Archive | August, 2010

Tags: , , , , , ,

I mBéal Feirste cois cuain

Posted on 25 August 2010 by igaeilge

Táim anseo i mBéal Feirste le cúpla lá, ag glacadh pairte i gclár teilifíse faoi mhalartú tí atá maoinithe ag an gCiste Craoltóireachta.  Faoi dheireadh táim ag baint leasa as an gciste sin a thug mé lámh cúnta do nuair a bhagair mo shean chara, Edwin Poots, an bás air le linn dom bheith im eagarthóír ar Lá Nua!  Táim anseo le mo theaghlach agus caithfidh mé a rá go bhfuilimíd ag baint an sult as an gcuairt go dtí seo.

Is é seo an chéad uair dom ar ais i mBéal Feirste ó bhí mé ag obair le Lá Nua breis is dhá bhliain go leith ó shin.  Tá go leor nithe nach bhfuil athruithe – féile agus fáilte phobal na Gaeilge, mar shampla, is tá roinnt atá athruithe – roinnt siopaí nua tógtha agus roinnt eile foirgintí folmha ar fuaid na cathrach. Bhíomar istigh i gCearnóg Victoria an oíche dheireannach.  Foirgneamh ollmhór atá ann – gan croí gan anam.   Chuamar chuig ‘Toy Story 3′ ann le na páistí agus bhaineamar an taitneamh as – sinn ag caitheamh na spéaclaí 3-D is uile.  Ní fheadar mar gheall ar na spéaclaí sin, cé acu an oibríónn siad nó nach n-oibríonn.  Mhothaigh mé go raibh an scannán as focas go dtí gur chuir mé orm an pheire!

Agus sinn ar ár slí go dtí ár loistín, atá ar an dtaobh eile den chathair ón dtig inar chonaíomar i gceantar Bhóthar Seoighe, ghlaomar isteach go Curley’s, an ollmhargadh sa Kennedy Centre a bhímís ag siopadóíreacht ann cúpla bliain ó shin.   Níl Curley’s ann níos mó – ina áít tá Sainsbury’s, ollmhargadh ollmhór Shasanach, agus an t-Ionad féin féistithe go deireadh.  An rud is mó a thugas faoi ndeara an chomharthaíocht dhá theangach ar fuaid an Ollmhargaidh, é snásta agus ildáite is gairmiúil.    Sin trí aidiacht nár luadh leis an dteanga san aimsir chaite – ní h-ionann an scéal níos mó, a bhuiochas de leithéidí Raidió Fáilte [atá beo ar chur chuige ghairmiúil ach, den chuid is mó, óglaigh amaitéaracha (is le h-ard mheas a thugaim amaitéirigh orthu ar eagla na mí thuisceana!)].

Ní feidir ach a bheith spreagtha ag an obair atá ar siúl anseo i ngort na Gaeilge.  Tá sé ar siúl i ngach cúinne den chathair – san iarthar, sa tuaisceart agus i ndeisceart na cathrach go h-áirithe.  Tá féile ag tosnú amarach [Déardaoin] sa Droichead i gceantar Ormeau, mar shampla, is bhí léacht suimiúil aréir sa Chultúrlann i mBóthar na bhFal.  An taiscéalaí ola is déantóir fuiscí [Heavy Fuel le Dire Straits á cheol agus mé ag scríobh seo!

Sa Chultúrlann chéanna tá go leor bogadh ag titim amach.   Tá Caifé Feirste ag feidhmiú ann anois agus ag déanamh go maith, le réimse maith bídh d'ard chaighdeán ar díol ann ar phraghasanna réasúnta.   Níos mó ná sin tá go leor grúpaí ag bogadh amach chun ligint d'obair togála tosnú ar na h-urláir thuas staighre an mhí seo chugainn.

Aithním go bhfuil ard obair ar siúl sa Droichead agus i gCumann Mhic Reachtain i dTuaisceart na Cathrach agus, go deimhin, i nDoire agus in Iúr Chinn Trá agus in áiteanna eile ar fuaid an tuaiscirt [An Charn mshampla] – ach is í an Chultúrlann cuisle beo na Gaeilge ó thuaidh.   Is í an chló ghorm don tír ar fad gan amhras agus gach noimead a chuirtear amú ag feitheamh ar airgead ón spéir chun a mhacasamhail a chur ar bun i ngach baile mór in Éirinn is noimead amú é nach bhfaighfear ar ais go brach.  Ní mór smaoineamh gur thosnaigh an Chultúrlann gan pingin agus le na focail ‘Eilifint Bhán’ ag macallú timpeall an  fhoirgnimh fholaimh ó mhaoinitheoir a thug bunaitheoirí na Cultúrlainne cuireadh do cuairt a thabhairt ar an áit le féachaint an dtabharfadh an eagras airgead phoiblí don bhfiontar.

Níl gá le foirgnimh nua, deartha ag ailtirí agus a leithéid.  Níl gá ach le seomra amháin mar thús.   Níl a fhios agam, mar shampla, cén fath nach bhfuil iarracht déanta caifé a chur sa siopa leabhar ag 6 Sraid Fhearchair na blianta ó shin chun go bhféadfadh Gaeil Bhaile Atha Cliath teacht isteach agus caifé a bheith acu is, b’fhéidir, leabhar a cheannach.   Nach é ‘footfall’ an príomh rud a bhionn á lorg ag lucht siopaí chun gnó a mhealladh – is cuimhin liom bheith i Waterstones le déanaí i mBaile Atha Cliath agus bhí caifé deas ann.  Ní raibh morán daoine istigh ann ach bhí sé luath ar maidin.   An rud a mhothaím go mbeidh ar shiopaí leabhair an seirbhis sa bhreis chun daoine a mhealladh chuthu le leabhair a cheannach – in áít a bheith á gceannach ar an idirlíon.

Is pleisiúr ar leith bheith ag brabhsáil sa Cheathrú Poilí, Siopa Leabhar na Cultúrlainne.  Is féidir leat leabhar a phiocadh suas agus suí sios leis agus bheith á léamh is tú ag ól chupán ó Chaifé Feirste.  Is minice ná a mhalairt gur cheannaigh mé leabhar sa tslí seo ná aon slí eile.  Tá sé deacair, gan amhras, eirí chomh tógtha faoi leabhair Ghaeilge agus go mbeadh dúil agat leabhar áirithe a cheannach mar ní bhionn an phoiblíocht nó an ‘hype’ mas maith leat.  Nuair a bhíodh Lá ann bhíodh forlíonadh ann gach seachtain le léirmheasanna, gearr scéalta is altanna próis is dánta ann.   Níl an seirbhís sin – agus ní raibh ann ach an iarracht is  lú i gcomparáid leis an dtuairisciú chuimsitheach a dheintear ar gach leabhar leath liteartha a fhoilsítear i  mBéarla.   Ní gá ach teoiric leath-bhacáílte a bheith agat chun cuireadh a fháil chun agallamh a dhéanamh ar sheó Pat Kenny nó Ryan Tubridy ar an Raidio.  Ní gá don teoiric bheith bacáílte ar chorr ar bith le bheith ar leithéidí Newstalk agus níl ansan ach an codán is lú de mheáin na hÉireann.

Tá gá le na siopaí go fóill – leithéidí An Cheathrú Poilí is an Siopa Leabhar – le cois na suíomhanna idirlín, Litríócht.com agus udar.ie   Ach tá gá le níos mó ná sin – tá gá le timpeallacht ina bhfuil tuairimí is caireictéirí na leabhair seo beo beathach inár saol.   Níl sin ar fáil in aon mheán Ghaeilge agus is mór an trua sin nó is iad údair is scriobhnóirí na Gaeilge, iad san a chumann rud éigean óna samhlaíocht nó óna stair – leithéidí Seeamus Mac Seáin atá ag scríobh a chuimhní cinn faoi lathair, lámhleabhar don ghníomhaí teanga an teideal ar cheart do bhaisteadh air (nó is é sin a bheas ann, a bheag nó a mhór!).

Táim tosnaithe ar racht anois agus is mithid dom stopadh.    Tá sé níos deacra alt ghairid a scríobh ná alt fhada.   Sin an rud a dúirt mé inné le Seamus Mac Seáin tar éis do a rá liom go raibh 80000 focal scríte aige laistigh de chúpla mí  - agus anois go raibh scagadh á dhéanamh ar sin.  Anois ba cheart dom mo chomhairle féin a ghlacadh.  Is amhlaidh gur thosnaigh me ag scríóbh de bharr an priocadh a fuair mé ó mo chairde [leantóírí?] sa Chultúrlann a rinne gearán liom, gur shíl siad mé bheith marbh de bharr an laghad a bhí scrite agam ar an mblag le tamall.   Agus lean mé ag scríobh go dtí seo de bharr go raibh mé chomh togtha faoin méid a chonaic mé le cúpla lá anuas.   Tá réabhlóid ar siúl i mBéal Feirste – is mithid an réabhlóid sin a thabhairt ar fuaid na tíre agus is é scríobh an bhlag seo ceann de na slite ar féidir liomsa bheith páirteach sa réabhlóid!

Comments (14)

Tags:

Omós dhearthair

Posted on 14 August 2010 by igaeilge

Dónal  le Peadar  O Liatháin


Do chaitheas mo shaol go léir le Dónal

Ach anois is arís ar feadh mí do scaraimís

Briseadh oibre nar scáir sinn ró fhada

Bhí an samhradh caoin agus collegians tagatithe

Cé gur sine mise boss ab ea Dónal

Is ag dul in aois do boss ní ba mhó é

Dá mbeadh sé de mhí-ádh ort cabhair a ghealladh do,

Ní bheadh ionat fan lae ach daor gan aithnid.

Id sheasamh go ciúin le casúr id ghlaic agat

Is tú leata leis an bhfuacht muna bhfaighfeá fosca beag.

Ba mhór a ghrá do chrónán na mbeach.

Agus do na ndícheall oibre  ba bhinn a nglór

Mo bhrón nár tháinig sáithe roimh titim do

Ná mil ná cealg ná fiú lá breá,

Déanach sa tráthnóna Iúil agus Lúnasa

Dheinimís dash suas an Cúm agus Insí síos:

Droichead Uí Mhórdha agus an Poc ar Buile

Ruachtaí agus Sleaghainí ag teacht le chéile,

Raidhse  breac má bhí an cuileog agat.

Táimse brónach id dhiaidh a Dhónail

Mar nár cheapas riamh go mbeifeá róm-sa

Chonac d’anáil deireannach ag croitheadh do bheola

Faoiseamh duit mar d’fhulaingís do dhóthain,

Gan gearán gan oscna sar ar dhún do shúile.

Bhí a lán le rá againn fós nár ínseadh

Bhí mí na Samhna ann, mí na marbh

Ag caint ar Nollaig is gan cuileann dearg

Fáinleoga imithe is na duilleoga ar fán

Tránóntaí dorcha is fuacht an tseaca

Ag séideadh chúinn ach ár smaointe ar fán.

Bhís siúlach scéalach, suairc is aerach

Filíocht  na shlaoda ag sceith uait síos

Greann ba mhéin leat is an gáire taobh leat

Mar na gaethe gréine ar Mhullach an Ois.

Do chuamar Domhnach go hInse Geimhleach

Naomh Abán is Ath Bolg a bhí sa chath.

Domhnach gréine go Droichead na Tuinne

Ach ceó as san siar go páirc na h-imeartha

Bhí an cluiche ar siúl ach ní fheicfeá leath de,

An slua ag béicigh go láidir anamúil

An bua ag Naomh Abán i ndeire na scríbe.

Shiúlamar suas an Muirneach Beag

Shiúlamar amach suas an Chnoc Buí

Lastiar dár dtig bhí Cnoc Chúil Aodha

Frach is aiteann garbh gan aon saghas cosáin ann

Ach tá cosán greanta réidh agat dom.

Comments (3)

Tags:

Tús an tséasúir sacair i Sasana….agus an Ghaeilge

Posted on 09 August 2010 by igaeilge

Taca an ama seo le roinnt blianta táim tar éis foireann mo bhrionglóidí d’imreoirí sacair Phríomhshraith Shasana a chur le cheile chun páirt a ghlacadh i Sraith Fantasaíochta Sacair i bpáirt le cáirde anseo i Múscraí nó, roimh mo theacht ó dheas, ó thuaidh i mBéal Feirste.

Ní h-é go bhfuil aon suim ar leith agam i bPríomhshraith Shasana – is iarracht é bheith im chuid de phobal agus tugann thuas seal thíos seal na foirne ábhar comhrá dhom le go leor daoine.   Ag an am chéanna tuigim gur mó mo shuim i sacar Shasana ná sacar na hÉireann agus gur mó arís an suim atá ag pobal na hÉireann i sacar na gcomharsain agus ina gcultúr iomlán le cois ná mar atá againn inár gcultúr féin.

Nuair a thug Manchain Aontaithe cuairt ar Staid Aviva Bhóthar Lansdún an lá deireannach bhí níos mó tacadóirí ann don bhfoireann Shasanach ná mar a bhí d’ionadaithe Phríomhshraith Airtricity.

Nach é sin an slí leis an Ghaeilge agus an Bhéarla in Éirinn.  Cinnte is maith linn ár dteanga féin – ach tá sé deacair gan ár súil a bhaint ó theanga na gcomharsain (agus ár dteanga féin i bhfírinne).

Anois nílim ag maíomh gur rud maith é seo – ach is allagar é ar an stáíd ina bhfuilimíd.   Tugaim faoi ndeara freisin go bhfuil ceannaire an FAI, John Delaney, ‘An tUasal Sacair’ in Éirinn, ag fáil tuarastal sa bhreis ar €420,000 in aghaidh na bliana – ní fheadar an mó ‘ceannaire’ i ngluaiseacht na Gaeilge atá ar thuarastal atá chomh h-ard le leath nó trian de sin.   Nílim cinnte conas ar féidir leis an tUasal Delaney a mhaíomh go saothraíonn sé an tuarastal sin.

Mar sin an ag snámh in aghaidh easa atáimid agus sinn ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn?   An bhfuil aon mholadh fónta

Comments (1)

Tags: , , ,

Fágaíg an Bealach….Rosc Catha Choláiste Íosagáin

Posted on 07 August 2010 by igaeilge

Trathnóna Dé Satharn atá ann agus mé ag suí sa bhaile, an ghrian ag taithneamh, na paistí is mo bhean ar a suaimhneas.   Mé ag léamh alt lem’ athair ó shean chlár Chomórtas Peile na Gaeltachta, an bhliain 2003, an uair dheireannach a reachtáladh an chomórtas i mBaile Bhuirne.

Alt atá ann faoi mo ‘Alma Mater’, Coláiste Íosagáin, coláiste inar chaitheas roinnt blianta shonasmhar (cé nár mhothaíos gur amhlaidh a bhí ag an am!) sna 80aí.   Alt é lán le stair a bhí ar eolas agam – agus cuid eile ná raibh.   Seo chugaibh an Rosc Catha a bhí ag an Coláíste, nuair a bhíodh an fhoireann ag tabhairt chun páirce i gcluiche peile,  Ní raibh sé ann le mo linn – ní raibh againn ach cúpla fonn Bhéarla, fíric a ínsíonn a scéal féin.

Fágaíg an Bealach (fonn: Féach tá sinn-ne Clann na hÉireann)

Fágaíg an bealach ag Ridirí an uaithne, teacht chugaibh ar sodar go cíocrach chun bua.

Seo chugaibh na gaiscigh ó ghleann Bhaile Bhuirne, togha ‘gus rogha de choláistí na Mumhan

Gach aon fhrear ós na cúil go d’ís na tosaig, fónta foirfe chun diothú ar namhad

Colainn tréana, sprid gan traochadh, leafar a gcáil thar na sléibhte anonn.

Níl in Éirinn, ná an domhan iomlán, dream atá i ndán sinn a chloí

Mar gur Éireannaigh, is gur Gaeil sinn, inár n-ánam is ‘nár gcroí.

Níl  a fhios agam an fonn sin, ‘Fágaíg an bealach/Féach, tá sinn-ne Clann na hÉireann).  Luaim anseo ar eagla go bhfuil a fhios ag aon duine agaibh….

Pé scéal é is maith é mar Rosc Catha, ós na focail amháin…..

Beannacht Dé le h-anamacha na marbh….

Comments (7)

Tags: , ,

Bhí mé ag an gcoirm cheoil seo…..

Posted on 05 August 2010 by igaeilge

Aibreán 1987, breis is scór bliain ó shin, bhí sraith choirmeacha ceoil sa Cheoláras Náisiúnta chun comóradh a dhéanamh ar Sheán O Riada, a shaothar cheoil chlasaicigh, a cheol thraidisiúnta agus saothair a sheasann gan lipéad dá laghad ach ‘Éireannach’ – Mise Éire, Saoirse agus san fhíseán seo, The Banks of Sullane, omós don abhain a shníonn trí Chúil Aodha….

Comments (1)

Tags: ,

An Ríl Mór

Posted on 05 August 2010 by igaeilge

Mura gcuireann sé seo brí ionat maidin Samhraidh, ní lá fós é.   Bhíos féin ar an ardán le Ceoltóirí Chualann an oíche dheireannach [le Cór Chúil Aodha] le h-aghaidh coirmcheol mhór Cháirde an Riadaigh sa Malton i gCill Airne.

Ach beidh tuilleadh faoi sin ar ball…..

Comments (1)

Tags: , , ,

Cén Ghaeilge atá in An Phoblacht?

Posted on 02 August 2010 by igaeilge

Tá suíomh nua idirlín ag An Phoblacht, suíomh ana shnásta ar fad.   Go deimhin tá an oiread snasa curtha air go bhfuil an alt Ghaeilge a bhíodh sa leagan chlóite imithe as radharc ar fad. Ar ndóigh is é An Phoblacht nuachtán phairtí Shinn Féin agus níor cheart aon íontas a bheith orainn má tá an Ghaeilge curtha as radharc acu.  Bhí láimh ag Sinn Féin i gcur faoi chois Lá Nua agus comhaltaí an pháirtí ag suí go teann ar a lámha timpeall bhórd stiúrtha Fhoras na Gaeilge.

Má tá Fine Gael le cáineadh as ucht an easpa Ghaeilge atá ag úrlabhraí Ghaeltachta an pháírtí, agus má tá Fianna Fáil le loisceadh de bharr easpa Ghaeilge ar an suíomh idirlín ag an pháirtí, tá SF agus An Phoblacht [ar eagla gur dhá neach éagsúil iad] le cáineadh as fimíneacht. Is minic go mbionn leithéidí Piaras O Dochartaigh ar a chosa in airde ag caineadh an Rialtais as easpa Ghaeilge etc.  Ní fheadar cad a bheidh leis an Seanadóir i dtaobh an masla is déanaí don teanga i nuachtán a pháirtí féin?

Comments (2)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES