Tar éis dom a rá go bhféadfad deireadh bheith ag teacht le ré Fhianna Fáil sa phostáil dheireannach, agus a rá go raibh mé ag eirí dubh dóite leis an sobal leanúnach timpeall an cheannaireacht, tá athrú poirt le fógairt agam ar maidin.
Tá fonn orm clárú im bhall de Fhianna Fáil tar éis toghchán mo chomh Chorcaíoch, Mícheál Ó Máirtín, ina cheannaire ar an bpáirtí inné. Ní h-é a Chorcaíochas atá mo chur ar an mbóthar nua seo – ach cuidíonn sé gan amhras – agus ní h-é nach gcreidim go fóill gur bascadh neamh-choitianta atá i ndán don pháirtí ag an olltoghchán.
Is é an dúshlán atá tugtha ag Mícheál, féach chomh ceanúil is atáim air cheana féin, do cheannairí na mór pháirtithe eile, Enda agus Eamon, go mbeadh níos mó diospóireachtaí le linn an fheachtais seo ná mar a bhí roimhe agus go mbeadh diospóíreacht amháin ann i nGaeilge idir na gceannairí, is é an dúshlán sin atá mo spreagadh.
Cé gur moladh é seo a rinne mé nuair a bhíos á chur faoi agallamh don suíochán ar Bhórd TG4, agus gur phléigh mé anseo é roimhe, ní fheadar an féidir liom an chreidiúint a ghlacadh mar gheall ar an chasadh chinniúnach seo.
Pé slí a cuireadh an síol i gceann Mhícheál, ní miste. D’fhas sé ann agus anois tá sé ós comhair an tsaoil agus tá seans laidir ann go dtiocfaidh sé faoi bhlath.
Ní raibh, chomh fada agus is eol dom, aon fhocal i nGaeilge in oráid Uí Mháirtín, a chéad oráid mhar cheannaire Fhianna Fáil, ach is cuma liom chomh fada agus go leanann sé ag briseadh an tsean mhúnla mar a rinne sé ar a chéad lá. Is cainteoir Ghaeilge é gan amhras agus deirtear liom go raibh sé ar TG4 aréir – ní fhaca mé an Nuacht sin go fóíll.
Is beart i bhfad níos tabhachtaí é seo don teanga ná aon rud a chuaigh roimhe. Nuair a bhíos óg agus ar scoil b’é ceann de na príomh chúiseanna le meath na Gaeilge, dar le m’athair, an múinteoir staire, gur stop ceannairí na tíre á labhairt. D’fhéadfá a rá nár labhair ceannairí na tíre Gaeilge sa ghnath dhioscúrsa ó bhí na hIarlaí ann.
Má thapaítear an deis is má ghlactar le dúshlán Uí Mhairtín, beidh diospóireacht i nGaeilge mar chuid de gach fheachtas Olltoghcháin is, dá bhrí sin, beidh ar ceannairí na tíre níos mó Gaeilge a úsáid. Go deimhin beidh sé amhail is go raibh Gaeilge eigeantach le bheith id cheannaire ar mhór pháírtí pholatúil. Ciallaíonn sin go mbeidh ar gach duine a chlaraíonn le páírtí pholatúil ar mhaithe le dul chun cinn a dhéanamh sa pháirtí sin Gaeilge a bheith acu agus a úsáid. Agus má fheiceann daoine a gceannairí á dhéanamh, bhuel b’fhéidir go ndéanfaidh siad amhlaidh. Is fearr an seans go mbeidh an toradh sin ar an mbeart ná a mhalairt.
Gan amhras tá drochmheas ag an bpobal ar Fhianna Fáil anois. Is cinnte go mbeidh Fine Gael agus an Lucht Oibre chun tosaigh orthu san Olltoghchán agus tá gach seans go mbeidh siad féin agus Sinn Féin in adharca a cheile do cheannaireacht an fhreasúra. Beidh an lá is measa a bhí riamh ag FF ag an pháirtí ar 25ú Feabhra 2011. Ach tá síol dochais curtha ag an cheannaire nua ar a chéad lá agus b’fhéidir go mbeidh páirtí nua mar bhlath air. Tús mhaith atá ann.
[Bhí tús mhaith ag Brian Cowen freisin - ach chuaigh sé ó mhaith go tapaidh. Tá súil agam, ar mhaithe leis an tír agus ar mhaithe le Fhianna Fáil, nach dtarlóidh an rud céanna le Mícheál Ó Mairtín]







Bhúr dtuairimí…