Irish Times inniu a bheidh suim ag cainteoirí Ghaeilge ann, an spotsholas a leag Miriam Lord ar bhotún Nuacht RTÉ nuair a d’fhoilsigh siad griangraf de aisteoir Mheirceánach, atá an chosúlacht idir é agus ceannaire Fhine Gael, i dtuairisc faoin phobal bhreith a chuir dlús sa chonspóid seo ar fad.

Comments (1)

Cad a dhéanfá le €22bn?

Posted on 18 June 2010 by igaeilge

Le linn na seachtaine agus sinn go léir ag faire ar shorcas Fhine Gael nó ar Chorn an Domhain, scaoileadh amach rún faoin airgead atá á thabhairt ag an Stát – sin tusa agus mise – don Bhanc Angla Éireannach.

De réir Príomh Fheidhmeannach an bhainc, Mike Aynsley, agus é ag labhairt le Coiste Oireachtais, is ar éigean go bhfeicfidh an Stát pingin den €22bn a fuair an banc uainn arís.   Ní thabharfar ar ais don Stat é, ní thabharfar ar iasacht é.

Tá sé deacair suim chomh mór le €22bn a shamhlú.  Cad a dhéanfása leis dá bhfaighfeá é amarach?

Seo cúpla smaoineamh atá agam.   Fáiltím roimh bhúr smaointí.

  1. Dhá craobh chomórtas Corn an Domhain a eagrú i dtíortha éagsúla -  Sin €10bn an ceann agus soinseáil de €2bn.
  2. 110 Fiosrúchán Dhomhnach na Fola (£200m an ceann).
  3. Méadú faoi 44 ar an airgead a chaitear leis an nGaeilge gach bliain (€500m).
  4. Do rogha féin….

Comments (0)

Cuireadh chun agallaimh do Bhórd TG4 – i mBéarla

Posted on 18 June 2010 by igaeilge

Tá cuireadh chun agallaimh faighte agam ó Sheirbhís na gCeapachán Phoiblí d’fholúntas ar Bhórd TG4.   Fógraíodh an fholúntas i nGaeilge agus i mBéarla le déanaí sna nuachtáin náisiúnta agus ní beag an chostas a bhí ar an bhfograíocht sin – ach tháinig an litir ar r-phost ar maidin agus is i mBéarla amháin a bhí sé.

Tuigeann daoine a thagann anseo go minic an deistean atá agam don aistriúcháin in aisce – ach creidim gur masla é seo do gach cainteoir Ghaeilge agus do gach cáin íocóir sa tír.   Ní miste le Seirbhís na gCeapachán Phoiblí suimeanna móra airgid a chaitheamh ar fhógraí a aistriú go Gaeilge agus a fhoilsiú sna nuachtáin náisiúnta chun an fholúntas seo a líonadh – ach nuair is rud chomh simplí is neamhchostasach agus litir a sheoladh chugat, is i mBéarla amháin a sheolann siad an litir sin chugat.

Is i nGaeilge amháin a rinné mé mo chomhfhreagras leis an tSeirbhís seo go dtí seo.  Nuair a chláraigh mé le ‘Publicjobs.ie’, roghnaigh mé ‘Gaeilge’ mar theanga chumarsáide.    Is cosúil nár chuir muintir Publicjobs.ie aon spéis san fhreagra sin ar m’fhoirm.

Is duine achrannach mé agus is dócha nach dual do mo leithéidse bheith ag suí timpeall an mBórd [Stáit] céanna agus na maithe is na mór  uaisle a cheap an Aire.  Ní doigh liom go gceapfaidh Aire mise riamh d’fholúntas mar seo ach is amhlaidh gur fógraíodh an fholúntas seo go poiblí mar gur ionadaí ‘Tithe an Oireachtais’ atá á earcú.  Níl a fhios agam cén fath nach feidir an  ionadaí seo a fháil i measc baill tofa an Oireachtais.

Ach chuireas isteach ar an gcomórtas seo ar an mbonn gur thuig mé go raibh guth níos laidre ag teastáil ar Bhórd TG4 ar son na nGaeltachtaí beaga – ar nós Múscraí – agus chomh maith le sin cheapas go mbeadh sé úsáideach chun an cás atáim ag iarraidh a dhéanamh faoi thrachtaireacht i nGaeilge ar ócáídí móra spóirt ‘saor go h-aer’ a chur chun tosaigh.    Is dócha nach gcuideoidh foilsiú an bhlag seo le mo chás – ag an am chéanna, tá gá an Stát a chuir faoi spotsholas nuair atá sí ag chomh neamartach is atá i leith na Gaeilge.

Tá dhá rud i gceist anseo.  Sa chéad dul síos, tá suíomh dhá theangach ag Public Jobs.ie – agus is maith ann é sin.  Mar chuid den phroiseas chlaracháin, iarann siad ort do theanga cumarsáide a roghnú.  Roghnaigh mise Gaeilge – ach is i mBéarla amháin atá oifigigh an tseirbhís tar éis teagmháil liom, ar an bhfón agus i litir.   Dá roghnóinn Béarla, an i nGaeilge a bhfaighinn mo chuid comhfhreagras?

Sa dara dul síos, thar iliomad eagrais eile, is institiúid Ghaeilge é TG4.   Ní fheadar an bhfuil a fhios ag TG4 go bhfuil an Bhéarla chomh lárnach sa phroiseas cheapacháin don Bhórd atá á stiúradh.

Comments (6)

Tags:

“Luach ar airgead” agus Foras na Gaeilge

Posted on 18 June 2010 by igaeilge

Tá litir ag príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, i nGaelscéal an tseachtain seo agus é ag tabhairt freagra na  h-institiúide ar cheisteanna atá curtha ag na h-eagrais bunmhaoinithe i litir a foilsíodh an tseachtain seo chaite.  Mura raibh impléachtaí chomh tromchúiseacha ag moltaí an Fhorais d’earnáil na teanga, bheinn sna trithí ag gairí.

Sa chéad áit, luann Ferdie mar bhunús leis na beartais atá molta ‘luach ar airgead’.    Ní fhéadfainn é a chreidiúint.  Seo príomh fheidhmeannach Foras na Gaeilge, an institiúid tras teorainn is moille le cúntaisí a fhoilsiu, ag caint ar ‘luach ar airgead’ mar bhunús le moltaí a dhéanfadh sceannairt ar na h-eagrais Ghaeilge agus a fhagfadh go leor daoine gan post.    An rud is measa faoi seo, nach bhfuil Ferdie ag iarraidh bheith greannmhar.  Is amhlaidh gurb é seo a chreideann sé.

Is cuimhin liom Ferdie a chur faoi agallamh uair amháin i laethannta níos gile.  Trathnóna Dé hAoine a bhí ann agus bhí sé in oifig an Fhorais i lár Bhéal Feirste, oifig mór fairsing FOLAMH.  Ní raibh aoinne ann chun an doras a oscailt ach Ferdie féin agus tá spás san oifig seo do scór nó breis oibrí.       Tá an oifig seo i ngiorracht 100m de phríomh shráid siopadóireachta Bhéal Feirste, An Ascail Ríoga, agus caithfidh go bhfuil pingin mhaith á íoc ar a shon don Tiarna Talún ar leis an fhoirgneamh seo, Tigh an Gheata Thiar.

Ar a0n nós, ní fheadar an bhfuil níos mó ag obair in oifig an Fhorais i mBéal Feirste ó shin ach ní doigh liom gur féidir le h-aon institiúid atá ag iarraidh ‘cuí chóiriú’ a dhéanamh ar earnáil úsáid inchreidte a bhaint as ‘luach ar airgead’ mar údar dá gcuid mbeartas agus iad féin chomh mí eifeachtach is atá Foras na Gaeilge.

Ní mise amháin a thugann faoi ndeara go bhfuil an Foras ag cur go mór leis an fhoireann atá ag obair leo agus iad ag iarraidh ar ghrúpaí eile ‘cuí choiriú’ a dhéanamh?   An bhfuil aon tuiscint ag aoinne cén obair atá ar bun ag an arm mhaorláthach seo?

Comments (0)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES