Archive | June, 2011

Éire v An Iodáil – ar TG4 anocht

Posted on 07 June 2011 by igaeilge

Fo-theideal: Éire V An Iodáil, iar-bheo ar TG4 anocht,

Cheapas go mbeadh an cluiche seo á chraoladh beo anocht ar TG4 – ach is iar-bheo a bheidh an chraoladh den chluiche chairdiúil seo idir Curaithe an Domhain 2006 agus Na Buachaillí Glása!

Rinne TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta craoladh ar Chomórtas Peile na Gaeltachta ag an deireadh seachtaine agus thaitin an méid a chonaic mé liom go mór – bhí an droch adh le Laochra Loch Laoi sa Chluiche Ceannais.  Cé chreidfeadh go gcaillfeadh muintir Bhéal Feirste an cluiche agus iad cúig chúilín chun tosaigh gan ach 10 noimead fagtha.  Is mór an chreidiúint atá ag dúl don bhfoireann áitiúil, Naomh Mhuire, as an dteacht aniar.

B’íontach go deo Micheál Culbert, bainisteoir na Laochra, a chloisint ag scairteadh ón dtaobh líne i nGaeilge Bhéal Feirste i rith an chluiche ceannais.   Dá mbeadh gradam le buachaint as ucht úsáid na Gaeilge, bheadh sé aige agus ag na Laochra.  Beidh lá eile ag Na Gaeil Oga, foireann cathrach eile.

Tá sé léirithe ag TG4 gan aon agó go bhfuil siad ábalta na cluichí móra a chraoladh ag ard chaighdeán agus le trachtaireacht den scoth – ach tá siad fós fagtha le na cluichí beaga gan tabhacht.  Is cinnte go mba mhaith le duine féachaint ar an gcluiche anocht idir Éire agus an Iodáil, fiú más cluiche cáirdiúil atá ann – ach cén fath nach mbeadh an cluiche idir Éire agus an Mhacadóin, cluiche iomaíoch i gcomórtas Chraobh na hEorpa ar fáil i nGaeilge ar TG4, agus cluichí eile i gCorn Heineken agus i gCraobhacha Ceannais Peile agus Iomána na hÉireann.

Tá sé in am smaoineamh taobh amuigh den bhosca faoin gceist seo.  Tá airgead mór faighte ag na h-eagraíochtaí spóirt ón Stat Chiste.  Ní chaillfidís aon phingin as na cearta ar na cluichí móra, na h-imeachtaí spóirt ar an liosta saor go h-aer mar shampla, a chur ar fáil i nGaeilge beo beathach ar TG4.

Comments (0)

Tags: , , ,

Níos mó Gaeilge ar shuíomh an TUV – ná ar shuíomh Shinn Féin

Posted on 06 June 2011 by igaeilge

 

Anois tá níos mó Gaeilge ar shuíomh an TUV ná mar atá ar shuíomh Shinn Féin!

Is ceart agus is cóir go mbeadh an TUV, Guth Thraidisiúnta na nAondachtach, ag tacú leis an Ghaeilge ó thuaidh.  Céard eile í an Ghaeilge ach Guth Thraidisiúnta?

Ba mhór an phléisiúr dom, inniu, a fheiscint go raibh U-chasadh á dhéanamh ag an TUV ar an seasamh naimhdeach don Ghaeilge a bhíodh ag an bpáirtí agus gur malairt poirt atá acu anois.

Nó is léir nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh go bhfuil an TUV anois ag tacú le hAcht Ghaeilge don Tuaisceart!   Maith thú Jimmy! Is tú ár mhíle stór!

Rud eile a Jimmy, a chara nua, beidh tú ábalta maíomh anois go bhfuil níos Gaeilge ar do shuíomh ná mar atá ar shuíomh Shinn Féin!

Comments (0)

Omós don Teanga….

Posted on 04 June 2011 by igaeilge

“]Tá taithí againn ar an dteanga mar uirlis chumarsáide  ach anois, ar Bhóthar na bhFal in iarthar Bhéal Feirste, is séad chomhartha í.   De thoradh ar scéim ealaíon phoiblí, tá lúbrán [labyrinth] cloch tógtha i ngairdín nua le h-ais an bealach isteach go Sóslann Ard na bhFeá.  Siombal é an lúbrán seo ar an gcastacht/ailleacht a bhaineann leis an teanga ón gcéad fhéachaint ach chomh h-éasca is inúsáidte í nuair a théann tú isteach intí!

Bhuel, sin mo mhíniú ar an scéal ar aon nós.  Ní lia duine ná tuairim agus ní feidir talamh tirim a dhéanamh gurb é mo thuairim a bhí ar chúl inchinn an ealaíontóra, Patrick Ireland/Brian O’Doherty, nuair a chum sé an phíosa seo.

Nílim cinnte conas a bhainfear úsáid as Teanga san am atá le teacht.  Tá an baol ann, mar atá le go leor ealaíon phoiblí, go mbainfear úsáid as mar leithreas taobh sráide ach tá cuma deas agus úsáídeach ar an áit seo, cúlú beag ón sráid ghnóthach chun do scith a ligint ar feadh seal i measc na gcloch ar a bhfuil ainmneacha na mbailte fearainn breactha orthu.

Beidh mé ag súil go mór é a fheiscint mé féin chun breith níos fearr a dhéanamh ar an bpíosa!

 

 

Comments (0)

Beidh lá eile ag na Gaeil Óga

Posted on 04 June 2011 by igaeilge

Na Gaeil Óga, foireann Peil Ghaelach BhÁC

Chuir Laochra Loch Lao tús spleodrach lena gcúigiú fheachtas i gComórtas Peile na Gaeltachta agus bhuaigh siad go h-éasca ar An Seana Phobail i bPáirc Naomh Fhionnáin i bhFal Charrach ar maidin.   3-18 in aghaidh 1-3 abea an scór dheiridh.

Is in aghaidh Móin Dhearg ó Londain a bheidh siad sa bhabhta leathcheannais óir bhuaigh an fhoireann ó Shasana ar na Gaeil Oga le 9 bpointe – 1-11/1-2 ina gcluiche siúd ar maidin.  B’é seo an chéad iarracht ag Na Gaeil Oga sa chomórtas seo agus is cinnte mura raibh an bua acu an uair seo, beidh laethannta níos fearr acu amach anseo.  Bionn gach tosnú lag, deirtear, agus ní gá aon droch mhisneach a bheith ar an bhfoireann seo atá ag seasamh an fhóid don phríomh chathair.

Na Laochra abú!  Na Gaeil Oga abú!

Comments (3)

Tags: , , , , ,

Iris gradamúil faoi na Gradaim

Posted on 03 June 2011 by igaeilge

Eagrán spéisialta chomórtha clóbhuailte ag muintir Nuacht 24

Is fada mé ag rachtaíl anseo faoin ‘jóc mór’ i saol na Gaeilge – is é sin Oíche Mhór Ghradaim Cumarsáide an Oireachtais – agus is cinnte go raibh mé ag gabhail do arís i mbliana agus an oíche mhór úd ar bun sa Ghaillimh an tseachtain seo chaite.   Ní gá dom cur síos ar mo mhothúcháin faoi seo.

Pé rud mar gheall ar mo rachtanna aer te bruite, is fiú go mór eagrán ar leith Nuacht 24 ar na gradaim a léamh, iris chomh slachtmhar i nGaeilge is a chonaic mé le fada.

Nara laga Dia bhúr láimh, Tomaí, Eoghain, Dónal agus a cháírde go léir.  Is sibhse na fíor laochra!

 

Comments (0)

An dearadh nua atá molta do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich

Tags: , ,

‘Aitheantas’ do na Gaeltachtaí cathrach

Posted on 03 June 2011 by igaeilge

“Tabharfar stádas reachtúil do chineál nua ceantair, ‘Gaeltacht gréasáin’, a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reachtúla atá ann faoi láthair. Is ceantair iad seo a mbeidh a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a mbeidh toirt bhunúsach chriticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge.”

Is cinnte má tá aon rud fónta le teacht as an Straitéis 20 Bliain seo, is é go dtabharfar aitheantas reachtúil do na pobail Gaelacha ar fuaid na tíre, taobh amuigh den Ghaeltacht agus, ach go h-áirithe, sna cathracha.

Gréasáin Gaeltachta atá á thabhairt ar an stadas nua Gaeltachta seo agus is cinnte go dtagann, go pointe, le fís a nocht mé faoin cheist seo roinnt blianta ó shin.  An G-Spota a bhaist mé ar an suaitheantas aitheantais do na Gaeltachtaí nua seo, leasainm ar bhaist mé air le mioscais is spórt.

Ní miste cén ainm a thugaimíd ar an aitheantas seo chomh fada agus go bhfuil brí éigean leis an aitheantas féin.  Déanfaidh ‘gréasáin Gaeltachta’ cúis gan amhras.

An deacracht is mó go bhfuil an baol ann de bharr an iarsma stairiúil sin, an teorainn, nach gcuimseofar gréasáin Gaeltachta an tuaiscirt, go h-áirithe gréasán Ghaeltacht Bhéal Feirste, faoi théarmaí na reachtaíochta agus nach mbeadh aitheantas ag gabhail don sár obair atá á dhéanamh ar an dtalamh.

Táim cinnte nach gcuirfeadh a leithéid isteach ar mhuintir Bhéal Feirste – is fada iad ag gabhail don obair seo gan ‘aitheantas’ agus leanfaidh siad leis.  Ag an am chéanna, creidimse gur mór an trua é nach mbeadh an réamh-shampla is fearr faoi bhrat reachtaíochta den chineál atá á mholadh.

An dearadh nua atá molta do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich

An dearadh nua atá molta do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich

Ní fheadar an bhfuil aon seans go bhféadfaí a leithéid de mholadh, go mbeadh ‘gréasáin Gaeltachta’ ó thuaidh, a shníomh isteach i straitéis atá, maítear, á ullmhú ag an Roinn Cultúr ó thuaidh chun cur le stadas na teanga ar an dtaobh sin den teorainn.

Comments (0)

Tags: , , , , ,

Más maith is mithid

Posted on 03 June 2011 by igaeilge

Seo an méid ar fhograíodh ar maidin? Cad a cheapann sibh? Tá cúpla rud a ritheann liom?

Cinntí Rialtais maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta.

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu (3 Meitheamh 2011) go bhfuil cinntí críochnúla déanta ag an Rialtas maidir leis an sainmhíniú nua ar an nGaeltacht agus maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tógadh na cinntí seo ag an gcruinniú Rialtais Dé Máirt (31 Bealtaine 2011).

Dúirt an tAire Stáit: “Tá lúcháir orm go bhfuil cinntí críochnúla déanta ag an Rialtas maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Fágann sé seo gur féidir le hoifigigh i mo Roinn, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, treabhadh ar aghaidh leis na Cinn a dhréachtú don Bhille Gaeltachta. Táim ag súil go bhfoilseofar an Bille a luaithe agus is féidir, ag brath ar amchlár reachtaíochta an Rialtais.”

Beidh an sainmhíniú nua don Ghaeltacht bunaithe ar an Straitéis 20 Bliain agus ar na moltaí a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Dúirt an tAire Stáit: “Beidh mo Roinn, i gcomhar le heagrais Stáit eile, ag obair go dlúth le pobail Ghaeltachta ar an talamh chun cabhrú leo pleananna teanga, ina n-áireofar na gnéithe uile de shaol an phobail, a ullmhú agus a chur i gcrích.”

Maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dúirt an tAire Stáit: “Fágann na cinntí Rialtais seo go mbainfear leas as na struchtúir atá ann faoi láthair chun an Straitéis a sheachadadh agus go mbeidh deighilt shoiléir idir na feidhmeanna atá ag na príomhpháirtithe leasmhara maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon.”

Dúirt an tAire Stáit: “Mar thoradh ar na cinntí Rialtais seo, creidimse go bhfuil todhchaí Údarás na Gaeltachta slán sábháilte, go n-éireoidh le hÚdarás na Gaeltachta a chuid feidhmeanna reachtúla a choinneáil agus go gcothófar comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus áisíneachtaí fiontraíochta eile ar mhaithe le hinfheistíocht sa Ghaeltacht.”

Tuilleadh eolais ar fáil:

Oifig Preasa agus Eolais na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Guthán: 01 6473130 / 087 7956378

Ríomhphost: eolas@pobail.ie nó pressoffice@tcs.gov.ie

Suíomh gréasáin: www.arts-sport-tourism.gov.ie

Eolas d’Eagarthóirí

Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 ar fáil ag http://www.pobail.ie/ie/AnGhaeilge.

Sainmhíniú nua ar an nGaeltacht

*    Déanfar foráil faoin mBille Gaeltachta don sainmhíniú nua reachtúil ar an nGaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir gheografacha mar atá faoi láthair.
*    Déanfar foráil faoin reachtaíocht do phróiseas pleanála teanga faoina ndéanfar pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach limistéar Gaeltachta agus faoina ndéanfar faomhadh agus athbhreithniú ar na pleananna sin ar bhonn tréimhsiúil ag an Aire.
*    Tabharfar stádas reachtúil do chineál nua ceantair, ‘Gaeltacht gréasáin’, a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reachtúla atá ann faoi láthair. Is ceantair iad seo a mbeidh a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a mbeidh toirt bhunúsach chriticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge.
*    Tabharfar stádas reachtúil freisin do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, i.e. bailte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta.

Struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

*    Coimeádfaidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an lárfhreagracht maidir le gnóthaí Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.
*    Leanfaidh Foras na Gaeilge ag comhlíonadh a dhualgas i gcomhthéacs uile-oileáin mar áisíneacht den bhForas Teanga Forfheidhmithe Thuaidh Theas.
*    Beidh an fhreagracht as forfheidhmiú na Straitéise lasmuigh den Ghaeltacht ar an Roinn i gcomhpháirtíocht le páirtnéirí ábhartha Stáit. Breathnófar ar na féidearthachtaí go bhféadfadh Foras na Gaeilge seachadadh a dhéanamh ar eilimintí áirithe den Straitéis ar bhonn comhaontaithe.
*    Beidh an fhreagracht maidir le forfheidhmiú na Straitéise laistigh den Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta.

Údarás na Gaeltachta

·         Mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha Údarás na Gaeltachta go ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh, faoi réir:

(a)    foráil reachtúil a dhéanamh chun cumhacht a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don Údarás a chuid acmhainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontraíochta ar leith; agus

(b)      meicníocht a fhorbairt chun go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann comhoibriú le háisíneachtaí fiontraíochta eile, ach go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu.

*    Déanfar foráil faoin mBille Gaeltachta chun Bord Údarás na Gaeltachta a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin.

Comments (3)

Bí ag caint ar eirí in airde – seoladh nua ‘iGaeilge’

Posted on 02 June 2011 by igaeilge

Le fada an lá táim ag bagairt go gcuirfidh mé cuma cheart ar an suíomh seo agus, i measc na leasuithe a raibh ar aigne agam, bhí seoladh nua agus culaith nó téama úr.

Bhuel seo chugaibh é, a bheag nó a mhór.   Beidh leasuithe beaga á dhéanamh leis sna laethannta atá romhainn ach anois tá iGaeilge.ie ar an saol agus tá súil agam go gcuirfidh sibh an oiread suime ann is ar chuir sibh nuair a bhí sé ag an sean seoladh.

Is é an suíomh céanna é – ag seoladh éagsúil.  Nár bhog duine ar bith agaibh tí riamh?  Amach anseo beidh sé i gceist agam fógraí a fhoilsiú ar an suíomh agus beidh fáilte romhaibh bhúr gcuid tairgí a chur ós comhair phobal na Gaeilge anseo.

Slán leat, http://igaeilge.wordpress.com

Comments (2)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES