Archive | November, 2010

David McWilliams

Tags: , , , , ,

Mí-bhuíochas an Aontais agus na pótaí ór

Posted on 30 November 2010 by igaeilge

Cad é mar luach saothair?   Is beag an buiochas atá ag aos rialtais na hEorpa do phobal na tíre seo as ucht an Vóta ‘Tá’ ar son Chonradh Liospóin beagán sa bhreis ar bhlian ó shin anois.

Nó is airde an ráta úis atá an Aontas Eorpach ag gearradh ar an dtír seo don iasacht chun sinn a thabhairt as an sáinn ina bhfuilimíd ná an ráta úis atá an IMF ag gearradh orainn.   Is bocht an scéal é seo ó Bhanc Ceannais na hEorpa a thug na billiúin Euro ar iasacht dár mbainc amhail is go raibh siad ag dáileadh fuiscí ag torramh.

Ar Primetime anocht tá na maithe móra – leithéidí an Ollamh Brigid Laffan – a mhol dúinn votáil ar son Chonradh Liospóin sa reifreann anuraidh agus árú anuraidh míshuaimhneach faoin chasadh is déanaí ar dhearcadh na hEorpa

Bhios féin idir dhá stól maidir leis an dara reifreann – ach sa deireadh dhiultaigh mé don tairiscint.  Is ar a leas féin atá Aontas na hEorpa agus aon rud a fuaireamar uatha – roinnt billiún Euro – dhíolamar go daor as lenár stoc iasc, mar shampla.

Anois tá an tAontas Eorpach iompaithe ina Aontas Dhé Shruthach – an rud a dúradh linn go dtarlódh mura nglacfaimís le Conradh Liospóín – agus tá Éire sa dara shruth.

David McWilliams

David McWilliams - an bhfuil tú ar an dtaobh istigh nó ar an dtaobh amuigh?

Tá fuíollach rudaí ar féidir a rá anois faoi sin.  Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an cheangal seo leis an Aontas Eorpach leataobhach ar son an Aontais agus tá sé amhlaidh de bhrí go raibh agus go bhfuil ár polaiteoirí agus ár stat sheirbhísigh ró mhór faoi chomaoin ag an AE, iad cosúil le rialtóirí iar choilín i gcúirt na sean maistrí.   Nó mar a dúirt David McWilliams, an eacnamaí, ag an seó, Outsiders [atá ar chamchuairt ar fuaid na tíre, bhí siad cosúil leis na páistí a ligeadh isteach sa 'seomra maith' agus ná raibh fonn orthu bheith curtha as.

Ceist a chuirim anseo: tá an margadh atá déanta ag leagadh coinniollacha diana ar gach duine. Mar shampla beidh orainn obair go dtí go mbeimíd 67 nó 68 - sin ceann de na coinniollacha.   [Agus tá muintir na Frainnce imithe ar stailc de bharr gur ardaíodh aois an phinsin ó 60 go 62].   Inniu d’fhogair an Aire Dlí agus Cirt, Dermot Aherne, nach mbeadh sé san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile ar chúinsí sláinte agus pearsanta.

Nior luaigh sé ina chaint go mbeadh sé ag fáíl €125,000 mar íocaíocht ar eirí as na Dála do, mar chúiteamh ar an 23 bliain a raibh sé ina TD, agus go mbeadh pinsin bliantúil aige de €128,000.  Anois sin luach saothair (nó rud éigean cosúil le sin).  Beidh a phinsin níos mó ná tuarastal TD.  Go deimhin, caithfidh sé eirí as chun teacht ar an bpota óir seo.

Nach bhfuil sé aisteach, agus an tír i lár eigeandála eacnamaíochta, go bhfuilimíd ábalta mar shochaí an oiread san airgid a íoc le duine atá ag imeacht ar a phinsin agus gan é ach 55 bliain d’aois. Beidh ar an gcuid eile againn – agus beidh ar ár bpáistí – obair go dtí go mbeimíd 68 chun íoc as a leithéid de chinealtacht.  Nílim in éadan daoine a bheith ag dul ar phinsean luath – ach tá seo ag dul thar fóír.  Tá na raflaí ag scaipeadh go mbeidh a thuilleadh airí – leithéidí Noel Dempsey agus Mary Harney – sna sála ar Aire Cho. an Lú agus iad ag bailiú an phóta óir ar a mbealach abhaile.  Ní h-aon íontas.

Conas atá an IMF agus an Aontas Eorpach ábalta seasamh le margadh mar seo?  Ní chuireann sé faic i gcuimhne dhom ach na íocaíochtaí cama a fhaigheann ceannairí na n-iar choilíní ina gcúntais féin ó chomhlachtaí nó tíortha chun tús áite a thabhairt do ghnó nó do thír i gcúrsaí trádála idirnáisiúnta.

Tá an robáil a deineadh ar Bhanc an Tuaiscirt – agus atá luaite go fóíll leis an IRA – in áit na leathphingine i gcomparáid leis an gcreachadh atá á dhéanamh ag polaiteoirí, bainc is eile ar an dtír inniu.

B’fhiú go mór do dhaoine atá á léamh seo dul chuig “Outsiders”, léiriú den scoth.  Caithfidh mé a rá gur chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm nuair a bhí mé féin agus mo bhean i láthair don seó san Everyman i gCorcaigh oíche Dé Domhnaigh, oíche amuigh chun comóradh a dhéanamh ar 11 bhliain d’ár bpósadh.

Comments (1)

Tags: , , , , ,

Straitéis ‘gláctha’ ag an Rialtas – ach cé a chuirfidh i bhfeidhm é?

Posted on 30 November 2010 by igaeilge

Agus an tír ar tháirseach an dhuibheagáin tá sé á thuairisciú anocht (Dé Máirt) ag TG4 go bhfuil an Rialtas tar éis glacadh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag an gcruinniú comhaireachta inniu.

Ach an bhfuil aon brí le cinntí mar seo ón Rialtas atá i réim faoi láthair nó níl ach seal gairid fágtha ag Fianna Fáil agus an Chomhaontas Glas i gcumhacht?     Bíodh is go bhfuil  sé ráite go bhfuil gach páirtí, trén Coiste Oireachtais, tar éis glacadh leis an Straitéis, ní gá go gciallódh sé gurb é an Straitéis an cloch is mó ar a bpaidrín nó gar do.

Mar shampla, b’fhéidir gur mhaith le Fine Gael tabhairt faoin nGaeilge agus an Ard Teist agus níl sin sa Straitéis seo cé go bhfuil sé luaite go leanfaidh an Ghaeilge mar ábhar amháin ag an Ard Teist agus leanfaidh sí mar ábhar riachtanach.

Mhol an straitéis go mbeadh dhá ábhar ann, rud a chiallódh go mbeadh dúshlán éagsúil roimh deachainteoirí Gaeilge is cainteoirí dhúchais seachas an cheann a bheadh ann d’fhoghlaimeoirí.

An mbeidh aon toradh concreideach, mar shampla, ar an moladh sa Straitéis, atá an Rialtas tar éis glacadh leis ná dearúdaimís, go bhfórbrófaí Coláiste Iosagáin ina ionad náisiúnta oideachais?  Sin teist amháin ar thiomantas an Rialtas do chur i bhfeidhm na straitéise seachas an sior chaint faoin straitéis céanna.   Beidh le feiceáil an mbeidh Coláiste Iosagáin ina fothrach nó ina shéadchomhartha náisiúnta don straitéis.

Tá caint ann ar 7 Lá go mbeidh Udarás na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an Udarás anois – agus anuas ar sin go mbeidh  Aire ar leith ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.   Cur le sin ‘Foras na Gaeilge’ agus is cinnte nach mbeidh aon laghdú ar an mhaorláthas atá luaite leis an teanga.

Deirtear go bhfoilseofar an chaipéis ‘roimh na Nollag’.  Creidfidh mé sin nuair a léifidh mé é.   De reir na ‘Wikileaks’ atá faighte againn, áfach, is cosúil go bhfuil an sprioc 250,000 cainteoir a bhíodh mar cheannlíne ag an Aire O Cuív imithe agus, ina áit, go bhfuil go mbeadh ardú 25% ar lion na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht le linn tréimhse an phlean.

Bhí ceisteanna curtha faoin bhfigiúir 250,000 nó ní raibh a fhios ag éinne cén slí a thomhasfar an méadú agus cén bunlíne a bhí i gceist?   Is cinnte gur céim i dtreo na teibíochta é an figiúir 25% bheith luaite mar sprioc anois agus b’fhéidir gur fearr sin.  Mar a dúirt an tOllamh Mícheál O Cinnéide ar Seacht Lá, beidh lá maith oibre déanta ag Udarás na Gaeilge agus na Gaeltachta má thagann stop leis an meath leanúnach ar an nGaeilge sa Ghaeltacht lena linn.

Bhí Ciarán Dunbar, eagarthóir Gaelscéal, ar 7 Lá don chéad uair anocht – agus chuir sé ceist ar fiú a chur mar gheall ar chomh criochdheighilteach is atá an phlean seo agus pobal na Gaeilge ó thuaidh agus an athbheochan fhuinniúil atá déanta ar an dteanga sna sé chontae fagtha ar an leataobh?  Níl pobal na Gaeilge deighilte ar an oilean seo – agus is céim ar chúl é bheith ag cumadh institiúidí a bheidh ag buanú na crichdheighilte.  Chomh maith le bheith míchothrom, tá sé mí cheart mar tá go leor le foghlaim ó dheas ón méid atá déanta ó thuaidh agus an cur chuige ‘ná h-abair é dein é’.

Ba mhaith liom bheith dearfach faoin Straitéis agus, ar shlí, táim chomh dearfach agus is féidir.  Tá an iomarca eiginnteacht ag baint le cúrsaí pholatúla agus rialtais sa tír seo, gan tracht ar an eacnamaíocht agus an cheist mhór faoin mhaoiniú a bheidh ag an straitéís agus an gceadóidh an IMF dá leitheid, chun a bheith aon phioc níos dearfaí ná an iománaí ar an gclaí!

Comments (1)

Tags: , , , , ,

Cad is fiú Coimisinéir Teanga anois?

Posted on 26 November 2010 by igaeilge

Is ag dul siar atá tiomantas na Roinne is mó atá cúram na Gaeilge uirthí ó ceapadh an Choimisinéir Teanga – agus ní h-é sin mo bhreith ach breith an Choimisinéara féin.

Ag labhairt do inniu (Dé hAoine) ag seimineár a reachtáil Conradh na Gaeilge i dTrá Lí thug an tUasal Seán O Cuirreáin, an Choimisinéir Teanga – aka Fear a’ Bhata – le fios go raibh laghdú 50% ar líon na mball foirne sa Roinn Oideachais a raibh ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge thar mar a bhí 5 bliain ó shin.   An uair sin, i dtuairisc an Choimisinéara, bhí 3% a dúirt go raibh siad ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

I mbliana, de réir suirbhé a rinne an Choimisinéir a choimisiúnú, níl ach 1.5% d’fhoireann na Roinne Oideachais atá ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Cheapfá go mbeadh múineadh faighte ag an Roinn Oideachais i 2005 nuair a náiríodh iad i dTuarascáil an Choimisinéara agus, dá bhrí sin, go mbeadh údaráis na Roinne ar a míle dícheall le, ahem, oideachas a chur orthu féin.

Ní h-amhlaidh a thit amach.  Is amhlaidh gur lean siad ag dul i léig ó thaobh na teanga de.  Anois, níl a fhios agamsa conas is féidir le duine post a fháil sa Roinn Oideachais gan Ghaeilge a bheith acu.  Tá’s agam nach bhfuil Gaeilge éigeantach don iontráil sa Stat Seirbhís níos mó ach nach léiriú é ar easpa oideachais, sa chiall is bunúsaí den fhocal, nach bhfuil Gaeilge ag an mball foirne.  Sa chás sin an bhfuil sé ceart go mbeadh na daoine seo ag obair i Roinn Rialtais ar bith, gan trácht ar an Roinn Oideachais, mar níl siad inchurtha leis an obair.   An aon íontas é go bhfuil an tír sa phriacal ina bhfuil sí, an Roinn Oideachais gan cainteoirí Ghaeilge, an Roinn Airgeadais gan eacnamaithe….

An rud amháin eile a deir seo liom, gur beag is fiú an Choimisinéir Teanga bheith ann ar chorr ar bith.  Níl aon eagla ar an Stat Seirbhís roimhe.  Tá sé chomh h-eifeachtach le baincéir a bheith ina rialtóír airgeadais – agus tá’s againn cad a tharla mar gheall ar sin.   Ní le drochmheas ar Sheán O Cuirreáin a deirim sin ach ní doigh liom go bhféadfadh duine ar bith múineadh a chur ar an Stat Seirbhís maidir leis an nGaeilge agus is fánach an scéal go bhfuilimíd ag cur airgead, am is allas amú ar an saothar in aisce seo.

B’fhearr dúinn ár n-iarrachtaí a dhíriú i dtreo eile…  Ar na meáin stat urraithe a dhíreoinn mo chuid saothair agus ar bhunú bunscoileanna lán Ghaeilge, agus ag obair ag an libhéal áitiúil, le cead nó gan cead.

Gan amhras, léiríonn seo freisin go bhfuil Conradh na Gaeilge féin ag gníomhú sa treo mí cheart.  In áit bheith ag iarraidh cathanna a bhuachaint ar fiú agus ar féidir iad a bhuachaint, tá siad ag cnagadh a gcinn in éadan falla brice agus gan de luach saothair acu as a dtrioblóid ach ceann scoilte agus píosa ‘reachtaíochta’ nach fiú é an phaipéar ar a bhfuil siad scríte.

Comments (0)

Tags: , ,

€8m bainte de bhuiséad na Gaeilge/na Gaeltachta do 2011 – agus €8m eile le baint go fóill

Posted on 24 November 2010 by igaeilge

Bionn sé deacair, uaireannta, bheith réasúnta nuair atá rudaí atá ag titim amach timpeall ort do phriocadh agus do ghriosadh chun feirge.   Ag léamh dom na sonraithe sa Phlean Náisiúnta Téarnaimh 2011-2014, tá achoimre i nGaeilge anseo, bhí sé deacair gan a thabhairt faoi ndeara gur ar an dream is boichte agus is leochaillí sa phobal a thit furmhór an ualach.  Rud amháin cinnte, is beag tuiscint a bheidh ag údair an Phleain seo ar an gcruatan – go dtí go mbeidh siad iad féin ar an dól.  Nara fada uainn an lá!

Deirtear linn go bhfuil an Rialtas ag déanamh na gcinntí crua seo ar mhaithe linn – agus go bhfuil siad sásta an éiric pholatúil a dhíol lá níos faide anonn.   Ná creid focal dá bplámás.

Fiú amháin má chailleann gach ball den Rialtas a shuíochán Dála, beidh ‘golden handshake’ ollmhór nó, mar a thugtar air ‘disappointment money’, á thabhairt dóibh.  Níl a fhios agam an féidir le daoine a votáil ar son Fianna Fáil bheith ag súil le litir beag donn sa phost le cúpla scilling ‘disappointment money’ ann dóibh!    Ar ndóigh níl a dhothain airgid ag an IMF fiú chun cúiteamh a dhéanamh ar an nduibheagán ina bhfuilimíd laindeáilte ag Bertie, Brian, Eamon agus a gcáirde go léir.

Sa phlean téarnaimh seo, tá ciorruithe beartaithe don Ghaeilge – laghdú de €6.2m a bheidh á chúiteamh, de réir dealraimh, ag RTÉ.  Dá gceapfainn go mbainfeadh RTÉ na tuarastail ollmhóra de na laithreoirí ‘móra’ atá acu chun an laghdú ar bhuiséad TG4 a chúiteamh, bhéinn leathshásta.  Ach ní tharlóidh sé, gearrfar TG4 ach beidh troid fada tréan ann faoin airgead a bheidh ag dul ó Chiste Cheadúnais RTÉ go TG4.

Gearrfar €2m de bhuiséad na Gaeilge/na Gaeltachta le cheile i 2011 – agus is é sin an bliain, is dócha, go mbeadh tús á chur le beartais na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.  Sé sin mura raibh sa straitéis céanna ach seift chun sinn a chur ag caint faoi athbheochan na Gaeilge etc ar feadh scór bliain seachas rud ar bith dearfach a dhéanamh ar son na teanga.

Plean téarnaimh don tír – ní doigh liom é.  Mar a dúirt Jack O’Connor ó SIPTU ar an raidió – agus is mór an náire é nach bhfuil aon tuairisciú beo ar an mórimeacht seo ar RnaG nó TG4 nó suíomh idirlín Gaelscéal – is é seo an léarscáil chun na clochaoise.

Cinnte caithfear ciorruithe a dhéanamh – ach níl aon amhras ann go bhfuil an tua ag titim san áít micheart agus nach bhfuil sé ag titim ar chorr ar bith ar údair ár gcás ainnis.

Comments (6)

Tags: ,

Olltoghchán i mí Eanáir

Posted on 22 November 2010 by igaeilge

Tá sé ráite ag na Glásaigh go mbeidh siad ag siúl ón Rialtas tar éis an bhuiséid ar an 7ú Nollag agus go mbeidh an Olltoghchán sa dara leath de mhí Eanáir.  Seo ráiteas Bhéarla John Gormley….

Anois an t-am, mar sin, dul sa bhearna baoil agus tús a chur le múnla nua polataíochta ar an oileán seo….

Anois an t-am freisin do TG4 tosnú ar an obair le cinntiú go mbeidh diospóireacht cheart idir  cheannairí na bpairtithe roimh an Olltoghchán ar an staisiún.

Comments (6)

Tags: , , , ,

Giorruithe agus páirtí nua….

Posted on 21 November 2010 by igaeilge

Anois go bhfuil an Rialtas tar éis a admháil go bhfuil siad, faoi dheireadh, ag lorg iasachta ón gCiste Idirnáisiúnta Airgeadais is ón gCiste Eorpach Seasmhachta, tá caint faoi na h-áiteanna a thitfidh an tua.

Ar na h-áiteanna a thitfidh an tua go luath, is cosúil, tá an íosráta phá.

Mr Lenihan welcomed comments yesterday from German Chancellor Angela Merkel and French President, Nicolas Sarkozy, on corporation tax and said ‘The rate is not on the agenda’.

He also said the minimum wage would have to be looked at.

‘It increased far beyond the rate of inflation’ over recent years, he said.

Is dócha go bhfuil sin ceart.  Ba cheart pionós a chur ar na glantóírí sna bainc agus sna oisbidéil is eile as ucht faillí na mboc mór, na bainisteoirí is na feidhmeannaigh mí fheidhmeacha.

Mo bharúil féin:  féach arís ar an uas-ráta phá – na tuarastail ollmhóra atá á n-íoc leis an dTaoiseach agus na Statseirbhísígh Sinsearacha, iad san a stiuraigh an státlong ar na gcarraigeacha, agus ísligh é sin.   De réir mar a thuigimse,  de réir gach dea chleachtas idirnáisiúnta, níor cheart go mbeadh an uasráta phá in aon chomhlacht níos mó ná deich oiread an íos ráta phá.  Ciallaíonn sin, dar liom, go mba cheart ná beadh aon polaiteoir nó aon stat seirbhíseach ag fáil níos mó ná €100,000 in aghaidh na bliana – sin deich n-oiread an €10,000 (€200*52) a fhaigheann ár bpinsinéirí.   Ní doigh liom go bhfuil aon locht ar €100,000 mar thuarastal.

Ar ndóigh chuirfí stop láithreach le pinsin aon iar aire atá go fóill ag obair, bíodh sé taobh amuigh nó taobh istigh den Dáil/Seanad/Oireachtas.  Is mó an tabhacht anois le deileail leis an eigeandáil seo ná bheith buartha faoi na ‘legitimate expectations’ a bhí ag na boic seo.

Mura ngearrann an tua ón mbarr anuas, ní bheidh aon ghlacadh le na giorruithe níos giorra don talamh.   Mura dtuigeann an Rialtas agus a gcuid leathbhadóirí sin anois, beidh daor orthu.

Agus rud eile dhe, na craoltóirí ‘seirbhise phoiblí’ atá le cúpla bliain ag seanmóireacht ó chúl na mícreafóin,  caithfidh siad san freisin fulaingt.   Arís níor ceart aon duine acu bheith ag saothrú níos mó ná €100,000.  Ní beag an méid sin – agus caithfear deireadh a chur laithreach leis an gcleachtas atá ag leithéidí Pat Kenny, Ryan Tubridy, Joe Duffy agus Marian Finucane, go bhfuil siad cláraithe ina gcomhlachtaí le gur féidir leo a dliteanas cánach a laghdú go sleamhain.  Mura mbionn siad sásta leis an socrú sin, ba cheart dóibh a seolta a ardú agus RTÉ a fhagaint is post a fháíl san earnáil phríobháideach….

Tá fonn orm pairtí pholatúil a thosnú agus é mar aidhm ag an phairtí sin an salachar sa saol pholatúil a ghlanadh. Is é sin an chéad tosaíocht d’ár bPoblacht Nua.   Ná bíodh dul amú orainn nó tá tús á chur le Poblacht Nua ar an lá inniu.  Beifear ag maíomh gurb é an IMF atá i bhfeidhil an tí – ach is féidir linn ceannas a choinneáil ach bheith stuama is fad radharcach.

An chead rud a chinnfeadh an pháirtí seo,  ní bheadh cead aige aon airgead a chaitheamh ar feachtais toghcháin.  Postaeir ar bith, fógraí nuachtáín ar bith, deontais ar bith.   Sin é an túsphointe.   Ní gá airgead a chaitheamh ar na nithe seo, a bhuiochas den idirlíon.   Má tá na h-argóintí maith go leor, gheobhaidh siad éisteacht.  Beidh an dul chun cinn ag brath ar dhuthracht na mball agus na ngníomhaí seachas ar fhlaithiúlacht na bhforbróirí.

Cé  bheadh páirteach ina leithéid?   Aon tuairimí agaibh?

Comments (8)

Tags:

Conradh na Gaeilge i dTalamh an Íontais

Posted on 19 November 2010 by igaeilge

Níl a fhios agam, ó am go chéile, cén phlainéad ar a mhaireann Conradh na Gaeilge?  Inniu fuaireas an r-phost seo ó Ard Oifig an Chonartha:

A chara,

Ritheadh rún ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2010 ag tréaslú le Comhairlí Contae & Baile áirithe as glacadh le córas a chinnteoidh gur ainmneacha as Gaeilge amháin a bheidh ar eastáit tithíochta nua a thógfar laistigh de limistéar an Údaráis Áitiúil. Déanann an córas seo úsáid na Gaeilge a normalú agus próifíl na teanga a ardú i measc an phobail áitiúil.

Tá litreacha curtha ag Conradh na Gaeilge chuig Cathaoirligh Chomhairlí Contae ar fud na tíre, dar dáta 16 Samhain 2010, chun an córas céanna a chur i bhfeidhm ina gcontae féin.

Tá sé tábhachtach go bhfeictear do na Comhairlí Contae go bhfuil tacaíocht ó phobal an chontae do chóras dá leithéid. Mar sin, bheimis an-bhuíoch díbh as teagmháil a dhéanamh le hArd-Mhéara Chontae Chorcaí le cur ina luí gur chóir an rún seo a leanas a chur roimh an gComhairle Cathrach:

“Aontóidh forbróirí ainm gach eastát nua leis an Údarás Pleanála roimh thús an fhorbartha. Beidh na hainmneacha eastáit seo i nGaeilge amháin agus beidh siad fréamhaithe i stair agus tírdhreach an cheantair ina bhfuil siad lonnaithe. Cuirfear an rún seo san áireamh sa chéad phlean contae eile chomh maith.”

Sonraí Ard-Mhéara Chontae Chorcaí ná: An Chomhairleoir Jim Daly, 023-8858770,jim@jimdaly.ie

Má tá aon cheist agat faoi seo nó má tá eolas breise ag teastáil uait, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh liom.

Le gach dea-ghuí,

Anois, níl a fhios agam an ag magadh atá duine éigean.  Tá an Conradh ag iarraidh orm, ball dilis, litir a chuir chuig Méara Chorcaí is eile, ag iarraidh air rún a rith le go mbeadh ainmneacha i nGaeilge ar eastáit NUA tithíochta.   Cén uair a cheapann Conradh na Gaeilge go mbeidh eastáit nua á thogáil i gCorcaigh nó i gcontae ar bith eile as seo go ceann glúin nó trí?    Nár chuala an Chonradh go bhfuil an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta anseo, ag iarraidh orainn stop a chur leis an gcaiteachas is araile?

Ba bhrea liom feachtas litreacha chuig gach Cathaoirleach Bórd Chontae CLG a thosnú le tacaíocht a mhealladh don bhfeachtas go mbeadh trachtaireacht Ghaeilge ar chluichí móra CLG ar fad – ní na cluichí mionúir amháin – seachas an leagan is déanaí de Alice i dTalamh an Iontais nó Don Qixote agus na Muilte Gaoithe atá ar bun ag an gConradh na laethannta seo.

Ach ar son Dé, ní h-é seo an am don bhfeachtas seo.   Cuireann sé alltacht orm gur shuigh oifigigh an Chonartha timpeall an bhoird agus gur cheadaigh do litir chomh h-amaideach le seo a sheoladh timpeall na tíre.   Murach é seo ag tarraingt mí chlú ar an gConradh, níl a fhios agam céard eile atá i gceist.

Dála an scéil, tá mé ar shon ainmneacha Ghaeilge a bheith ar eastáit tithíochta.  Ach is ceist é seo a bhaineann le h-am chuí a roghnú don bhfeachtas agus ní h-é seo an am cheart don bhfeachtas seo.

 

Comments (10)

Tags:

Taom tobann tírghrá

Posted on 19 November 2010 by igaeilge

Is dócha go bhfuil sé tugtha faoi ndeara agaibh go bhfuil taom tobann tírghrá faighte ag furmhór na meáin agus roinnt pairtithe pholatúla le cúpla lá anuas.   Ar maidin inniu bhí coip d’fhorogra 1916 ar phríomh leathnach an Irish Examiner.  Craoladh ‘Was it for this died the sons of Roisín’ le Luke Kelly ar Raidio 1 ar maidin agus bhí eagarfhocal ‘spreagúil’ faoin cheannteideal ‘Was it for this’ san Irish Times inné agus breis is 70 litir faoi inniu.   Ar Primetime aréir bhí Pat Rabitte ag íonsai Pat Carey.

Cad a deirtear sa Bhéarla – patriotism is the last refuge of a scoundrel?

Comments (4)

Tags:

Lá dorcha don tír agus don teanga

Posted on 18 November 2010 by igaeilge

Agus an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadais is Ciste Seasmhachta an Aontais Eorpaí i mBaile Atha Cliath chun tús a chur leis an ‘bplé’ faoin ‘iasacht’ a bheidh ar fáil don tír seo, cuireadh plé Dála faoin droch chasadh seo i stair na tíre faoi chois chun cead a thabhairt le h-aghaidh ‘raitis i leith na Gaeilge’.  An straitéis 20 bliain úd, mallacht Dé air, a bhí faoi chaibidil sa Dáil.

Ba dheacair gan an searbhas agus an fhonóid i dtón an tuairisceora ó RTÉ a aithint agus é ag cur síos ar imeachtaí an lae inniu, Déardaoin dubh eile.   Cúl eile inár n-eangach féin scoráilte againn go cumasach.

Níl aon amhras go ndíreofar ar an nGaeilge sna laethannta is na seachtainí romhainn agus tá’s againn gur beag an ghá faobhar a chur ar phinn na dtrachtairí is na h-eagarthóirí a bhionn chomh fuar i leith na teanga.

Éinne go raibh sé de mhí adh orthu bheith ag faire ar an gcraoltóireacht beo níos luaithe inniu, is cinnte gur thug siad faoi ndeara chomh folamh is a raibh an Dáil agus na ‘ráitis’ seo á dhéanamh.   Bhí sé deacair dom éisteacht leo mar gheall ar mhoill idirlín – ag an am chéanna, nior chuala aon rud a mhúsclódh ó chodladh iar lóin mé [dá mbeinn im chodladh!].

Ba lá é an lá inniu a luaifear i leabhair staire amach anseo, an lá ar tháinig an IMF is an Ciste Seasmhachta anseo chun a rá linn cad a dhéadfaimis déanamh – nó nach bhféadfaimís déanamh – inár dtír féin.

Agus bhí ról bheag ag an nGaeilge ann.  Sea cuireadh tairne eile i gcónra na teanga agus ba i lámha an Rialtais, a shocraigh gan ligint don cheistiúchán faoi chur chuige eacnamaíochta an Rialtais ar mhaithe le sraith monalóganna faoin nGaeilge is an Straitéis 20 Bliain seo a cheadú.

Bheadh leas na teanga déanta ní b’fhearr dá mba rud é go raibh an caint sin curtha ar athló – nach bhfuil fiche bliain ann go dtí go mbeidh an diabhal straitéis foilsithe agus tá fuiollach ama ag na TDanna bheith ag caint faoin seal a chaith siad ag foghlaim Gaeilge sa Ghaeltacht is araile.

Comments (3)

Tags: , , , , , , ,

TG4, an Staighre Beo, Uachtarántacht Chonradh na Gaeilge

Posted on 16 November 2010 by igaeilge

An tseachtain seo chaite fuaireas r-phost ó Cheannasaí TG4, Pól  O Gallchóir, agus é ag tuairisciú dom agus do bhaill eile Bhórd TG4 go mbeadh breis cluichí CLG á chraoladh ar an gcainéal an bhliain seo chugainn.

Go h-íontach, cheapas, tá an CLG tar éis geilleadh ar dheireadh do cheart éileamh na nGael agus beidh na cluichí móra, Cluichí Ceannais na Mumhan agus na gCúigí eile is araile, á chraoladh beo ar an staisiún.

Beag an bhaol.  Is cosúil gur éirigh le TG4 na cearta a bhí ag an staisiún le trí bliana anuas – cluichí beo ar an Domhnach ó Mheán Fómhair go Bealtaine (Club agus Sraith – Peil agus Iomáint) a choinneáil agus tá pacáiste nua faighte ag an staisiún freisin – aon chluiche dhéag tráthnóna Dé Céadaoin san Earrach ina mbeidh Cluichí faoi 21 agus araile.

Anois tá muintir TG4 ríméadach as seo mar gheall gur dul chun cinn atá ann agus molaim iad as na cluichí breise a aimsiú.   Ach shamhlóinn ó bheith ag léamh an r-phoist a tháinig chugam gur ag déanamh gar do TG4 atá an Chumann Lúthchleas Gael.   Ní h-ea in aon chorr.   A mhalairt glan atá i gceist. Tá proifíl ag Craobhacha na gClub agus an Craobhach Fé 21 CLG de bharr an craoltóireacht d’ard chaighdeán atá á dheanamh ag Nemeton ar son TG4 ar na cluichí seo.   Tá lucht féachana acu ná raibh roimhe seo.

Is cosúil gur staighre beo é TG4 ar son imeachtaí spoirt.  Thosnaigh sé ag craoladh an Sraith Cheilteach mar shampla agus ansan thug na staisiúin Bhéarla, leithéidí RTÉ agus Setanta is Sky, súntas don lucht féachana a bhí á aimsiú ag craoltóireacht na gcluichí seo.   D’imigh an Sraith Cheilteach ó TG4 agus anois is é Srath Magniers agus tá cearta ag TG4 ar roinnt chluichí.    Is staighre beo é ar an slí suas – agus ar an slí anuas.   Níl suim ag RTÉ níos mó i Wimbledon is sa Tour de France – agus mar sin tá siad ar TG4.   Tá buntaiste áirithe ag an staisiún mar gheall ar an lucht féachana ‘íseal’ a luaitear leis de bharr gur i nGaeilge atá an trachtaireacht – mar sin bionn an ráta a ghearrtar ar an staisiún ar son na gcearta ar na n-imeachtaí seo níos ísle.

Sna blianta a bhí caite thug staisiúin ar nós Sky agus Setanta suimeanna ollmhóra ar son na gcearta ar chraoladh Phríomhshraith Shasana.  Bhris an margadh sin Setanta sa Bhreatain nó níl an oiread san daoine ag dul go dtí na tithe tabhairne níos mó chun faire ar an gcluichí agus mar sin theip ar Setanta a dhothain sintiúis a mhealladh ó thabhairneoirí  - tuairim is €1000 sa mhí atá i gceist – chun díol as na cearta a bhí ceannaithe acu.

Is margadh casta é seo, margadh na gcearta craoltóireachta, agus ní thuigim go h-iomlán é.     Ag an am chéanna, creidim go bhféadfadh TG4 margadh ar leith a dhéanamh le na h-úinéirí na gcearta ar na cluichí móra CLG, na cluichí idirnáisiúnta sacair is rugbaí, na Cluichí Oilimpeacha is araile, chun na h-imeachtaí seo a chraoladh i nGaeilge.

Mar sin an tseachtain seo chaite, nuair a thuigeas go raibh céim chun tosaigh glactha ag TG4 ach nach raibh ‘AN’ chéim chun tosaigh glactha maidir le cluichí móra an CLG, thit mo chroí.   In ainneoin feabhas TG4 maidir le craoltóireacht ocáidí móra spoirt, tá sí fós in áit na leathphingine agus, dá bhrí sin, tá a pobal féachana ina thánaistigh i gcomparáid le pobal féachana an Bhéarla.

Ag an am céanna go raibh TG4 ag ceiliúradh na cearta breise a bhí gnóthaithe ag an staisiún, bhí na cearta ar na cluichí mionúir á chailliúint ag RTÉ agus iad ceannaithe ag TV3.   Anois tá daoine ann i ngluaiseacht na Gaeilge atá míshásta faoi seo…ach ar shlí, táim idir dhá stól ar an gceist.   Cinnte ní thaithníonn sé liom nuair a laghdaitear dualgas RTÉ i leith na Gaeilge agus táim ar shon go mbeadh trachtaireacht Ghaeilge ar fáil ar gach imeacht spoirt.

Dar liomsa ba mhasla tomhaiste don Ghaeilge é go raibh an trachtaireacht ar chluiche na mionúir i nGaeilge agus an trachtaireacht ar chluiche na sínsear i mBéarla.   Mhínigh Mícheál  O Muircheartaigh go raibh trachtaireacht ar an gcluiche mór, cluiche na sínsear, leath agus leath i nGaeilge agus i mBéarla nuair a thosnaigh RTÉ ag craoladh na Cluichí Ceannais i 1962.   Ba riail ag an CLG é go mbeadh trachtaireacht i nGaeilge. Is cosúil go bhfuil an riail sin ann fós – fiú mura bhfuil sé athruithe.  Ansan, dar le Mícheál, bhí “dea smaoineamh” ag boc éigean in RTÉ:  cén fath nach gcraolfaimíd Cluiche na Mionúir chomh maith agus é sin a dhéanamh i nGaeilge agus cluiche na sínsear a chraoladh i mBéarla.  Agus b’shin a thárla ó shin go dtí an bhliain seo.   Agus bhí gach duine sasta – seachas canncráin cosúíl liomsa.

Anois tá an ualach seo bainte ó RTÉ ag TV3 – agus deir TV3 go mbeidh siad ag déanamh a machnamh ar an dtrachtaireacht a dhéanamh i nGaeilge.  I bhfírinne b’fhearr liom go gcuirfeadh TV3 X Factor i láthair i nGaeilge….ach sin scéal eile.

Bhí Padraig Mac Fhearghusa ar an clár céanna ar Raidió na Gaeltachta, An Saol ó Dheas Dé hAoine, agus é ag gearán faoin ísliú céime a bhí faighte ag an nGaeilge maidir leis na gcluichí mionúir.   Ní fheadar an dtuigeann Pádraig gur ísliú céime é go mbeadh na cluichí mionúir á chraoladh i nGaeilge (sa teanga ‘mionúir’) agus na cluichí sinsearacha á chraoladh i mBearla.

Is cosúil go bhfuil an fheachtas a thosnaigh Conradh na Gaeilge tar éis don alt seo uaim a bheith i nGaelscéal ligthe i ndearúd nó níl tasc nó tuairisc ar leathnach na bhfeachtaisí faoin bhfeachtas chun tabhairt ar an Aire Cumarsáide dualgas a chur ar na craoltóirí leaganacha Ghaeilge den trachtaireacht ar na mór ocáidí spóirt ‘saor go h-aer’ a chur ar fáil.   Mór an trua go bhfuil seo ann – nó creidim gur feachtas é seo a fhéadfaí buachaint.  Is léir, áfach, gur ag dul siar atá an Chonradh ar an gceist seo agus, ochón, ar cheisteanna eile freisin.   Os rud é go bhfuilim féin im bhall den Chonradh anois, cá bhfios ach go gcuirfinn m’ainm féin sa reicneáil d’Uachtarántacht an eagrais an bhliain seo chugainn fiú mura raibh i gceist ach an eagras is mó i saol na Gaeilge a mhúscailt óna mharbhshuan.

Idir seo agus sin, an rud atáim chun déanamh, mar is ball den CLG mé freisin, fiosruithe a dhéanamh maidir le rún a mholadh ag Cruinniú Cinn Bliana mo chumann chun tabhairt ar an eagras sin bheith níos gníomhaí ar son na teanga ná mar atá.  Más maith le duine ar bith eile é seo a dhéanamh ina chumann CLG féin, lean ar aghaidh.  Is é an rud tabhachtach go gcuirfí ar shúil an CLG go bhfuil an eagras ag déanamh failli ar an dteanga agus go bhfuil sciar dá bhallraíocht nach n-aontaíonn leis an bhfaillí seo.

Comments (3)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES