Archive | September, 2010

Tags: , , ,

Cosa Shinn Féin nite ó dheas?

Posted on 23 September 2010 by igaeilge

De réir torthaí phobalbhreith TV3 trathnóna is é Páirtí an Lucht Oibre an páirtí is treise sa Stát.  Ní fheadar an bhfaca an pháirtí tacaíocht 35% riamh roimhe.  Tá Fine Gael sa dara áit ag 30% agus Fianna Fáil thiar ag 22%.    Mar sin tá Fine Gael morán mar a bhí agus Fianna Fáil freisin – ach cá bhfuil votaí an Lucht Oibre ag teacht uaidh?

Tá siad ag teacht ó Shinn Féin.   Níl ach 4% anois ag an bpáírtí sin agus léiríonn sin chomh imeallach is atá an pháirtí seo i saol na tíre.   Níl ag eirí le SF leas a bhaint as an ngaoth fuar atá ag seideadh don rialtas a bheag nó a mhór, in ainneoin gur ionann gaoth fuar don eite dheis agus gaoth na tacaíochta i seol an fhreasúra is binibí don Rialtas.

Tá ag teip ar SF an phobal a thabhairt leo trath gur cheart go mbeadh dóirse an pháírtí á bhriseadh síos.    Ní cosúil go bhfuil aon pholasaí inchreidte ag an pháirtí ar aon cheist cé go mbionn go leor fothroime á dhéanamh ag leithéidí an Seanadóir Piaras O Dochartaigh.

An bhfuil SF go deo smálaithe ag an gceangal atá acu leis an bpáírtí is faide ar an eite dheis ar an oileán, an DUP?   Nó an é nach bhfuil an mianach sa pháirtí aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim ina bhfuil an pháirtí – agus nuair atá i ngiorracht de 4% de gan aon tacaíocht a bheith agat, is géarchéim é sin gan aon amhras.

Comments (2)

Tags: , , , , , ,

Cúigear agus Seachtar

Posted on 23 September 2010 by igaeilge

Mícheál Ó Coileáin

Tá dhá sbraith tosnaithe an tseachtain seo ar RTÉ agus ar TG4 atá ag cur go mór leis an dtaithneamh atá le baint as an dteilifís um an dtaca seo.

Ní aireoinn mé féin in leantóír den iar Thánaiste, Michael McDowell. Is cuimhin liom ‘An tAire MacDramhaíola’ a bhaisteadh air i gceannlíne i bpríomhscéal inar tugadh le fios gur aimsíodh caipéisí rúnda ón Roinn Dlí agus Cirt ar lathair dramhaíola ó thuaidh.

Ach in ainneoin mé féin agus an doicheall atá agam don bhfear, bhaineas taithneamh as a chur i láthair phaiseanta ar chás Mhichíl Uí Choileáin don ‘chomórtas’ atá á reachtáil ag RTÉ chun an Éireannach is fearr riamh a aimsiú.   Chun an fhírinne a ínsint nílim tógtha leis an gcoincheap ar chúl an chlár, Ireland’s Greatest,  go h-áirithe nuair a thug sé ‘Barr 10′ dúinn ina raibh leithéidí Steven Gately luaite.   (Ní h-é go bhfuil aon drochmheas agam ar Steven Gately, ar a dheis Dé go raibh sé, ach ní airím é ar an Bharr 10 de na hÉireannaigh is fearr riamh!).

Ach ní miste liom an choincheap de bhrí go bhfuil deis againn clár neamheaglach faoin bhFear Mór a fheiscint ar an dteilifís.   Chuir sé íontas orm go raibh McDowell, arbh iad IRA na linne seo a namhad mhallaithe, chomh tógtha leis an gCoileánach a raibh ar chúl cuid de na h-eachtraí ba bhrúidiúla i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Chathardha.   Chuir sé é i gcomparáid le Nelson Mandela agus George Washington, beirt sceimhlitheoir mór le rá eile.

