Archive | September, 2011

Tags: , , ,

Haka as Gaeilge

Posted on 14 September 2011 by igaeilge

An Haca as Gaeilge

 

Seo an haca as Gaeilge – agus tá gach cabhair ag teastáil le tacú le foireann na hÉireann agus iad ag imirt i gCorn an Domhain sa Nua Shéalainn.

Nuacht eile gaolmhar: tá foinse gar don phearsa aitheanta Ross O’Carroll Kelly tar éis a rá liom go bhfuil sé sásta Gaeilge a fhoghlaim agus é ag dul chun tosaigh don phost. Aithníonn sé go bhfuil gá leis an teanga don phost seo.  Agus don tuarastal.  €320,000 in aghaidh na bliana.   Cheapfá ná raibh an tír banc-bhriste!

Comments (1)

Amhrán Mhaínis…..

Posted on 06 September 2011 by igaeilge

Radharc ón scánnán 'Cré na Cille'

le hÁine Ní Dhroighneáin.  Ní gá a thuilleadh a rá.

Áine Ní Dhroighneáin ón Scannán \’Cré na Cille\’.

Comments (0)

Tags: ,

Ná bac an teanga – seachain an iriseoireacht

Posted on 06 September 2011 by igaeilge

Neither Bishop nor Sayers seems able to make the Irish language more attractive to students - an fotheideal faoin ngriangraf seo sa Sunday Times.

Tá ráiteas ann sa Bhéarla a ritheann liom agus mé á scríobh seo.   Just because you’re paranoid doesn’t mean they’re not out to get you.    Táim cinnte go bhfuil go leor de na leitheoirí ar mhaith leo tabhairt faoin leagan Ghaeilge de sin ….agus fagfaidh mé acu é go fóillín.

Ritheann an nath cainte sin liom agus mé ag léamh ailt eile i nuachtán Bhéarla eile ag trácht ar an nGaeilge. {Tá an t-alt foilsithe ar bun anseo Ní h-ionann é agus an t-alt staidéartha a bhíos ag tagairt do le déanai – baineann seo leis an chineál alt a bhionn go minic á fhoilsiú I nuachtáin Bhéarla nuair is í an Ghaeilge nó gné eigean di I gceist.

Sa Sunday Times,  foilseachán ó stábla laghdaithe Rupert Murdoch, a léigh mé an alt, i dtaobh an lion dáltaí atá ag fail diolúine ón nGaeilge don Ard Teist.  De réir na bhfigiúirí atá foilsithe san alt ‘Mind your language’, tá lion na ndaltaí atá ag fail diolúine ag dul i lionmhaire i gcomhréir leis an lion atá ag tabhairt faoin scrúdú seo.

Anois ní h-aon scéal nua é sin do lucht na Gaeilge, agus ní scéal nua ach an oiread é go bhfuil cuid suntasach den dream a fhaigheann diolúine ó staidéar na Gaeilge mar go bhfuil eagumas éigean foghlamtha acu ag staidéar teangacha eile don Ard Teist.

Murach gur scéal nua é seo, cén fath gur foilsíodh é?  Bhuel, is scéal é faoin Ard Teist ar foilsíodh é an Domhnach tar éis foilsiú na dtorthaí agus is dócha nach bhfuil sé mí-réasúnta go dtarlódh sé mar sin.

Ag an am chéanna ba alt chlaonta amach is amach a bhí i gceist ina raibh conclúid amháin á lorg ag an iriseoir a scrígh:  is é an conclúid ina bhfocail féin:

The solution seems obvious: make Irish optional for the Leaving Cert. But Fine Gael proposed doing just that in the general election earlier this year, and it proved the least popular policy in its manifesto. In the subsequent Programme for Government talks with Labour, Enda Kenny dropped the idea, settling instead for a “review” of the way the subject is taught. An Irish solution to an Irish-language problem.

Má léann tú an alt sin, níl éinne a chuireann an t-iriseoir faoi agallamh ag rá gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ina h-ábhar roghnach don Ard Teist.   Tá an leid gur tuairimíocht an iriseora atá i gceist sna focail ‘the solution SEEMS obvious’.

Aon eagarthóir a bheadh leath ina dhúiseacht, thabharfadh sé nó sí na rudaí atá ar iarraidh ón alt seo faoi ndeara.  Níl aon ráíteas  ó éinne atá g moladh an réitigh atá á mholadh ag an iriseoir, fiú muintir Fhine  Gael, agus níl aon ráiteas ó éinne chun malairt tuairime a chur in iúl.

Tá alt spéisiúil le scríobh ar an ábhar seo, dá mba mhian leis an iriseoir sin a dhéanamh.  Tá’s ag an saol mór go bhfuil deacrachtaí le múineadh agus foghlaim na Gaeilge ag libhéal na h-Árd Teiste agus tá go leor réitigh molta chuige sin – ina measc go roinnfí an ábhar i dhá ábhar agus go mbeadh ceann amháin dírithe ar Ghaeilge a mhúineadh mar theanga chumarsáide agus ceann eile ina mbeadh an litríocht mar fhócas ann.

Ach tá fadhbanna le gach ábhar a mhúintear ag libhéal na h-Árd Teiste mar, creidimse, go bhfuil fadhbanna ag baint leis an Ard Teist ar fad. Ní tomhas cruinn é ar éirim aigne, níl ann ach miosúr ar an méid ar fhoghlaim tú I gcaitheamh dhá bhliain de dhian staidéar agus go raibh tú ábalta, go fisiciúil, a chur síos ar phaipéar le linn scrúdú a mhair cúpla uair a chloig.

An dream is mó a bhionn ag gearán faoi seo, lucht ghnó, bionn siad ag rá gur cheart go mbeadh an béim sa scrúdú ar bhunscileanna atá gá leo sa saol gnó.  Aontaím le sin cé go gcreidim nach dtéann sé fada a dhothain.  Ba cheart go mbeadh an chóras oideachais dírithe ar na bunscileanna atá gá leo sa tsaol a mhúineadh.

Ceann de na bunscileanna sin isea cumas teangacha a thuiscint agus a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh.   Níl aon fhianaise acadúil nó eolaíoch faoin spéir ann a deir gur ualach an Ghaeilge ar dhaoine a bhionn ag foghlaim teangacha.  Cinnte tá daoine – timpeall ar 5% más aon leid na bhfigiúirí de dhaoine a lorgaíonn diolúine ón nGaeilge – a chreideann go bhfuil an Ghaeilge ina ualach acu.  Ach an údar íontais é sin agus an bholscaireacht shioraí á fhoilsiú i nuachtáin measúla an Bhéarla, leithéidí an Sunday Times, ag cur ‘míbhuntáistí na Gaeilge’ in iúl?

An bhfuil aon staidéar eolaíoch ann a chruthaíonn nó a léiríonn ceangal idir foghlaim na Gaeilge sna luath aoiseanna agus cumas feabhsaithe chun teanga breise a fhoghlaim ar ball?   Creidim gur cheart go mbeadh – mar tá aithne agam ar an oiread sin daoine ar fhoghlaim an Ghaeilge go luath agus atá anois ilteangach.    Bunaithe ar mo léargas neamh-eolaíoch, bheadh cás laidir ann ar son níos mó Gaeilge níos luaithe sa churaclam.

Ní h-é sin réimse mo shaineolas – nó mo sheaneolas – mar is leis an iriseoireacht atáim ag plé san alt seo.   Léiríonn alt an Sunday Times agus go leor altanna eile i mór nuachtáin nach é gur beag an suim atá ag iriseoirí sna meáin Bhéarla iomlán an scéil a thabhairt maidir leis an nGaeilge.  Tá sé amhail is go bhfiul ceadúnas acu bheith chomh scaoilte agus is maith leo chomh fada is a bhaineann sé leis an nGaeilge mar ábhar altanna.

B’fhéidir go bhfuil seo amhlaidh i réimsí eile den iriseoireacht.  Is cinnte go bhfuil iriseoirí i nuachtáin ar nós an Sunday Times agus go leor mar iad faoi ana chuid brú na leathnaigh bána a líonadh ar an chostas is lú agus is féidir mar gheall ar an iomaíocht ghéar ón idirlíon.

Tar éis an méid a tharla leis an News of the World, tá gnó na foilsitheoireachta nuachtán faoi bhrú níos géire arís.  Agus bhí an earnáil faoi bhrú dhocreidte roimhe seo.  Tá sé ag cailliúint leitheoirí agus fogróiri agus tá creimeadh leanúnach á dhéanamh ag iriseoireacht lag is claonta ar an seod is luachmhaire atá fagtha, an iontaofacht.

Mind the language

Increasing numbers of pupils are getting exemptions from the language paper, with the number sitting the compulsory subject dropping every year.

(Ar ndóigh, níl Peig ar chúrsa na hArd Teiste níos mó agus níl aon tagairt do Bishop san alt. Cén bhaint atá ag comhartha ‘photoshopáilte’ an Údaráis leis an scéal?)

Last year, 2,297 Leaving Cert students were given an exemption from sitting the Irish language paper because they had a “learning disability”.

For 1,326 of them, however, their learning difficulties apparently disappeared when the bell rang at the end of Irish class. They not only studied French, German or Spanish — they even sat exams in them.

“It doesn’t add up,” said Bernie Ruane, president of the Teachers’ Union of Ireland (TUI).

Ann Heelan, the executive director of the Association for Higher Education Access and Disability (Ahead), agrees. “I think a cynical attitude would be right, because in those cases people are deciding they just won’t learn Irish,” she said. Alternatively, parents may feel it would take too much energy for their child with a learning disability to do two “foreign” languages, “and decide French or German is more useful”.

Niamh Collins, a former student at Christ the King secondary school in Cork, seems a typical example. Two years ago, Collins told the Irish Independent she chose to drop Irish on entering the fourth class of primary school as her family had moved from Northern Ireland two years previously, and also because she was dyslexic. To her credit, Collins studied Italian and Japanese for the Leaving Cert — sitting both exams on one day — and was planning to study philosophy and Italian at university.

So it is not necessarily that students with learning disabilities “can’t” do Irish — at least half of them choose not to. “Having dyslexia does not necessarily mean you can’t learn a language,” said Heelan. “In fact, you should be able to, because you have already learnt your first language [English], so it’s just the written part that causes problems.”

Nevertheless, increasing numbers of students are getting exemptions from Irish, and every year the number sitting what is a compulsory Leaving Cert subject drops.

In 2009, for example, 57,781 students sat the Leaving, of whom 45,643 (or 79%) did Irish. Of the 12,138 who said “ní feidir liom”, only 5,412 had an official exemption. Nobody can tell exactly why the other 7,000 did not sit Irish, but clearly they had no intention of attending the National University of Ireland, for which the subject is a required qualification.

In 2010, there were 55,455 Leaving Cert students, and 44,942 sat Irish. Of the missing 10,513 pupils, just over half had an exemption. This year the number sitting Irish was down again, to 44,397, which more or less coincides with the number applying to the CAO, the gateway to third-level college.

So the pattern is clear: those who don’t “need” Irish to go to university don’t sit it. Some of them get an exemption, but about half don’t bother and some presumably sit at the back of “pass” class for two years, texting their friends and updating their Facebook status.

The solution seems obvious: make Irish optional for the Leaving Cert. But Fine Gael proposed doing just that in the general election earlier this year, and it proved the least popular policy in its manifesto. In the subsequent Programme for Government talks with Labour, Enda Kenny dropped the idea, settling instead for a “review” of the way the subject is taught. An Irish solution to an Irish-language problem.

An exemption from studying Irish for the Leaving Cert can be secured on three main grounds: if you were taught outside the republic up to the age of 11, or if you enrolled in school here after at least three years abroad and you are over 11, or if you are a foreigner with no English.

Comments (1)

Tags: , , ,

Nach cuma le tae cé a ólfas é?

Posted on 05 September 2011 by igaeilge

Léigh mé alt faoi chúrsaí Ghaeilge sa Ghaeltacht le déanaí a bhain preab asam.  An rud is annamh is íontach #1. Alt i nuachtán náisiúnta Bhéarla faoin cheann teideal “Gaeltacht in danger of being silenced” atá faoi chaibdil agam, an rud is annamh is íontach #2. [D'fhoilsíodh mo fhreagra ar an  alt seo le déanaí i nGaelscéal. Is le caoinchead an nuachtáin a fhoilsítear anseo é]

Is iad Conchúr Ó Giollagáin is Brian Ó Curnáin na h-údair. Ar éigean gur ghá dhom an bheirt seo a chur in aithne óir tá siad araon i mbéal phobal na Gaeilge as a saineolas bunaithe ar an staidéar atá déanta acu ar cheisteanna teanga, go h-áirithe ar cheist úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Sa chéad dul síos, is aineolaí mé i gcúrsaí na soctheangeolaíochta.  I gcomórtas leis an mbeirt seo, is féidir a rá go n-imríonn siad san i Roinn 1 den Sraith Náisiúnta agus go bhfuilimse ag streachailt liom sa ghrád Soisear ‘C’ nó ‘D’ ar bhonn áitiúil.

An méid sin ráite,  deirim anseo, le mór mheas, nach n-aontaim leo i roinnt rudaí atá  scríte acu san alt seo agus ag síneadh siar uaidh sin, le roinnt rudaí sa Staidéar Chuimsitheach ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 atá tagairt déanta orthu san alt.    Mar eolas is féidir teacht ar an alt féin ar shuíomh ar nós Gaelport.  Más ceadmhach dom, mholfainn d’eagarthóir an nuachtáin seo an bheirt a choimsiunú chun leagan i nGaeilge simplí den alt a chur ar fáil sna leathnaigh seo.

Go bunúsach, is caoineadh an alt seo ar ‘theipeanna’ na Straitéise 20 Bliana i leith na Gaeilge.   Aontaim go bhfuil go leor teipeanna sa Straitéis céanna, ní lú ina measc gur ghlac sé ceithre bliana é a ullmhú agus a fhoilsiú tar éis gur gheall an Aire (ag an am) Éamon Ó Cuív go mbeadh sé foilsihe laistigh de dhá bhliain ón am gur dhein an Rialtas an ‘Ráiteas i leith na Gaeilge’ i mbéal na Nollag 2006.

Teip é seo i bhfianaise an chonclúid ba mhó a mheall cinnlínte ón Staidéar Chuimsitheach – is é sin go raibh bás i ndán don Ghaeilge sa Ghaeltacht laistigh de 15/20 bliain mura ndéanfaí rud éigean laithreach chun beatha nua a insealbhú inti.  Mar sin féin, i bhfianaise na dtuairiscí údarásacha ó réanna cáite ina raibh foláirimh chomh tromchúiseacha céanna, ní teip ró thubaisteach a bheadh ansin, is dócha, agus sinn ag caint i ré an rachmais, nuair a deineadh an raiteas. Ós rud é gur i lár na géarchéime eacnamaíochta is tromchúisí i stair na tíre a saolaiodh an Straitéis, ba thubaist thar tubaistí é.   Tá sé deacair a fheiscint cad as a dtiocfaidh na h-acmhainní chun an Straitéis – nó na codanna is tabhachtaí di, fiú – a chur i bhfeidhm.   Tá an ráiteas sin ag déanamh talamh tirim de go bhfuil aon bheirt ar aon fhocal faoi fhiúntas na Straitéise nó aon chuid ar leith di.

Tá fócas ar leith ag an mbeirt acadaí seo ar an ngaol mhíchothrom idir an mhór theanga agus an mhion theanga sa phobal dhá theangach.  Ar mhór thír an phobail Bhéarla is í an Bhéarla an mhór theanga agus is í an Ghaeilge an mhion theanga.  (Ná bac gur cirte a rá go bhfuil iliomad teangacha á labhairt sa phobal anois!)  Ar oileáin na Gaeltachta ba cheart go mbeadh a mhalairt fíor.  Ach tá’s againn go bhfuil an scéal níos casta ná sin – go bhfuil i bhfad níos mó Béarla á úsáid sna Gaeltachtaí is laidre ná mar atá sláintiúil d’úsáid na Gaeilge.

Nuair a fhoilseofar torthaí an Dhaonáirimh a deineadh ó dheas den teorainn amach anseo, is cinnte go mbeidh go leor cainte is anailíse faoi líon na ndaoine sa Ghaeltacht a bheidh sé le maíomh acu go n-úsáideann siad an Ghaeilge ‘go laethúil’.  D’fhéadfadh duine ar bith a rá gur ‘cainteoir laethúil Ghaeilge’ é nó í ach go ndeir siad ‘Conas tá tú/Cé chaoi a bhfuil tú/go dté mar’ lena gcomharsan nó lena gcomhleacaí oibre agus gan focal eile Ghaeilge a úsáid an chuid eile den lá.   Ag baint úsáide as an dtomhas sin, dá ndéarfadh ós cionn 70% den bpobal in aon Ghaeltacht is maith leat a lua go n-úsáideann siad abairt amháin Ghaeilge gach lá, faoi mar atá luaite agam, bheadh gach Gaeltacht ina ‘A’ Ghaeltacht agus chomh fada agus a bhainfeadh sé le na h-údaráis bheadh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht chomh folláin le breac.   Nior thaitin an bealach tuatach inar roinneadh na Gaeltachtaí éagsúla faoi chatargóirí ‘A’, ‘B’ agus ‘C’ riamh liom mar gheall ar na macallaí mí-amharacha ó mo sheal sa ‘chóras oideachais’ a chuir sé i gcuimhne dhom – ach sin scéal eile.

Molann údair an ailt go mba chóir tabhairt faoin dhá theangachas sa Ghaeltacht le cinntiú go mbeadh an Ghaeilge ina mórtheanga [arís].   Ní dócha gur féidir liom – nó le h-éinne eile sa Ghaeltacht ar mhór leo cás na Gaeilge – easaontú le sin.   Chun an sprioc seo a bhaint amach, molann siad moill a chur ar mhúineadh an Bhéarla don pháiste go dtí go mbionn úsáid na Gaeilge mar theanga dhúchais neadaithe ann go daingean.    Cheapfá gur ráiteas neamh chonspóideach go maith é sin.  Ach ní h-ea, dar liom ar aon nós.

Tá go leor cainteoirí dhúchais pósta nó i gcaidreamh le páirtí nach ón nGaeltacht dd/i ó dhúchas.  Nach bhfuil an oiread ceart ag na daoine seo Béarla ó dhúchas a mhúineadh dá bpáistí agus atá againne Gaeilge ó dhúchas a bhronnadh orthu?  Nach bhfuil an oiread ceart acu san an Ghaeilge a fhoghlaim agus nach mbeifi ag díspeagadh orthu agus ag déanamh idirdhealú in éadan ár bpáistí de bharr nach gcainteoirí dhúchais den ‘gcéad ghrád’ iad.  Fiú má tá siad araon líofa sa Ghaeilge agus má labhrann siad í lena bpáistí i rith an ama ach ní cainteoirí ‘dúchasacha’ iad sa chiall nach gcuirfí san áireamh iad sa ‘toirt chriticiúil’ de chainteoirí dúchasacha atá, dar le na h-údair, le bunú arís sa Ghaeltacht. Tá go leor, leor lannúnacha cosúil le sin sa Ghaeltacht.  Ní aithníonn an ghrá teorainneacha na Gaeltachta!

Cuirim an cheist le cois:  An bhfuil an iomarca luach á chur ag na h-údair agus go leor eile ar an gCainteoir Dhúchais?  I ré nua ina bhfuil go leor focail nua á chumadh gach lá chun dul i ngleic le cúinsí nach raibh á phlé i nGaeilge riamh roimhe, an bhfuil an luach céanna ar an nGaeilge a bhí á labhairt sa ré roimh theilifíse, mar shampla? Nach cuma le tae cé a a olfas é?

Straitéis amháin atá luaite roimhe seo chun cabhrú leis an obair seo, moladh é sa Staidéar Chuimsitheach, staidéar atá luaite leis an Giollagánach ach go h-áirithe. Is é an moladh sin go mbunófaí scoileanna nó sruthanna ar leith chun an Ghaeilge a mhúineadh do pháistí gan Gaeilge sara mbeadh cead acu freastal ar an scoil áitiúil, in éineacht le páistí ar chainteoirí dhúchasacha Ghaeilge iad.   Fiú dá mbeadh na h-acmhainní ann chuige sin, agus an Roinn Oideachais ag cur arís leis an gcoimheas daltaí/múinteoir, is cinnte nach bhfuil, ní aontóinn leis an bpolasaí.

Cothaíonn sé deighilt nach bhfuil sláintiúil idir páistí – agus, mura leantar leis an deighilt tar éis am scoile, cén mhaith é?   Tá go leor toscaí eile i gceist freisin – forlámhas nach mór iomlán an Bhéarla sna meáin atá páistí i dteagmháil leo,  teilifís, cló (leabhair is irisí), cluichí riomhaireachta agus a leithéid – agus níl ansan ach an chuid ó thuaidh de líne uisce an chnoic oighir.

An t-alt atá faoi chaibidil, tá sé préamhaithe san acadúlacht agus scíte sa teanga sin agus nior cheart dúinn íontas a dhéanamh nach seasann sé sa bhfíor shaol, an áit nach bhfuil dubh agus bán ach ina bhfuil gach scath faoin ngrian ann.   Fathaigh sa saol acadúil iad na h-údair agus tá plé ana shuimiúil curtha ar bun acu.  Mura raibh ní bheadh alt mar seo spreagtha acu uaim.

Tá sé maith go leor bheith im chriticeoir ar mhórshaothar na n-údar seo – ach cad a mholaim féin ar mhaithe leis an Ghaeilge a choimeád beo sa Ghaeltacht?

Molaim go leanfaí leis an obair atá á dhéanamh ag gach teaghlach atá buartha faoin cheist seo, is cuma ann nó as do thacaíocht Stát.  Táimíd ag iarraidh ár bpáistí a thógaint le go mbeadh caidreamh buan acu leis an dteanga seo, an Ghaeilge.   Is fearr é dar liom go mbeadh an caidreamh seo bunaithe ar ghrá agus ar mheas seachas ar éigeantas is deighilt.

 

Comments (2)

Tags: , , ,

Ag tochailt uaighe an Bhlaig Gaeilge go ró luath

Posted on 03 September 2011 by igaeilge

Seirbhís nuachta i nGaeilge na hAlban ar BBC Alba

Bhí trath ann go raibh an iris Beo ina cheap magaidh.  Bhí sé chomh marbh sin gur aindiúlaí íoróin amháin a thabharfadh ‘Beo’ ar an iris.   Ag Balor a bhí an cheart, más beo a bhíodh Beo, ba Bheo ar éigean a bhíodh sé.

Anois tá Beo beo.  Tá sé níos fearr ná beo ar éigean.  Tá sé Beo i gceart agus nuair a thugas cuairt air ó chianaibh, trathnóna Dé Satharn, bhí 61 duine á léamh ag an am.   Figiúir brea sláíntiúil é sin a bheadh, inchurtha, dhéarfainn leis an lucht féachana a bheadh ag Nuacht TG4 trathnóna Dé Satharn….Ag magadh atáim, gan amhras, bionn lucht féachana níos mó ná 61 ag Nuacht TG4.  Níl a fhios agam cé mhéid níos mó, ach sin scéal eile.   Maidir le Beo, is miorúilt é go leanann sé ag mealladh leitheoirí agus is éan corr é Beo, iris mhíosúil idirlín in aois an mheáin atá beo 24/7.

Ag druidim le mo thargaid atáim, nó tá alt suimiúil in eagrán na míosa seo de Beo ag Breandán Delap, fear eolgaiseach agus scriobhnóir géar chúiseach agus, le cois sin ar fad, eagarthóir sinsearach le Nuacht RTÉ/TG4.   Chuir mé aithne air nuair a bhíodh sé ina eagarthóir ar Foinse, trath go raibh an nuachtán sin ag barr a mhaitheasa agus ina ghaoth úr i sean scioból na foilsitheoireachta/na h-iriseoireachta Gaeilge.

Le h-imeacht Lá Nua/Lá/sean Foinse, is áitreamh ana dhifriúil an sean scioból céanna anois.  Tá fianaise ann go bhfuil an doras ar oscailt agus an spiorad a bhí san scioból ar fán.

Ina alt tugann Breandán faoin bhlagadóireacht i nGaeilge, á rá do go bhfuil sé chomh marbh le hArt.

Ach tá na blaganna Gaeilge ar fiú iad a léamh tearc go maith, anois.Díomaite de chorrbhlag fánach, is beag nuashonrú a dhéantar ar fhormhór na suíomhanna a áirítear i mblaglann na Gaeilge.

Aontaim leis go h-iomlán.  Níl aon bhlag i nGaeilge a léim go rialta.  Caithim súil ar chorr bhlag, leithéidí Cailín Deas nó Smaointe Fánacha Aonghuis ó am go chéile, seachas an Charghas, ach sin é.   Thug mé cuairteanna ó am go chéile ar bhlaganna eile ach nior thaitin siad liom agus níor bhac mé leo a thuilleadh. Ní ag caitheamh anuas orthu atáim nó á lochtú – nior thaitin siad liom, sin é.

Ní blag é ‘Nuacht 24′ – is suíomh nuachta é.  Bionn sé thuas seal agus thíos seal – ach ní mór dúinn smaoineamh go bhfuil sé, faoi lathair, beo gan deontas agus ag feitheamh ar an gCiste Craoltóireachta ó thuaidh chun comórtas a fhogairt le deontas a fháil go ceann bliain eile. Tháinig deireadh leis an deontas deiridh roimh an tSamhradh agus ar chúis éigean craiceáilte, b’fhéidir go bhfuil siad ró mhór le Foras na Gaeilge agus an cur chuige tuatach atá ag an institiúid tras teorainn sin, ceapann an Chiste Chraoltóireachta gur rud réasúnta é ligint do dheontas dul in éag sara bhfograíonn siad deontas nua.      É sin go léir ráite, is suíomh nuachta é Nuacht 24 atá, dá méid na lochtanna a bhfaigheadh duine air, atá níos fearr ná suíomh nuachta Nuacht TG4/RTÉ.   Mar nil suíomh nuachta ag Nuacht TG4 nó Nuacht na Gaeilge ar RTÉ.  Tá suíomh nuachta ag BBC Alba do Nuacht i nGaidhlic na hAlba, tá suíomh nuachta ag BBC News Online do nuacht na Breatnaise – ach níl aon suíomh ag RTÉ do Nuacht TG4 nó nuacht as Gaeilge d’aon tsort.

Cinnte is féidir leat féachaint ar an gclár ar Seinteoir TG4 an lá dár gcionn.  Ach níl morán tairbhe ansan.  Mar shampla má tá tú id bhlagadóir ag iarraidh ceangal a dhéanamh le scéal ar leith ar an nuacht, bhuel níl aon slí chun a dhéanamh.  Ní gá duit a bheith id bhlagadóir, más duine le suim i scéalta móra an lae a léamh as Gaeilge, bhuel ní bhfaighidh tú iad ar shuíomh TG4.  Tá cinnlínte ann a thagann ón Irish Times ach, mar a léiríonn an cheap-scáileáin seo a fuaireas timpeall 6in Dé Satharn, tá na scéalta sin bainteach le nuacht-chiogal na hAoine.

Is é bunú a leithéid sin de sheirbhís ar shuíomh TG4 ceann de na spriocanna a luaigh mé agus mé faoi agallamh ag Comhchoiste Oireachtais le h-aghaidh mo shuíochán mar ionadaí an phobail ar Bhórd TG4.   Os rud é gur fioraíodh sprioc amháin a luaigh mé ag an éisteacht chéanna, agus anseo ar iGaeilge roimhe sin, go mbeadh diospóíreacht idir na ceannairí ar TG4 roimh an olltoghchán, táim dóchasach go mbainfidh mé an sprioc amach.  Ach beidh tacaíocht agus suim ón bpobal ag teastáíl.   Is fiú a lua ná raibh aon phlean ag Nuacht TG4 diospóireacht a bheith idir na ceannairí sara luaigh mise é go poiblí.   Ní fiú an scéal sin a chioradh arís anseo.

Gach rud a luaigh Breanndán mar gheall ar na constaicí roimh bhlagadóirí bheith ag foilsiú a gcuid tuairimí as Gaeilge ós comhair an tsaoil, táim ar mhalairt tuairime ina leith.   Is brea liom na meatacháin a bhionn mo mhaslú.   Is saoirse breise é nach bhfuil aon maoiniú á fháíl agam don suíomh.  Is caitheamh aimsire é.

Constaic súntasach atá ann nach bhfuil foinsí de nuacht agus scéalta i nGaeilge le bheith ag tarraingt orthu faoi mar atá i mBéarla agus i dteangacha eile.  Sin rud a fheadfadh comhleacaithe Bhreandáin i Nuacht RTÉ machnamh a dhéanamh faoi.

Ciúnas na reilige a bhí le cluinstean ó bhlagadóirí na Gaeilge faoi chás an ionsaitheora ghnéis Michael Ferry i nGaoth Dobhair i mí Iúil; cás a bhí ina phríomhscéal ag na meáin fhadbhunaithe ar feadh breis is seachtaine. Thug bailbhe an bhlagasféir Ghaeilge faoi chás chomh tromchúiseach sin – a bhain chan amháin le ceantar Gaeltachta ach le coláiste samhraidh fosta – le fios domsa go bhfuil cleachtadh na gné seo de na meáin úra i nGaeilge chomh marbh le hArt.

Maidir leis an liamhain go raibh suíomhanna ar nós iGaeilge ciúin nuair a foilsíodh an scéal náireach faoi Mícheál O Foirreidh agus an droch obair a rinne sé ag Coláiste Samhraidh i dTír Chonaill, bhuel táim cionntach. Bhíos ag glacadh sosa agus níl aon amhras ann gur lig mé tharam é.  Rinne Gaelscéal jab réasúnta maith ar an scéal agus thaitin alt Dhónaill Mhic Giolla Chóíl ar an ábhar sa nuachtán sin liom go mór.    Ní cuimhin liom aon chlár nuachta speisialta ar Nuacht TG4 faoin ábhar seo, dála an scéil.  Ar cuireadh faid leis na feasacháin giorruithe nuachta a bhionn ag Nuacht TG 4 le linn an tSamhraidh chun tuairisciú breise agus anailís a dhéanamh ar an scéal tabhachtach seo a luaigh Breandán go sonrach.  Cuirim an cheist:  Cé ar a raibh an dualgas tuairisciú agus anailís a dhéanamh ar an scéal sin agus scéalta nuachta eile, Nuacht TG4/RTE nó blaganna fánacha á reachtáil ag ‘iriseoirí saorántachta’ cosúil liom féin?

Tá saol na h-iriseoireachta Gaeilge beag go leor fós.  Tá sé chomh beag sin is go bhfuil sé in áit na leanabaíochta i gcodarsnacht leis an mBéarla.  Tá na meáin úra nua ar an bhfód agus tá daoine ag dul i dtaithí orthu a úsáid.  A luaithe agus a bhfoghlaímíonn siad úirlis amháin, tagann uirlis eile chun tosaigh agus ritheann an tréad ina threo.  Inné Facebook, inniu Twitter, amárach Google+?

Tá Nuacht TG4 go fóill ag treabhadh i ngort aon mheán amháin.  Eagarthóir ar an seirbhís an duine dheireannach ar cheart a bheith ag gearán faoi idirghníomhachas, nó easpa idirghníomhachas, na mblaganna Ghaeilge nó níl aon seirbhís Twitter/Facebook nó Google+ ag Nuacht TG4.  Níl fiú blag acu – sin chomh neamhfhorbartha is atá an seirbhís.  Ná bac le Nuacht TG4 a thabhairt ar an seirbhís, tabhair Nuacht-asaurus TG4 air nó tá fós siocaithe sa ré réamh staire.

Maidir le ráiteas Bhreandáin faoi earnáil na blagála Gaeilge bheith chomh marbh le hArt, b’fhéidir go bhfuil an cheart aige, cé go léiríonn an suim atá aige ann agus an tuiscint a mhalairt, nó b’fhéidir go bhfuil sé, mar a chan Duke Special, ag tochailt an uaigh go ró luath!

Duke Special – Ag Tochailt Uaighe go Ró Luath

Comments (0)

Tags:

Thugamar féin an Samhradh linn….ag Féile na Laoch

Posted on 03 September 2011 by igaeilge

An rínceoir Tash Bourke ag Féile na Laoch

Rínceoir aeir ag Féile na Laoch

Seo ceann de na buaic phointí ag Féile na Laoch, féile a raibh mé féin páirteach san eagrú ag tús mí Lúnasa.  Ar ndóigh b’é Peadar  O Riada a chum agus a cheap agus a stiuraigh.   Beidh an chéad mhír eile den bhféile ag teacht go luath – ar an deireadh seachtaine 30ú Meán Fómhair-3ú Deireadh Fómhair, trath go mbeidh comóradh á dhéanamh ar bhás Sheáin Uí Riada cothrom le dhá scór bliain ó shin, ar an 3ú Deireadh Fómhair 1971.

Seo mar a rinné mé cur síos ar an gcéad mhír den Fhéile (29ú Iúil-Lá Lúnasa 2011)  ar son alt do Gaelscéal.

Deireadh seachtaine dár saol abea an deireadh seachtaine saoire díreach caite i gCúil Aodha.   Bhí Féile na Laoch ar siúl chun ceiliúradh a dhéanamh ar lá breithe Sheán Ó Riada I measc laochra eile Mhúscraí agus na tire.

Maithfidh sibh dom, b’fhéidir, an maíomh seo as Féile na Laoch, an fhéile is ildánaí agus is ceannródaí dár reachtáladh in aon Ghaeltacht ar feadh fada an lá. Bhí baint agam féin leis an eagrú, mar aon le na scórtha daoine eile go h-áitiúil i Múscraí, ach b’é seo an fhéile a chum an chumadóir ceoil Peadar Ó Riada ó thús go deireadh, fé mar a chumfadh sé píosa ceoil do cheolfhoireann shiansach.

Ar eagla na mí-thuisceana, nílimíd ag an deireadh fós.  Níl ann ach leath am nó beidh an dara leath d’Fhéile na Laoch ar siúl idir 30 Meán Fómhair agus 3ú Deireadh Fómhair, cothrom an lae dhá scór bliain ó shin nuair a cailleadh Seán Ó Riada i Londain in aois an dhá scór.

Dhá scór bliain d’aois.  B’shin an aos a bhí ag Seán nuair a cailleadh é.  Tá sé deacair a shamhlú nó bhí an oiread sin bainte amach aige le linn na mblianta ró ghairid sin agus a bhainfeadh scór laochra amach ina saol ar fad.

Dúirt John Kelly, an bheidhleadóir a bhí ag an am ag seinnt le Ceoltóirí Chualainn, faoi Sheán Ó Riada agus é ag fágaint na reilige tar éis a shocraid an lá ar cuireadh an Riadach, dúirt sé: “D’ardaigh sé sinn.”

Tá sé d’ár n-ardú go fóill.   Agus má bhí am riamh i stair na tire seo go raibh ardú croí ag teastáil is é seo an am.  B’é ocáid cheiliúrtha lae breithe an  Riadaigh i gCúil Aodha agus i mBaile Mhuirne an ardú a bhí ag teastáil ón dtír ach é sin a aithint.

Ní fhéadfá aon rud eile ach mór cheiliúradh ar mhór laoch a thabhairt ar aeríocht a mhair an oíche ar fad ón am gur bheannaigh an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan, don ocáid, thar cheann an Rialtais.   Tháinig na filí, na h-aisteoirí, na reacairí, na rínceoirí, na h-amhránaithe agus na ceoltóirí is mó iomrá sa tír chun gairdeas a thabhairt don Riadach.  Nior loirg siad taille agus den chuid is mó den oíche bhí siad i measc an slua agus iad ag baint súp as an ocáid an oiread le gach éinne eile, go dtí gur dtáinig a seal bheith ar an ardán.

An ardán féin, ba shaothar ealaíona a bhí ann.  É tógtha i gcuma leathshliogáin ag an gceardaí Seosamh Ó Críodáin, múinteoir adhmadóireachta sa Daingean ach ó Mhaigh Chromtha ó dhúchas, bhí sé maisithe le h-aiteann agus a leithéid ag Muintir Luasa ó Screathan le go raibh an chuma air gur fhás sé go nadúrtha ón dtalamh.

Bhí sé i gceist go mbeadh an Ceolfhoireann ag seinnt Mise Éire ag 5.21rn, breacadh an lae, ach bhí sé tamall ina dhiaidh san sara mbeadh an deis  sin ag na ceoltóírí  óga,  ní doigh liom go raibh duine acu ar an saol le linn saol ré an Riadaigh, a tháinig ó gach cuid den tír le bheith pairteach.  B’é Alan Domhnallach agus a phiobaí cogaidh a bhí ag seinnt ag breacadh an lae agus ina dhiaidh siúd bhí Phil Coulter, Flora McNeill, Christy Moore, Martin Hayes agus Glen Hansard in éineacht le Colm Mac an Iomaire ar an ardán.    Nuair a bhionn daoine ag caint ar ‘oíche go maidin’ amach anseo, beidh siad á chur i gcomparáid leis an oíche sin.

Léargas  éigean ar an gcineál ocáide a bhí i gceist gur fhan go leor den slua ar chúl chun cuidiú leis na h-oibrithe deonacha áitiúla an brúscar go leir ar fhagadh a phiocadh suas agus na suiocháin is eile a chur i dtaisce.  Níos déanaí an lá céanna bheadh Campa Samhraidh Óige na Gaeltachta ar an láthair agus ní bheadh sé ina oidhreacht dheas acu bheith ag spraoi i measc smionnagar na h-oíche.

Cé go mbeidh an chaint ar fad ar an oíche seo, bhí go leor ocáidí eile le linn na deireadh seachtaine a fhanfaidh im chuimhne féin.  Mhothaíos leoithne draíochta san aer agus Flora McNeill i dteannta a h-iníon ag ceol ‘Teanga na nGael’ agus brat Alba á árdú in éineacht le bratacha na hÉireann agus na Féile oíche Dé hAoine.

Tháinig tocht bhróin im scórnach agus mé ag canadh le baill eile Chór Chúil Aodha ag Ceol Choirm ar leith sa seipéal trathnóna Dé Satharn.  Chuimhníos ar m’athair féin, Dónal Ó Liatháin, duine de bhaill an Chór ag an tús beagnach leath chéad bliain ó shin, agus go leor seana chairde eile ar chan mé gualainn ar ghualainn leo i gcaitheamh an dhá scór bliain is breis atáim féin ag canadh le Cór Chúil Aodha.

An oíche chéanna in Aras Eamonn Mhic Suibhne i gCúil Aodha bhí taispeantas Halla na Laoch ann agus ina measc na laochra bhí m’athair, bhí filí an cheantair, bhí laochra spóirt agus fir is mná cróga ar sheas an fhód trath go raibh an phobal seo faoi íonsaí.

Tá pobal na tire faoi íonsaí faoi lathair, iad ag ioc na bhfiacha ar son daoine a fuair bónais €1m agus iad ag fágáil banc a bhí banc bhriste.  Tá aos óg na tire ag tabhairt a n-aghaidheanna soir agus siar le féachaint an feidir leo todhchaí geal a aimsiú i dtír eile.   Tá baincéirí is broicéirí, atá lofa le h-airgead, ag iarraidh a thuilleadh brabhúis a dhianshaothrú ás ár ndeacrachtaí, agus is cuma leo an gorta is an slad a leanfaidh, chomh fada is go bhfuil siad ag suí go te iad féin.

Ba thús an aisthroid Féile na Laoch.  Eirí Amach chultúrtha is pobail é seo, eirí amach gan doirteadh fola.  D’oscail pobal Mhúscraí a gcroithe le go mbeadh an seod fhéile seo ann.  D’oibrigh daoine ó dhubh go dubh le gach iarracht a dhéanamh an fháilte ba chroíúla a dheimhniú dár gcuairteoirí.   D’oibrigh siad gan íocaíocht ar son chúis níos mó ná iad féin.

Ag tús na féile thug Peadar Ó Riada sméaróg ón dtine i gcistin a thí, tigh a athar roimhe, agus las an lochrann a mhair le linn na féile ar fad.  Tá an tine sin go fóill lasta inár gcroí.  Beimíd dá adhain linn gach lá dár saol.

 

 

Buaic phointí Fhéile na Laoch

 

 

 

 

 

 

 

 

Comments (0)

Tags:

Raidió Teilifís an Éisíachais – teach fuar don Ghaeilge

Posted on 02 September 2011 by igaeilge

Chuir mé isteach ar chomórtas a bhí á fhógairt ar chlár ealaíon RTÉ, Arena,  le déanaí ina raibh cúrsa scríobhnóireachta úirscéil ar tairiscint.  Tá úrscéal leathscríte agam, scéal bleachtaireachta/scéinséireachta as Gaeilge, agus níor mhiste liom súil eile a bheith caite air.  Nuair ná bhfuaireas aon leid ar an suíomh go raibh sé dírithe ar údair Bhéarla amháin, sheolas m’iarratas ar aghaidh.  Tháinig freagra inniu.

Dear Concubhar Ó Liatháin,
I am afraid we won’t be able to consider a novel written in Irish. I am very sorry about this but neither of the course directors (myself and Kevin Stevens who is American) speaks Irish and the course is in English…
I have to apologise for the fact that there was no stipulation about the submission being in English exclusively.
Sincerely,
Svetlana Pironko
Director, Author Rights Agency Ltd.               
Mar is léir ón litir seo, ní RTÉ féin a reachtáil an chomórtas ach má tá Arena, príomh chlár raidió RTÉ faoi na h-ealaíona, sásta bolscaireacht a dhéanamh faoin chúrsa, arbh fhiú €2000 é de réir dealraimh, tá dualgas ar an gcraoltóir cothrom na féinne a thabhairt do theangacha oifigiúla na tíre.
Nior mhaith liom an Ghaeilge a bhrú ar éinne nár mhian leo í a fhoghlaim nó a labhairt – ach ní ligfidh mé don chraoltóir náisiúnta an Bhéarla a bhrú orm mar seo.  Tá dualgais reachtúla i leith na Gaeilge ar an gcraoltóir náisiúnta.
Chomh fada agus a bhaineann sé liom, is ionann an chomórtas seo agus comórtas de chuid RTÉ.  Is comhpháirtithe iad an comhlacht seachtrach agus an chraoltóir náisiúnta sa bhfiontar.
Tá an míchothromas ádmhaithe ag an eagraí – ní raibh an chosc ar iontrálacha Gaeilge luaite i rialacha an chomórtais ar shuíomh RTÉ.
An é go gcaithfimíd cead a thabhairt don chraoltóir náisiúnta ‘easpa cumais’ sa Ghaeilge a úsáid mar leithscéal chun an Ghaeilge a imeallú mar seo.   Faoi láthair tá siad á dhéanamh gan chead d’aon tsort agus in aghaidh, chomh fada agus go bhfeictear domsa, polasaí an stáisiúin de réir mar atá sé leagtha amach san Acht Chraolacháin.
Níl aon scéim teanga in RTÉ – cé go raibh sé i gceist go mbeadh scéim teanga ann roimh Aibreán 2010.   Dá mba mise an Choimisinéir Teanga, bheadh RTÉ ag #1 de na h-institiúidí  ina mbeinn ag brú agus ag stocaireacht go mbeadh scéim teanga laidir ceannasach is dea-shamplach ann.   Ach is léir nach aon tosaíocht an Scéim Teanga ag RTÉ, nó ar an leathnach seo ina bhfuil tagairt déanta don reachtaíocht teanga, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, is léir nach nach bhfuil éinne tar éis féachaint air le tamall fada.  Tharla athrú rialtais agus roinne ón uair dheireannach gur fhéach éinne ar an suíomh ina ngealltar go mbeidh sonraí faoin scéim á fhoilsiú go luath.
Tá go leor ráite sa reachtaíocht faoi na dualgaisí atá ar an gcraoltóir náisiúnta i leith na Gaeilge.  Seo sampla – Alt 114 (2)(a):

RTE´
shall—
(a) be responsive to the interests and concerns of the whole
community, be mindful of the need for understanding
and peace within the whole island of Ireland, ensure that
the programmes reflect the varied elements which make
up the culture of the people of the whole island of
Ireland, and have special regard for the elements which
distinguish that culture and in particular for the Irish
language.

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tá RTÉ ag ullmhú scéime chun na seirbhísí a bheifear a sholáthar trí Ghaeilge amháin, trí Bhéarla amháin agus sa dá theanga a shonrú.

Beidh eolas faoin Scéim atá aontaithe leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta foilsithe anseo gan mhoill.

Tá tuilleadh eolais maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta ag www.pobail.ie

 

D’athraigh an Rialtas agus an Roinn ón am gur fhéach éinne ó RTÉ ar an suíomh seo go deireannach.  Léiríonn seo nach bhfuil aon tine faoi thóin RTÉ chun scéim teanga a ullmhú.  Ní fheadar an mbeadh aon tairbhe ina leithéid de thine….nó de scéim teanga i mo chás.   Ach más maith linn tabhairt faoi na h-easnaimh córasacha atá mar chuid de chur chuige nadúrtha RTÉ i leith na Gaeilge -easpa cláracha nua, gan aon clár digiteach Ghaeilge, Gaeilge as radharc ar chainéalacha nua digiteacha, gan aon Ghaeilge ar shuíomh RTÉ – caithfidh, is dócha, scéim teanga a bheith ann a chuirfidh a leithéid san áireamh.

Idir an dhá linn, leanfaidh an eisiachas.
Má tá suim ag éinne i freastal ar fhíor chúrsa scríobhnóireachta, b’fhiú doibh labhairt le Ré  O Laighleis ag An Scriobhlann i gContae an Chláir.  D’fhreastal mé ar chúrsa ann anuraidh agus bhí sé ar fheabhas.  Tuigim go bhfuil cúrsa eile ar na bacáin anois.
Táim ag scríobh liom agus ag díriú ar an Nollag mar sprioc don úrscéal seo.   Ní chuirfidh an rud a tharla le RTÉ isteach nó amach orm.  Níl fonn orm mo chuid fuinneamh a chaitheamh ag troid leo.   Theastaigh uaim léiriú a dhéanamh ar an mbealach go ndeintear talamh tirim de gur i mBéarla amháin a dheintear gnó de gach cineál sa tír seo, fiú in earnáil an chultúir.

Comments (4)

Tags: , , ,

Súil eile, léargas eile….

Posted on 01 September 2011 by igaeilge

Táim ag iompú im fhear mheanaosta mhíshásta.  Is scéal oifigiúil é sin anois.   Ar ndóigh ní h-ionann sin agus a  rá nach bhfuilim míshásta nó meanaosta!  Ní h-ionann scéal bheith ‘oifigiúil’ agus é bheith bréagach. 

Seo griangraf ó mo shean chara, Cailín Deas, a ghlac sí ag an seoladh inné ar Sceideal an Fhomhair TG4.   Tá sé mar a bhionn gach seoladh ag TG4 – mná óga alainne chun tosaigh, iad gléasta go h-alainn agus iad ag cur le h-íomhá TG4 gur ar an gcainéal sin a bhfaightear na mná óga is deise agus is gleoite.   Is fear mean aosta mé, ba cheart go dtaithneodh a leithéid liom, nár cheart.  Agus ní shéanaim é – ach creidim go bhfuil gá le rud éigean sa bhreis ar sin sa lá atá inniu ann.

Is é gnéasúlacht na Gaeilge an íomhá is ‘dearfaí’ a chuirtear inár láthair le déanaí.  Biodh sé na mná óga dáthúla ar TG4, na cailíní ar phríomh leathnach Foinse nó na mainicíní a bhaintear úsáid as chun gach sórt imeacht Gaelach a phoibliú.   Dá gcreidfeá an bholscaireacht sin ní thuigfeá go mbionn aon rud ‘neamhghnéasach’ ag titim amach i saol na Gaeilge.   Ar ndóigh is rud ‘neamh ghnéasach’ é an sior phlé seo faoi thodhchaí na Gaeilge….tá’s ag an saol é sin – agus tá cúrsaí reatha passé, nach bhfuil.   Le linn dom bheith ag obair le Lá, is cuimhin liom ag ocáid amháin de chuid an Barr50, go raibh beirt mhainicín ann chun seasamh isteach i bpictiúirí de chuid na mbuaiteoirí éagsúla.  Foras na Gaeilge a loirg na mainicíní céanna.  De bhrí go raibh an Chorn Domhanda ar bun, bhí na mainicíní gléasta in éadaí peile, léinte deasa agus bristí ana ghairid.   Ar chúis éigean fánann an íomhá im cheann go fóill.

An oiread gur cliché seanachaite é an fear meanaosta míshásta, is cliché de short é ‘gnéasúlacht na Gaeilge/TG4′.   Ní mór a thuiscint gur rud níos substaintiúla a bhí i gceist i gcónaí le TG4 ná cainéal teilifíse ar thárla gurb í an Ghaeilge an phríomhteanga craolta.  Is tionscnamh chultúrtha náisiúnta é TG4.  Is ‘súil eile’ atá i gceist, nach é?

Nuair a thosnaigh TG4, nó TnaG mar a bhí air an uair úd, bhí leithscéal éigean ann don cur cur chuige seo, b’fhéidir.  Frith-nimh abea mná óga TG4, leithéidí Gráinne Seoighe agus Gilian Ní Cheallaigh, ar an íomhá den seanbhean chrapaithe, Peig.   B’íomhá í an ‘Peig’ sin a chum an Stát nó d’úsáid an Stat an cur síos a rinne Peig – nó pé duine a rinne athscriobh ar chaint Pheig – sa chéad abairt, is sean bhean mise le cos lei san uaigh agus cos eile ar an mbruach, chun múnlú a dhéanamh ar íomhá an mhnaoi uasail sin, múnla a mhair ar feadh na nglúinte agus atá mar chuid den chomh-chuimhne phobail.      Anois tá an frith-nimh tar éis an obair a bhí de dhíth a dhéanamh agus tá sé in am ‘cur chuige’ nua a aimsiú.   Léargas eile don súil eile.

Rud eile faoin phictiúir thuas, seachas na mná óga, an úsáid atá á bhaint as Chorn Mhig Uidhir ann.  Cheapfá go raibh sé ann mar go raibh sé i gceist beo chraoladh a dhéanamh ar chluichí ceannais na h-Éireann ach ní h-ea in aon chorr.  Tá sé ann mar go bhfuil Ceist GAA le Hector  O hEochagáin ar ais.  Is clár fiúntach é Ceist GAA mar go dtugann sé gnath chosmhuintir na tíre isteach i TG4 agus tá sin tabhachtach.     Is é ceann de na spriocanna atá agam agus mé ar Bhórd TG4 – agus táim ag labhairt anseo ar mo shon féin amháin – go mbeadh beo chraoladh ar TG4 ar na cluichí móra CLG, sacair agus rugbaí, maraon le h-imeachtaí eile móra (Craobhacha Lúthchleasa an Domhain, mar shampla) ina bhfuil Éireannaigh páirteach iontu go rialta. É sin agus a thuilleadh cláracha ar nós Ceist GAA , cláracha ina bhfuil pobal Ghaeilge agus Ghaeltachta na tíre lárnach iontu.

An dtarlóidh sin, níl a fhios agam.   Ach sin é an sprioc atá agam ar aon nós….

dearcadh éagsúil ag an Cailín Deas – b’fhiú é a léamh…..Níl sí chomh meanaosta nó chomh míshásta liomsa.

Comments (6)

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES