Archive | October, 2010

Tags: , , ,

Sinn Féin ag ‘targaidiú’ an Oireachtais

Posted on 31 October 2010 by igaeilge

Ag eas-aontú Éireann: Feachtas 'nua' SF

Agus mé ag fágáil an Oireachtais inné, bhí beirt bhan taobh amuigh de dhóras an INEC ag dáileadh bileoga snásta ildáite.   Bíleoga ag moladh Éire Aontaithe a bhí ann agus bhí sé i nGaeilge agus suíomh idirlíon luaite leis.   Ba cheart go mbeinn ar a shon seo, cheapas.

Baineadh an snás den bhileog nuair a thugas faoi ndeara gur Sinn Féin a bhí ar chúl an fheachtais.    Sílim gur snás gan substaint atá i bhfeachtas SF ar cheist Éire Aontaithe – tá sé léirithe ag an pháirtí i Stormont gur beag ar féidir leo baint amach. Conas a fhéadfadh aon fheachtas ar son Éire Aontaithe bheith rathúil agus an pháirtí sin ar a chúl?  Creidim go bhfuil an fheachtas seo á reachtáil acu ní ar mhaithe le brú a chur ar Rialtais na hÉireann agus na Breataine, mar atá siad ag maíomh, ach ar an DUP agus cosmhuintir an pháirtí sin, chun a léiriú go bhfuil an brat glas go fóill ar fholuain ag an pháirtí in ainneoin go bhfuil cumhacht ‘á roinnt’ acu le dearg Aontachtaithe.   Tá’s acu go gcuireann an brát glas Aondachtaithe ar mire glan agus nuair atá siad ar mire go ndéanann siad rudaí amaideacha.   Anuas ar sin cothaíonn sé scoilteanna agus sin straitéis fíor chliste SF ó thuaidh.   Má tá sampla uait den chineál Éire Aontaithe a bheadh ann dá mba rud é gur fíoraíodh fís SF, ní gá ach féachaint ar Fhoras na Gaeilge,

An fath go dtagann siad chuig an Oireachtas agus bileoga i nGaeilge acu ar son Éire Aontaithe, is cur i gcéill atá ann.  Creideann siad go mbeidh sé éasca na Gaeilgeoirí a mhealladh le bileoga snásta aistrithe.   Ní fheadar.  Is cinnte gur mhaith liom féin oibriú ar son Éire Aontaithe – nó Éire a bheadh níos aontaithe ná mar atá sí inniu.   Is  cinnte gur mhaith liom bheith gníomhach ar a shon.  Ach nior mhaith liom aon pháirt a bheith agam le feachtas de chuid SF ar son na h-aidhme seo mar creidim gur feachtas é seo a chuirfeadh lá an athaontaithe níos faide siar ná rud ar bith eile.   Tá gá le feachtas nach bhfuil aon cheangal aige le páirtí ar bith ar son na h-aidhme seo.  Idir an dhá linn beidh mé ag obair liom ar mo shlí féin chun an dhá chuid den tír seo a thabhairt le chéile.

Maidir le SF agus an Ghaeilge, ní cur i gcéill go dtí ‘coimitmintí’ an pháirtí sin ar son na teanga.   Sílim go raibh siad ag tapú na deise bheith i gCill Airne ag an deireadh seachtaine chun Gaeil óga idéalacha a earcú agus cinnte gur éirigh leo duine nó beirt nó b’fhéidir níos mó a dhalladh leis an mbileog snásta.

Maidir leis an mbileog sin, thugas faoi ndeara go raibh an chaipéis i nGaeilge ceart go leor ach gur léir – nó gur chosúil – gur ‘Google Translate’ a rinne an aistriúchán seachas aon duine ar thuig Gaeilge i gceart.   D’fhéadfadh sé tarlú gur duine daonna a rinne é – ach más amhlaidh a thárla, bhí an aistriúchán aisteach agus deacair a léamh le náthanna nach bhfaighfeá i gcaint na ndaoine ar chorr ar bith.   Nach bhfuil Gaeilgeoirí i Sinn Féin a thuigeann conas labhairt leis an bpobal i dteanga a thuigeann siad seachas aistriúcháin aisteacha le focail ar nós ‘coinbhleacht’ – in áít coimhlint – ar son ‘conflict’ nó ‘sítheach’ (in áít go sona sásta)?    Tá barúil agam go mbeidh leithscéalaithe SF agus lucht na bpeann dhearg ag gearán fúm agus an méid atá le rá agam anseo ach beidh a léithéid ann i gcónaí.  In áit amháin ar a laghad sa chaipéis tá an chosúlacht ar an scéal gur deineadh dearúd an aistriúchán a dhéanamh.

Is é an trua go bhfuil gort ghlan fágtha ag na páirtithe eile ar fad do Shinn Féin ar an gceist seo ar eagla go gceapfaí go raibh siad ag geilleadh don trathchlár phoblachtach agus go bhféadfadh SF maíomh as ‘dul chun cinn’ ar an mbonn sin.    Ach tá súil agam go bhféachann na Gaeil ar chúl an snáís go bhfeicfidh siad nach ann i bhfírinne don bhfeachtas seo – níl ann ach cur i gcéill.  Mura gcreideann tú mé, buail ar an suíomh:  Uniting Ireland.

Suíomh úr 'Uniting Ireland' ag SF mar a bhí sé ar an Domhnach, 31ú Deireadh Fómhair

Comments (5)

Tags: , , , , , , ,

Míreanna mire ón Oireachtas…

Posted on 31 October 2010 by igaeilge

Díreach tar éis filleadh ón Oireachtas agus is fiú a rá gur bhain mé sult as – fiú má chreidim go fóill go bhfuil alán rudaí i leith na féile ar cheart a fhorbairt go práinneach faoi mar a bhíos ag rá libh san imlitir dheireannach.

Is é an rud mar gheall ar an Oireachtas go gcasann tú le do cháirde atá ag troid an dea throid i dtrínsí eile – leithéidí Darach O Scolaí a sheol leabhar alainn eile ó Leabhair Breac, Ceadtach Mac Rí na gCor le Maidhc P. O Conaola nó na Deartharacha Fanzini nó muintir Mhic Giolla Bhríde – bhí an chéad albam ó Dhoiminic (in éineacht le Greagoir O Labhruidh) á sheoladh ann, Guailibh a Chéile, dluth dhiosca a dheineann ceiliúradh ar an gceangal laidir idir sinn is ár gcomh Ghaeil trasna Sruth na Maoile.    Bhí go leor eile ann, go h-áirithe thíos i bhforhalla an INEC áit go raibh ‘Aonach na Gaeilge’ agus leithéidí Scrabble á dhíol ag Glór na nGael nó BábagoBaby nó An Spailpín Fánach is a chuid t-léinte is eile.

Maidin De Satharn b’é ceann de na príomh ocáidí Seimineár Chonradh na Gaeilge.   Abhar an tSeimineáir: An Straitéis 20 Bliain:  Reiteach an Scéil?    Na cainteoirí:  Pádraig O hAoláín, Udarás na Gaeltachta; Muireann Ní Mhoráin (An Chomhairle Um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta/COGG) is Fergal O Cuilinn (Comhluadar).   Chuir sé íontas orm, áfach, agus an tAire Ghnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey, thíos staighre san óstán céanna, ná raibh seisean ag caint ag an ocáid seo, ós rud é gurb é a sheolfaidh an Straitéis i gceann, deirtear linn, trí sheachtain nó mar sin.

Seans go gcuirfeadh an tAire spéis i rudaí a dúradh ag an Seimineár:   Bhí ráiteas amháin a rinne Donncha O hEallaithe a chuir íontas orm féin:  Dar le Donncha, niorbh é Colm McCarthy agus an Bhord Snip Nua a mhol go mbainfí feidhm na fiontraíochta den Udarás ach Roinn na Gaeltachta féin.  Anois má tá sin fíor, tá go leor ceisteanna le cur, an príomh cheann:  cén taobh ar a bhfuil an Roinn sa chluiche seo?   Más ar thaobh coilliú an Udaráis atá an Roinn, ar cheart do Ghaeil a bheith ag cosaint na Roinne mar atá leithéidí Guth na Gaeltachta.  Gan fiontraíocht a bheith faoi chúram an Udaráis, d’fhagfaí an Ghaeltacht ina thalamh bánaithe mar is cinnte nach lonnódh leithéidí Enterprise Ireland oiread is tionscnamh amháin sa Ghaeltacht.  Ní spéis le Fiontar Éireann bailte beaga is ceantair imeallacha.

Mar ar tugadh chun solais anseo den chéad uair roinnt seachtainí ó shin, ní raibh an t-údarás i measc na n-aisínteachtaí forbartha a fuair cuireadh chun cruinnithe ón dTaoiseach.    Fiú go raibh Fás ar an liosta in ainneoin go bhfuil sé fógraithe go poiblí go mbeidh áisínteacht nua scileanna ann san Athbhliain.    Deirtear linn gur léirigh an tAire ‘dóchas’ nach ngearrfaí buiséad an Udaráis sa Bhuiséad agus é faoi agallamh ar TG4 oíche Déardaoin – ach cad is fiú dóchas an Aire nuair a chuirtear i gcomórtas é leis imeallú shoiléir atá déanta ar UnaG ag an dTaoiseach féin?  Beidh le feiceáil teacht na Nollag!

Tá go leor eile a fhéadfaí rá faoin Seimineár – chuir Eoghan O Néill ceist tabhachtach ina cholún i nGaelscéal an tseachtain seo:

Tá Conradh na Gaeilge chun comhdháil a eagrú ag an Oireachtas chun ‘Straitéis 20 Bliain na Gaeilge’ a phlé.

Go n-éirí go breá leo.

B’fhearr liom go mbeadh ceist eile á plé.

Ceist níos práinní dar liom.

Táimid ar an dé deiridh thuaidh is theas, faoi luí na bíse ag ciorruithe eacnamaíochta, fiacha troma, dífhostaíocht, éagóir agus inimirce.

Ba bhreá liom díospóireacht a bheith ag an Oireachtas faoin saol a bheas ag na Gaeil sa ré barainne atá anois ann.

Shíl mé riamh agus mé ag fás aníos gur Gael-Linn an eiseamláir do gach eagras Gaeilge.

Dream a fuair airgead éigin ón stát ceart go leor ach a bhí dírithe go mór mór ar fhiontair a chur sa tsiúil a shaothródh ioncam don eagras féin – crannchur, díol ceirníní, nuacht-fhíseáin, scannáin, drámaíocht agus go leor eile.

Fiontraíocht an dúshraith a bhí ag an eagras Gaeilge áirithe sin.

Anois, i ré seo na héigeandála eacnamaíochta, caithfidh na heagrais Ghaeilge agus na fiontair Ghaeilge agus na cumainn Ghaelacha agus na hionaid Ghaelacha tabhairt faoina n-atheagrú féin le go mbeadh siad saor ó dheontais stáit.

Nárbh fhiú straitéis 5 bliana a ullmhú chun go mbeadh gach eagras Gaeilge ag cruthú 50% dá n-ioncam iad féin faoin bhliain 2015 seachas iad a bheith ag brath ar dheontais rialtais?

Nó go fiú 75%?

B’fhiú sin a phlé ag an Oireachtas.

Cé gur ceist é ar chóir é a phlé ag an Oireachtas i mbliana – agus ag Oireachtais roimhe seo – tá ceannasaíocht na Gaeilge chomh coimeádach sin nach féidir leo todhchaí gan deontas a shamhlú.  Ní doigh liom go mbeidh gá leis an samhalaíocht i bhfad eile mar tá na mictíre anois ag an doras….

Bhí sé d’adh orm casadh le Seán Tadhg O Gairbhí, iar eagarthóir an ‘sean’ Foinse, thíos staighre ón Seimineár agus d’fhiafraigh mé de cad é an cúram a bhí aige na laethannta seo.  Is cosúil gur mise an duine deireannach atá ar an eolas nó tá Seán Tadhg anois ag cur comhairle ar an Aire Carey.  Sin cara amháin sa chúirt ag lucht gnímh na Gaeilge.  Ní raibh an seans agam plé a dhéanamh leis faoina thuairim ar na ‘nuachtáin’ nua i saol na Gaeilge, ó chuir Foras na Gaeilge chun báis Lá Nua agus Foinse (mar a bhí), nó tháinig an Aire ar an láthair.

Táím tar éis corr alt a sholathar do Ghaelscéal le déanaí agus bhí altanna agam i Foinse anuraidh –  tacaím le nuachtáin Ghaeilge mar bhunphrionsabal – ach mothaím go bhfuil an plot á chailiúint go fóill ag Gaelscéal go h-áirithe.   Is é feile an Oireachtais deireadh seachtaine mór shaol na Gaeilge agus ní raibh tagairt don Oireachtas ar phríomh leathnach an nuachtáín nó fiú san Eagarfhocal.   Bhí an eagarfhocal dírithe, den chuid is mó, ar mhasla a ghlac an t-eagarthóir don téarma ‘Irish language enthusiast’ i bpreas ráiteas ó Shinn Féin.   Anois níl aon bá agamsa le SF agus is minic ar cháin mé an pháirtí in eagarfhocal nuachtáin – ach seo an rud, is ceist fánach is imeallach é seo le h-ainm nuachtáin, murab ionann agus colúnaí, a cheangal leis.     Nuair is eagarthóir nuachtáin thú, tá dualgas ort guth shainiúil a chruthú don nuachtán san eagarfhocal agus, ar uaireannta, d’fhéadfadh sé titim amach go dtrasnódh an rud a dhéarfadh an nuachtán ina ghuth féin agus an rud a dhéarfá id ghuth.      Dá mba rud é go raibh an oiread san dúil ag an Eagarthóir an pointe sin a dhéanamh, d’fhéadfadh sé colún a scríobh ar an gceist ach, ar ór ná ar airgead, níor cheart do an eagarfhocal a fhagaint faoi na maslaí a mhothaíonn sé féin.     Nó má dheineann sé amhlaidh, bíodh sé cinnte gur ceist níos tabhachtaí atá i gceist ná an lipéad a luaitear le cainteoirí Ghaeilge.   Is cainteoir Ghaeilge mé ach, freisin, is ‘Irish language enthusiast’ mé.  Más é sin mar a fheiceann domhan an Bhéarla mé, is beag éifeacht a bheidh ag eagarfhocal i nGaelscéal chun an léargas sin a athrú.   Ní h-é seo an chéad uair don eagarfhocal i nGaelscéal bheith dirithe ar cheisteanna fánacha is imeallacha – níl sé cúpla seachtain ó shin ó bhí an eagarfhocal ag gearán faoi claonadh a bhí tugtha faoi ndeara aige sna meáin Bhéarla ar nós RTÉ is an Irish Times bheith ag moladh d’fhir óga bheith ag liostáil i bhfórsa choimhthíoch ar nós Arm na Breataine.   Ceist é seo a eiríonn mionlach dhaoine tógtha faoi – mionlach de mhionlach – agus is ceist amaideach é le plé in eagarfhocal nuachtán Ghaeilge nuair atá ceisteanna i bhfad Éireann níos giorra den scórnach le plé.

Is cinnte gur scrígh mé féin cúpla eagarfhocal a chuaigh thar fóir le mo linn i Lá/Lá Nua.   Ach níor phléigh le ceisteanna fánacha ar bhonn rialta – riamh ar éigean – mar is nós, is cosúil, don  eagarfhocal i nGaelscéal.  Agus má bhí mo thuairimí féin le craobhscaoileadh agam, dhein mé an obair sin faoi m’ainm féin seachas faoi bhrat an nuachtáin.

Ní thuigim cén fath nach bhfuil lucht bainistíochta an nuachtáín, leithéidí Máire Ní Thuathail is an Connacht Tribune, tar éis comhairle a chur ar an t-é atá ag scríobh na h-eagarfhocail seo smacht de shórt éigean a bheith aige ar a pheann – ar son an nuachtáin agus ar son na Gaeilge.

Ceist eile ar cuireadh orm i gcaitheamh an deireadh seachtaine:  Cén sórt díolachán atá ag Gaelscéal?  Níl a fhios ag éinne mar ní chreidim go bhfuil an nuachtán cláraithe le ABC – cé gur luaigh an Fhoras é sin mar choinnioll liomsa agus mo chomhleacaithe nuair a rabhmar san iomaíocht don chonradh a bhuaigh Torann na dTonn Teo (comhlacht úinéireachta Gaelscéal).   Agus é á cheistiú ar an bpointe seo le déanaí ar An Ghlór Anoir, dúirt Ciaran Dunbar, eagarthóir an nuachtáín, ná raibh na figiúirí ós a chomhair agus é ag caint ach go raibh sé féin agus lucht an nuachtáin is Foras na Gaeilge sásta go raibh na ‘targaidí’ a aontaíodh á aimsiú acu.    Ní chreidim focal de. Ní chreidim nach bhfuil a fhios ag eagarthóir nuachtáin an líon cóipeanna a dhíolann an nuachtán ar an meán agus dar liom is eolas é sin ar cheart a roinnt leis an bpobal ós rud é gur airgead phoiblí atá ag maoiniú an nuachtáin.  Mo bharúil féin, is é go bhfuil díolachán Gaelscéal thar a bheith lag.  Seachas canncráin ar nós mé féin, ní bhionn daoine ag caint faoin ‘scéal’ i nGaelscéal.   Fágtar beartanna móra den nuachtán gan díol sa siopaí im chomharsanacht féin.    Ar ndóígh is beag margaíocht atá á dhéanamh ar son an nuachtáin.   Ní h-é nach bhfuil súáilcí ag an nuachtán – tá colúnaithe maith a dhothain ag scríobh ann, leithéidí Eoghan O Néill agus Páidí O Lionaird is Conn O Múinneacháin – ach níl an nuachtán ag aimsiú an bhuille nó níl fíú i ngiorracht scread ásail do.  B’é eagrán na seachtaine seo, eagrán an Oireachtais, an eagrán dheireannach a thógfaidh mise im láímh mura dtugtar comhairle dom go bhfuil feabhas súntasach tagtha air.   Mo bharúil féin, go bhfuil sé in am anois stiur cheart a chur ar Gaelscéal ionas nach ndéanfaidh sé staicín aiféise den tuairim gur cheart nuachtán Ghaeilge a bheith ann ar chorr ar bith.

Ní raibh sé i gceist agam dul ar strae mar sin (DAS chuala mé mo chéad eagrán de ‘Ar Strae Sa tSaotharlann’ inné ar mo shlí go Cill Airne – tá clár eolaíochta RnaG, curtha i láthair ag Conn O Muineacháin agus Risteard O Coistealbha, ana thaithneamhach ar fad agus é chomh éagsúil ó ghnath stuif RnaG) – ach ós rud é go bhfuilim ag tracht ar na meáin Ghaeilge agus a gcur chuige don Oireachtas, is fiú a lua gur ábhar mór díomá dom é ná raibh Corn Uí Riada á chraoladh ag TG4 aréir.    Tar éis go raibh sé á chraoladh le cúpla bliain anuas – idir 2007 agus 2009 – bhí mé imithe i dtaithí air agus chreideas gur maith ann é – cé go raibh lochtanna is lochtanna súntasacha ar an gcur i láthair.  Ba cheart é a dheanamh agus é a dhéanamh i gceart.     Tá’s agam go raibh TG4 ag craoladh na Rialacha Idirnáisiúnta idir an tír seo agus an Astráil ó Pháírc an Chrócaig aréir ach, mar phríomh urraí na Sraithe, ná raibh deis ag TG4 a chur in iúl do na h-eagraithe gur cheart am nó dáta an dara chluiche a athrú dá mba rud é go raibh sé ag teacht salach ar chlúdach an staisiún ar an Oireachtas?       Is é pobal na Gaeilge sprioc phobal TG4 fiú is go bhfuil ar an staisiún lucht féachana a lorg sa phobal mhór lasmuigh de phobal na Gaeilge.   Nior cheart pobal na Gaeilge a fhágáil in áit na leathphingine agus TG4 sa tóir ar an bpobal mhór.

Comments (3)

Tags: , ,

Scaoil amach an Oireachtas!

Posted on 28 October 2010 by igaeilge

Seo chugainn Oireachtas na Samhna – i mbliana, den chéad uair le fada, ní bheidh aon imeachtaí Oireachtais ar bun le linn mí na Samhna de bharr nach gcuirfear tús leis an mhí sin go dtí an Luan – agus tá na sluaite ag druidim le Cill Airne d’fhéile mhór Ghaeilge na bliana seo.   Trath go raibh, bhíodh breis is deich lá san Oireachtas ach le h-imeacht na mblianta tá sin laghdaithe go mór.  I gCorcaigh na dTonn dhá bhliain ó shin bhí an fhéile ann, le féile a mhair ó Domhnach go Domhnach agus ina raibh féile ealaíon, peil is iomáint, comórtas fichille agus go leor eile.  Anois samhlaím nach dtugtar áird ach do na comortais sean nóis, idir amhránaíocht is rínce, is fágtar comórtais eile ar nós na h-agallaimh beirte, na luibíní, na seóanna aonair, na sceitseanna in áit na leathphingine. I bhfirinne is é an t-ól agus an craic an áit a bhfuil an fíor aicsean sna éagráin is déanaí den Oireachtas.  An leagan ‘McDonalds’ den Oireachas atá againn anois agus, nach cuma, nó de réir gach tuairisc tá an t-aos og ag baint an taithneamh as.

Beidh mé féin ag an Oireachtas amárach ar feadh seal agus, b’fhéidir, arís ar an Satharn.  Chuir mé mo loistín – a d’ioc mé féin as murab ionann agus go leor eile a bhionn ag an Oireachtas ar Junket de short amháin nó eile [m.sh Comhaltaí Fhoras na Gaeilge] – ar ceal inné nó thuigeas nach mbeadh ar mo chumas nó nach mbeadh an fonn orm an deireadh seachaine a chaitheamh ar an bhféile.

Nior mhiste liom cúpla uair a chloig a chaitheamh ann – blaiseadh de chomórtas ar nós na hAmhráin Nua Chumtha nó na Luibíní – agus táim ag iarraidh, gan amhras, cóip de ‘Scrabble’ as Gaeilge a cheannach ó Ghlór na nGael.  Ba mhaith liom freisin dluth dhiosca nua Doiminic Mac Giolla Bhríde agus Greagóir O Labhruid (a bheidh á sheoladh ar an Satharn), a cheannach.  Ach Club na Féile is an craic sin go léir – ní bheidh mé ann, go raibh maith agat.

Dream eile nach mbeidh ag an Oireachtas, is cosúil, isea Morning Ireland, an clár is mó éisteoirí sa tír.   Le seachtain anuas rinneadh an clár a chur i láthair ó Fhéile Opera Loch Garman agus ó Fhéile Snagcheol Chorcaí ach is cosúil nach bhfuil aon áit ar sceideal MI don fhéile ealaíon is fad bhunaithe sa tír.  Nuair a chuir mé an cheist ar shuíomh Morning Ireland, dúradh liom ‘we’ll try to cover it in our programme’.   Is féidir linn a rá, is dócha, gur seo an rud a bheimís ag súil leis ó RTÉ ach is léargas é seo ar an easpa cumarsáide a dheineann pobal na Gaeilge leis an domhan lasmuigh an oiread is gur cur síos é ar an mbealach a fhéachann mór shruth an Bhéarla orainn.

ALARUM:  Timpeall ar 7.40rn ar maidin inniu (Dé hAoine), bhí mír faoin Oireachtas ar Morning Ireland. (beidh sé le h-íoslódáil mar phodchraoladh níos déanaí ar maidin).  Nach mise a bhí dána agus amhras a léiriú i leith MI!   Ritheann sé liom go bhféadfadh sé tarlú gurb é an cheist a chuir mise a spreag MI chun an mír a dhéanamh.  Bhí an cuma air go raibh an mír curtha le chéile go tapaidh – agus d’úsáideadh ceann de na pointí a luaigh mé im cheist – gurb é an tOireachtas an féile ealaíon b’fhaide bhunaithe – chun an mír a chur i láthair.  Is cuma, i bhfírinne, ba mhaith ann é mar mhír don Oireachtas chun an rún faoin bhféile seo a scaoileadh leis an bpobal mhór.  Ag an am chéanna bheinn ag súil go mbeadh míreanna ar RTÉ News, TV3 is eile trathnóna inniu – an mbeidh?   Sin ceist eile.

ALARUM EILE:   Tá sé ráite liom, go neamhbhalbh, nach mo idirghuí ar shuíomh Morning Ireland a chinntigh go mbeadh mír ar an Oireachtas ar an gclár sin.   B’shin a dúradh liom nuair a fhreastail mé ar an Oireachtas ar feadh cúpla uair a chloig inniu (Dé hAoine).   Is cinnte nár mhaith liom an creidiúint a ghoid ón gcomhlacht, Stillwater, a shill allais agus iad ag lorg an mhír ar an seó seo.   Ní dócha go raibh idirghabhail iGaeilge ina chonstaic – ach is é an pointe atá ar chúl na pointí sin, dá suaraí iad, a thabhairt chun solais go gcaithfidh gach duine ar suim leo an Oireachtas agus cultúr na Gaeilge a bheith ag tapú gach deis i gconaí chun í a chur ós comhair an phobal is leithne.  Is rud í le bheith brodúil aistí – agus ní ar ár leas go mbeidh sí ina rún.   Mar sin, maith sibh Cilian is Natasha is eile ag Stillwater.   Lean leis an dea obair i ngort na poiblíochta!

Tá an cosúlacht ar an scéal nach bhfuil aon bhuairt ar an Oireachtas faoin easpa seo.  Tugann an fhéile a shlua féin leis i gcónaí, cuid de phobal na Gaeilge agus dream suntasach de thaistealaithe ar ‘gravy train’ na Gaeilge.    Bhí Ostán an Gleneagle lán go béal ón dtaca seo anuraidh ag lucht an Oireachtais féin agus ní fhéadfadh an ghnathchosmhuintir a shrón a fháil isteach i seomra leapan san ostán sin, is dócha, don bhliain seo chugainn (i gCill Airne arís) agus an bhliain dar gcionn ar ais i Leitir Ceanainn.   Ní thuigim faoin spéir cén fath nach féidir an tOireachtas a bheith sa Ghaillimh nó i mBaile Atha Cliath seachas sa dhá chúinne is iargúlta sa tír murach gur ceist éigean faoi na costaisí atá ann.

Sea is canncrán mé.  Bím ag gearán.  Dhéanfainn féin cur síos orm féin mar an bhuachaillín a thugann faoi ndeara go bhfuil an Impire lomnocht agus a dheireann ós árd é murab ionann agus an ‘Sea-drong’ atá bailithe timpeall ar an Impire agus beo ar gach fhocal uaidh.

An t-aon chúis go mbím ag gearán mar seo mar go bhfuil meas agam ar an Oireachtas.  Bhí mé páirteach ann go minic, agus mo mhuintir, agus mo shean mhuintir.   Tá súil agam a bheith páirteach ann arís ach tá gá le stopadh leis an gcrapadh leanúnach atá ar bun ag an fhéile agus go ndéanfaí féile mór uileghabhalach di mar a bhí i gCorcaigh agus, i mblianta roimhe sin, i mBéal Feirste.   Ba cheart go mbeadh a fhios ag pobal Chill Airne go bhfuil an fhéile ar siúl agus go bhfuil sin le tabhairt faoi ndeara timpeall an bhaile.   Ba cheart go mbeadh suaitheantas an Oireachtais le feiscint in áíteanna ar nós an Ghaillimh, Cill Chainnigh, BAC, Ceatharlach is Béal Feirste arís.

Agus rud eile de, fhaid is atáím i mbun an ghearáin, dhá bhliain ó shin nuair a bhíos ag freastal ar an Oireachtas i gCorcaigh, rinne mé forlíónadh ar leith dhá theangach don Evening Echo faoin bhféile agus tuairisciú iomlán gach lá ar feadh seachtaine le linn na féile.  Anuas ar sin rinne mé blag le físeáin ar an Oireachtas.  Cuireann sé íontas agus díomá orm nach bhfuil a leithéid ar bun ag lucht an Oireachtais féin i gCill Airne i mbliana.  Ba cheart do TG4 – agus beidh mé á thogáil seo ag an mBórd nuair a bheidh mé ag freastal ar an gcéad cruinniú – ábhar a thaifeadadh ag an Oireachtas agus a chraoladh ar an staisiún ar feadh na míonna ina dhiaidh.   Idir amhráin sean nóis is amhráin nua chumtha, idir agallaimh, lúibiní is scéalta is seóanna aonair, tá an t-ábhar ann.  Rinne mé an obair seo dhá bhliain ó shin ar bhonn deonach chun dúshlán a thabhairt do na craoltóírí is don Oireachtas féin – is léir gur shuigh siad ar a dtónacha agus nár ghlac leis an ndúshlán.   Léargas é suíomh nua an Oireachtais, atá fós ag caint faoin Oireachtas a bheith ar bun i gCill Airne agus síneadh a bheith curtha leis an spriocam do na chomórtaisí, ar an easpa cumarsáíde seo.

Tá Oireachtas na dTeachtaí Dála, na Seanadóirí agus an Uachtaráin ainmnithe mar gheall ar Oireachtas na Gaeilge. Is é seo an áit chruinnithe do phobal na tíre.  Is é tús agus deireadh na bliana é againn.  Ba cheart meas dá réir a thabhairt don fhéile agus í a scaoileadh óna laincisí.   Scaoil amach an Oireachtas!

Comments (4)

Tags:

Ar an mbórd….

Posted on 20 October 2010 by igaeilge

Fuair mé litir ón Aire Chumarsáide le seachtain anuas ag cur in iúl dom go bhfuilim ceaptha im ionadaí phoiblí, mar thoradh ar chomórtas phoiblí, ar Bhórd TG4 agus is tréimhse cúig bliana atá i gceist leis an gceapachán seo.  Cúpla rud suimiúil faoin litir sin – sa chéad áit, cé gur roghnaigh mé ‘Gaeilge’ mar theanga chumarsáide nuair a thosnaigh mé ar an bproiseas i bhfad siar i mí Bealtaine, is i mBéarla a tháinig an litir sa deireadh thiar.

An dara rud: cé gur tugadh le fios sa bhfógra go raibh taille bliantúil de €14,000 ag dul leis an gceapachán seo san fhógra a foilsíodh sna nuachtáin náisiúnta, is  €12,600 an taille atá ar thairiscint de réir na litreach.  Ní ar mhaithe le h-airgead a chuireas isteach ar an gcomórtas seo ach le súil tionchar dearfach a imirt ar an staisiún agus a chinntiú go mbeadh guth an phobail le clos timpeall an bhoird.   Táim chun a bheith oscailte mar gheall ar chúrsaí airgid agus costaisí ar an suíomh seo.

Gan mé ceaptha ach le seachtain anuas, táim tar éis cúpla litir a fháil theana féin ó bhaill an phobail atá ag iarraidh go dtógfainn poinntí ar a son agus mé ag suí timpeall an bhoird.  Baineann litir amháin le ceapachán i bpost sinsearach ar Ros na Rún agus an cumas teanga atá ag an t-é atá ceaptha, mar shampla.    Fáiltím roimh aighneachtaí, litreacha is gearáin anseo agus is féidir teacht orm ag an seoladh riomhphoist, concubhar.oliathain@gmail.com. Is féidir teacht ar agallamh a chuireann sios ar mo chuid smaointe maidir leis an ról seo ar Ghlór Anoir [eagrán Dé Máirt, timpeall deich noimead caite sa chlár] agus tá teacht ar an gcur i láthair a rinne mé ós comhair Comhchoiste Chumarsáide an Oireachtais anseo.

Ar aghaidh leis an obair…

Comments (19)

An chló ghorm d’aiseirí na Gaeilge ar fuaid na tíre….

Posted on 19 October 2010 by igaeilge

Beidh tuilleadh le rá agam faoi seo ar ball – idir an dhá linn, bainigí taithneamh as.  Maith sibh Nuacht 24!

Comments (0)

Tags: , ,

Mo cheol sibh!

Posted on 18 October 2010 by igaeilge

Seo amhrán saothair gleoite ó Sheán  O Muineacháín agus a iníon, Siobhán, a leirigh siad ag oíche ana thaithneamhach i Halla Chúil Aodha ar an Satharn nuair a reachtáladh Eigse na Féile ann.

Bainigí spórt as…

Comments (6)

Tags: , , , , , ,

An Prionnsa Searlas – ‘Gile mear’ na Gaeilge?

Posted on 14 October 2010 by igaeilge

“I would suggest Gaelic, like any other language or culture, belong to all the people and communities of a nation whether or not they’re actively involved with it.”

Seo a bhí le rá ag an Prionnsa Searlas, comharba Rí Theaghlach na Breataine, agus é ag caint inné ag an Mod i dTuaisceart Albain.   Anois ní ghlacann sé morán samhlaíochta an ceangal a dhéanamh idir an dearcadh tuisceanach seo i leith teanga na nGael in Albain, mar atá níos lú cainteoirí Ghaeilge ná mar atá sna sé chontae i dTuaisceart Éireann, agus an dearcadh atá i réim sa chúinne thoir thuaidh den oileán seo.

Cad faoi iarracht eile an Oireachtas a reachtáil i mBéal Feirste – an chéad uair ón sar fhéile a reachtáladh ann i 1997 (agus tá’s agam go mbeidh cuid agaibh nach mbeidh ag teacht leis an gcur síos sin ach bíodh agaibh, bhí mé ann agus ba mhór an spórt é!)  - agus an uair seo, cuireadh a thabhairt don Phrionnsa Searlas é a oscailt?

An bhfuilim ag déanamh ‘John Bruton’ díom féin má deirim gur mó a dhéanfadh a leithéid chun tost a chuir ar leithéidí Nelson McCausland agus a chomh dhúramaín?  Ní dócha go dtarlóidh sé mar gheall ar an dhaorsmacht atá ag fórsaí coimeadacha ar ghluaiseacht na teanga sna réimsí ina ndeintear cinntí dá leitheid – ach creidim gur fiú an diospóireacht a chur ar bun.

Go dtí seo, ba bheag mo mheas ar an bPrionnsa Searlas, ceannasaí na reisiminte a rinne an scrios i nDoire ar Dhomhnach na Fola.  Ní athraíonn sé mo dhearcadh i leith an fhir morán cé go gcaithfidh mé a rá go bhfuil an ráiteas atá déanta aige úsáideach do chúis na Gaeilge ó thuaidh, ach an úsáid ceart a bhaint as.

Bhí os cionn 2,000 i láthair do cheiliúradh POBAL ag an deireadh seachtaine

Agus sinn ag caint ar mhuintir an Tuaiscirt agus a bhfeachtas leanúnach, bhí ceiliúradh an Domhnach seo chaite i Margadh Naomh Sheoirse i mBéal Feirste ar ghluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh.   Roghnaigh siad an lá b’amharaí – 10/10/10 – don cheilíuradh seo ach b’é an cheathrú bhliain aithris a bhí ann ar Chomhaontú Chill Rimhinn, an phíosa phaipéar sin a shínigh na mór phairtithe ó thuaidh agus an dhá rialtas ag geallúint go solúnta, inter alia, go mbeadh Acht Ghaeilge ó thuaidh.   Ar ndóigh nior tharla faic chun an gheallúint sin a chomhlíonadh ó shin – bualadh bos do Shinn Féin, an SDLP, an DUP agus an UUP agus, ar ndóigh Rialtais na hÉireann agus na Breataine…  Ní h-é gur duine mé a thacódh le cairt mhaorláthach eile ar nós ‘Acht na dTeangacha Oifigiúla’ ó dheas – ach tá gá le h-aitheantas dlithiúil don teanga ó thuaidh.

 

Comments (9)

Tags: , ,

Cad atá cailín deas mar tusa ag déanamh ag blagáil?

Posted on 13 October 2010 by igaeilge

Níl morán blagadóirí nua tagtha chun tosaigh i saol na Gaeilge ó thosnaigh mé ag blagáil breis is dhá bhliain ó shin – tagann cuid acu agus imíonn siad arís agus tá cuid againn a leanann linn ag blagáil i rith an ama, uaireannta bímíd níos bisiúla agus níos dúthrachtaí ná uaireannta eile.

Mar sin bionn áthas orm nuair a fheicim blag nua ag teacht chun tosaigh – agus blag nua slachtmhar go deimhin.  Blag é Cailín Deas atá á fhoilsiú ag bean óg ón Rinn atá ar m’aithne agus tá sí tar éis bogadh go Baile Atha Cliath le déanaí.   Is fiú go mór cuairt a thabhairt air – tá píosaí deasa aici agus is fiú go mór an suíomh a fheiscint nó tá sé thar a bheith slachtmhar agus blásta.

Go n-eirí leis an gCailín Deas…..

Agus faid is atáim ag caint ar bhlagáil na mban – tá orm comhghairdeas a dhéanamh le Mise Aine as bua an bhlag sin le déanaí i gComórtas Bhlagáil an Oireachtais.  Rinne sí a bua a cheiliúradh tre dán ‘dána’ a fhoilsiú ar an suíomh ag tabhairt faoi ndeara na blagadóirí eile i réimse na Gaeilge.   Taithníonn sé liom go h-áirithe gur lean sí uirthí ag blagáil tar éis an gradam a bhuachaint – ní h-ionann agus bhuaiteoir an bhliain seo chaite, mar shampla.

 

Comments (3)

Tags: ,

Lochrann dóchais

Posted on 08 October 2010 by igaeilge

 

Gearóid Ó Cairealláin ar mhúr phictiúr nua na Cultúrlainne

 

Tá sé ag cur báistí anseo i gCúil Aodha ar maidin agus an spéir dorcha go maith.   Ach thug mé faoi ndeara an íomhá spreagúil seo ó Bhéal Feirste ar shuíomh Mhairtín Uí Mhuilleoir.   Is amhlaidh go bhfuil balla sealadach crochta thart ar an gCultúrlann mar go bhfuil tús curtha le h-athfhorbairt ansan – agus má chrochtar balla in áit ar bith ar bhóthar na bhFal – sealadach nó buan – bionn leitheidí Danny Devenny ann chun é a mhaisiú le múrphictiúir.

Spreagadh ar leith dom é go bhfuil duine de mo laochra, Gearóid O Cairealláin, ar an múrphictiúir seo agus é ag ól sláinte Bhéal Feirste.

Ar ndóigh is lochrann dóchais dúinn é an dul chun cinn atá ar bun ar chúl an íomhá seo.   Scór bliain ó shin ba stóras brat urláir a bhí san iar Eaglais Phreisbitéireach ar Bhóthar na bhFal.  Anois is cuisle beo iarthar Bhéal Feirste é.  Go deimhin níl aon rud nó foirgneamh a mheallfadh ar ais go Béal Feirste mé seachas an Chultúrlann agus na daoine galánta ann.

Anois tá forbairt ar fiú níos mó ná €5m le déanamh ar an gcroí-ionad seo – nuair a loirg siad airgead ar dtúis, dúradh leo gur ‘eilifint bhán’ a bheadh ann.   Anois is é an seod i saol Ghaeilge na tíre.

Ach ní bheadh sé ann ach amháin díonghabhailteacht na gceannródaí, Gearóid O Cairealláin agus Séamus Mac Seáin.   Anois tá glúin nua ag teacht chun tosaigh chun an Cultúrlann a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile agus tiocfaidh glúin eile ina ndiaidh san arís.

Cad é an beart ceannródaíochta ar féidir le daoine atá i suíomhanna ceannaireachta i réimse na Gaeilge tabhairt faoi sa ré seo, cibé áit a bhfuil tú ar fuaid na tíre nó ar fuaid an domhain?

Sin ceist a thiocfaidh mé ar ais chuige ar ball….

Comments (2)

Sinn Féin: ‘Dí-Ghaelú na hÉireann’

Posted on 04 October 2010 by igaeilge

Ach amháin go bhfuil an páirtí chomh mí-eifeachtach faoi láthair agus ag sleamhnú sna pobalbhreitheanna, bheadh duine buartha faoin ‘fhís’ atá ag Sinn Féin don Éire Aontaithe atá siad in ainm is a bheith ag troid ar a son.

Seo a bhí le rá ag Pádraig Mac Lochlainn, duine de ghlúin óg an pháirtí,  agus é faoi agallamh ag BBC Raidió Uladh an oíche dheireannach.

‘My vision as a Republican of a United Ireland is not one where we all
speak Irish and do Irish dancing at the crossroads, the people who have a
British tradition, which is well over a million people on this island, have
a right to have an umbilical link to their tradition, to have that
relationship to the culture and community they emanated from, so we can
find a way of commonsense co-operation with people having their own
individual space.’

An mise an t-aon duine amháin a chreideann nach gá dúinn ár gcultúr dhúchasach a gheilleadh chun obair i bpáirt le h-Aondachtaithe?   Nach é ár gcultúr a gcultúr freisin?

Comments (9)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES