Nllim ag trachtaireacht chomh minic ar iGaeilge na laethannta seo ar chúiseanna éagsúla. Ag an am chéanna chuir mé m’ainm le litir a foilsíodh sa nuachtán an lá theana ag moladh do cheannaire Fhine Gael athmhachnamh a dhéanamh ar cheapachán Frank Feighan TD ina úrlabhraí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Níl fiú an ‘cúpla focal’ ag Frank, ar theachta é ó Ros Comáin, agus ní dócha gur cabhair do an méid sin agus é in ainm is a bheith ina úrlabhraí ar ghnóthaí Ghaeilge agus Ghaeltachta.
Caithfidh mé a admháil go raibh mé idir dhá chomhairle glacadh leis an gcuireadh a fuair mé ó chomhordnóir an fheachtais seo, Muiris O Meara. Bhí amhras orm go bhféadfadh an fheachtas seo, dá fheabhas é agus dá chirte é iompú inár gcoinnibh de bhrí go mbeadh namhaid na teanga ag tabhairt faisistigh teanga orainn agus ag cur inár leith go rabhmar ag brú an Ghaeilge ar dhuine bocht neamhurchóideach.
Ar ndóigh ní duine neamh urchóideach é Frank Feighan. Ghlac sé leis an bpost mar urlabhraí Gaeltachta agus é ar eolas go maith aige ná raibh an Ghaeilge aige. Bhí sé truamhéileach a bheith ag éisteacht leis ar an raidió agus é ag maíomh go mbeadh sé ag déanamh ranganna Ghaeilge agus, anuas ar sin, go mbeadh Dinny McGinley, an Ghaeilgeoir is fearr sa Dáil is dócha, ag comhlíonadh an chúraim Gaeltachta.
Mar sin de, glacann an tUasal Feighan leis go bhfuil gá aige leis an nGaeilge agus é ag maíomh go mbeidh sé ag tabhairt faoi ranganna Ghaeilge. Maith é! Samhlaigh an raic a bheadh ann dá gceapfadh Fine Gael úrlabhraí airgeadais a dúirt go mbeadh air nó uirthí cúrsa a dhéanamh i gcúntasaíocht agus go mbeadh duine éigean eile ón pháirtí ag déanamh an chúraim fhaid is a bhí an cúrsa léinn sin ar siúl.
Bheadh trachtairí pholatúla na meán ar fad ag gairí faoi chomh amaideach is a bhí Fine Gael. Bheifí ag caint ar an ‘bon mot’ úd a bhí ann faoi Alan Dukes nó John Bruton – dá mbeadh anraith ag titim mar bhaisteach, bheidís amuigh faoin chlagar le forc!
Aon rud ar dhein Bruton nó Dukes roimhe, is féidir le Enda Kenny é a sharú. Tá raidhse Teachtaí Dála le Gaeilge aige ina phairtí phairliminteach – ach roghnaíonn sé duine den bhuion bheag nach bhfuil Ghaeilge aige chun a bheith ina úrlabhraí ar chúrsaí Ghaeilge is Ghaeltachta!
An é seo an fear is fearr chun a bheith ina Thaoiseach? Sin an cheist a chuirim.
Tá conspóid ann mar gheall ar an litir a foilsíodh san Irish Times. Luadh an scéal ar Morning Ireland agus ar Nuacht a hAon ar RTÉ. Luadh an scéal ar ‘cad a deir sé sna paipéir’. Tá plé bríomhar ann ar Politics.ie ar an cheist. Ní raibh an oiread poiblíochta faoi cheisteana níos tabhachtaí – ar nós an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an tuarascáil Oireachtais a foilsíodh ina leith an tseachtain seo nó an sainn ina bhfuil Udarás na Gaeltachta de bhrí nach mbeidh aon airgead caiptil acu gan ró mhoill. De réir dealraimh tá moltaí an Bhórd Snip á gcur i bhfeidhm, snip ar snip.
Tá 39 moladh i leith na Gaeilge i dtuarascáil Comhchoiste na Gaeltachta – agus níl ach cúpla moladh i dtuarascáil McCarthy agus is iad na moltaí sin, is cosúil, atá á chur i bhfeidhm. Má fhagtar Udarás na Gaeltachta gan maoiniú caipteal – an t-aon léamh ar féidir baint ón gciorrú atá á dhéanamh ar acmhainí chaiptil an eagrais de réir na meastúcháin a foilsíodh le linn na seachtaine – beidh an chúram orthu fiontraíocht a spreagadh agus a dá láimh ceangailte ar chúl a ndrom. Fiú an Aire féin, Pat Carey, tuigeann sé go gcosnaíonn sé níos lú post a bhunú sa Ghaeltacht ná mar a fhaigheann an IDA nó Fiontraíocht Eireann chun post a bhunú i gceantracha eile.
Is iad na polasaithe sin – nó na h-easpaí sin – ar cheart dúinn diriú orthu anois seachas bheith ag meilt an iomarca ama le geaitsí amaideacha (nó maslaí tomhaiste) Enda Kenny. Feicim go bhfuil Guth na Gaeltachta ag réiteach chun glór a ardú uair amháin eile agus iad ag fógairt cruinnithe an tseachtain seo chugainn. Go n-eirí leo linn.














Bhúr dtuairimí…