Ní raibh an oiread san béime sa chlár ar an gCoileánach agus an Ghaeilge – bhí sé ina bhall shínsearach i gConradh na Gaeilge i Londain – ach ag an am chéanna, bhí an chlár seo fíor spéisiúil agus thug sé léargas mhaith dúinn ar an gCoileánach, a fhealsúnacht agus a ghníomhartha.

Caithfidh mé a rá gur bhain mé taithneamh, den chuid is mó, as cur i láthair McDowell.  Bhí sé paiseanta – cé gur chuaigh sé thar fóir ó am go chéile lena chuid ‘clichéanna’ ag moladh an Choileánach.   Is doigh liom gur thaitin an chur i láthair liom mar gheall go raibh sé paiseanta agus gur sheachain sé an rud a bhionn ag cur as do chláracha faisnéise, an dúil marfach sa ‘chomheá’ agus san ‘oibiachtúlacht’.  Níos cruinne a rá, taithníonn sé le cainéalacha teilifíse go mbeadh cuma ‘údarásach’ is ‘neamhchlaonta’ ar a gcuid cláracha faisneise, ionas nach gcuirfidh siad as do dhaoine agus, dá bhrí sin, nach gcuirfear an lucht féachana ó dhoras.    Ní thugtar an oiread san meas don phaisean.  Tuigimíd go léir an áit arbh as do McDowell, garmhac Eoin Mhic Néill, agus an dearcadh atá aige i leith Poblachtánachas, an phort a bhionn aige faoi ‘athshlánú na Poblachta’ ón dream, dar leis agus le go leor eile, a thug easonóir don Phoblacht agus don Thrídháthach le mí iompar.  Agus an tuiscint sin againn, táimíd go maith ábalta breith cóir a thabhairt ar fhiúntas (nó a mhalairt) an chláír seo.

Tomás Ó Cléirigh (An aisteoir a ghlac a pháirt i sraith TG4)

Tá paisean is ceardaíocht le mothú freisin sa sraith nua, 1916 Seachtar na Cásca, atá á chraoladh ar TG4.  Taispeanadh an chéad chlár, faoi Thomás O Cléirigh, aréir (Dé Chéadaoin) agus d’ínsíodh scéal ana spéisiúil faoin Chléireach, an chéad ainm atá luaite ar fhorogra na  Cásca, fear a chaith timpeall ar 18 mbliain deag sa phriosíún (dhá sheal, trí bhliain agus 15 bhliain).

Tá sé beagnach 100 bliain ón Eirí Amach agus is mór an íontas nár ínsíodh scéal na Sínitheoirí go dtí seo ar an dteilifís.  Tá meascán deas de ‘chloiginn ag caint’, ‘scannán cartlainne’ agus ‘dramaíocht’.    Níl morán griangrafanna againn den Chléireach de bhrí gur chaith sé furmhór na mblianta ina raibh sé sáite leis an IRB agus ag beartú an IRB ag iarraidh an phoibliocht a sheachaint.  Fear ar chúl téarmaí a bhí ann ag an am sin – cé gur ghlac sé páirt lárnach san Eirí Amach.   Táim ag súil go mór le scéalta na Sinitheoirí eile a fheiscint.

Bhí an léiriú ag Abú Media ar fheabhas, ceol álainn ar a chúl, scribhinn eolgaiseach fite fuaite le dea scéalaíocht ó Aindrias  O Cathasaigh.  D’aithníos cúpla aisteoir ón gclár – leithéidí Seán O Meallaigh i bpáirt Sheán Mhic Diarmada agus Lorcan Cranitch a rinne páirt Séamus O Conghaile.

Tugann an dhá chlár seo léargas dúinn ar cheannairí na staire, daoine a d’fhulaing go leor ach nár lig dá bhfulaingt nó a laigí cur isteach ar an obair éachtach a rinne siad.  B’fhiú do Rialtas na linne seo féachaint go géar ar na cláracha seo.

Comments (2)

Tags: , , ,

Ar an imeall….arís

Posted on 22 September 2010 by igaeilge

Tugadh léargas dúinn ar dhearcadh an Rialtais i leith na Gaeltachta inniu nuair a ghairm an Taoiseach, Brian O Cómhainn, cruinniú mullaigh d’aon aisínteacht stáit deag a bhionn ag plé le cursaí fostaíochta.   De réir na tuairisce seo san Irish Times, b’é an sprioc a bhí ag dTaoiseach, de réir mar a nocht sé ag an gcruinniú;

“What Government is doing is making sure all our State agencies are focused on the need to retain jobs and create jobs…,” he said.

Is fiú, go h-áirithe, liosta na n-áisínteachtaí a tugadh cuireadh dóibh bheith i láthair ag an gcruinniú:

The groups attending the meeting were the IDA; Enterprise Ireland; Forfás; Fás; Bord Bia; Fáilte Ireland; Tourism Ireland; Science Foundation Ireland; the Sustainable Energy Authority;  the Higher Education Authority and the City and County Managers Association.

Tá an IDA agus Enterprise Ireland luaite ar an liosta seo – ach cá bhfuil Udarás na Gaeltachta, áisínteacht atá chomh h-eifeachtach ar a laghad ag cruthú postanna is atá an bheirt eile.   Níl a fhios agam an é an Irish Times a d’fhag an tUdarás ar lár ón dtuairisc – nó ná bhfuair siad cuireadh a bheith i láthair.

Cé go bhféadfadh sé tarlú go raibh an tUdarás i láthair ach gur fhagadh ar lár ón dtuairisc iad, ní doigh liom gur sin a thárla.   Creidim gur léargas é seo ar chomh h-imeallach is atá an Ghaeltacht/an Ghaeilge de rér an Rialtas.  Botún é an Ghaeilge/an Ghaeltacht a fhágaint ar lár.

Agus, gan amhras, cuireann sé ceist bunusach mar gheall ar choimitmint an Rialtais i leith a Ráiteas i leith na Gaeilge (2006) agus gach a lean é sin.   An bhfuil an Ghaeilge is an Ghaeltacht lárnach nó imeallach i saol na tíre chomh fada is a bhaineann sé leis an Rialtas?

Comments (3)

Tags: , , , ,

Lá i bPáirc an Chrócaigh

Posted on 20 September 2010 by igaeilge

Mícheál Ó Muirchéartaigh

An maidin dar gcionn, tar éis an bhua, táim ar ais sa bhaile agus ciachán im scórnach a bheadh Brian Cowen in éad leis.   Táim amhlaidh, gan amhras, tar éis go leor screadaigh a dhéanamh ar son Chorcai i gCluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh inné.

La caithréimeach do ghaiscigh Chorcaí agus d’óglaigh Thír Eoghain, gan aon amhras, ach lá le blas beag uaigneach air freisin de bhrí gurb é an cluiche ceannais dheireannach a bheadh Mícheál O Muirchéartaigh ag déanamh trachtaireacht air ar son RTÉ Raidió 1.   Tar éis breis is trí scór bliain a chaitheamh ar chúl mhícreafón ag cluichí móra, is cinnte go bhfuil a chion déanta ag Mícheál.   Agus nuair a deineadh bronnadh air inné, roimh an chluiche mhór, sheas an uile dhuine, 80,000 nó mar sin, chun bualadh bos a thabhairt don Chiarraíoch ghroí.   Ní raibh mé i láthair má thárla sé seo i bPáirc an Chrócaigh roimhe.

Ciallóidh easnamh Mhichíl ón mhicreafón is na aerthonnta gur beag an Ghaeilge a bheidh le clos feasta ag ocáidí móra mar seo ar phríomh staisiún raidió na tíre.  Is cuid de chur i láthair nádúrtha Mhichíl í an Ghaeilge agus ní doigh liom go bhfuil sé fíor le rá go mbionn an Ghaeilge in úsáid ag trachtairí eile CLG RTÉ, leithéidí Marty Morrisey, Brian Carthy nó Ger Canning.

An rud a tharlóidh, is dócha, go n-imeoimíd i dtaithí ar an easpa Ghaeilge ag an ocáid mhór agus de réir a chéile ní bheidh aon chuimhne againn ar an dteanga bheith fite fuaite, mar a dheineadh O Muircheartaigh go h-ealaíonta grámhar, le na mór mhoimintí i stair na tíre.

Bheadh sé fánach a bheith ag lorg ‘Mícheál II’ chun an traidisiún dhá theangach a leanúint ar chúl an mhícreafóin – ní thagann a leithéid chugainn ach uair sa ré.

Is mó an tabhacht, mar sin, atá le socrú a dhéanamh idir TG4 agus CLG go luath le go mbeidh an Ghaeilge le clos ag na h-ocáidí seo, beo beathach.    Is é seo mo sheanphort ach ní chreidim go bhfuil sé ceart cóir nó cothrom go mbeadh cluichí móra na tíre, cluichí CLG agus eile, á chur i láthair ar RTE, craoltóír ‘sheirbhís phoiblí’ atá beo ar an gceadúnas a íocaimíd, gan é bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.  Murar feidir le RTE seo a dhéanamh lena dteicneolaíocht ar fad agus a n-acmhainní ar fad, caithfidh dream éigean eile seasamh sa bhearna – agus sin iad TG4.

Tá TG4 fada a dhothain ag craoladh na gcluichí beaga tánaisteacha agus ag déanamh jab maith – a bhuiochas do leithéidí Brian Tyers agus Macdara Mac Donncha is Seán O Gráinne is muintir uile Nemeton – tá sé thar am go mbeadh deis acu na cluichí móra a chraoladh beo beathach le trachtaireacht i nGaeilge.

An dtarlóidh sé seo?  Cá bhfios – ach a luaithe agus a bhfaighidh mo cheapachán ar bhórd TG4 an séala oifigiúil ón Rialtas, institiúid atá cúramach go leor ag múchadh tínte faoi láthair, tosnóidh mé ar an obair thabhachtach seo.

Maidir le Páirc an Chrócaigh inné, b’aoibhinn bheith beo is i láthair ar an lá nuair a bhuaigh Corcaigh ‘Sam’ don seachtú uair.  Mo chomhbhrón le muintir an Dhúin – ní h-aon jóc bheith ag filleadh mar thánaistí ach beidh lá eile acu.

Lá fliuch ach lá brea i stair Chorcaí.  Bhí mé ann nuair a bhuaigh Corcaigh Sam an dhá uair dheireananach i 1989 agus 1990.  Agus bhí mé ann go leor uaireannta idir sin agus seo nuair a buadh orainn.

Comhghairdeas ar leith le peileadóirí Mhúscraí, Nollaig O Laoire ó Chill na Martra a d’imir sár chluiche sa chosaint agus le Anthony Lynch (Naomh Abán) a thainig aniar ó ghortú dhona chun áit a fháil ar an bpainéal.   Agus leis an roghnóir ó Naomh Abán, Peadar Healy,  fear uasal a raibh ina laoch ag muintir Bhaile Mhuirne nuair a d’imir sé féin don chumann agus don chontae.

Corcaigh abú!

Comments (4)

Donncha agus an eiriceach

Posted on 18 September 2010 by igaeilge

Nílim ag blagáil anseo chomh minic na laethannta seo – easpa feirge an fhadhb is mó.  Nó b’fhéidir go bhfuilim ag déanamh bhainistiú ar an bhfearg a bhí ionam i slite eile.   Tá go leor údair feirge ann, gan aon amrhas: d’fhéadfainn bheith ag tabhairt amach faoin Taoiseach agus a ghloine leath fholamh nó ag clamhsán faoi Fhoras na Gaeilge atá ag fás maorláthas na Gaeilge thar aon rud eile.

Ag léamh Gaelscéal dom an tseachtain seo, thugas súntas don ‘anailís’ atá déanta ag Donncha O hÉalaithe ar thorthaí Scéim Labhairt na Gaeilge 2009/10.   Tá Donncha ag gabhail don obair seo le blianta fada agus scrigh sé altanna ‘anailíse’ mar seo go minic do sean Foinse.    Anois tá sé ag seinnt an sean phort chéanna – le casadh beag nár thug mé faoi ndeara roimhe –  do Ghaelscéal.

Leagan giorruithe den ‘anailís’ a rinne Donncha atá ina phríomhscéal ar Leathnach 1 agus é faoin cheannline ‘Gaeilge ag 30% de pháistí na Gaeltachta”.    Tá an cheannlíne amhrasach seo bunaithe ar an léamh aisteach atá ag Donncha ar na staitisticí i dtorthaí Scéim Labhairt na Gaeilge.   Céard é a dúirt an fear:  ’Statistics, statistics and damned lies’?

Céard é an léamh aisteach seo?  Bhuel is amhlaidh nach bhfuil Donncha sásta go bhfuil méadú tagtha ar líon na dteaghlaigh i nGaeltachtaí beaga ar nós Múscraí atá ag fáil an dheontais iomlán – deir sé gur ‘dea scéal’ an méid sin maith go leor ach tá ‘ACH’ mór aige.  Dár leis nach bhfuil ach 30% de na teaghlaigh atá i dteideal an deontais ag cur isteach ar an scéim.

Agus mar a deir sé ina ‘anailís’:

Thart ar 10,000 teaghlach le páistí scoile atá sa Ghaeltacht oifigiúil. 6,500 acu, ní bhacann siad le hiarratas a dhéanamh, mar go dtuigeann a bhformhór nach bhfuil a ndóthain Gaeilge ag a gcuid gasúr le cur isteach ar an scéim.

Is é fírinne an scéil go léiríonn na figiúirí ón SLG 2009/10 go bhfuil líofacht mhaith Ghaeilge ag thart ar 25% de na teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht oifigiúil agus go bhfuil Gaeilge maith go leor ag páistí ó 4.5% teaghlach eile.

De réir na ‘h-anailíse seo’ is ionann agus teip gan cur isteach ar an scéim.    Nílim cinnte an bhfuil sé seo ceart nó cóir de réir cúrsaí staitisticí – is staitisticeoir Donncha ina shaol ghairmiúil – ach ceapaim go bhfuil sé éagórach go h-iomlán de réir iriseeoireacht.  Níl a fhios ag éinne cén fath nach gcuireann teaghlaigh isteach ar Scéim Labhairt na Gaeilge.   Níl aon suirbhé déanta, go bhfios dom, ar an gceist agus mar sin tá sé mícheart, dar liom, bheith ag déanamh talamh tirim de chonclúid chomh amhrasach.

Tá ár mbarúlacha againn, gan amhras, faoi na fáthanna ach ní mór cúpla rud eile a chur sa mheá.  Mar shampla, tá go leor teaghlaigh ón iasacht tar éis bogadh isteach sa Ghaeltacht le blianta beaga anuas – b’fhéidir nach bhfuil a fhios acu gur féidir leo an deontas seo a shaothrú.  Ar deineadh a dhothain bolscaireachta faoin Scéim?   Ní fheadaraíos.

Creidimse go bhfuil lochtanna bunusacha ag baint leis an scéim seo agus gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim ó bhun go barr.  Sin mo bharúil phearsanta féin.   Mar shampla, cén fath go ndeintear na páistí a chur faoi scrúdú sna scoileanna nuair nach bhfuil na torthaí bunaithe ar na scoileanna ach na toghranna áitiúla?   Nár cheart do chigirí na scéime cuairt a thabhairt ar na teaghlaigh – iad san atá ag cur isteach ar an scéim, nach iad? – agus an scrúdú a dhéanamh ar an teaghlach ar fad sa bhaile.    Slí cam é an Scéim faoi mar a fheidhmítear é faoi láthair an teaghlach ar fad a chur faoi scrúdú agus ‘pas’ nó ‘teip’ nó ‘onóracha’ a bhronnadh orthu gan aon chuairt a thabhairt an dteaghlach agus gan ach na páístí a chur faoi scrúdú sa scoil.

Fiú dá mba rud é go raibh seo ag titim amach, ní chreidim go bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge ar leas na Gaeilge in aon slí.   Ní dheineann SLG ach scrúdú ar líon na bpáistí a chuireann isteach uirthí sa Ghaeltacht – agus fágtar na mílte teaghlaigh atá seoladh páistí chuig Gaelscoileanna is Gaelcholáistí taobh amuigh den Ghaeltacht taobh amuigh den scéim.   Fiú amháin tá páistí ina gcónaí sa Ghaeltacht agus ag freastal ar scoileanna atá taobh amuigh den Ghaeltacht, de bharr, mar shampla, go bhfuil riachtanaisí speisialta acu, agus níl siad san áireamh sa scéim seo, is cosúil.

Mar sin nuair a fhoilsítear torthaí SLG gach bliain bionn cinnlínte ‘an ghloine leath fholaimh’ ar altanna ó leithéidí Donncha O hEalaithe ag fógairt go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis i measc na n-óg cé go bhfuil sé soiléir go bhfuil fás ar an dteanga trasna na tíre.

An fadhb atá agamsa le SLG gur bealach tuatach agus simplíoch é chun tomhas a dhéanamh ar libhéal labhartha na teanga sa Ghaeltacht.   Cuirtear páistí faoi scrúdú uair sa bhliain agus de réir torthaí an agallaimh ghairid sin, tugtar breith ar chomh Gaelach is atá an teaghlach agus, mar bharr ar sin, sláinte na Gaeilge sa toghroinn is sa Ghaeltacht.  Sásaíonn an cur chuige sin, a shíolraíonn is dócha ón scoil smaointeoireachta céanna a chreideann gur ionann ‘Ard Teist’ agus cruthúnas oideachais, lucht na n-anoracaí, an dream sin a thaitníonn sé leo bheith ag fáil freagraí ‘sea’ nó ‘ní hea’ ar cheisteanna nach gá go mbeadh ‘sea’ nó ‘ní hea’ mar fhreagra iomlán is fírinneach.

An dream a bhfaigheann an scrúdú sin, caitear cúpla céad euró chuthu go maslach, amhail is gurb é an breab seo an chúis go bhfuil siad ag togáil a bpáistí le Gaeilge.

Ar ndóigh tá scoil smaointeoireachta ann a chreideann go mba cheart teorainneacha na nGaeltachtaí a ath-tharraingt chun limistéir na nGaeltachtaí a laghdú agus ansan, go mbeidh níos mó acmhainní le h-infheistú san ‘Fhíor Ghaeltacht’.  B’shin bun agus barr moltaí an Staidéir Chuimsithí ar Usáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a d’fhoilsigh Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge cúpla bliain ó shin.

Is rud fánach é bheith ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun chinn ar bhonn thíreolaíoch mar ní gá ach clann corr amháin sa limistéir le cur i gcoinne d’iarrachtaí agus beidh deireadh leat.  Caithfidh an iarracht a bheith dírithe ar phobail dhaoine agus áiseanna a bheith ar fáil don phobal sin ina iomláine chun cuidiú leo a saoil a chaitheamh trí Ghaeilge an oiread agus is féidir.   Mar shampla i Múscraí, agus arís táim ag labhairt anseo ar bhonn phearsanta, d’fhéadfadh €26,000 (an méid ar an meán a íoctar le teaghlaigh an cheantair a shaothraíónn an deontas iomlán ón SLG) a chaitheamh ar léas a bhaint amach ar fhoirgneamh sa cheantar le feidhmiú mar Chultúrlann ar nós Chultúrlann Bhéal Feirste.  Sa tslí sin bheadh daoine, na teaghlaigh gan Ghaeilge, á mealladh i dtreo na teanga seachas á ‘theip’ mar atá déanta ag Donncha ina alt  ’anailíse’.

Caithfear teacht ar bhealaí níos fearr agus níos iomláine chun labhairt na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta a thomhas ná ‘Scéim Labhairt na Gaeilge’.  Modh é sin nach dtugann ach léargas aontoiseach dubh agus bán ar phictiúir ar cheart beo, trí thoiseach is iomlán dáite.  Táimíd ag maireachtaint i ré nua digiteach anois – ní sa chlochaois mhaorláthach.

Ach, ná bac liomsa, is eiriceach mé!  Mothaím an fhearg ag teacht ar ais….

 

Comments (1)

Tags: ,

Tar abhaile Sam Maguire!

Posted on 17 September 2010 by igaeilge

Níl sé seo i nGaeilge ach tá sé go maith mar sin féin.    Cáirde na Gaeilge – GMC – atá ina mbun.

Corcaigh abú!

Comments (3)

Tags: , , , , ,

An Ghaeilge i leamhsháinn pholatúil

Posted on 06 September 2010 by igaeilge

Tá cúpla alt suimiúil i mBeo na míosa seo, iris atá ag déanamh dul chun cinn nach beag le déanaí, agus baineann siad le cur chuige Fhine Gael i leith na Gaeilge.   Bíodh is nach bhfuil aon bá agam le polasaithe Fhine Gael i réimse na teangan, chuir sé íontas áirithe orm go raibh na h-altanna chomh binibeach ina gcuid ionsuithe ar an bpáirtí.

Ina alt,  píosa atá stuama agus loighiciúil, deir Breandán Delap:

Níl aon amhras ach gur tubaiste thar na bearta do sheasamh na Gaeilge in Éirinn a bheadh ann dá gcuirfí moladh Fhine Gael i bhfeidhm.

Ní áibhéil atá sa mhéid sin, gan aon amhras, ní scríobhnóir é Delap tugtha don ghearrthóg tablóideach.

Sin an chéad sonc d’Fhine Gael, mar sin féin, ó Bheo na míosa.

An dara sonc, is é Donncha O hÉalaithe sa chúinne dearg a thugann é agus is buille íseal go leor é, ionsaí gangaideach ar an chead beart ó Frank Feighan, urlabhraí Gaeltachta gan Ghaeilge Fhine Gael, pobal Oilean Chliara i Maigh Eo a chur ag labhairt Gaeilge mar ghnath theanga phobail arís.

’Sé an rud is scanrúla domsa faoi seo, go bhfuil urlabhraí Gaeltachta an pháirtí a bheas i gceannas na tíre th’éis an chéad olltoghcháin eile, ag moladh a leithéid de thionscnamh teanga: airgead, acmhainní agus fuinneamh a chaitheamh amú ag iarraidh an Ghaeilge a athbheochaint in áit cosúil le Cliara nuair atá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh an méidín beag den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar, iompaithe ar an mBéarla faoi 2030. Más é tionscnamh Chliara an cur chuige is fearr atá le moladh ag Fine Gael i láthair na huaire, le dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht, is bocht an scéal é. Léiríonn sé thar aon rud eile go bhfuil easpa tuisceana ar an urlabhraí nua ar chúrsaí Gaeltachta. Más mian le Enda Kenny go gcuirfidh daoine le spéis sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht muinín ina pháirtí, b’fhearr dhó cúram na Gaeltachta/Gaeilge a bhaint de Frank Feighan.

Nílim cinnte an feidir an Ghaeilge a shlánú ar Oileán Chliara mar a cheapann Frank Feighan – agus creidim go bhfuil beagáinín den pholataíocht sa bheartas.  Ag an am chéanna, is iad na h-iarrachtaí a dheintear ar bhonn áitiúil an teanga a bheathú agus a chothú na beartais is tabhachtaí agus níl aon chúis nach dtabharfai faoi ar oileán ar nós Cliara, chomh maith le h-áiteanna eile.

Is é an dearcadh a dhiultaím go h-iomlán ‘Teoiric Titanic’ Uí hÉallaithe.  Is é sin go gcreideann sé, is cosúil, go bhfuil an Ghaeilge ag dul faoi, mar a chuaigh an Titanic faoi, agus nach bhfuil le déanamh anois ach aire a thabhairt do na daoine atá ar bhórd na báid tarrthála (ie an phíosa bheag den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar).

Níor chuala mé aon rud go fóill a thugann muinín dom go dtabharfar feidhm don Raiteas iomráiteach i leith na Gaeilge a deineadh i mbéal na Nollag 2006.  Fiú dá gcreidfinn gur chreid an Rialtas ina raiteas, bhí go leor débhríochas sa Raiteas a thabharfadh le fios duit ná raibh sé i gceist aon chéim shuntasach chun tosaigh a ghlacadh.     Chuir an ‘Ráiteas’ ar an méarfhada an uair go mbeadh straitéis ann agus chuir an proiseas chun straitéis a chumadh ar athló an uair go mbeadh beart le déanamh.

Anois tá an aeráid pholatúil athruithe go mór agus níl an diospóireacht teorannta anois do cheisteanna faoi ‘theorainn na Gaeltachta’.  Tá beatha is bás na Gaeltachta mar cheantar intí féin i gceist.   Agus is cuidiú mhór don dream atá le fada an lá ag iarraidh deireadh a chur leis an nGaeltacht an fhealsúnacht go bhfuil an Ghaeltacht ar an dé deiridh.

Má cheapann Donncha O hÉallaithe gur ar leas na Gaeltachta atá sé sceannairt a dhéanamh anois mar gheall go bhfagfar an chuid den Ghaeltacht ina mhaireann sé mar atá, tá dul amú air.  Uair amháin go dtosnaíonn an scian ag gearradh, ní stopfaidh sé.

Is amhlaidh NACH mbeidh breis acmhainní ann don Ghaeltacht, fiú mura fhagtar ann ach cúpla pobal scaipithe i gCiarraí, i gConamara, i dTír Chonaill.   Go deimhin beidh níos lú arís nó maífear nach bhfuil gá níos mó le hUdarás na Gaeltachta mar nach bhfuil fagtha sa Ghaeltacht ach dornán teaghlach.

Ní bheidh breis acmhainní ann mar nach bhfuil siad ann.   Is é an rud is gá a dhéanamh anois cás dearfach a dhéanamh ar son na teanga, conas is féidir lei ar leas na tíre, conas is féidir an Ghaeilge a úsáid, mar shampla Gaelscoileanna, chun ard chaighdeáin a bhaint amach i riar na tíre.     Tar éis gur bhuail stróc an tír i 2008, mar thoradh ar na blianta rachmais agus an amplacht a ghabh leis, tá gá le teacht ar ‘spiorad na tíre’ aris.  Creidim gurb é sin an scéal atá le h-ínsint againn faoin teanga.

Chun go dtabharfar cluas dúinn ar seo, tá orainn féachaint ar nithe ar nós ‘Acht na dTeangacha Oifigiúla’ agus ‘Maorláthas na Gaeilge’ agus tús áite a thabhairt do dhá bheartas – an Ghaeilge a bheith fite fuaite sa chóras oideachais níos fearr agus an Ghaeilge mar chuid riachtanach dár saol tar éis an seal ar scoil.

Nuair a leagtar an bhéim ar fad ar ‘an nGaeltacht’, ar ‘dheontaisí’ agus ‘oifigiúlachas’ – agus deintear dearúd i gcónaí go bhfuil na céadta míle duine sa tír seo atá báúil don teanga, ar mhaith leo í a fhoghlaim ach an ‘dara seans’ a fháil agus ar mhaith leo í a labhairt.

An rud atá romhainn na deiseanna sin a thabhairt doibh.   Maidir le teorainneacha na Gaeltachta, ní chreidim iontu.  Mar a dúirt mé i bhfad ó shin – agus is port é seo anois ar shuíomh Gaelscéal – Gaeltacht gan teorainn atá uaim.

An dtarlóidh sé seo ?   Ní dócha é.  Tá an iomarca suimeanna leasmhara ag iarraidh a slis den phíóg a chosaint go tréan agus fhaid is atá an troid ag dul ar aghaidh eadrainn féin, ní thabharfar cluas do dheascéal na Gaeilge.

Comments (2)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES