Archive | August, 2011

An cúlú le sonrú ag An tOireachtas

Posted on 16 August 2011 by igaeilge

Mura bhfuil an chúlú eacnamaíochta le sonrú i dtuarastail ár seanadóirí agus TDanna, go méadaí Dia a stór, is cinnte go bhfuil sé le tabhairt faoi ndeara i nduaischiste Oireachtas na Samhna.

De réir clár na gcomórtas atá díreach tagtha chomh fada liom -beidh laghdú á dhéanamh ar go leor duaiseanna le céad nó dhá chéad Euro.

Chun an fhírinne a insint, nílim ar shon duaiseanna airgid a bheith ag an Oireachtas – cé gur éasca dom sin a rá tar éis gur bhuaigh an blag seo an duais i gcomórtas blagála (nach maireann) an Oireachtais i 2008 agus gur bhuas €1000 dá bharr.

Creidim, anois, go ndéanann an t-airgead díluacháil ar an ngradam a bhfaigheann daoine tre bheith pairteach agus duais a bhuachaint ag an bhféile seo. Ag Féile na Laoch i mbliana, mar a raibh mé gnóthach im chathaoirleach ar an gCoiste Eagraithe, ní raibh aon chaint faoi airgead agus dúirt cuid mhaith de na h-aoíanna móra le rá a ghlac páirt ann gur pribhléid leo a bhí ann.

Is é an rud atá i gceist agam go bhfuil an iomarca cainte is iomaíochta sa tsaol don airgead agus ós rud é nach feidir luach a chur ar agallamh beirte, luibín nó amhrán nua chumtha, bhuel, is díluacháil é duais chomh ‘suarach’ le €600 a bhronnadh ar bhuaiteoir.

Moladh amháin a bheadh agam, go dtogfaí an t-airgead a chaitear ar dhuaiseanna agus é a infheistiú i gceirníní/dluth cheirníní/ábhar íoslódáilte d’iomaitheoirí/buaiteoirí na gcomórtas éagsúl a chur ar fáil, le go gceannódh daoine iad.  Agus táim cinnte go gceannódh ach margaíocht réasúnta bheith déanta orthu.   Cosnaíonn margaíocht airgead freisin – ach tá an margadh ann.    Sa chás sin, bheadh na rannpháirtithe ar na gceirníní sin i dteideal taillí as ucht a saothar.

Tar éis dom a rá go raibh duaiseanna airgid ag an Oireachtas ag díluacháil gradaim an Oireachtais, beidh daoine ag rá, is dócha, nach bhfuilim ach ag moladh ‘cleas cúntasaíochta’, ag bogadh an duais chiste go ciste tháillí.  Sílim go bhfuil sé tabhachtach, áfach, go saothródh an tOireachtas ioncam ar son todhchaí na féile.  Pósadh rathúil idir eacnamaíocht agus cultúr dar liom…

 

Comments (1)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES